Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cáthadh.
Title
Cáthadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÁTHADH. NODLAIG MHAITH AGAIBH. Guidhmíd don uile léightheóir den IRIS- LEABHAR, Nodlaig mhaith mhéith, Nodlaig bhreagh ghrinn, Nodlaig fé thóstal is fé chom- pórd. AN tAOS ÓG. Is mór an sásamh aigne dhúinn-na atá ag obair ar son na Gaedhilge, í dh'fheicsint ag borradh is ag dul i dtreise ó Charn Uí Néid go Fánaid. D'éirigh go maith linn i gcaith- eamh na bliadhna so, buidheachus le Dia. Is gearr go mbeidh cead ár gcinn againn ins na scoileannaibh. Má bhíd an t-aos óg linn, sin buaidhte againn ar thaobh na deasláimhe. Tugaimís aire don aos óg. AIMSIR NA RÚN. Ó Lá Nodlag go Lá Cinn an t-am chun na ndeagh-rún aigne a dhéanamh. Tá súil againn go mbmeidh rún i dtaobh na Gaedhilge ar na rúnaibh a cheapfaidh gach Gaedheal dó féin i gcóir na bliadhna nua. Badh cheart do gach duine rún a dhéanamh i dtaobh na Gaedhilge a labhairt; agus tá a lán daoine ann nár mhiste dhóibh rún i dtaobh na Gaedh- ilge a scríobhadh. Má labhraimíd í is má scríobhaimíd í chítar dúinn-na nach baoghal di. CUMANN NA hEIGSE. Do cuireadh Cumann na hÉigse ar bun i gceart sa nDáil a bhi againn le linn Feis na Mumhan i mbliadhna. Tá cead ag gach duine a chuireann suim i bhFilidheacht is i Litridheacht na Gaedhilge bheith n-a dhalta dhe, agus chuige sin ní gábhadh dhó acht leathchoróinn i n-aghaidh na bliadhna a dhíol. Gach duine gur mian leis bheith orainn cuireadh a ainm is a shíntiús go dtí an Sparánuidhe .i. an Dochtúir Ó Luingsigh i mBaile Mhúirne. Do deineadh Uachtarán den Athair Pádraig Ua Duinnín, agus do deineadh Reachtaire den Athair Cathaoir Ó Bréandáin. LEABHAR NA hÉIGSE. Ar an nDáil i gCorcaigh i mbliadhna do léigheadh trí cinn d'aitheascaibh cainnte scurtha, agus a lán filidheachta. Tá ceapaite againn, má gheibhmíd an congnamh chuige, na haistí seo do chur amach i bhfuirm leabhair. Déanfaid siad leabhar ana- thaithneamhach. Tá mórán eóluis in sna haistíbh cainnte scurtha; agus ní baoghal ná go bhfuighfar greann go leór insna haistíbh filidheachta. Cuirfar cóib den leabhar ag triall ar gac dalta dhen gCumann. Beidh soin n-a chuimhneachán aige ar a leathchoróinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services