Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Liathróideacht.

Title
Liathróideacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Liathróideacht.



Timcheall seachtmhain an Domhnaigh seo
ghabh tharainn bhí mórán buachaillí bailighthe i
dteannta a chéile ag Crois an Chaisleáin i
mBaile an Sgeilg, agus dheineadar suas a
n-aigne go gceannóchaidís liathróid coise.
Tar éis rudaí do chur trí n-a chéile, do
thoghadar captaen, adubhairt dár mhaith leó
an liathróid a bheith aca i gcomhair an
Domhnaigh a bhí chughainn, go gcaithfidís réal
ón nduine a dhíol. Annsan nuair do
chualaidh an chuid eile é sin, léimeadar go
háthasach á rádh go rabhadar sásta is go
dtabhairfidís a gcuid airgid isteach don
chaptaen lá'r n-a bháireach.



Bhí go maith is ní raibh go holc; chuadar
go léir a-bhaile is ní fheadair éinne acht
an gleó a bhí aca ar na bóithríbh soir is siar.
Bhíodar á rádh nuair a bheadh an liathróid
aca ná leigfidís éinne, ná díolfadh aisti
dul ag imirt. Tráthnóinín déighionnach lá
ar n-a bháireach nuair a bhíos ag teacht
a-bhaile ón scoil do chonnac morán
d'fhearaibh óga i dteannta a chéile i gceann
tighe Dhomnaill Uí Ghráda agus an captaen
i n-a measc, ag bailiughadh an airgid chun
na liathróide do cheannach. Nuair do
chonnaic sé mise ag teacht do rith sé amach
ar an mbóthar chugham, is d'fhiafraigh sé dhíom
an ndíolfainn as an liathróid. Dubhart-sa
go ndíolfainn, acht ná raibh an t-airgead
agam annso. Annsan dubhairt sé gur dhíol
gach éinne réal acht go raibh beirt no triúir
ó Chill Reilig gan díol fós. Dubhart-sa
annsan go dtabhairfinn an réal liom nuair
a bheidhinn ag teacht ar scoil ar maidin lá
ar n-a bháireach.



Go neamhdhearmadach bhí an captaen
romham ar an mbóthar ar maidin is do
thugas an réal dó. D'fhiafruigheas dhé an
raibh morán airgead aige is dubhairt sé ná
beadh aon bhaoghal air ná go mbeadh fiacha
na liathróide go maith fé thráthnóna Dia
Sathairn aige. Go háirithe, ní raibh sé
bailighthe aige go dtí Máirt Inide, agus
nuair d'fhiafruigheas dhé annsan cé mhéad a
bhí aige, dubhairt sé go raibh deich scillinge
is raol, is ná beadh aon mhoill eile air acht
an litir a scribhe is go mbeadh sí chughainn i
gcomhair an Domhnaigh. Tháinig sí ar an
tríomhadh lá tar éis fios a chur uirthi; agus
nuair a tháinig an Domhnach bhíomar go léir
i dteannta a chéile i bpáirc mhóir leathain
a fuaramar ó Sheaghán flaitheamhail Ó
Gráda. Dubhairt an captaen grádhmhar
leó báirí a chur n^-a seasamh agus nuair a


L. 447


bhíodar n-a seasamh d'fhiafruigh buachaill óg
an rabhadar díreach is fuair sé freagra ó
bhreastuidhe sheanduine a bhi tamall gearr
uaidh "muna bhfuil siad díreach 'sé a
ndicheall bheith cam."



Annsan dubhairt an captaen leó comór-
tas a dhéanamh agus i gcionn fiche nóimeat
eile bhídheamar "ag damhas ar na bántaibh"
chum sinn féin do théigheamh go gcaithfidhe i
n-áirde an liathróid. Annsan leig an fear
cirt fead mór tar éis an chomórtais bheith
déanta, agus nuair a chualadhmar é sin do
bhailigheamar i lár na páirce is do bheir-
eamar ar lámha a chéile. Annsan do chaith
an fear cirt an liathróid n-ár measc is
nuair a scaipeamar ó 'n-a chéile, do oibrigh-
eamar go tréanmhar, is ní misde dhuit a
rádh ná go raibh an obair árd-the. Anois is
arís bhidheadh fear ar lár acht ní leigfeadh
sé aon nídh air acht éiriughadh is dul ag
imirt chomh maith agus nár tháinig aon nídh
air, agus bheith a d'iarraidh na hiasachta a
chur a-bhaile chum an té leag é. Aon uair
amháin do leag Tadhg beag Ó Séaghdha
Domhnall fada Ua Cathasaigh, agus dubhairt
sean-duine a bhí ag féachaint ar an imirt,
"An té nach fuil láidir ní fuláir dó bheith
glic." Ar feadh tamall gearr bhidheamar
ag cur allais dhínn mar bhíodhmar ag rith
suas is anuas i ndiaidh na liathróide a
d'iarraidh gach aon uair báire a chur amach
ar a chéile. Aon uair amháin do dhein
Pádraig mór ó Chill Reilg droch-imirt is
dubhairt Séamus fada dá mb'áil leat-sa an
liathróid a chur chugam-sa do dhéanfamaois
níos fearr an iarracht úd. Arsa an fear
eile:



"Is maith a t-iománuidhe an té a bhidheann
ar an gclaidhe;" is b'fhéidir da mbeidhthá-
sa ann an uair sin go ndéanfá níos measa.
Ar feadh leathuair bhí an obair go hanam-
amhail, acht níor lean sí mar sin abhfad mar
bhí an leathuair i gcrích is shéid an fear cirt
an gléas feaduighla, agus nuair a chualadh-
mar é sin do stadamar. Annsan
d'atharruigheamar is bhí an obair ar a
faobhar arís, agus má bhí an chéad leath-uair
tiugh te, bhí an leath-uair déighionnach níos
tiugha níos teó agus níos déine. Nuair a
bhí fhios ag an dá thaobh gur ró-ghearr go
mbeidís ag stad, d'oibrigheadar comh tréan
a's d'fhéadadar. Dá mbeadh ceathramhadh
uair a chloig eile againn bhídheamar nach
beag marbh le tuirse. Acht ní mar sin a
bhí an scéal mar do chualadhmar an scread
nímhe arís. Do stadamar agus do chaith-
eamar sin féin ar an dtalamh go tuirseach -
is má bhíomar féin, bhíomar sásta go leór
tar éis an uair sin a thabhairt ag imirt na
liathróide go misneamhail.



Annsan do gheall an captaen dúinn ná
béarfadh sé an liathróid amach aon lá eile
acht tráthnóna Dia Domhnaigh, agus is dóigh
liom go gcoimeádfaidh sé a gheall mar tá
sé n-a bhuachaill macánta. Tar éis stad ó
bheith ag imirt na liathróide bhi gach aon
bheirt nó triúir buachaillí ag cainnt mar
gheall ar gach gníomh a dheineadar nuair do
bhíodar ag imirt, acht dubhairt Seaghán Mór:
"is beag a shíleas go mbuaidhfidís orainn."
"Ó seadh," arsa Domhnall Ruadh, "ní mar
a síltear bítear, a mhic ógh." Is suarach na
háiteanna i nÉirinn go labhartar Gaedhilg
comh gnáthach is labharann siad í annso.
Nuair a bhíodar ag imirt na liathróide níor
labhradar aon fhocal Béarla acht Gaedhilg ar
fad. Rud eile nuair a bhíonn muinntir na
háite seo ag obair nó ag iascach nó ag
déanam aon nídh, bíonn an teanga labhair Rí
Laoghaire i dTeamhair ar siubhal aca. Is dóigh
liom, má leanann siad mar sin nach fada
go mbeidh sí againn comh mór is bhí sí age


L. 448


na hÉireannaigh a bhí ann fadó, agus go
mbéidh Éire Gaodhlach arís: Go mbrost-
uighidh Dia chughainn an lá san is é guidhe do
sheirbhísigh.



DÚN-AN-BHUAILE.



[.i. Tomás Bredoghar, Baile an Sceilg, Co.
Chiarraighe, do bhuaidh duais leis an aiste thuas ar
iomaidheacht a 4, i nOireachtas na bliadhna 1903.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services