Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Mhaighe Mocruimhe. II.

Title
Cath Mhaighe Mocruimhe. II.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cath Mhaighe Mocruimhe. — II.



[ar leanmhaint.]



Annsin adubairt an file céadna an righ-
fhleasg so ag brosdughadh an tsluaigh .i.:



"A Mhic Con, Comhéirigh,
Comhall do chaomh-ghníomha
Tar fairgibh tonn-ghlana,
Tar leargaibh líon-ghlana,
Budh h-í an Ghaillibh do gheabhair,
Budh h-í umhall chreachas tú,
Budh h-í Éire t-árd-fhlaitheas
Ar feadh tríóchad bliadhán;
A Mhic Con, coimhéirigh."



Is annsin do chuireadar amach a longa
luthmhara lán-áille seirg-dhíona sioth-fhada
seimhidhe sár-luaithe agus a gcuracháin
caomha ceann-chaola sáir-leabhaire iom-
luaithe, agus a n-árthuighe nuadha niamh-
ghlana déigh-díonmhara ó árd-chuantaibh
eochair-ghlana ioll-radharcacha Alban amach
ar an muir mbán-tsrothaigh mór-thonnaigh
glas-bhradnaigh fán-ghleanntaigh fraoch-
ghruama dían doimhne cíarsánaigh cubhrán-
aigh gur iom-luaith anfadh agus a móir-
éigeantas iad, gur ghabadar cuan agus
caomh-chaladh-phort i n-iarthar Chonntae na
Gaillibhe i gCoige chnuas-thorthach bhó-líon-
mhar Connacht. Thángadar annsin i dtír
go tinneasnach agus do tharaingeadar a
longa agus a leabhar-bhárca ar an dtráigh
ghil ghainimhigh, agus tugadar aithne gurb
i gCoige glan-áluinn Connacht tángadar
i dtír.



Annsin adubhradar maithe an tsluaigh
nár chóír dóíbh fein teacht i dtír i gcríoch
ainiúl gan creacha a namhad do dhéanamh,
do thionól, agus do thiomsughadh.



"Máire, a Mhic Con," do ráidh Nuagha
Finn-éigis, "is cian fada ó do taraing-
eadh duit-se creacha imchiana umhaill do
dhéanamh."



"Maise," ar Mac Con, "éirigheadh Lúgh-
aidh Lágha an laoch-mhile an agus Cathmhaol
Mac Fircuirb .i. mac righ Osraighe, re
trian an tsluaigh maille riu, agus tugaid
a ndeis le tír agus a gclé re muir agus
airigithear an chríoch leo agus tugaidís
creachadh-umhal agus Connacht leo chughainn
gus an gcoill gcosnaimh agus go Loch
Céime Cearthuinn," agus do rinn siad
amhail d'órdaigh Mac Con dóibh.



Is í slighe do ghabhadar tar tréun-mhuir
síar ris a ráidhtear Glas-ghlaise, agus do
shonas na seól ar láimh re Cruachan, ris a
ráidhtear Loch Con, agus tar sál srotha,
ris a ráidhtear an Mhuaidh mheidhreach mhear
aidhbhéill mhór-thonnach, agus tar sean-mhaigh
ris a ráidhtear Tír Fhíachra Mhuaidhe.



Ciodh trácht, ro chreach siad an tír an
cómh-fhad sin, agus d'airig siad gach tuaith
láimh le muir agus le mór-fhairge. Táng-
adar ar na mháireach go Muaidh agus do
lán-chreachadh leo gus an gcoill gcéadna.
Annsin táinig Fíachra righ iarthar Connacht
fá gháir a bhan agus a mhachaomh.


L. 407


Ciodh trácht, ghabhas gráin agus imeagla
Connachtaigh roimh aidhbhéille agus líon-
mhaire na sluagh ag léimrigh ris na bárcaibh,
agus fothrom na seól-chrann ós mullach na
mór-mhara, agus sgáile na sgabhal n-áluinn
n-il-cathach dá dtógbháil ag sluagh na
n-allmhurach. Is annsin do chonnchadar fir
tréine troigh-éásga ar áilneacht na tal-
mhan i n-a dtimcheall, agus bad comh-mhaith
ar muir is ar tír iad, agus tángadar
rómpa annsin ar na mhaireach go ceann
Maighe Mochruimhe, agus do ghabhadar sos-
adh agus long-phort ann, agus do thóg-
bhadar puibill áluinn allmhurdha do Mhac
Con i n-iomliochán an long-phuirt, gur
órdaigheadar Éireannaigh i bhfarradh Mhic
Con, Sagsannaigh agus Breathnaigh do leith
anoir is aníar, agus Franncaigh is Alban-
aigh do'n leith a ndeas agus a dtuaidh.



is annsin do dhíneadar a slabhraidhe agus
do theannadar a dtéada, agus do cheang-
al síad a gcórdhaighe caol-righne cnáibe,
agus do thógbhadar puibill áluinn iol-
dathach níail-ghréasach, agus gach n-aon ná
rabhadar sin aca do rinneadh leo tigthe
tiagara, agus boithe áille easairithe,a gus
sgatháin árda sgiamh-chóirighthe,agus bruighne
sraith-chóirighthe suaithchiontais, agus do ro
h-adhnach a dteinte agus a dteandalaidhe
leo ionnta, agus do chaitheadar a bproinn
agus a dtomhaltas, agus do deargadh a
n-iomdhaighthe is a n-árd-leabthacha ar na
n-easargadh d'úr-luachair agus do pheall-
aibh ceathair-chiumhaiseacha, agus do chuilt-
ínibh slios-mhíne bóighléigile, agus do chan
siad a bhfilidhe fáitheacha focal-ghéara
sraithe agus dréachta dóíbh go maidion ar
na mháireach, gurb annsin do cineadh comh-
airle ag Mac Con go maithibh a mhuintire
.i. teachta do chuir go Teamhair go h-Airt
mac Cuinn, árd-righ Éireann, dá fhógra dó
Teamhair agus Éire uile d'fhágbháil, nó
teacht do chur catha re Mac con go n-a
allmhurachaí(bh).



"Ní hamhla is cóir," ar Mac Con, "acht
cuirtear Nuagha Finn-éigis an file agus
Lughaidh Lágha an laoch-mhile agus tairgidh-
tear Leath Chuinn d'Airt ar a dhuthchas,
agus leigthear Leath Mhogha damhsa .i. dá
choige Mumhan, Áth Cliath, Portláirge,
Corca, agus cuanta long-lán áluinn Laigh-
ean do leigion damh-sa, agus munadh
leigidh, freagradh sé mise ar urlár Mhaighe
Mochruimhe," agus adubhairt an laoi mar
leanas:



"A Nuagha, éirigh go Teamhair,
Agall damh Art i mBreagh-mhaigh,
Innis dó, gidh bé bhias de
Mise i nÉirinn do righ-se.



"Aon fhear déag chuamar tar sáil,
A h-Éirinn go n-iomad ndaimh;
Aon fhear déag is tríochad cath
Tugsam a h-oirthir Alban.



"Leath Chuinn agus Leath Mhógha —
Beir chuige mo chumha,
Leath Chuinn ar a dhuthchas dó,
Is leigeadh damh-sa Leath Mhogha."



Nuagha:



"Acht, muna nglacaidh sé sin.
Cionnus adéar in a dhiaigh?
Damh-sa is aithne go teann
Freagra árd-righ Éireann.



"Adeirimse leat, a Lughaidh,
Aitheasg is cian bhéas cumang,
Ba taosga muirbhthighe Art,
'Ná a dhul ar deóraigheacht."



Mac Con:



"Déanadh Art a n-abair sinn;
Acht, muna bhfaghadsa cómhmhaoin,
Fágbhadh Éire re hathaidh,
An mac sin Chuinn chéad-chathaigh.


L. 408


"Abair le hAirt líon na sluagh,
Teacht go Mochruimhe go mbuadh;
Do chosnamh Banba is dual dó,
Tigeadh chughamsa, a Nuagha."



Is annsin imthigheas Nuagha Finn-éigis an
file agus Lughaidh Lága an laoch-mhile go
rángadar rómpa gan fhios gan athrughadh
go Teamhair le draoidheacht an draoi, go
dtárladar i meadhon tighe Teamhrach, agus
do shuidheadar ar cholbhadh na leabthadh i
bhfiadhnaise Airt mhic Chuinn árd-righ Éir-
eann. Is annsin d'aithin Art íad, agus ba
h-iongnadh leis a bhfeicsint annsin, agus
fearas fíor-chaoin fáitle roimh Nuagha agus
níór fhear roimh Lughaidh Lágha.



"Mo chean duit-se, a Nuagha," ar Art,
"agus cá háit d'fhágbhais Mac Con go n-a
allmhurachaí(bh)?"



"D'fhágbhas i Maigh Mochruimhe é agus
il-iomad sluagh agus sochraide i n-a fhochair
ann."



"Dá dtigeadh do'n bhaile seo, gheabhadh
failte ann, biodh gurbh iongnadh leis é," ar
Art.



"An tan tháinig ní bhfuair," ar Lughaidh;
"agus ní thiocfaidh feasda acht le neart
sluagh agus deagh-laoch."



"Déantar umhall fosaidh dóibh seo," ar
an rígh.



"Ná déantar sin dúinne," ar Nuagha;
"óir ní do dhéanamh comhnuighthe tángamar
do'n chuir so, acht d'fhógradh catha ort-sa ó
Mhac Con, óir d'fhágbhamar deich gcatha
fhichead i n-a fhochair ar lár Maighe Moch-
ruimhe."



"Ní obthach catha mise," do ráidh Art,
"óir is tre bhrise catha agus coinghleice
do chosnamh m'athair-se Éire riam, agus ní
díongamháilte an righ obas cath."



Annsin tairgeas Nuagha na cuma reamh-
ráidhte do'n righ amhail d'órdaigh Mac
Con, agus do dhiúltaigh Art na cumha sin,
óir níor bhfearrde leis Éire do roinnt.



"Cá fad cáirde bhur gcatha?" ar Art.



"Láithreach is maith linne a chur," ar
Lughaidh.



"Ní mór linne céad bliadhan fé," ar
Art.



"Ní mar sin dúinne," ar Lughaidh, "óir
ní fuilingeóidís ár n-allmhuraigh i n-éag-
maid a ndúithche féin an fad sin."



Ciodh trácht, ó gach impidhe go chéile, do
thugadar cáirde um an gcath go ceann
coithchíse.



(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services