Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN.



An mhí seo ghaibh tharainn do gheallamair do léightheóiríbh an
IRISLEABHAIR go mbeadh atharrughadh ar an bpáipéar so
feasta. Sidé an chéad uimhir den tsreath nua, agus tá súil
againn go dtaitneóghaidh sí le cách. Do rinneamar ár ndicheall
san aimsir a bhí againn. Gach atharrughadh dá raibh ceapaithe
againn níor éirigh linn é thabhairt isteach an turus so; acht, le
congnamh Dé, gheobham an chaoi ortha i ndiaidh a chéile.



Is ceart dúinn ár mbuidheachas a ghabháil leis na scríbhneóiríbh
atá ag cuidiughadh linn. Go dtí so níor eitigh aon duine sinn
um chabhair. Tá roinnt rudaí fóghanta ar láimh againn ó sna
daoinibh is cliste ar pheann agus is doimhne smaointe dá bhfuil
ar lucht cosanta na Gaedhilge. Tá an tseana-bháidh aca leis an
IRISLEABHAR. Má ritheann linn i bhfad ar an gcuma so, beidh
an tIRISLEABHAR n-a áise mhaith againn go léir is n-a chreid-
eamhaint do mhuinntir na Gaedhilge.



Athchuinghimíd arís ar ár ndeagh-cháirdibh a ndícheall a dhéanamh
ar ár son. Ní'l duine dár léightheóiríbh ná féadfadh duine eile


L. 45


d'fhagháil chun an IRISLEABHAIR a cheannach. Má bhíonn an duine
eile toilteanach, seóltar chughainn ar chárta puist a ainm is a
ionad comhnuidhthe, agus cuirfeam an páipéar chuige. Labhradh
gach duine le n-a lucht aitheantais. Deineadh tagairt don
IRISLEABHAR moch déidheannach. Raghaidh an chainnt go léir i
dtairbhe dhúinn-na. Níor bh'aon mhaitheas dúinn coinneal a lasadh
is í chur isteach i mbaraille.



Seanfhocal um an dtaca so iseadh "Beatha páipéir fógraí."
Tá tosnuighthe againn i ndáríribh ar na fógraíbh d'fhagháil don
IRISLEABHAR. Ní ghábhadh dhúinn a innsint cadé an dualgus
atá orainn go léir do sna daoinibh go bhfuil fógraí uatha sa
pháipéar so. Má bhír ag ceannach ó dhuine aca, a léightheóir, nó
ag scríobhadh chun duine aca, badh ró-mhór an tairbhe dhúinn dá
ndéanfá ainm an IRISLEABHAIR a luadh. Nuair a bhír ar aigne
rud a cheannach, féach tríd na fógraí sa pháipéar so. Cabhruigh-
mís leis na daoinibh atá ag cabhrughadh linn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services