Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comórtas Gaisgidh
Title
Comórtas Gaisgidh
Author(s)
Seóighe, Mícheál,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comórtas Gaisgidh (Ar leanamhain) I gcionn suime aimsire 'na dhiadh seo, d'imthigh an Caiptín ar thóir capaill a goideadh uaidh. Bhí sé lán na seachtmhaine a' siubhal soir agus siar síos agus suas, ag cur tuairisge agus gan gar dó ann. Ní bhfuair sé a tásg ná a tuairisg. Bhí sé trom tursach dá thabhairt suas ina shárughadh, i n-uachdar Conndae na Gaillimhe i n-aice tórann Conndae an Chláir. Casadh fear dhó ar an mbóthar agus d'fhiafraigh dhe cá ar bh' as é. D'innis an Caiptín dó ó thús go deireadh an sgéal mar atá thuas. "Atá dona go leór," ar an fear, "acht mholfainn féin duit fanamhain go maidin ar an adhbhar go bhfuil aonach i bhfogas cúig mhíle do'n áit seo. Mholfainn duit a dhul ann sul a bhfillfir a-bhaile." Ghlac an Caiptín comhairle an fhir, agus ar maidin lá ar n-a bhárach, ghluais sé go moch chum an aonaigh. Ní raibh baile mór ná beag i láthair an aonaigh, acht an machaire bán amuigh ar fheirm mhóir agus cúpla cában ina sheasamh ann. Shiubhail sé isteach chum na gcábán ar thóir gloine uisge beatha agus chonnairc sé a chapall féin ceangailte de phosta an chábáin. "Is í seo mo chapall-sa," ar sé. Chruinnigh buidhean mhór seannadóirí ina thimcheall agus is beag nár thachd siad é. B'éigean dhó siubhal amach agus a chapall féin d'fhágáil ainnsin gan fiú féachaint uirthi arís. Shiubhail sé amach agus deithbhir air, dubhach agus dobhrónach go léor. Bhéarfadh sé duais mhór as gan í fheicsin ar chor ar bith. A' dul amach beárna an chusduim, casadh marcach dhó a' dhul isteach. "Dia dhuit," ar an marcach. "Dia 's Muire dhuit," ar an Caiptín. "Cá ar bh' as thú?," ar an marcach. "As Conndae na Gaillimhe," ar an Caiptín. "God a chas 'un na tíre seo thú?" ar an marcach. D'innis sé dhó an sgéal ó thús go deireadh. "An bhfuil eólas agad orm-sa?" ar an marcach. "Ní'l," ar an Caiptín. "Ní'l eólas agad ar an mBacach Mór?" ar sé. "Ní dóigh liom gur tusa an fear sin." "Is mé go deimhin," do ráidh an marcach. "An cuimhin leat lia lá bhíomar ag iasgaireacht annso 's annsúd ar bhord Locha Coirb?" "Is fíor sin," ar an Caiptín. "Is tú atá ann go cinnte." "Tar liom go bhfeiceam an capall," ar an Bacach Mór. Shiubhladar le chéile isteach ag an gcábán. Tráth connarcas ag teachd an marcach i n-éinfheachd leis an gCaiptín, bhí an capall annsin gan cingire ná aon- nduine d'á coiméad. "Tarraing leat í," ar an Bacach, "go bhfeiceamuid cá bhfuil an fear d'ar leis í." Tharraing leis an capall ar adhastar, acht ní raibh aon-nduine le rádh "Fág annsin an capall." Cheangail sé arís í de chleith an chábáin, chuadar isteach agus d'óladar a ndóthain. 'San tráth bhí an t-aonach tharsti thug an Bacach Mór an Caiptín agus a chapall 'un a thighe féin-leis. Do gléasadh fleadh mhór do'n Chaiptín an oidhche sin. Le héirghe an lae, d'éirigh sé ar tí triall a-bhaile. D'éirigh an Bacach Mor agus dubhairt leis. "A Chaiptín, fan go fóill. Chuir mise téarma coigthighise isteach leat-sa. Caithfidh tusa mí thabhairt dom-sa, 'sé sin an aimsir a dhúbailt." Ní raibh maith dhó ann. B'éigean dó fanamhain. An mhaidin i ndiaidh na míosa, réitigh an Caiptín é féin chum triall a-bhaile. Bhronn an Bacach Mór srian agus diallaid air. D'fhág slán agus beannachd ag an mBacach, bhuail cos ina stíoróp agus thriall sé a-bhaile. Bhí a mháthair go síor ag gol agus ag déanamh bróin ina dhiaidh. Shíl sí nach bhfilleadh sé go deó. An tráth thuirling sé ag an doras, mhúch sí le pógaibh é, fliuch sí le deoraibh é, thiormuigh sí le brataibh míne sróil é. Chuaidh siad-san an sruthán an agus chuaidh mise an clochán, báitheadh iad-san agus tháinic mise slán. Mícheál Seóighe Poll-na-Bracha Clár-Cloinne-Muiris, Co. Mhuigheó
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services