Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. V.

Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. V.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Brisleach Mór Mhaighe
Mhuirtheimhne



(ar leanamhaint)



Iomthusa Laoigh, gé do bhí ag déanamh
céiliobhradh, dob'imleasg leis imtheacht,
agus do bhí ag feithiomh cá fobhart do
bhéaradh Cú Chulainn ar fhearaibh Éireann
agus cá bás do bhéaradaois fir Éireann
air-sion.



Is ann sin táinig Cú Chulainn go cródha
corp-láidir coilg-leadarthach cleas-lúth-
mharfo fhearaibh Éireann, agus do chuaidh
ar dtús fá'n ngiollanradh gur thuit giolla
agus leath giollaidhe bhfear nÉireann leis
i ndíoghail a ghiolla féin, agus táinig
roimhe iar sin go fhearaibh Éireann go racht-
mhar ruathar-bhorb réim-dhioghain agus níor
ghabh cnámh na caith-éidigh ris ré treise a
urlaighe agus le buirbe a bhéimeann go
nár an uathadh na sochaidhe aca ris agus do
thriall go saothrach siubhal-ghrod soibh-im-
theachtach agus do ghabh rómpa agus na
ndiaidh agus do gach taoibh dhíobh ag a mudh-
adh agus ag a marbhadh agus a mío-chor-
ughadh go dtoircair fear agus leath bhfear
nÉireann leis i ndíoghail a chreadh agus a
chréacht féin, agus ní raibh aonduine do'n
leath oile gan easbaidh coise nó láimhe nó
leith-chinn nó bioth-ainimh éigin air go críoch


L. 382


a bheatha, agus fós do mharbh each agus leath
each bhfear nÉireann i ndíoghail a eachraidh
féin.



An tan do chonnairc a bhíodhbhadh bunadh
agus neamh-chara naimhdeamhail neamh-charr-
thanach, .i. Méádhbh, inghean Eochaidh Feidhligh,
na hára agus na heasbadha agus na
héachta aidhbhle uathfásacha tug Cú Chulainn
ar fhearaibh Éireann agus gan meisneach
cathuighthe ag neach díobh uile ris, do labhair
do ghuith árdfhollus ghlan agus d'fhiafraigh:



"Cá háit i bhfuil Lughaidh mac Conraoi?"



"Atáim annso," ar Lughaidh.



"Do gheallais damh go dtuiteadh Cú
Chulainn leat do'n tsleigh nimhe tugas
duit."



"Má do gheallas is cóir a chomholl,"ar
Lughaidh go laoch-dána, agus táinig leis an
ngreasacht sin Méidhbhe agus do ghabh an
chraoiseach cinn-ghéar chró-fhairsing catha
agus tug urchar cródha croidheamhail céim-
neartmhar cóimh-dhíreach do'n rígh-mhílidh go
dtárla an gá go seimhne is an Dubhfhaoil-
eann idir a fórdronn agus a himlinn i
gCon Chulainn go rug an tsleagh a hurr-
ainn féin tríd do'n chur soin, agus do
ghear Cú Chulainn an tsleagh comh árd agus
a himlinn agus do sguir an Dubhfhaoileann
agus do chuir feadhm an charbaid ar an
Liath Macha agus do ling an Dubhfhaoileann
gan riaghlughadh ar fhiarlaoid an chatha agus
an tsleagh tríthe. Agus táinig Cú Chulainn
amach as an gcarbad agus do chuaidh ar an
Liath Macha agus téid fo fhearaibh Éireann
gur dhiansgaoileadar roimhe agus do
mhéabhadar soir agus siar ba dheas agus ba
thuaidh gur mheadaigh na hára agus gur
díthigh na deagh-dhaoine agus gur básaigh na
brodbhuidhnibh ionnus nár lámhaigh neach
d'fhearaibh Éireann teacht i n-inead buille
ná iomghona ná urchair do, acht do chuadar
fa choilaltibh agus fa fáin-ghleanntaibh na
maighe móire agus do thuiteadar inighe
Con Culainn re na chosaibh agus do thúir-
ling do'n Liath Macha agus tig brainfhiach
béal-chíocrach ar na hinighibh gur dtárla
lúb do na caolánaibh fa chosaibh an fheich go
dtála leagadh dó agus do mhuigh an ghean-
gháire ar Choin Chulainn agus tángadar
néallaibh an éaga dá ionnsaighe agus do
chuaidh chum an locháin fa coimhneasa dó
agus do ghabh ag nighe a chreacht agus ag
fothrughadh a chuirp seaghain sneachtaighe
agus gan méad n-órdla de gan cneadh
cuas-dhomhain craos-fhosgailte air gurab
lochán an Tánaighthe goirtear dé ó shin ale.



An tan do chonnairc Laogh an mhaigh ar
n-a folamhughadh agus an slaod marbhtha
agus a mbeo ar ngabháil raon madhma
chuca agus Cú Chulainn ag a fhothrughadh
féin agus ag leigean uisge i n-a chneadh-
aibh doimhne dói-leighis, táinig dá ionn-
saighe, agus, mar do chonnairc Cú Chulainn
chuige é, do ghabh luthgháir mhór roimhe é,
agus do ghabh Laogh ag córughadh a chneadh
agus a chreacht agus iad ag im-théilgean
fola agus linnte flann-ruaidh ar feadh an
locháin líon-fhuaire.



Táinig dobhar-chú ag ól na fola agus an
tan do chonnairc Cú Chulainn crú a chuirp
ag an gcoin ag a caitheamh gabhas cloch as
imioll an chlocháin agus tug rogha urchair
co'n choin gur fágaibh marbh gan anmain í.



"Beir buaidh agus beannacht!" ar Laogh.
"M'anam! ní thugais riamh urchar is fearr
'ná an t-urchar sin, agus ní tháinig do
shaoghal fhós, agus dioghail tú féin ar fhear-
aibh Éireann."



"Truaigh sin, a Laoigh," ar Cú Chulainn,
"ní mhuirbhfead-sa de na ainmidhe da éis
súd go bráth, óír is cú an chéad éacht do
rinneas riamh, agus do tairingireadh dhamh
go mbudh cú an t-éácht deidheanach do
dhéanfainn," agus adubhairt; "Laogh, beir
me d'ionnsaighe na cairrge cloiche úd thall
gurab ann do ghéabhadh bás agus deisigh
cruaidin cadad-cheann .i. mó chlaidheamh im'
lámh agu scuir mo sgiath agus mo chraois-
each im'fhogas, agus fead do chífid fir
Éireann amhla sin mé ní leigfidh an eagla
dóibh teacht dom' dhith-cheannadh nó go
mbeiridh Conall Cearnach orra."



Dho rinne Laogh amhla sin, agus Carraig
an Chompair a hainm ó sin alé; agus do
leig Cú Chulainn a ucht uirre agus tug a
lámh ar a chroidhe agus adubhairt:



"Do bheirim mo bhriathar nach feadar
nach croidhe cloiche nó iarainn nó cnámha
do bhí im'chliabh gus i ndiu agus dá bhfionn-
ainn gurab chroidhe fola ná feola do bhí
ionnam nach iongnainn leath a ndearna
go ghaisge ná do ghníomhartha riamh."



Is ann sin do chóirigh Laogh é agus tug a
aghaidh ar fhearaibh Éireann agus do chuir a
sgiath agus a chroiseach ré a ghualainn
agus tug a chlaidheamh i n-a láimh agus
d'iadh-san a dhorn go coimhneartmhar fa'n
gcolg, agus do dhealuigh an anam re a chorp
aige an tan sin agus a chúl ris a gcarr-
aig agus a aghaidh ar fhearaibh Éireann.



Do thuit ann sin aon-lamh oinigh agus
éan-ghnamha agus aoin-cheann goile agus
gaisge cosnamh agus crodhachta na hÉir-
eann agus iarthair an domhain i n-a chomh-
aimsear, .i. Cú Chulainn caomh-álainn coin-
ghleacach. Agus tainig Laogh roimhe iar sin
agus do chonnairc an Dubhfhaoileann ag
eirghe as a néall anbhfainne agus táinig
da hionnsaighe agus do bhean an tsleagh
nimhe asti agus do bhádar deóra dio-mhóra
donn-fhola ag sileadh tar a gruadhaibh
agus do chuaidh Laogh uirri agus táinig as
an ár-mhach amach go chumhthach cneasaighthe
tar éis a thighearna, agus rangadar tar
Sliabh Fuaid d'ionnsaighe na hEamhna.



Finis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services