SINN FÉIN.
An mhí seo ghaibh tharainn do gheallamair do léightheóiríbh an 
IRISLEABHAIR go mbeadh atharrughadh ar an bpáipéar so 
feasta.  Sidé an chéad uimhir den tsreath nua, agus tá súil 
againn go dtaitneóghaidh sí le cách.  Do rinneamar ár ndicheall 
san aimsir a bhí againn.  Gach atharrughadh dá raibh ceapaithe 
againn níor éirigh linn é thabhairt isteach an turus so; acht, le 
congnamh Dé, gheobham an chaoi ortha i ndiaidh a chéile. 
Is ceart dúinn ár mbuidheachas a ghabháil leis na scríbhneóiríbh 
atá ag cuidiughadh linn.  Go dtí so níor eitigh aon duine sinn 
um chabhair.  Tá roinnt rudaí fóghanta ar láimh againn ó sna 
daoinibh is cliste ar pheann agus is doimhne smaointe dá bhfuil 
ar lucht cosanta na Gaedhilge.  Tá an tseana-bháidh aca leis an 
IRISLEABHAR.  Má ritheann linn i bhfad ar an gcuma so, beidh 
an tIRISLEABHAR n-a áise mhaith againn go léir is n-a chreid-
eamhaint do mhuinntir na Gaedhilge. 
Athchuinghimíd arís ar ár ndeagh-cháirdibh a ndícheall a dhéanamh 
ar ár son.  Ní'l duine dár léightheóiríbh ná féadfadh duine eile 
 
d'fhagháil chun an IRISLEABHAIR a cheannach.  Má bhíonn an duine 
eile toilteanach, seóltar chughainn ar chárta puist a ainm is a 
ionad comhnuidhthe, agus cuirfeam an páipéar chuige.  Labhradh 
gach duine le n-a lucht aitheantais.  Deineadh tagairt don 
IRISLEABHAR moch déidheannach.  Raghaidh an chainnt go léir i 
dtairbhe dhúinn-na.  Níor bh'aon mhaitheas dúinn coinneal a lasadh 
is í chur isteach i mbaraille. 
Seanfhocal um an dtaca so iseadh "Beatha páipéir fógraí." 
Tá tosnuighthe againn i ndáríribh ar na fógraíbh d'fhagháil don 
IRISLEABHAR.  Ní ghábhadh dhúinn a innsint cadé an dualgus 
atá orainn go léir do sna daoinibh go bhfuil fógraí uatha sa 
pháipéar so.  Má bhír ag ceannach ó dhuine aca, a léightheóir, nó 
ag scríobhadh chun duine aca, badh ró-mhór an tairbhe dhúinn dá 
ndéanfá ainm an IRISLEABHAIR a luadh.  Nuair a bhír ar aigne 
rud a cheannach, féach tríd na fógraí sa pháipéar so.  Cabhruigh-
mís leis na daoinibh atá ag cabhrughadh linn.