Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. IV.
Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. IV.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. [ar leanamhaint.] Tirallas Iarla Deasmhumhan dá éis sin go Déiseachaibh ag tógbháil chreach, gur chuir Tighearna na nDéiseach teachta chun Iarla Urmhumhan teacht do chongnamh leis i n-aghaidh Iarla Deasmhumhan. Táinig Iarla Urmhumhan iarsin, go sluagh sár-mhór leis, go dtárladar féin agus Iarla Deasmhumhan dá chéíle ag Áth Meadháin. An tan chonnc- adar taoisigh Gearaltach iomarca na sluagh dhá n-ionnsaighe, óir ní rabhadar féin acht beagán buidhne, adubhradar leis an iarla tilleadh tar ais, agus ná rabhadar féin ion-comhlainn leis an iliomad sluagh soin do bhí i n-a n-aghaidh. Gidheadh, adubhairt an t-iarla go mba rogha leis tuitim san iorghail 'ná a dhrom d'iompódh le hIarla Urmhumhan; agus, leis sin, lingeas i n-aghaidh a námhad; leanaid a bhuidhean féin é. Gidheadh, do gearradh is do ghrod-bhuaileadh ar gach taobh iad, ionnus gur marbhadh — beagnách go duine — le hiomarca anfhor- lann iad. An tan chonnairc Iarla Deas- mhumhan a bhuidhean féin ag tuitim amhla- san, lingeas i dtiugh-mharcshluagh Buitléar- ach, gur telgeadh dá chapall san ruathar soin é le hÉamonn Buitléar an Ridire Órdha, agus go ndearnadh bragha amhla-san dé. Do rugadh as soin go Cluain Meala é, agus, iar slánughadh a mhor-chréacht, do cuireadh go Sacsaibh é, go raibh ar feadh seacht mbliadhan i mbraighdeanus i dTúr Lunndain. Dála Thomáis Ruaidh, mac Shéamuis, an dearbhráthair ba shine 'ná Gearóid, do luadhamair roimhe seo, .i. mac inghine an Tigearna Róistigh, gabhas seilbh na hiar-
lachta; óir do diúltuigheadh roimhe sin é i n-aimsir Ghearóid, i dtaobh phósadh aindligh- theach a mháthar, amhail adubhramair; agus do thuig go madh coiscéim chun céime dhó féin turrainn a dhearbhráthar, agus fós mar do coimeádadh an dias dearbhráthar eile, .i. Seán agus Séamus le hIArla Urmhumhan is le mórán eile de shearbhóntaibh na ban- ríoghna i nÉirinn ó n-a gceart do thógaradh. Gidheadh, gabhas Séamus mhac Muiris ag cur i n-aghaidh Thomáis Ruaidh go tréan- chalma, agus ag seasamh is ag síor-chosnamh chirt Ghearóid. Ba chródha is ba chath-bhuadhach an curadh is an caithmhíleadh an Séamus so. Do b'é (an) dara mac Mhuriis, mhac Muiris, mhac Seáin é. Do b'é an Seán so dear- bhráthair Thomáis Mhaoil an Chunncuis. do ba clann don Tomás so díthcheannadh ag Droichead Átha, Seán agus Tomás Maol. An chéad Mhuiris do luadhamair thuas, is leis do fealladh ar Sheámus mhac Muiris, .i. oighre ceart Thomáis Mhaoil agus na hiarlachta, iar dteacht ó Shacsaibh dó; agus do marbhadh é féin dá éis sin le Tighearna Muscraighe, amhail adubhramair. Is cródha 's is cathbhuadhach do chosnaimh is chaomhain an Séamus so a cheart do Ghear- óid ar feadh a ghéibhinn i n-aghaidh Thomáis Ruaidh is ar ghabh leis; ionnus, ar chlos an chomhbhuairimh do rinneadar na Gearaltaigh i nÉirinn don bhanríoghain, gur cinneadh aici scaoile de Ghearóid agus a chur go hÉirinn. Iar dteacht go hÉirinn dó, gabhas seilbh sítheóilte na hiarlachta; gidheadh, ba chumhach cásmhar leis an líonradh is an léir- scrios laetheamhail do bhíodh ar uaislibh is ar eaglais Éireann an tráth soin, de thaoibh an chreidimh Chatoilice, agus do luigh chomh trom soin ar a chroidhe uaibhreach árd-aig- eantach gur ghabh go huile is go hiomshlán ag cur i n-aghaidh órduighthe na banríoghna i gcásaibh creidimh, agus go leanadh is go neartuigheadh an creideamh Catoilice i nÉirinn d'aimhdheóin dian-dlighthe na haim- sire sin; agus do fearguigheadh chomh fíor-mhór chucha é nár bhféidir leis fhoidh- neamh áinm Prodastúin do chlos. San mbliadhain d'aois ár sábhála, míle chúig céad agus chúig bliadhna déag ar seascad, iar n-a chlos don bhanríoghain an tIarla do bheith ag seasamh ar son an Chreidimh amhla-san, do smaoin sí créad an modh ar a bhféadfadh a chiorrbhadh nó a cheanna-mhúchadh: agus isé comhairle do cinneadh aici teachta do chur chun Hannraoi Sidney, Sasanach do ba Fó-rí Éireann an tráth soin, an tIarla go n-a dhearbhráthair Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an tráth soin, an tIarla go n-a dhearbháthair Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an tan do-gheóbhadh fá n-a chumas amhla-san iad braighde dhéanamh díobh, agus a gcur gan fuireach i ngéibhinn. Dála Sidney, iar bhfagháil na scéal soin dó cuireas toghairm ar uaislibh Éireann chun éan-láithrigh, agus iar bhfagháil an Iarla is a dhearbhráthar amhla-san dó, teilgeas i bpríosún iad agus coimeád maith ortha, gur chuir go Sacsaibh iad, go rabhadar chúig bhliadhna i dTúr Lonnduine; agus is minic ar feadh na haimsire sin ba mhian leis an mban- ríóghain a mbásughadh, gideadh, do chaomh- ain Dia iad, agus do scaoil as géibheann iad fá dheóidh — amhail tráchtfam i n-ár ndiaidh. Iar mbeidh dhon Iarla is dá dhearbhráthair Seán i ngéibheann amhla-san do chuireadar scéala chun Séamuis mhac Muiris, do luadh- amair roimhe seo, a gcuid is a gceart do chosnamh i nÉirinn; agus do chuireadar fós forghógra chun a mbuidhne is a muinntire féin, umhla do thabhairt do Shéamus agus a
chomhairle do leanamhaint i ngach céim; agus do rineadh amhla-san aca ar gach taobh. Dála Shéamuis, gabhas an cúram soin go hurrúnta úirmhisneach air, agus smaoineas ar chogadh is ar chathughadh chomhchalma do dhéanamh leis an mbanríoghain; agus iarsin curieas teachta gus an Pápa Greagóir, an treas Phápa déag den ainm sin — óir ba mhian leis arm spriodálta do bheith aige, ag túismhiughadh cogaidh ar son creidimh — dá iarraidh air a bheannacht agus logha genereálta do chur chun gach n-aoin do thbharfadh cabhair ná congnamh chun an chog- aidh sin do chosnamh. Do sin an Pápa amhla-san, agus do chuir scéala chun Séam- uis go madh somholta an gníomh do ghaibh sé do láimh. Annsoin iar dtiomargan trom- shlóigh do Shéamus, gabhas ag léirscrios is ag lánloscadh na n-eiriceach go n-a n-áit- reabhaibh, agus nocha ndearnaidh sosa ná síor-chomhnuidhe ar feadh na gcúig mbliadh- an do chosnaimh ag cathughadhi n-a n-aghaidh, acht ag déanamh dearg-áir is dian-ruathair ortha; agus is fír-mhinic do chathuigh féin is Seón Perrot an Ridire Órtha, do ba Phre- siodún Mumhan an tráth soin, le chéíle, go ngabhadh Séamus buadh catha air de ghnáth. Ar n-a chlos don bhanríoghain go ngabhadh Séamus buadh i ngach iorghail, agus go raibh ag dul i dtréine is i dtreise, curieas tairgsiona síthe agus síothchána chuige. Dubhairt Séamus go ndéanfadh sé síothcháin léi ar choinghioll go gcuirfeadh sí a bhráithre saor sábhalta go hÉirinn, agus fós go dtiobhradh sí toil is aonta an Creideamh Catoilice do leanmhain gan toirmeasc ar feadh a fhearann féin is fearann a chomh- bhráithre. Geallas an bhanríoghan an coin- ghioll soin do choimhlíonadh; agus leis sin scaoileas den Iarla is dá dhearbhráthair Seán as géibheann, agus cuireas long cogaidh léi féin leó; gidheadh, tug for- fhógra do chaptaen na luinge céadna, i bpéin umla, gan dul i dtír i n-éan-chuan i nÉirinn acht i gcuan Átha Cliath amháin, mar a gcomhnuigheadh Fó-rí Éireann an tráth soin; agus do chuir sí teachta os íseal chun an Fhó-rí an tan do shroichfeadh an tIarla is a dhearbhráthair Seán é, moill do chongbháil ar an Iarla agus Seán do chur go Deas- mhumhain ag iarraidh Séamus mhac Muiris chun na gcoinghioll remhráidhte do chur i bhfuirm 's i bhfeidhm; agus an tan do- gheóbhadh iad a dtriúr i bhfochair a chéile a gcinn do bhuaint díobh gan fuireach. Iar dteacht go hÁth Cliath dhóibh, labhras an Fó- rí leó amhail do hórduigheadh dhó, agus gluaiseas Seán ar cheann Séamus mhac Muiris, agus anas an tIarla dá éis i n-Áth Cliath. Thárla an tráth soin go raibh uasal dáirithe d'oifigíbh na banríoghna i nÁth Cliath do ba Protastún go foirmimeallach; gidh- eadh, ba Chatoilicidhe i n-a chroidhe é. Leis sin ba thruagh leis an fheill-bheart fheall- tamhail do bhí le himirt ar na huaislibh sin. Uimhe sin, téid gur an Iarla agus nochtar cogar na ceilge dhó. Cuireas an tIarla teachta os íseal chun a chomhbhráithre, dá fhorfhógra dhóíbh gan Deasmhumhain d'fhág- bháil, agus gur gearr go mbeadh féin i n-a bhfochair. Leis sin gluaiseas an tIarla ar éalódh oidhche ó Áth Cliath, agus nocha ndearnaidh sosa ná comhnuidhe go ráinig sé Deasmhumhain. Iar dteacht chun baile don Iarla amhla-san, cruinnighid chuige de gach leith a charaid a chomhfhogus is a chompáin, agus innseas dóibh amhail do mheas an bhan- ríoghan fealladh air féin is ar a chomh- bhráithribh. Annsoin glacaid a h-airm, agus lingid amach fá na críochaibh ba choimhneasa
dhóibh, amhail leoghain do bhisfeadh as líon- taibh na bhfiagaithe, agus gabhaid ag treas- cairt is ag tréan-thuargaint a námhad i ngach aon áit i n-a dtárladar leó. Iar mbeith ar an órdughadh soin dóibh, cuireas an bhanríoghan teacht chun an Iarla ag iarraidh síothchána dá bhliadhan air; go dtug an tIarla soin dí ar choinghioll ná cuirfidhe buairt ná buaireamh, de thaoibh bheith 'n-a Chatoilicidhe, ar aon duine dá raibh ar an dtaobh istigh de theórannaibh an Iarla, agus fós ná gairmfidhe é féin ná aon duine eile da charaid ná dá chomhfhogus do láthair an Fhó-ríogh; agus do rineadar an tsíoth- cháin ar an gcoinghioll soin. Iar mbeith dhóibh go sidheach síothchánta amhla-san, iarras Séamus mhac Muiris ar an Iarla roinn éigin talmhan do thabhairt dó féin chun céime a onóra do chothughadh; gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla é ar fhuir- eálamh na Cuntaoise — do b'í seo Eilionóir Builtéar — óir dubhairt sí ná raibh sé oir- eamhnach ná onóireach aige ronna dhéanamh dá bheatha, agus gan a fágbháil go huile is go hiomshlán fá chomhair a mhic, .i. Séamus mhac Gearóid, cé ná raibh acht 'n-a leanbh an tráth soin; agus do rineadh amhla-san leis an Iarla — ní déarfadh cia aca le humhla dá mhnaoi nó le dearmad i maith- ghníomhaibh is i móir-éachtaibh an uasail eile — ar shon roimhe sin, do rin é. Cé gur dhiúltaigh an tIarla Séamus, amhail adubh- ramair, níor dhiúltuigh Séamus an t-Iarla; óir do chuaidh don Róimh ar a fhuireálamh, ag iarraidh beannachta is congnamh an Phápa; agus le himtheacht san eachtra soin dó, do rug a dhias mhac féin leis, .i. Muiris agus Gearóid, mar nach rabhadar infeadhma chun a bhfágtha tar a éis, d'eagla go dtuigfidís i lámhaibh a namhaid, agus fós dá tuiteadh féin san gcogadh soin go mbeadh tnúith aige go dtiocfaidís lá éigin ag déanamh díoghaltais i n-éiric a bháis. Iar ndul ar muir do Shéamus, nocha ndearnaidh comhnuidhe go ndeachaidh go cúirt na Frainnce, agá iarraidh ar an gceathramhadh Hannraoi, Rí na Frainnce an tráth soin, congnamh do chur leis i n-aghaidh eiriceach, chun an Chreidimh Chatoilice do aithbheódhadh i nÉirinn; gidheadh, do dhiúltuigh an rí é. Téid as soin don Spáinn, agus agallas an dara Pilib, Rí na Spáinne, amhail a dubhramair do rin Rí na Frainnce roimhe sin, go ndubhairt an rí leis go raibh síth is caradra idir é féin agus cúirt na Sacsan; gidheadh, go scríbhfeadh leis don Róimh dá iarraidh ar an bPápa congnamh leó chun an Chreidimh Chatoilice do chaomh- nadh agus do chosnamh i nÉirinn. An tan do chonnairc an rí chlódh agus aighthe uaisle arrdhachta na díse macaomh- san ba chlann do Shéamus do ghaibh greann is gean dóibh é, ionnus go ndubhairt le Cairdional Granvet, do bhí i gcúirt na Spáinne an tráth soin, a dtabhairt suas bhfoghluim is i bhfíor-léigheann is i ngach ealadhain uasail onóraigh eile dá raibh le fagháil i gcúirt na Spáínne. Do éag an mac ba shine dhíobh so san Spainn dá éis sin, .i. Muiris; agus do báthadh an mac eile .i. Gearóid ag teacht ón Spáinn san mbliadhain 1588. Gabhas Séamus a chead ag an rígh, agus triallas go réim-dhíreach don Róimh. Iar ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Phápa dhó, tugas leitir ríogh na Spáinne dhó. Glacas an Pápa go ceanamhail cúirtéis- each é, agus geallas cabhair is congnamh dó; agus leis sin tug suim mhór airgid dó, a bheannacht, agus leitir apstaldha chun uaisle is eagluise Éireann, agus do chuir dhá mhíle fear i n-arm 's i n-oireamhain chun
teachta leis. Do b'eaglach le Séamus a fhaid do bhí sé ag fanamhain, d'eagla comh- bhuairimh ar bith do bheith ar a chomh-bhráithribh dá éis. Leis sin gluaiseas, is nocha ndear- naidh sosa go dtáinig go hÉirinn. Iar mbeith ag fágbháil na Rómha, so rin ceann feadhna ar an dá mhíle fear-san tug an Pápa dhó, de dhuine uasal dáirithe do chuaidh leis san eachtra soin, dar bh'ainm Tomás Stuckley, Sacsanach do b'ionmhuin ag Séamus. Dála Stuckley agus a dhá mhíle fear iar mbeith gach nídh i n-órdughadh is i n-oir- eamhain aca, téid ar bórd a luingeas, agus seólaidh go réim-dhíreach gur ghabh- adar cuan sa Phoirtinéil ag Liosbón. Tárla trá, san am gcéadna, go raibh Sebastianus, Rí na Poirtinéile, ag triall le cabhlach mór don Aifric chun catha thabh- airt don Rígh Abdelmelec, agus tug tairgsiona iomdha agus duaise dian-mhóra do Stuckley is dá dhá mhíle fear acht dul leis san eachtra-san; agus fós, geallas dóibh go gcuirfeadh cabhair is congnamh leó go hÉirinn iar dteacht tar ais dóibh. Aontuigheas Stuckley chun na comhairle sin, agus iar dteacht maraon leis an rígh don Aifric dóibh do fearadh an cath go créachtach chró-linnteach ann, mar ar thuit Sebastianus, agus Stuckley go n-urmhór a dhá mhíle fear. Do b'iongnadh fíor-mhór le Séamus mhac Muiris, iar teacht go hÉirinndó, créad an mhoill do bhuain do Stuckley, óir ba neimhfheasach é ar an gcinneamhain d'éirigh dhó. (ní críoch.) [Is dual ár mbuidheachus do Chathal Ó Fearghail ó Nuadh-Eabhrac a chuir chughainn an aiste seo na nGearaltach, a scríbh sé féin i mbliadhain a 1894, as leabhar a scríbh Seán Ó Dála i mblidhain a 1827. As an leabhar so an Chanónaigh Ó Murchadha atá againn — is a scríb Seán Ó Murchadha (1761) — do tharraing Ó Dála an scéal. Táimid ag cur leabhar Cathail Uí Fhearghail i gcomheas leis an sean-leabhar, acht is beag nach mar a chéile iad.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services