Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. IV.

Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. IV.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn.



[ar leanamhaint.]



Tirallas Iarla Deasmhumhan dá éis sin
go Déiseachaibh ag tógbháil chreach, gur chuir
Tighearna na nDéiseach teachta chun Iarla
Urmhumhan teacht do chongnamh leis i
n-aghaidh Iarla Deasmhumhan. Táinig Iarla
Urmhumhan iarsin, go sluagh sár-mhór leis,
go dtárladar féin agus Iarla Deasmhumhan
dá chéíle ag Áth Meadháin. An tan chonnc-
adar taoisigh Gearaltach iomarca na sluagh
dhá n-ionnsaighe, óir ní rabhadar féin acht
beagán buidhne, adubhradar leis an iarla
tilleadh tar ais, agus ná rabhadar féin
ion-comhlainn leis an iliomad sluagh soin
do bhí i n-a n-aghaidh. Gidheadh, adubhairt
an t-iarla go mba rogha leis tuitim san
iorghail 'ná a dhrom d'iompódh le hIarla
Urmhumhan; agus, leis sin, lingeas i n-aghaidh
a námhad; leanaid a bhuidhean féin é.
Gidheadh, do gearradh is do ghrod-bhuaileadh
ar gach taobh iad, ionnus gur marbhadh —
beagnách go duine — le hiomarca anfhor-
lann iad. An tan chonnairc Iarla Deas-
mhumhan a bhuidhean féin ag tuitim amhla-
san, lingeas i dtiugh-mharcshluagh Buitléar-
ach, gur telgeadh dá chapall san ruathar
soin é le hÉamonn Buitléar an Ridire
Órdha, agus go ndearnadh bragha amhla-san
dé. Do rugadh as soin go Cluain Meala
é, agus, iar slánughadh a mhor-chréacht, do
cuireadh go Sacsaibh é, go raibh ar feadh
seacht mbliadhan i mbraighdeanus i dTúr
Lunndain.



Dála Thomáis Ruaidh, mac Shéamuis,
an dearbhráthair ba shine 'ná Gearóid, do
luadhamair roimhe seo, .i. mac inghine an
Tigearna Róistigh, gabhas seilbh na hiar-


L. 388


lachta; óir do diúltuigheadh roimhe sin é i
n-aimsir Ghearóid, i dtaobh phósadh aindligh-
theach a mháthar, amhail adubhramair; agus
do thuig go madh coiscéim chun céime dhó
féin turrainn a dhearbhráthar, agus fós mar
do coimeádadh an dias dearbhráthar eile,
.i. Seán agus Séamus le hIArla Urmhumhan
is le mórán eile de shearbhóntaibh na ban-
ríoghna i nÉirinn ó n-a gceart do thógaradh.
Gidheadh, gabhas Séamus mhac Muiris ag
cur i n-aghaidh Thomáis Ruaidh go tréan-
chalma, agus ag seasamh is ag síor-chosnamh
chirt Ghearóid. Ba chródha is ba chath-bhuadhach
an curadh is an caithmhíleadh an Séamus so.
Do b'é (an) dara mac Mhuriis, mhac Muiris,
mhac Seáin é. Do b'é an Seán so dear-
bhráthair Thomáis Mhaoil an Chunncuis. do
ba clann don Tomás so díthcheannadh ag
Droichead Átha, Seán agus Tomás Maol.
An chéad Mhuiris do luadhamair thuas, is
leis do fealladh ar Sheámus mhac Muiris,
.i. oighre ceart Thomáis Mhaoil agus na
hiarlachta, iar dteacht ó Shacsaibh dó; agus
do marbhadh é féin dá éis sin le Tighearna
Muscraighe, amhail adubhramair.



Is cródha 's is cathbhuadhach do chosnaimh is
chaomhain an Séamus so a cheart do Ghear-
óid ar feadh a ghéibhinn i n-aghaidh Thomáis
Ruaidh is ar ghabh leis; ionnus, ar chlos an
chomhbhuairimh do rinneadar na Gearaltaigh
i nÉirinn don bhanríoghain, gur cinneadh aici
scaoile de Ghearóid agus a chur go
hÉirinn. Iar dteacht go hÉirinn dó, gabhas
seilbh sítheóilte na hiarlachta; gidheadh, ba
chumhach cásmhar leis an líonradh is an léir-
scrios laetheamhail do bhíodh ar uaislibh is
ar eaglais Éireann an tráth soin, de thaoibh
an chreidimh Chatoilice, agus do luigh chomh
trom soin ar a chroidhe uaibhreach árd-aig-
eantach gur ghabh go huile is go hiomshlán
ag cur i n-aghaidh órduighthe na banríoghna i
gcásaibh creidimh, agus go leanadh is go
neartuigheadh an creideamh Catoilice i
nÉirinn d'aimhdheóin dian-dlighthe na haim-
sire sin; agus do fearguigheadh chomh
fíor-mhór chucha é nár bhféidir leis fhoidh-
neamh áinm Prodastúin do chlos.



San mbliadhain d'aois ár sábhála, míle
chúig céad agus chúig bliadhna déag ar
seascad, iar n-a chlos don bhanríoghain an
tIarla do bheith ag seasamh ar son an
Chreidimh amhla-san, do smaoin sí créad an
modh ar a bhféadfadh a chiorrbhadh nó a
cheanna-mhúchadh: agus isé comhairle do
cinneadh aici teachta do chur chun Hannraoi
Sidney, Sasanach do ba Fó-rí Éireann an
tráth soin, an tIarla go n-a dhearbhráthair
Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an
tráth soin, an tIarla go n-a dhearbháthair
Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an
tan do-gheóbhadh fá n-a chumas amhla-san
iad braighde dhéanamh díobh, agus a gcur
gan fuireach i ngéibhinn. Dála Sidney, iar
bhfagháil na scéal soin dó cuireas toghairm
ar uaislibh Éireann chun éan-láithrigh, agus
iar bhfagháil an Iarla is a dhearbhráthar
amhla-san dó, teilgeas i bpríosún iad
agus coimeád maith ortha, gur chuir go
Sacsaibh iad, go rabhadar chúig bhliadhna i
dTúr Lonnduine; agus is minic ar feadh
na haimsire sin ba mhian leis an mban-
ríóghain a mbásughadh, gideadh, do chaomh-
ain Dia iad, agus do scaoil as géibheann
iad fá dheóidh — amhail tráchtfam i n-ár
ndiaidh.



Iar mbeidh dhon Iarla is dá dhearbhráthair
Seán i ngéibheann amhla-san do chuireadar
scéala chun Séamuis mhac Muiris, do luadh-
amair roimhe seo, a gcuid is a gceart do
chosnamh i nÉirinn; agus do chuireadar fós
forghógra chun a mbuidhne is a muinntire
féin, umhla do thabhairt do Shéamus agus a


L. 389


chomhairle do leanamhaint i ngach céim;
agus do rineadh amhla-san aca ar gach
taobh.



Dála Shéamuis, gabhas an cúram soin go
hurrúnta úirmhisneach air, agus smaoineas
ar chogadh is ar chathughadh chomhchalma do
dhéanamh leis an mbanríoghain; agus iarsin
curieas teachta gus an Pápa Greagóir, an
treas Phápa déag den ainm sin — óir ba
mhian leis arm spriodálta do bheith aige,
ag túismhiughadh cogaidh ar son creidimh —
dá iarraidh air a bheannacht agus logha
genereálta do chur chun gach n-aoin do
thbharfadh cabhair ná congnamh chun an chog-
aidh sin do chosnamh. Do sin an Pápa
amhla-san, agus do chuir scéala chun Séam-
uis go madh somholta an gníomh do ghaibh sé
do láimh. Annsoin iar dtiomargan trom-
shlóigh do Shéamus, gabhas ag léirscrios is
ag lánloscadh na n-eiriceach go n-a n-áit-
reabhaibh, agus nocha ndearnaidh sosa ná
síor-chomhnuidhe ar feadh na gcúig mbliadh-
an do chosnaimh ag cathughadhi n-a n-aghaidh,
acht ag déanamh dearg-áir is dian-ruathair
ortha; agus is fír-mhinic do chathuigh féin is
Seón Perrot an Ridire Órtha, do ba Phre-
siodún Mumhan an tráth soin, le chéíle, go
ngabhadh Séamus buadh catha air de ghnáth.



Ar n-a chlos don bhanríoghain go ngabhadh
Séamus buadh i ngach iorghail, agus go raibh
ag dul i dtréine is i dtreise, curieas
tairgsiona síthe agus síothchána chuige.
Dubhairt Séamus go ndéanfadh sé síothcháin
léi ar choinghioll go gcuirfeadh sí a bhráithre
saor sábhalta go hÉirinn, agus fós go
dtiobhradh sí toil is aonta an Creideamh
Catoilice do leanmhain gan toirmeasc ar
feadh a fhearann féin is fearann a chomh-
bhráithre. Geallas an bhanríoghan an coin-
ghioll soin do choimhlíonadh; agus leis sin
scaoileas den Iarla is dá dhearbhráthair
Seán as géibheann, agus cuireas long
cogaidh léi féin leó; gidheadh, tug for-
fhógra do chaptaen na luinge céadna, i
bpéin umla, gan dul i dtír i n-éan-chuan i
nÉirinn acht i gcuan Átha Cliath amháin, mar
a gcomhnuigheadh Fó-rí Éireann an tráth
soin; agus do chuir sí teachta os íseal chun
an Fhó-rí an tan do shroichfeadh an tIarla is
a dhearbhráthair Seán é, moill do chongbháil
ar an Iarla agus Seán do chur go Deas-
mhumhain ag iarraidh Séamus mhac Muiris
chun na gcoinghioll remhráidhte do chur i
bhfuirm 's i bhfeidhm; agus an tan do-
gheóbhadh iad a dtriúr i bhfochair a chéile a
gcinn do bhuaint díobh gan fuireach. Iar
dteacht go hÁth Cliath dhóibh, labhras an Fó-
rí leó amhail do hórduigheadh dhó, agus
gluaiseas Seán ar cheann Séamus mhac
Muiris, agus anas an tIarla dá éis i n-Áth
Cliath.



Thárla an tráth soin go raibh uasal
dáirithe d'oifigíbh na banríoghna i nÁth Cliath
do ba Protastún go foirmimeallach; gidh-
eadh, ba Chatoilicidhe i n-a chroidhe é. Leis
sin ba thruagh leis an fheill-bheart fheall-
tamhail do bhí le himirt ar na huaislibh sin.
Uimhe sin, téid gur an Iarla agus nochtar
cogar na ceilge dhó. Cuireas an tIarla
teachta os íseal chun a chomhbhráithre, dá
fhorfhógra dhóíbh gan Deasmhumhain d'fhág-
bháil, agus gur gearr go mbeadh féin i n-a
bhfochair. Leis sin gluaiseas an tIarla ar
éalódh oidhche ó Áth Cliath, agus nocha
ndearnaidh sosa ná comhnuidhe go ráinig sé
Deasmhumhain. Iar dteacht chun baile don
Iarla amhla-san, cruinnighid chuige de gach
leith a charaid a chomhfhogus is a chompáin,
agus innseas dóibh amhail do mheas an bhan-
ríoghan fealladh air féin is ar a chomh-
bhráithribh. Annsoin glacaid a h-airm, agus
lingid amach fá na críochaibh ba choimhneasa


L. 390


dhóibh, amhail leoghain do bhisfeadh as líon-
taibh na bhfiagaithe, agus gabhaid ag treas-
cairt is ag tréan-thuargaint a námhad i
ngach aon áit i n-a dtárladar leó. Iar
mbeith ar an órdughadh soin dóibh, cuireas
an bhanríoghan teacht chun an Iarla ag
iarraidh síothchána dá bhliadhan air; go dtug
an tIarla soin dí ar choinghioll ná cuirfidhe
buairt ná buaireamh, de thaoibh bheith 'n-a
Chatoilicidhe, ar aon duine dá raibh ar an
dtaobh istigh de theórannaibh an Iarla, agus
fós ná gairmfidhe é féin ná aon duine
eile da charaid ná dá chomhfhogus do láthair
an Fhó-ríogh; agus do rineadar an tsíoth-
cháin ar an gcoinghioll soin.



Iar mbeith dhóibh go sidheach síothchánta
amhla-san, iarras Séamus mhac Muiris ar
an Iarla roinn éigin talmhan do thabhairt
dó féin chun céime a onóra do chothughadh;
gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla é ar fhuir-
eálamh na Cuntaoise — do b'í seo Eilionóir
Builtéar — óir dubhairt sí ná raibh sé oir-
eamhnach ná onóireach aige ronna dhéanamh
dá bheatha, agus gan a fágbháil go huile is
go hiomshlán fá chomhair a mhic, .i. Séamus
mhac Gearóid, cé ná raibh acht 'n-a leanbh
an tráth soin; agus do rineadh amhla-san
leis an Iarla — ní déarfadh cia aca le
humhla dá mhnaoi nó le dearmad i maith-
ghníomhaibh is i móir-éachtaibh an uasail eile
— ar shon roimhe sin, do rin é. Cé gur
dhiúltaigh an tIarla Séamus, amhail adubh-
ramair, níor dhiúltuigh Séamus an t-Iarla;
óir do chuaidh don Róimh ar a fhuireálamh,
ag iarraidh beannachta is congnamh an
Phápa; agus le himtheacht san eachtra soin
dó, do rug a dhias mhac féin leis, .i.
Muiris agus Gearóid, mar nach rabhadar
infeadhma chun a bhfágtha tar a éis, d'eagla
go dtuigfidís i lámhaibh a namhaid, agus
fós dá tuiteadh féin san gcogadh soin go
mbeadh tnúith aige go dtiocfaidís lá éigin
ag déanamh díoghaltais i n-éiric a bháis.



Iar ndul ar muir do Shéamus, nocha
ndearnaidh comhnuidhe go ndeachaidh go
cúirt na Frainnce, agá iarraidh ar an
gceathramhadh Hannraoi, Rí na Frainnce an
tráth soin, congnamh do chur leis i n-aghaidh
eiriceach, chun an Chreidimh Chatoilice do
aithbheódhadh i nÉirinn; gidheadh, do dhiúltuigh
an rí é. Téid as soin don Spáinn, agus
agallas an dara Pilib, Rí na Spáinne,
amhail a dubhramair do rin Rí na Frainnce
roimhe sin, go ndubhairt an rí leis go raibh
síth is caradra idir é féin agus cúirt na
Sacsan; gidheadh, go scríbhfeadh leis don
Róimh dá iarraidh ar an bPápa congnamh
leó chun an Chreidimh Chatoilice do chaomh-
nadh agus do chosnamh i nÉirinn.



An tan do chonnairc an rí chlódh agus
aighthe uaisle arrdhachta na díse macaomh-
san ba chlann do Shéamus do ghaibh greann
is gean dóibh é, ionnus go ndubhairt le
Cairdional Granvet, do bhí i gcúirt na
Spáinne an tráth soin, a dtabhairt suas
bhfoghluim is i bhfíor-léigheann is i ngach
ealadhain uasail onóraigh eile dá raibh le
fagháil i gcúirt na Spáínne. Do éag an
mac ba shine dhíobh so san Spainn dá éis
sin, .i. Muiris; agus do báthadh an mac
eile .i. Gearóid ag teacht ón Spáinn san
mbliadhain 1588.



Gabhas Séamus a chead ag an rígh, agus
triallas go réim-dhíreach don Róimh. Iar
ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Phápa
dhó, tugas leitir ríogh na Spáinne dhó.
Glacas an Pápa go ceanamhail cúirtéis-
each é, agus geallas cabhair is congnamh
dó; agus leis sin tug suim mhór airgid
dó, a bheannacht, agus leitir apstaldha chun
uaisle is eagluise Éireann, agus do chuir
dhá mhíle fear i n-arm 's i n-oireamhain chun


L. 391


teachta leis. Do b'eaglach le Séamus a
fhaid do bhí sé ag fanamhain, d'eagla comh-
bhuairimh ar bith do bheith ar a chomh-bhráithribh
dá éis. Leis sin gluaiseas, is nocha ndear-
naidh sosa go dtáinig go hÉirinn. Iar
mbeith ag fágbháil na Rómha, so rin ceann
feadhna ar an dá mhíle fear-san tug an
Pápa dhó, de dhuine uasal dáirithe do
chuaidh leis san eachtra soin, dar bh'ainm
Tomás Stuckley, Sacsanach do b'ionmhuin
ag Séamus.



Dála Stuckley agus a dhá mhíle fear
iar mbeith gach nídh i n-órdughadh is i n-oir-
eamhain aca, téid ar bórd a luingeas,
agus seólaidh go réim-dhíreach gur ghabh-
adar cuan sa Phoirtinéil ag Liosbón.
Tárla trá, san am gcéadna, go raibh
Sebastianus, Rí na Poirtinéile, ag triall
le cabhlach mór don Aifric chun catha thabh-
airt don Rígh Abdelmelec, agus tug
tairgsiona iomdha agus duaise dian-mhóra
do Stuckley is dá dhá mhíle fear acht dul
leis san eachtra-san; agus fós, geallas
dóibh go gcuirfeadh cabhair is congnamh leó
go hÉirinn iar dteacht tar ais dóibh.
Aontuigheas Stuckley chun na comhairle
sin, agus iar dteacht maraon leis an rígh
don Aifric dóibh do fearadh an cath go
créachtach chró-linnteach ann, mar ar thuit
Sebastianus, agus Stuckley go n-urmhór
a dhá mhíle fear. Do b'iongnadh fíor-mhór
le Séamus mhac Muiris, iar teacht go
hÉirinndó, créad an mhoill do bhuain do
Stuckley, óir ba neimhfheasach é ar an
gcinneamhain d'éirigh dhó.



(ní críoch.)



[Is dual ár mbuidheachus do Chathal Ó Fearghail ó
Nuadh-Eabhrac a chuir chughainn an aiste seo na
nGearaltach, a scríbh sé féin i mbliadhain a 1894, as
leabhar a scríbh Seán Ó Dála i mblidhain a 1827.
As an leabhar so an Chanónaigh Ó Murchadha atá
againn — is a scríb Seán Ó Murchadha (1761) — do
tharraing Ó Dála an scéal. Táimid ag cur leabhar
Cathail Uí Fhearghail i gcomheas leis an sean-leabhar,
acht is beag nach mar a chéile iad.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services