Seán Ó Gadhra, File. — XIX.
23.
Tá an giota so thíos ar fagháil ar leath-
anaigh a 77 agus a 78 de leabhar Ruaidhrí
Mhic Dhiarmada. Ag adhmholadh saothar
Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh atá Seán annso.
Ó's mar sin atá, b'fhéidir nár mhiste le
léightheóiríbh an IRISLEABHAR cunntas
d'fhagháil ar an saothar gcéadna úd. Sidé
é:
1. "Ogygia, reu rerum Hibernicarum
Chronologia." 1685. Gheobhthar Stair na
hÉireann annso anuas go dtí 1684, maille
le sna comh-éachta a thuit amhach i dtíorthaibh
eile; Réim Ríoghraidhe na hÉireann, na
hAlbann is Shasana, anuas go dtí Séarlus
an dara rí den ainm sin. Bhí cruinn-
eólus ag Ruaidhrí ar shean-leabhraibh na
nGaedheal is ar scríbhinnibh lucht seanchuis
na Rómha is Shasana. Bhí árd-mheas ar an
leabhar so i dtaobh cruinneas eoluis is i
dtaobh fírinne staire, agus níor sáruigheadh
fós é insna cásaibh sin.
2. "Serenissimi Ualliae Principis,
Magnae Brittaniae et Hiberniae, cum
appendicibus dominis haeridis conspicui
Genethliacon." 1688. Dán Laidne is
eadh é seo ar gheineamhain tSéamuis,
Prionnsa na Breatan. I mBaile Átha
Cliath do cuireadh i gcló é. Tá léirighthe
san leabhar so an chuma i n-ar shíolruigh
Séamus ó shean-ríghthibh Gaedheal.
3. "Ogygia vindicated against the
Objections of Sir George MacKenzie".
D'fhág sé an leabhar so n-a dhiaidh is do
cuireadh i gcló é i mBaile Átha Cliath i
mbliadhna a 1775, fé eagarthóireacht Chathail
Uí Chonchubhair.
4. "Chronological Description of West
or H-Iar Connaught". Chuir Séamus Ó
hArgadáin an leabhar so fá eagar don
Irish Archaeological Society, agus cuir-
eadh amach é i mbliadhain a 1846.
5. San leabhar úd Iar-Chonnacht chuir
Mac Uí Argadáin i gcló trí chinn d'aistíbh
ó láimh Ruaidhrí mar atá: (a) "Original
Memoranda on Borlase's Acount of
Ireland, written in 1682;" (b), "On
Chinese Chronology;" (c), "On the re-
lations of prelates in Ireland with Canter-
bury."
Tá mac samhail de leitir a scríbh Ruaidhrí
chun Éadbhard Lhuyd san "National Man-
uscripts of Ireland" ag Sir Seón Gilbert,
Pt. IV., P. 2, plate xcv. Bhí leitreacha
Ruaidhrí á mbailiughadh agus á gcur i
n-eagar ag Sir Seón, agus tá súil againn
go gcuirfear i gcló uair éigin iad.
…
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11