Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cáthadh.

Title
Cáthadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÁTHADH.



NODLAIG MHAITH AGAIBH.



Guidhmíd don uile léightheóir den IRIS-
LEABHAR, Nodlaig mhaith mhéith, Nodlaig
bhreagh ghrinn, Nodlaig fé thóstal is fé chom-
pórd.



AN tAOS ÓG.



Is mór an sásamh aigne dhúinn-na atá ag
obair ar son na Gaedhilge, í dh'fheicsint ag
borradh is ag dul i dtreise ó Charn Uí Néid
go Fánaid. D'éirigh go maith linn i gcaith-
eamh na bliadhna so, buidheachus le Dia. Is
gearr go mbeidh cead ár gcinn againn ins
na scoileannaibh. Má bhíd an t-aos óg linn,
sin buaidhte againn ar thaobh na deasláimhe.
Tugaimís aire don aos óg.



AIMSIR NA RÚN.



Ó Lá Nodlag go Lá Cinn an t-am chun na
ndeagh-rún aigne a dhéanamh. Tá súil
againn go mbmeidh rún i dtaobh na Gaedhilge
ar na rúnaibh a cheapfaidh gach Gaedheal dó
féin i gcóir na bliadhna nua. Badh cheart
do gach duine rún a dhéanamh i dtaobh na
Gaedhilge a labhairt; agus tá a lán daoine
ann nár mhiste dhóibh rún i dtaobh na Gaedh-
ilge a scríobhadh. Má labhraimíd í is má
scríobhaimíd í chítar dúinn-na nach baoghal
di.



CUMANN NA hEIGSE.



Do cuireadh Cumann na hÉigse ar bun i
gceart sa nDáil a bhi againn le linn Feis
na Mumhan i mbliadhna. Tá cead ag gach
duine a chuireann suim i bhFilidheacht is i
Litridheacht na Gaedhilge bheith n-a dhalta
dhe, agus chuige sin ní gábhadh dhó acht
leathchoróinn i n-aghaidh na bliadhna a dhíol.
Gach duine gur mian leis bheith orainn
cuireadh a ainm is a shíntiús go dtí an
Sparánuidhe .i. an Dochtúir Ó Luingsigh i
mBaile Mhúirne. Do deineadh Uachtarán
den Athair Pádraig Ua Duinnín, agus do
deineadh Reachtaire den Athair Cathaoir Ó
Bréandáin.



LEABHAR NA hÉIGSE.



Ar an nDáil i gCorcaigh i mbliadhna do
léigheadh trí cinn d'aitheascaibh cainnte
scurtha, agus a lán filidheachta. Tá
ceapaite againn, má gheibhmíd an congnamh
chuige, na haistí seo do chur amach i bhfuirm
leabhair. Déanfaid siad leabhar ana-
thaithneamhach. Tá mórán eóluis in sna
haistíbh cainnte scurtha; agus ní baoghal
ná go bhfuighfar greann go leór insna
haistíbh filidheachta. Cuirfar cóib den
leabhar ag triall ar gac dalta dhen
gCumann. Beidh soin n-a chuimhneachán aige
ar a leathchoróinn.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services