Seán Ó Gadhra, File. — XIX.
23.
Tá an giota so thíos ar fagháil ar leath-
anaigh a 77 agus a 78 de leabhar Ruaidhrí 
Mhic Dhiarmada.  Ag adhmholadh saothar 
Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh atá Seán annso. 
Ó's mar sin atá, b'fhéidir nár mhiste le 
léightheóiríbh an IRISLEABHAR cunntas 
d'fhagháil ar an saothar gcéadna úd.  Sidé 
é: 
1. "Ogygia, reu rerum Hibernicarum 
Chronologia." 1685.  Gheobhthar Stair na 
hÉireann annso anuas go dtí 1684, maille 
le sna comh-éachta a thuit amhach i dtíorthaibh 
eile; Réim Ríoghraidhe na hÉireann, na 
hAlbann is Shasana, anuas go dtí Séarlus 
an dara rí den ainm sin.  Bhí cruinn-
eólus ag Ruaidhrí ar shean-leabhraibh na 
nGaedheal is ar scríbhinnibh lucht seanchuis 
na Rómha is Shasana.  Bhí árd-mheas ar an 
leabhar so i dtaobh cruinneas eoluis is i 
dtaobh fírinne staire, agus níor sáruigheadh 
fós é insna cásaibh sin. 
2. "Serenissimi Ualliae Principis, 
Magnae Brittaniae et Hiberniae, cum 
appendicibus dominis haeridis conspicui
 
Genethliacon."  1688.  Dán Laidne is 
eadh é seo ar gheineamhain tSéamuis, 
Prionnsa na Breatan.  I mBaile Átha 
Cliath do cuireadh i gcló é.  Tá léirighthe 
san leabhar so an chuma i n-ar shíolruigh 
Séamus ó shean-ríghthibh Gaedheal. 
3. "Ogygia vindicated against the 
Objections of Sir George MacKenzie". 
D'fhág sé an leabhar so n-a dhiaidh is do 
cuireadh i gcló é i mBaile Átha Cliath i 
mbliadhna a 1775, fé eagarthóireacht Chathail 
Uí Chonchubhair. 
4. "Chronological Description of West 
or H-Iar Connaught".  Chuir Séamus Ó 
hArgadáin an leabhar so fá eagar don 
Irish Archaeological Society, agus cuir-
eadh amach é i mbliadhain a 1846. 
5.  San leabhar úd Iar-Chonnacht chuir 
Mac Uí Argadáin i gcló trí chinn d'aistíbh 
ó láimh Ruaidhrí mar atá: (a) "Original
Memoranda on Borlase's Acount of 
Ireland, written in 1682;" (b), "On
Chinese Chronology;" (c), "On the re-
lations of prelates in Ireland with Canter-
bury."
Tá mac samhail de leitir a scríbh Ruaidhrí
chun Éadbhard Lhuyd san "National Man-
uscripts of Ireland" ag Sir Seón Gilbert, 
Pt. IV., P. 2, plate xcv.  Bhí leitreacha 
Ruaidhrí á mbailiughadh agus á gcur i 
n-eagar ag Sir Seón, agus tá súil againn 
go gcuirfear i gcló uair éigin iad. 
…