Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. V.
Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. V.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brisleach Mór Mhaighe Mhuirtheimhne (ar leanamhaint) Iomthusa Laoigh, gé do bhí ag déanamh céiliobhradh, dob'imleasg leis imtheacht, agus do bhí ag feithiomh cá fobhart do bhéaradh Cú Chulainn ar fhearaibh Éireann agus cá bás do bhéaradaois fir Éireann air-sion. Is ann sin táinig Cú Chulainn go cródha corp-láidir coilg-leadarthach cleas-lúth- mharfo fhearaibh Éireann, agus do chuaidh ar dtús fá'n ngiollanradh gur thuit giolla agus leath giollaidhe bhfear nÉireann leis i ndíoghail a ghiolla féin, agus táinig roimhe iar sin go fhearaibh Éireann go racht- mhar ruathar-bhorb réim-dhioghain agus níor ghabh cnámh na caith-éidigh ris ré treise a urlaighe agus le buirbe a bhéimeann go nár an uathadh na sochaidhe aca ris agus do thriall go saothrach siubhal-ghrod soibh-im- theachtach agus do ghabh rómpa agus na ndiaidh agus do gach taoibh dhíobh ag a mudh- adh agus ag a marbhadh agus a mío-chor- ughadh go dtoircair fear agus leath bhfear nÉireann leis i ndíoghail a chreadh agus a chréacht féin, agus ní raibh aonduine do'n leath oile gan easbaidh coise nó láimhe nó leith-chinn nó bioth-ainimh éigin air go críoch
a bheatha, agus fós do mharbh each agus leath each bhfear nÉireann i ndíoghail a eachraidh féin. An tan do chonnairc a bhíodhbhadh bunadh agus neamh-chara naimhdeamhail neamh-charr- thanach, .i. Méádhbh, inghean Eochaidh Feidhligh, na hára agus na heasbadha agus na héachta aidhbhle uathfásacha tug Cú Chulainn ar fhearaibh Éireann agus gan meisneach cathuighthe ag neach díobh uile ris, do labhair do ghuith árdfhollus ghlan agus d'fhiafraigh: "Cá háit i bhfuil Lughaidh mac Conraoi?" "Atáim annso," ar Lughaidh. "Do gheallais damh go dtuiteadh Cú Chulainn leat do'n tsleigh nimhe tugas duit." "Má do gheallas is cóir a chomholl,"ar Lughaidh go laoch-dána, agus táinig leis an ngreasacht sin Méidhbhe agus do ghabh an chraoiseach cinn-ghéar chró-fhairsing catha agus tug urchar cródha croidheamhail céim- neartmhar cóimh-dhíreach do'n rígh-mhílidh go dtárla an gá go seimhne is an Dubhfhaoil- eann idir a fórdronn agus a himlinn i gCon Chulainn go rug an tsleagh a hurr- ainn féin tríd do'n chur soin, agus do ghear Cú Chulainn an tsleagh comh árd agus a himlinn agus do sguir an Dubhfhaoileann agus do chuir feadhm an charbaid ar an Liath Macha agus do ling an Dubhfhaoileann gan riaghlughadh ar fhiarlaoid an chatha agus an tsleagh tríthe. Agus táinig Cú Chulainn amach as an gcarbad agus do chuaidh ar an Liath Macha agus téid fo fhearaibh Éireann gur dhiansgaoileadar roimhe agus do mhéabhadar soir agus siar ba dheas agus ba thuaidh gur mheadaigh na hára agus gur díthigh na deagh-dhaoine agus gur básaigh na brodbhuidhnibh ionnus nár lámhaigh neach d'fhearaibh Éireann teacht i n-inead buille ná iomghona ná urchair do, acht do chuadar fa choilaltibh agus fa fáin-ghleanntaibh na maighe móire agus do thuiteadar inighe Con Culainn re na chosaibh agus do thúir- ling do'n Liath Macha agus tig brainfhiach béal-chíocrach ar na hinighibh gur dtárla lúb do na caolánaibh fa chosaibh an fheich go dtála leagadh dó agus do mhuigh an ghean- gháire ar Choin Chulainn agus tángadar néallaibh an éaga dá ionnsaighe agus do chuaidh chum an locháin fa coimhneasa dó agus do ghabh ag nighe a chreacht agus ag fothrughadh a chuirp seaghain sneachtaighe agus gan méad n-órdla de gan cneadh cuas-dhomhain craos-fhosgailte air gurab lochán an Tánaighthe goirtear dé ó shin ale. An tan do chonnairc Laogh an mhaigh ar n-a folamhughadh agus an slaod marbhtha agus a mbeo ar ngabháil raon madhma chuca agus Cú Chulainn ag a fhothrughadh féin agus ag leigean uisge i n-a chneadh- aibh doimhne dói-leighis, táinig dá ionn- saighe, agus, mar do chonnairc Cú Chulainn chuige é, do ghabh luthgháir mhór roimhe é, agus do ghabh Laogh ag córughadh a chneadh agus a chreacht agus iad ag im-théilgean fola agus linnte flann-ruaidh ar feadh an locháin líon-fhuaire. Táinig dobhar-chú ag ól na fola agus an tan do chonnairc Cú Chulainn crú a chuirp ag an gcoin ag a caitheamh gabhas cloch as imioll an chlocháin agus tug rogha urchair co'n choin gur fágaibh marbh gan anmain í. "Beir buaidh agus beannacht!" ar Laogh. "M'anam! ní thugais riamh urchar is fearr 'ná an t-urchar sin, agus ní tháinig do shaoghal fhós, agus dioghail tú féin ar fhear- aibh Éireann." "Truaigh sin, a Laoigh," ar Cú Chulainn, "ní mhuirbhfead-sa de na ainmidhe da éis súd go bráth, óír is cú an chéad éacht do rinneas riamh, agus do tairingireadh dhamh go mbudh cú an t-éácht deidheanach do dhéanfainn," agus adubhairt; "Laogh, beir me d'ionnsaighe na cairrge cloiche úd thall gurab ann do ghéabhadh bás agus deisigh cruaidin cadad-cheann .i. mó chlaidheamh im' lámh agu scuir mo sgiath agus mo chraois- each im'fhogas, agus fead do chífid fir Éireann amhla sin mé ní leigfidh an eagla dóibh teacht dom' dhith-cheannadh nó go mbeiridh Conall Cearnach orra." Dho rinne Laogh amhla sin, agus Carraig an Chompair a hainm ó sin alé; agus do leig Cú Chulainn a ucht uirre agus tug a lámh ar a chroidhe agus adubhairt: "Do bheirim mo bhriathar nach feadar nach croidhe cloiche nó iarainn nó cnámha do bhí im'chliabh gus i ndiu agus dá bhfionn- ainn gurab chroidhe fola ná feola do bhí ionnam nach iongnainn leath a ndearna go ghaisge ná do ghníomhartha riamh." Is ann sin do chóirigh Laogh é agus tug a aghaidh ar fhearaibh Éireann agus do chuir a sgiath agus a chroiseach ré a ghualainn agus tug a chlaidheamh i n-a láimh agus d'iadh-san a dhorn go coimhneartmhar fa'n gcolg, agus do dhealuigh an anam re a chorp aige an tan sin agus a chúl ris a gcarr- aig agus a aghaidh ar fhearaibh Éireann. Do thuit ann sin aon-lamh oinigh agus éan-ghnamha agus aoin-cheann goile agus gaisge cosnamh agus crodhachta na hÉir- eann agus iarthair an domhain i n-a chomh- aimsear, .i. Cú Chulainn caomh-álainn coin- ghleacach. Agus tainig Laogh roimhe iar sin agus do chonnairc an Dubhfhaoileann ag eirghe as a néall anbhfainne agus táinig da hionnsaighe agus do bhean an tsleagh nimhe asti agus do bhádar deóra dio-mhóra donn-fhola ag sileadh tar a gruadhaibh agus do chuaidh Laogh uirri agus táinig as an ár-mhach amach go chumhthach cneasaighthe tar éis a thighearna, agus rangadar tar Sliabh Fuaid d'ionnsaighe na hEamhna. Finis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services