Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN. An mhí seo ghaibh tharainn do gheallamair do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR go mbeadh atharrughadh ar an bpáipéar so feasta. Sidé an chéad uimhir den tsreath nua, agus tá súil againn go dtaitneóghaidh sí le cách. Do rinneamar ár ndicheall san aimsir a bhí againn. Gach atharrughadh dá raibh ceapaithe againn níor éirigh linn é thabhairt isteach an turus so; acht, le congnamh Dé, gheobham an chaoi ortha i ndiaidh a chéile. Is ceart dúinn ár mbuidheachas a ghabháil leis na scríbhneóiríbh atá ag cuidiughadh linn. Go dtí so níor eitigh aon duine sinn um chabhair. Tá roinnt rudaí fóghanta ar láimh againn ó sna daoinibh is cliste ar pheann agus is doimhne smaointe dá bhfuil ar lucht cosanta na Gaedhilge. Tá an tseana-bháidh aca leis an IRISLEABHAR. Má ritheann linn i bhfad ar an gcuma so, beidh an tIRISLEABHAR n-a áise mhaith againn go léir is n-a chreid- eamhaint do mhuinntir na Gaedhilge. Athchuinghimíd arís ar ár ndeagh-cháirdibh a ndícheall a dhéanamh ar ár son. Ní'l duine dár léightheóiríbh ná féadfadh duine eile
d'fhagháil chun an IRISLEABHAIR a cheannach. Má bhíonn an duine eile toilteanach, seóltar chughainn ar chárta puist a ainm is a ionad comhnuidhthe, agus cuirfeam an páipéar chuige. Labhradh gach duine le n-a lucht aitheantais. Deineadh tagairt don IRISLEABHAR moch déidheannach. Raghaidh an chainnt go léir i dtairbhe dhúinn-na. Níor bh'aon mhaitheas dúinn coinneal a lasadh is í chur isteach i mbaraille. Seanfhocal um an dtaca so iseadh "Beatha páipéir fógraí." Tá tosnuighthe againn i ndáríribh ar na fógraíbh d'fhagháil don IRISLEABHAR. Ní ghábhadh dhúinn a innsint cadé an dualgus atá orainn go léir do sna daoinibh go bhfuil fógraí uatha sa pháipéar so. Má bhír ag ceannach ó dhuine aca, a léightheóir, nó ag scríobhadh chun duine aca, badh ró-mhór an tairbhe dhúinn dá ndéanfá ainm an IRISLEABHAIR a luadh. Nuair a bhír ar aigne rud a cheannach, féach tríd na fógraí sa pháipéar so. Cabhruigh- mís leis na daoinibh atá ag cabhrughadh linn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services