Liathróideacht.
Timcheall seachtmhain an Domhnaigh seo 
ghabh tharainn bhí mórán buachaillí bailighthe i 
dteannta a chéile ag Crois an Chaisleáin i 
mBaile an Sgeilg, agus dheineadar suas a 
n-aigne go gceannóchaidís liathróid coise. 
Tar éis rudaí do chur trí n-a chéile, do 
thoghadar captaen, adubhairt dár mhaith leó 
an liathróid a bheith aca i gcomhair an 
Domhnaigh a bhí chughainn, go gcaithfidís réal 
ón nduine a dhíol.  Annsan nuair do 
chualaidh an chuid eile é sin, léimeadar go 
háthasach á rádh go rabhadar sásta is go 
dtabhairfidís a gcuid airgid isteach don 
chaptaen lá'r n-a bháireach. 
Bhí go maith is ní raibh go holc; chuadar 
go léir a-bhaile is ní fheadair éinne acht 
an gleó a bhí aca ar na bóithríbh soir is siar. 
Bhíodar á rádh nuair a bheadh an liathróid 
aca ná leigfidís éinne, ná díolfadh aisti 
dul ag imirt.  Tráthnóinín déighionnach lá 
ar n-a bháireach nuair a bhíos ag teacht 
a-bhaile ón scoil do chonnac morán 
d'fhearaibh óga i dteannta a chéile i gceann 
tighe Dhomnaill Uí Ghráda agus an captaen 
i n-a measc, ag bailiughadh an airgid chun 
na liathróide do cheannach.  Nuair do 
chonnaic sé mise ag teacht do rith sé amach 
ar an mbóthar chugham, is d'fhiafraigh sé dhíom 
an ndíolfainn as an liathróid.  Dubhart-sa 
go ndíolfainn, acht ná raibh an t-airgead 
agam annso.  Annsan dubhairt sé gur dhíol 
gach éinne réal acht go raibh beirt no triúir 
ó Chill Reilig gan díol fós.  Dubhart-sa 
annsan go dtabhairfinn an réal liom nuair 
a bheidhinn ag teacht ar scoil ar maidin lá 
ar n-a bháireach. 
Go neamhdhearmadach bhí an captaen 
romham ar an mbóthar ar maidin is do 
thugas an réal dó.  D'fhiafruigheas dhé an 
raibh morán airgead aige is dubhairt sé ná 
beadh aon bhaoghal air ná go mbeadh fiacha 
na liathróide go maith fé thráthnóna Dia 
Sathairn aige.  Go háirithe, ní raibh sé 
bailighthe aige go dtí Máirt Inide, agus 
nuair d'fhiafruigheas dhé annsan cé mhéad a 
bhí aige, dubhairt sé go raibh deich scillinge 
is raol, is ná beadh aon mhoill eile air acht 
an litir a scribhe is go mbeadh sí chughainn i 
gcomhair an Domhnaigh.  Tháinig sí ar an 
tríomhadh lá tar éis fios a chur uirthi; agus 
nuair a tháinig an Domhnach bhíomar go léir 
i dteannta a chéile i bpáirc mhóir leathain 
a fuaramar ó Sheaghán flaitheamhail Ó 
Gráda.  Dubhairt an captaen grádhmhar 
leó báirí a chur n^-a seasamh agus nuair a 
bhíodar n-a seasamh d'fhiafruigh buachaill óg 
an rabhadar díreach is fuair sé freagra ó 
bhreastuidhe sheanduine a bhi tamall gearr 
uaidh "muna bhfuil siad díreach 'sé a 
ndicheall bheith cam." 
Annsan dubhairt an captaen leó comór-
tas a dhéanamh agus i gcionn fiche nóimeat 
eile bhídheamar "ag damhas ar na bántaibh" 
chum sinn féin do théigheamh go gcaithfidhe i 
n-áirde an liathróid.  Annsan leig an fear 
cirt fead mór tar éis an chomórtais bheith 
déanta, agus nuair a chualadhmar é sin do 
bhailigheamar i lár na páirce is do bheir-
eamar ar lámha a chéile.  Annsan do chaith 
an fear cirt an liathróid n-ár measc is 
nuair a scaipeamar ó 'n-a chéile, do oibrigh-
eamar go tréanmhar, is ní misde dhuit a 
rádh ná go raibh an obair árd-the.  Anois is 
arís bhidheadh fear ar lár acht ní leigfeadh 
sé aon nídh air acht éiriughadh is dul ag 
imirt chomh maith agus nár tháinig aon nídh 
air, agus bheith a d'iarraidh na hiasachta a 
chur a-bhaile chum an té leag é.  Aon uair 
amháin do leag Tadhg beag Ó Séaghdha 
Domhnall fada Ua Cathasaigh, agus dubhairt 
sean-duine a bhí ag féachaint ar an imirt, 
"An té nach fuil láidir ní fuláir dó bheith 
glic."  Ar feadh tamall gearr bhidheamar 
ag cur allais dhínn mar bhíodhmar ag rith 
suas is anuas i ndiaidh na liathróide a 
d'iarraidh gach aon uair báire a chur amach 
ar a chéile.  Aon uair amháin do dhein 
Pádraig mór ó Chill Reilg droch-imirt is 
dubhairt Séamus fada dá mb'áil leat-sa an 
liathróid a chur chugam-sa do dhéanfamaois 
níos fearr an iarracht úd.  Arsa an fear 
eile: 
"Is maith a t-iománuidhe an té a bhidheann 
ar an gclaidhe;" is b'fhéidir da mbeidhthá-
sa ann an uair sin go ndéanfá níos measa. 
Ar feadh leathuair bhí an obair go hanam-
amhail, acht níor lean sí mar sin abhfad mar 
bhí an leathuair i gcrích is shéid an fear cirt 
an gléas feaduighla, agus nuair a chualadh-
mar é sin do stadamar.  Annsan 
d'atharruigheamar is bhí an obair ar a 
faobhar arís, agus má bhí an chéad leath-uair 
tiugh te, bhí an leath-uair déighionnach níos 
tiugha níos teó agus níos déine.  Nuair a 
bhí fhios ag an dá thaobh gur ró-ghearr go 
mbeidís ag stad, d'oibrigheadar comh tréan 
a's d'fhéadadar.  Dá mbeadh ceathramhadh 
uair a chloig eile againn bhídheamar nach 
beag marbh le tuirse.  Acht ní mar sin a 
bhí an scéal mar do chualadhmar an scread 
nímhe arís.  Do stadamar agus do chaith-
eamar sin féin ar an dtalamh go tuirseach - 
is má bhíomar féin, bhíomar sásta go leór 
tar éis an uair sin a thabhairt ag imirt na 
liathróide go misneamhail. 
Annsan do gheall an captaen dúinn ná 
béarfadh sé an liathróid amach aon lá eile 
acht tráthnóna Dia Domhnaigh, agus is dóigh 
liom go gcoimeádfaidh sé a gheall mar tá 
sé n-a bhuachaill macánta.  Tar éis stad ó 
bheith ag imirt na liathróide bhi gach aon 
bheirt nó triúir buachaillí ag cainnt mar 
gheall ar gach gníomh a dheineadar nuair do 
bhíodar ag imirt, acht dubhairt Seaghán Mór: 
"is beag a shíleas go mbuaidhfidís orainn." 
"Ó seadh," arsa Domhnall Ruadh, "ní mar 
a síltear bítear, a mhic ógh."  Is suarach na 
háiteanna i nÉirinn go labhartar Gaedhilg 
comh gnáthach is labharann siad í annso. 
Nuair a bhíodar ag imirt na liathróide níor 
labhradar aon fhocal Béarla acht Gaedhilg ar 
fad.  Rud eile nuair a bhíonn muinntir na 
háite seo ag obair nó ag iascach nó ag 
déanam aon nídh, bíonn an teanga labhair Rí 
Laoghaire i dTeamhair ar siubhal aca.  Is dóigh 
liom, má leanann siad mar sin nach fada 
go mbeidh sí againn comh mór is bhí sí age 
na hÉireannaigh a bhí ann fadó, agus go 
mbéidh Éire Gaodhlach arís: Go mbrost-
uighidh Dia chughainn an lá san is é guidhe do 
sheirbhísigh. 
DÚN-AN-BHUAILE.
[.i. Tomás Bredoghar, Baile an Sceilg, Co.
Chiarraighe, do bhuaidh duais leis an aiste thuas ar
iomaidheacht a 4, i nOireachtas na bliadhna 1903.]