CÁTHADH.
NODLAIG MHAITH AGAIBH.
Guidhmíd don uile léightheóir den IRIS-
LEABHAR, Nodlaig mhaith mhéith, Nodlaig 
bhreagh ghrinn, Nodlaig fé thóstal is fé chom-
pórd. 
AN tAOS ÓG.
Is mór an sásamh aigne dhúinn-na atá ag 
obair ar son na Gaedhilge, í dh'fheicsint ag 
borradh is ag dul i dtreise ó Charn Uí Néid 
go Fánaid.  D'éirigh go maith linn i gcaith-
eamh na bliadhna so, buidheachus le Dia.  Is 
gearr go mbeidh cead ár gcinn againn ins 
na scoileannaibh.  Má bhíd an t-aos óg linn, 
sin buaidhte againn ar thaobh na deasláimhe. 
Tugaimís aire don aos óg. 
AIMSIR NA RÚN.
Ó Lá Nodlag go Lá Cinn an t-am chun na 
ndeagh-rún aigne a dhéanamh.  Tá súil 
againn go mbmeidh rún i dtaobh na Gaedhilge 
ar na rúnaibh a cheapfaidh gach Gaedheal dó 
féin i gcóir na bliadhna nua.  Badh cheart 
do gach duine rún a dhéanamh i dtaobh na 
Gaedhilge a labhairt; agus tá a lán daoine 
ann nár mhiste dhóibh rún i dtaobh na Gaedh-
ilge a scríobhadh.  Má labhraimíd í is má 
scríobhaimíd í chítar dúinn-na nach baoghal 
di. 
CUMANN NA hEIGSE.
Do cuireadh Cumann na hÉigse ar bun i 
gceart sa nDáil a bhi againn le linn Feis 
na Mumhan i mbliadhna.  Tá cead ag gach 
duine a chuireann suim i bhFilidheacht is i 
Litridheacht na Gaedhilge bheith n-a dhalta 
dhe, agus chuige sin ní gábhadh dhó acht 
leathchoróinn i n-aghaidh na bliadhna a dhíol. 
Gach duine gur mian leis bheith orainn 
cuireadh a ainm is a shíntiús go dtí an 
Sparánuidhe .i. an Dochtúir Ó Luingsigh i 
mBaile Mhúirne.  Do deineadh Uachtarán 
den Athair Pádraig Ua Duinnín, agus do 
deineadh Reachtaire den Athair Cathaoir Ó 
Bréandáin. 
LEABHAR NA hÉIGSE.
Ar an nDáil i gCorcaigh i mbliadhna do 
léigheadh trí cinn d'aitheascaibh cainnte 
scurtha, agus a lán filidheachta.  Tá 
ceapaite againn, má gheibhmíd an congnamh 
chuige, na haistí seo do chur amach i bhfuirm 
leabhair.  Déanfaid siad leabhar ana-
thaithneamhach.  Tá mórán eóluis in sna 
haistíbh cainnte scurtha; agus ní baoghal 
ná go bhfuighfar greann go leór insna 
haistíbh filidheachta.  Cuirfar cóib den 
leabhar ag triall ar gac dalta dhen 
gCumann.  Beidh soin n-a chuimhneachán aige 
ar a leathchoróinn.