Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Liathróideacht.
Title
Liathróideacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Liathróideacht. Timcheall seachtmhain an Domhnaigh seo ghabh tharainn bhí mórán buachaillí bailighthe i dteannta a chéile ag Crois an Chaisleáin i mBaile an Sgeilg, agus dheineadar suas a n-aigne go gceannóchaidís liathróid coise. Tar éis rudaí do chur trí n-a chéile, do thoghadar captaen, adubhairt dár mhaith leó an liathróid a bheith aca i gcomhair an Domhnaigh a bhí chughainn, go gcaithfidís réal ón nduine a dhíol. Annsan nuair do chualaidh an chuid eile é sin, léimeadar go háthasach á rádh go rabhadar sásta is go dtabhairfidís a gcuid airgid isteach don chaptaen lá'r n-a bháireach. Bhí go maith is ní raibh go holc; chuadar go léir a-bhaile is ní fheadair éinne acht an gleó a bhí aca ar na bóithríbh soir is siar. Bhíodar á rádh nuair a bheadh an liathróid aca ná leigfidís éinne, ná díolfadh aisti dul ag imirt. Tráthnóinín déighionnach lá ar n-a bháireach nuair a bhíos ag teacht a-bhaile ón scoil do chonnac morán d'fhearaibh óga i dteannta a chéile i gceann tighe Dhomnaill Uí Ghráda agus an captaen i n-a measc, ag bailiughadh an airgid chun na liathróide do cheannach. Nuair do chonnaic sé mise ag teacht do rith sé amach ar an mbóthar chugham, is d'fhiafraigh sé dhíom an ndíolfainn as an liathróid. Dubhart-sa go ndíolfainn, acht ná raibh an t-airgead agam annso. Annsan dubhairt sé gur dhíol gach éinne réal acht go raibh beirt no triúir ó Chill Reilig gan díol fós. Dubhart-sa annsan go dtabhairfinn an réal liom nuair a bheidhinn ag teacht ar scoil ar maidin lá ar n-a bháireach. Go neamhdhearmadach bhí an captaen romham ar an mbóthar ar maidin is do thugas an réal dó. D'fhiafruigheas dhé an raibh morán airgead aige is dubhairt sé ná beadh aon bhaoghal air ná go mbeadh fiacha na liathróide go maith fé thráthnóna Dia Sathairn aige. Go háirithe, ní raibh sé bailighthe aige go dtí Máirt Inide, agus nuair d'fhiafruigheas dhé annsan cé mhéad a bhí aige, dubhairt sé go raibh deich scillinge is raol, is ná beadh aon mhoill eile air acht an litir a scribhe is go mbeadh sí chughainn i gcomhair an Domhnaigh. Tháinig sí ar an tríomhadh lá tar éis fios a chur uirthi; agus nuair a tháinig an Domhnach bhíomar go léir i dteannta a chéile i bpáirc mhóir leathain a fuaramar ó Sheaghán flaitheamhail Ó Gráda. Dubhairt an captaen grádhmhar leó báirí a chur n^-a seasamh agus nuair a
bhíodar n-a seasamh d'fhiafruigh buachaill óg an rabhadar díreach is fuair sé freagra ó bhreastuidhe sheanduine a bhi tamall gearr uaidh "muna bhfuil siad díreach 'sé a ndicheall bheith cam." Annsan dubhairt an captaen leó comór- tas a dhéanamh agus i gcionn fiche nóimeat eile bhídheamar "ag damhas ar na bántaibh" chum sinn féin do théigheamh go gcaithfidhe i n-áirde an liathróid. Annsan leig an fear cirt fead mór tar éis an chomórtais bheith déanta, agus nuair a chualadhmar é sin do bhailigheamar i lár na páirce is do bheir- eamar ar lámha a chéile. Annsan do chaith an fear cirt an liathróid n-ár measc is nuair a scaipeamar ó 'n-a chéile, do oibrigh- eamar go tréanmhar, is ní misde dhuit a rádh ná go raibh an obair árd-the. Anois is arís bhidheadh fear ar lár acht ní leigfeadh sé aon nídh air acht éiriughadh is dul ag imirt chomh maith agus nár tháinig aon nídh air, agus bheith a d'iarraidh na hiasachta a chur a-bhaile chum an té leag é. Aon uair amháin do leag Tadhg beag Ó Séaghdha Domhnall fada Ua Cathasaigh, agus dubhairt sean-duine a bhí ag féachaint ar an imirt, "An té nach fuil láidir ní fuláir dó bheith glic." Ar feadh tamall gearr bhidheamar ag cur allais dhínn mar bhíodhmar ag rith suas is anuas i ndiaidh na liathróide a d'iarraidh gach aon uair báire a chur amach ar a chéile. Aon uair amháin do dhein Pádraig mór ó Chill Reilg droch-imirt is dubhairt Séamus fada dá mb'áil leat-sa an liathróid a chur chugam-sa do dhéanfamaois níos fearr an iarracht úd. Arsa an fear eile: "Is maith a t-iománuidhe an té a bhidheann ar an gclaidhe;" is b'fhéidir da mbeidhthá- sa ann an uair sin go ndéanfá níos measa. Ar feadh leathuair bhí an obair go hanam- amhail, acht níor lean sí mar sin abhfad mar bhí an leathuair i gcrích is shéid an fear cirt an gléas feaduighla, agus nuair a chualadh- mar é sin do stadamar. Annsan d'atharruigheamar is bhí an obair ar a faobhar arís, agus má bhí an chéad leath-uair tiugh te, bhí an leath-uair déighionnach níos tiugha níos teó agus níos déine. Nuair a bhí fhios ag an dá thaobh gur ró-ghearr go mbeidís ag stad, d'oibrigheadar comh tréan a's d'fhéadadar. Dá mbeadh ceathramhadh uair a chloig eile againn bhídheamar nach beag marbh le tuirse. Acht ní mar sin a bhí an scéal mar do chualadhmar an scread nímhe arís. Do stadamar agus do chaith- eamar sin féin ar an dtalamh go tuirseach - is má bhíomar féin, bhíomar sásta go leór tar éis an uair sin a thabhairt ag imirt na liathróide go misneamhail. Annsan do gheall an captaen dúinn ná béarfadh sé an liathróid amach aon lá eile acht tráthnóna Dia Domhnaigh, agus is dóigh liom go gcoimeádfaidh sé a gheall mar tá sé n-a bhuachaill macánta. Tar éis stad ó bheith ag imirt na liathróide bhi gach aon bheirt nó triúir buachaillí ag cainnt mar gheall ar gach gníomh a dheineadar nuair do bhíodar ag imirt, acht dubhairt Seaghán Mór: "is beag a shíleas go mbuaidhfidís orainn." "Ó seadh," arsa Domhnall Ruadh, "ní mar a síltear bítear, a mhic ógh." Is suarach na háiteanna i nÉirinn go labhartar Gaedhilg comh gnáthach is labharann siad í annso. Nuair a bhíodar ag imirt na liathróide níor labhradar aon fhocal Béarla acht Gaedhilg ar fad. Rud eile nuair a bhíonn muinntir na háite seo ag obair nó ag iascach nó ag déanam aon nídh, bíonn an teanga labhair Rí Laoghaire i dTeamhair ar siubhal aca. Is dóigh liom, má leanann siad mar sin nach fada go mbeidh sí againn comh mór is bhí sí age
na hÉireannaigh a bhí ann fadó, agus go mbéidh Éire Gaodhlach arís: Go mbrost- uighidh Dia chughainn an lá san is é guidhe do sheirbhísigh. DÚN-AN-BHUAILE. [.i. Tomás Bredoghar, Baile an Sceilg, Co. Chiarraighe, do bhuaidh duais leis an aiste thuas ar iomaidheacht a 4, i nOireachtas na bliadhna 1903.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services