Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File - XIX.
Title
Seán Ó Gadhra, File - XIX.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seán Ó Gadhra, File. — XIX. 23. Tá an giota so thíos ar fagháil ar leath- anaigh a 77 agus a 78 de leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada. Ag adhmholadh saothar Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh atá Seán annso. Ó's mar sin atá, b'fhéidir nár mhiste le léightheóiríbh an IRISLEABHAR cunntas d'fhagháil ar an saothar gcéadna úd. Sidé é: 1. "Ogygia, reu rerum Hibernicarum Chronologia." 1685. Gheobhthar Stair na hÉireann annso anuas go dtí 1684, maille le sna comh-éachta a thuit amhach i dtíorthaibh eile; Réim Ríoghraidhe na hÉireann, na hAlbann is Shasana, anuas go dtí Séarlus an dara rí den ainm sin. Bhí cruinn- eólus ag Ruaidhrí ar shean-leabhraibh na nGaedheal is ar scríbhinnibh lucht seanchuis na Rómha is Shasana. Bhí árd-mheas ar an leabhar so i dtaobh cruinneas eoluis is i dtaobh fírinne staire, agus níor sáruigheadh fós é insna cásaibh sin. 2. "Serenissimi Ualliae Principis, Magnae Brittaniae et Hiberniae, cum appendicibus dominis haeridis conspicui
Genethliacon." 1688. Dán Laidne is eadh é seo ar gheineamhain tSéamuis, Prionnsa na Breatan. I mBaile Átha Cliath do cuireadh i gcló é. Tá léirighthe san leabhar so an chuma i n-ar shíolruigh Séamus ó shean-ríghthibh Gaedheal. 3. "Ogygia vindicated against the Objections of Sir George MacKenzie". D'fhág sé an leabhar so n-a dhiaidh is do cuireadh i gcló é i mBaile Átha Cliath i mbliadhna a 1775, fé eagarthóireacht Chathail Uí Chonchubhair. 4. "Chronological Description of West or H-Iar Connaught". Chuir Séamus Ó hArgadáin an leabhar so fá eagar don Irish Archaeological Society, agus cuir- eadh amach é i mbliadhain a 1846. 5. San leabhar úd Iar-Chonnacht chuir Mac Uí Argadáin i gcló trí chinn d'aistíbh ó láimh Ruaidhrí mar atá: (a) "Original Memoranda on Borlase's Acount of Ireland, written in 1682;" (b), "On Chinese Chronology;" (c), "On the re- lations of prelates in Ireland with Canter- bury." Tá mac samhail de leitir a scríbh Ruaidhrí chun Éadbhard Lhuyd san "National Man- uscripts of Ireland" ag Sir Seón Gilbert, Pt. IV., P. 2, plate xcv. Bhí leitreacha Ruaidhrí á mbailiughadh agus á gcur i n-eagar ag Sir Seón, agus tá súil againn go gcuirfear i gcló uair éigin iad. …
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services