Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Mhaighe Mocruimhe. II.
Title
Cath Mhaighe Mocruimhe. II.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath Mhaighe Mocruimhe. — II. [ar leanmhaint.] Annsin adubairt an file céadna an righ- fhleasg so ag brosdughadh an tsluaigh .i.: "A Mhic Con, Comhéirigh, Comhall do chaomh-ghníomha Tar fairgibh tonn-ghlana, Tar leargaibh líon-ghlana, Budh h-í an Ghaillibh do gheabhair, Budh h-í umhall chreachas tú, Budh h-í Éire t-árd-fhlaitheas Ar feadh tríóchad bliadhán; A Mhic Con, coimhéirigh." Is annsin do chuireadar amach a longa luthmhara lán-áille seirg-dhíona sioth-fhada seimhidhe sár-luaithe agus a gcuracháin caomha ceann-chaola sáir-leabhaire iom- luaithe, agus a n-árthuighe nuadha niamh- ghlana déigh-díonmhara ó árd-chuantaibh eochair-ghlana ioll-radharcacha Alban amach ar an muir mbán-tsrothaigh mór-thonnaigh glas-bhradnaigh fán-ghleanntaigh fraoch- ghruama dían doimhne cíarsánaigh cubhrán- aigh gur iom-luaith anfadh agus a móir- éigeantas iad, gur ghabadar cuan agus caomh-chaladh-phort i n-iarthar Chonntae na Gaillibhe i gCoige chnuas-thorthach bhó-líon- mhar Connacht. Thángadar annsin i dtír go tinneasnach agus do tharaingeadar a longa agus a leabhar-bhárca ar an dtráigh ghil ghainimhigh, agus tugadar aithne gurb i gCoige glan-áluinn Connacht tángadar i dtír. Annsin adubhradar maithe an tsluaigh nár chóír dóíbh fein teacht i dtír i gcríoch ainiúl gan creacha a namhad do dhéanamh, do thionól, agus do thiomsughadh. "Máire, a Mhic Con," do ráidh Nuagha Finn-éigis, "is cian fada ó do taraing- eadh duit-se creacha imchiana umhaill do dhéanamh." "Maise," ar Mac Con, "éirigheadh Lúgh- aidh Lágha an laoch-mhile an agus Cathmhaol Mac Fircuirb .i. mac righ Osraighe, re trian an tsluaigh maille riu, agus tugaid a ndeis le tír agus a gclé re muir agus airigithear an chríoch leo agus tugaidís creachadh-umhal agus Connacht leo chughainn gus an gcoill gcosnaimh agus go Loch Céime Cearthuinn," agus do rinn siad amhail d'órdaigh Mac Con dóibh. Is í slighe do ghabhadar tar tréun-mhuir síar ris a ráidhtear Glas-ghlaise, agus do shonas na seól ar láimh re Cruachan, ris a ráidhtear Loch Con, agus tar sál srotha, ris a ráidhtear an Mhuaidh mheidhreach mhear aidhbhéill mhór-thonnach, agus tar sean-mhaigh ris a ráidhtear Tír Fhíachra Mhuaidhe. Ciodh trácht, ro chreach siad an tír an cómh-fhad sin, agus d'airig siad gach tuaith láimh le muir agus le mór-fhairge. Táng- adar ar na mháireach go Muaidh agus do lán-chreachadh leo gus an gcoill gcéadna. Annsin táinig Fíachra righ iarthar Connacht fá gháir a bhan agus a mhachaomh.
Ciodh trácht, ghabhas gráin agus imeagla Connachtaigh roimh aidhbhéille agus líon- mhaire na sluagh ag léimrigh ris na bárcaibh, agus fothrom na seól-chrann ós mullach na mór-mhara, agus sgáile na sgabhal n-áluinn n-il-cathach dá dtógbháil ag sluagh na n-allmhurach. Is annsin do chonnchadar fir tréine troigh-éásga ar áilneacht na tal- mhan i n-a dtimcheall, agus bad comh-mhaith ar muir is ar tír iad, agus tángadar rómpa annsin ar na mhaireach go ceann Maighe Mochruimhe, agus do ghabhadar sos- adh agus long-phort ann, agus do thóg- bhadar puibill áluinn allmhurdha do Mhac Con i n-iomliochán an long-phuirt, gur órdaigheadar Éireannaigh i bhfarradh Mhic Con, Sagsannaigh agus Breathnaigh do leith anoir is aníar, agus Franncaigh is Alban- aigh do'n leith a ndeas agus a dtuaidh. is annsin do dhíneadar a slabhraidhe agus do theannadar a dtéada, agus do cheang- al síad a gcórdhaighe caol-righne cnáibe, agus do thógbhadar puibill áluinn iol- dathach níail-ghréasach, agus gach n-aon ná rabhadar sin aca do rinneadh leo tigthe tiagara, agus boithe áille easairithe,a gus sgatháin árda sgiamh-chóirighthe,agus bruighne sraith-chóirighthe suaithchiontais, agus do ro h-adhnach a dteinte agus a dteandalaidhe leo ionnta, agus do chaitheadar a bproinn agus a dtomhaltas, agus do deargadh a n-iomdhaighthe is a n-árd-leabthacha ar na n-easargadh d'úr-luachair agus do pheall- aibh ceathair-chiumhaiseacha, agus do chuilt- ínibh slios-mhíne bóighléigile, agus do chan siad a bhfilidhe fáitheacha focal-ghéara sraithe agus dréachta dóíbh go maidion ar na mháireach, gurb annsin do cineadh comh- airle ag Mac Con go maithibh a mhuintire .i. teachta do chuir go Teamhair go h-Airt mac Cuinn, árd-righ Éireann, dá fhógra dó Teamhair agus Éire uile d'fhágbháil, nó teacht do chur catha re Mac con go n-a allmhurachaí(bh). "Ní hamhla is cóir," ar Mac Con, "acht cuirtear Nuagha Finn-éigis an file agus Lughaidh Lágha an laoch-mhile agus tairgidh- tear Leath Chuinn d'Airt ar a dhuthchas, agus leigthear Leath Mhogha damhsa .i. dá choige Mumhan, Áth Cliath, Portláirge, Corca, agus cuanta long-lán áluinn Laigh- ean do leigion damh-sa, agus munadh leigidh, freagradh sé mise ar urlár Mhaighe Mochruimhe," agus adubhairt an laoi mar leanas: "A Nuagha, éirigh go Teamhair, Agall damh Art i mBreagh-mhaigh, Innis dó, gidh bé bhias de Mise i nÉirinn do righ-se. "Aon fhear déag chuamar tar sáil, A h-Éirinn go n-iomad ndaimh; Aon fhear déag is tríochad cath Tugsam a h-oirthir Alban. "Leath Chuinn agus Leath Mhógha — Beir chuige mo chumha, Leath Chuinn ar a dhuthchas dó, Is leigeadh damh-sa Leath Mhogha." Nuagha: "Acht, muna nglacaidh sé sin. Cionnus adéar in a dhiaigh? Damh-sa is aithne go teann Freagra árd-righ Éireann. "Adeirimse leat, a Lughaidh, Aitheasg is cian bhéas cumang, Ba taosga muirbhthighe Art, 'Ná a dhul ar deóraigheacht." Mac Con: "Déanadh Art a n-abair sinn; Acht, muna bhfaghadsa cómhmhaoin, Fágbhadh Éire re hathaidh, An mac sin Chuinn chéad-chathaigh.
"Abair le hAirt líon na sluagh, Teacht go Mochruimhe go mbuadh; Do chosnamh Banba is dual dó, Tigeadh chughamsa, a Nuagha." Is annsin imthigheas Nuagha Finn-éigis an file agus Lughaidh Lága an laoch-mhile go rángadar rómpa gan fhios gan athrughadh go Teamhair le draoidheacht an draoi, go dtárladar i meadhon tighe Teamhrach, agus do shuidheadar ar cholbhadh na leabthadh i bhfiadhnaise Airt mhic Chuinn árd-righ Éir- eann. Is annsin d'aithin Art íad, agus ba h-iongnadh leis a bhfeicsint annsin, agus fearas fíor-chaoin fáitle roimh Nuagha agus níór fhear roimh Lughaidh Lágha. "Mo chean duit-se, a Nuagha," ar Art, "agus cá háit d'fhágbhais Mac Con go n-a allmhurachaí(bh)?" "D'fhágbhas i Maigh Mochruimhe é agus il-iomad sluagh agus sochraide i n-a fhochair ann." "Dá dtigeadh do'n bhaile seo, gheabhadh failte ann, biodh gurbh iongnadh leis é," ar Art. "An tan tháinig ní bhfuair," ar Lughaidh; "agus ní thiocfaidh feasda acht le neart sluagh agus deagh-laoch." "Déantar umhall fosaidh dóibh seo," ar an rígh. "Ná déantar sin dúinne," ar Nuagha; "óir ní do dhéanamh comhnuighthe tángamar do'n chuir so, acht d'fhógradh catha ort-sa ó Mhac Con, óir d'fhágbhamar deich gcatha fhichead i n-a fhochair ar lár Maighe Moch- ruimhe." "Ní obthach catha mise," do ráidh Art, "óir is tre bhrise catha agus coinghleice do chosnamh m'athair-se Éire riam, agus ní díongamháilte an righ obas cath." Annsin tairgeas Nuagha na cuma reamh- ráidhte do'n righ amhail d'órdaigh Mac Con, agus do dhiúltaigh Art na cumha sin, óir níor bhfearrde leis Éire do roinnt. "Cá fad cáirde bhur gcatha?" ar Art. "Láithreach is maith linne a chur," ar Lughaidh. "Ní mór linne céad bliadhan fé," ar Art. "Ní mar sin dúinne," ar Lughaidh, "óir ní fuilingeóidís ár n-allmhuraigh i n-éag- maid a ndúithche féin an fad sin." Ciodh trácht, ó gach impidhe go chéile, do thugadar cáirde um an gcath go ceann coithchíse. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services