Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comórtas Gaisgidh

Title
Comórtas Gaisgidh
Author(s)
Seóighe, Mícheál,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comórtas Gaisgidh
(Ar leanamhain)



I gcionn suime aimsire 'na dhiadh seo, d'imthigh an
Caiptín ar thóir capaill a goideadh uaidh. Bhí sé lán
na seachtmhaine a' siubhal soir agus siar síos agus suas,
ag cur tuairisge agus gan gar dó ann. Ní bhfuair sé a
tásg ná a tuairisg. Bhí sé trom tursach dá thabhairt suas
ina shárughadh, i n-uachdar Conndae na Gaillimhe i n-aice
tórann Conndae an Chláir. Casadh fear dhó ar an
mbóthar agus d'fhiafraigh dhe cá ar bh' as é. D'innis
an Caiptín dó ó thús go deireadh an sgéal mar atá
thuas.



"Atá dona go leór," ar an fear, "acht mholfainn
féin duit fanamhain go maidin ar an adhbhar go bhfuil
aonach i bhfogas cúig mhíle do'n áit seo. Mholfainn
duit a dhul ann sul a bhfillfir a-bhaile."



Ghlac an Caiptín comhairle an fhir, agus ar maidin
lá ar n-a bhárach, ghluais sé go moch chum an aonaigh.
Ní raibh baile mór ná beag i láthair an aonaigh, acht an
machaire bán amuigh ar fheirm mhóir agus cúpla cában
ina sheasamh ann. Shiubhail sé isteach chum na gcábán
ar thóir gloine uisge beatha agus chonnairc sé a chapall
féin ceangailte de phosta an chábáin.



"Is í seo mo chapall-sa," ar sé.



Chruinnigh buidhean mhór seannadóirí ina thimcheall
agus is beag nár thachd siad é. B'éigean dhó siubhal
amach agus a chapall féin d'fhágáil ainnsin gan fiú
féachaint uirthi arís. Shiubhail sé amach agus deithbhir
air, dubhach agus dobhrónach go léor. Bhéarfadh sé duais
mhór as gan í fheicsin ar chor ar bith. A' dul amach
beárna an chusduim, casadh marcach dhó a' dhul isteach.



"Dia dhuit," ar an marcach.



"Dia 's Muire dhuit," ar an Caiptín.



"Cá ar bh' as thú?," ar an marcach.



"As Conndae na Gaillimhe," ar an Caiptín.



"God a chas 'un na tíre seo thú?" ar an marcach.



D'innis sé dhó an sgéal ó thús go deireadh.



"An bhfuil eólas agad orm-sa?" ar an marcach.



"Ní'l," ar an Caiptín.



"Ní'l eólas agad ar an mBacach Mór?" ar sé.



"Ní dóigh liom gur tusa an fear sin."



"Is mé go deimhin," do ráidh an marcach. "An
cuimhin leat lia lá bhíomar ag iasgaireacht annso 's
annsúd ar bhord Locha Coirb?"



"Is fíor sin," ar an Caiptín. "Is tú atá ann go
cinnte."



"Tar liom go bhfeiceam an capall," ar an Bacach
Mór.



Shiubhladar le chéile isteach ag an gcábán. Tráth
connarcas ag teachd an marcach i n-éinfheachd leis
an gCaiptín, bhí an capall annsin gan cingire ná aon-
nduine d'á coiméad.



"Tarraing leat í," ar an Bacach, "go bhfeiceamuid
cá bhfuil an fear d'ar leis í."



Tharraing leis an capall ar adhastar, acht ní raibh
aon-nduine le rádh "Fág annsin an capall." Cheangail
sé arís í de chleith an chábáin, chuadar isteach agus
d'óladar a ndóthain.



'San tráth bhí an t-aonach tharsti thug an Bacach Mór
an Caiptín agus a chapall 'un a thighe féin-leis. Do
gléasadh fleadh mhór do'n Chaiptín an oidhche sin. Le
héirghe an lae, d'éirigh sé ar tí triall a-bhaile. D'éirigh
an Bacach Mor agus dubhairt leis.



"A Chaiptín, fan go fóill. Chuir mise téarma
coigthighise isteach leat-sa. Caithfidh tusa mí thabhairt
dom-sa, 'sé sin an aimsir a dhúbailt."



Ní raibh maith dhó ann. B'éigean dó fanamhain. An
mhaidin i ndiaidh na míosa, réitigh an Caiptín é féin
chum triall a-bhaile. Bhronn an Bacach Mór srian
agus diallaid air. D'fhág slán agus beannachd ag an
mBacach, bhuail cos ina stíoróp agus thriall sé a-bhaile.



Bhí a mháthair go síor ag gol agus ag déanamh bróin
ina dhiaidh. Shíl sí nach bhfilleadh sé go deó. An tráth
thuirling sé ag an doras, mhúch sí le pógaibh é, fliuch sí
le deoraibh é, thiormuigh sí le brataibh míne sróil é.
Chuaidh siad-san an sruthán an agus chuaidh mise an clochán,
báitheadh iad-san agus tháinic mise slán.



Mícheál Seóighe
Poll-na-Bracha
Clár-Cloinne-Muiris,
Co. Mhuigheó

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services