Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Salann.
Title
Salann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SALANN. Is iomdha gnó bhíonn againn de shalann. Is iomdha uair gach lá go mbíonn gábhadh againn leis. Toisc a bheith beagnach fé n-ár lámáibh gach uair dá dteastuigheann sé uainn is annamh a chuirimíd mar cheist orainn féin: Cá bhfuarthas an salann so, no cionnus a dheintear é? Acht ní deocair freagra do thabhairt ar an gceist. Faghtar cuid de as an sáile agus ar an bhfairrge, agus baintear an chuid eile dhe as an talamh. Is furaiste an salann do bhaint as an sáile. Cuirtear an sáile isteach i n-oighean mhór agus buailtear béilteach teine faoi. Deineann an teas an chuid eile de'n obair. A mbíonn de'n fhíor-uisce 'san sáile tiomáintear chum siubhail é i bhfuirm ghaile, agus fágtar an salann i mbun an oighin annsoin. Caithtear a thuilleadh salainn isteach 'san oighean ó am go ham agus, fé dheireadh, bíonn an t-oighean lán de shalann tais. Bíonn árthach eile ullamh i gcómhair an tsalainn tais seo agus puill bheaga i n-a bhun. Aistrightear an salann isteach annso, agus bíonn sé ag sileadh an uisce an fhaid bhíonn deor ann ó bhun barr. Tá dhá shlighe chum salann do thógaint as an talamh. Ar an gcéad dul síos is éigin mianach salainn d'aimsiughadh. Tá mianach aca so i n-aice Bhéil Feirste, agus tá cúpla ceann aca i Sasana. I n-aice Chracó is eadh tá an mianach salainn
is mó ar domhan. Táthar ag baint salainn as an mianach soin le sé chéad bliadhan agus ní'l aon rian tráighthe air fós. Cloch-shalann (?) atá mar ainm ar an salann a bhaintear as an mianach. Baintear amach i gclochaibh móra é fé mar bhainfidhe gual, agus tógtar aníos as an uaimh é le gléas áirithe. Ní mór é bhriseadh nó é mheilt annsoin. Nuair bhíonn sé i n-a bhrúscar cuirtear i n-uisce é agus leaghtar ar an gcuma so é. Ní bhíonn ann fé dheireadh acht sáile, agus is eol dúinn cheana cionnus salann mín do bhaint as sáile. Sin slighe! Tá slighe eile leis chum an salann mín do bhaint as an mianach, agus is é seo é. Deintear poll doimhin ó chroiceann talmhan go cor an mhianaigh. Sáidhtear píop fada tríd seo síos. Scaoiltear fíor-uisce síor annsoin. Leaghtar an cloch-shalann leis an uisce, agus i gcionn tamaill bíonn sé go léir idir fíor-uisce agus cloch-shalann i n-a sháile. Tógtar an sáile thar n-ais tré'n bpíop agus ní fada an mhoill an salann do bhaint as. Séidhtear salann as an talamh i ndúithchíbh áirithe. Is ionann so nó a rádh go mbíonn tobair sáile ionnta. Tá cúpla ceann aca i Sasana. Is furaiste an salann do bhaint as an sáile seo, agus deintear úsáid de ar bhórd an bhidh. Baintear salann as sáile na fairrge 'san tslighe chéadna. Daoine bhíonn ag coisidheacht ar bhruach na fairrge i gcorp an tsamhraidh is minic a bhuaileann láithreán beag salainn leo ar bharr na faille. Tagann an sáile borb aníos as na carraigeachaibh i gcaitheamh an gheimhridh agus an earraigh agus fanann sé ann no go mbeireann teas an tsamhraidh air. Annsoin imthigheann an t-uisce i n-áirde 'san aer agus fágtar an salann i n-a dhiaidh. Is minic a bhailigheann daoine bochta an salann so mar ná bíonn i n-a gcumas an salann eile do cheannach. Ní gábhadh a rádh ná bíonn sé chomh mín le salann an oighin. Is é is mó dheintear le salann i nÉirinn ná feoil agus iasc agus im do leasughadh leis. Ní bheadh iasc ghuirt ná mairt-fheoil ghuirt ná bágún againn mara mbeadh an salann, agus níor mhaoidhte orainn an scéal i n-a n-éagmuis súd. Ní mór do dhuine ceathramha únsa nó leath únsa salainn do chaitheamh gach lá má's mian leis a shláinte agus a ghoile do bheith ar fheabhas aige. Is léir as so ná rachadh feoil úr nó iasc úr gomaith do dhuine dá mbeadh air iad do chaitheamh coitchianta. Dá dteastóchadh ó fheirmeoir a chuid ime do chur i dtaisce go ceann tamaill is é dhéanfadh sé ná an t-im do chur ar salann. Dhéanfadh an ceannuidhe amhlaidh dá mbeadh air roinnt ime do chur thar sáile. An uair bhítear ag beirbhiughadh prátaidhe is maith an rud beagán salainn do chrothadh ortha, agus is gnáthach gráinne salainn do chrothadh ar adhbhar aráin leis. Is annamh ithtear ubh gan beagán salainn do thógaint leis, agus, go deimhin, is beag biadh ullmhuigh- tear i n-aon chor gan a bheag no a mhór de'n tsalann do chur ann. Is minic daoine bochta i nÉirinn agus gan d'ann- len aca le n-a gcuid prátaidhe i gcómhair dhínéir acht salann ar leithligh. Ba mheasa ná san féin a bhí an scéal aca 'san droch- shaoghal. Dá mbeadh beagán éisc úir i dtigh agus gan fonn ar mhuinntir an tighe é go léir d'ithe ar an dtoirt ní bheadh le déanamh aca, acht dorn salainn do chrothadh air, agus ní bheadh baothal air annsoin chum go mbeadh gábhadh aca le n-a chaitheamh. Tug- tar a leithéid cheadna de leasughadh ar fheoil agus ar nidhthibh eile. Deir muinn- tear na Midhe nach féidir cruinn-aithne do bheith ag duine ar dhuine eile nó go mbíonn céad salainn caithte aca i bhfochair a chéile. Agus cuirtear i n-a luighe ar pháistibh dá
bhféadfaidís gráinne salainn do chrothadh ar earball glasóige go dtiocfadh sí isteach ar an urlár chúcha le n-a lán-toil. Acht, bíodh súd mar atá! Dá leonfaidhe cos nó lámh nó géag dhuine thabharfadh sáile sos mór ó'n bpéin dó. Fluichtar stráice plainnín go maith leis an sáile agus castar go teann ar an mball leonta é. Deintear mar a chéile le cois chapaill nuair a leontar é. Acht is éigin an sáile do bheith feile láidir i gcómh- air an chapaill. Bítear ag cur salainn leis an uisce le haghaidh cheirín an chapaill nó gur féidir práta do chur ar snámh 'san tsáile fé dheireadh. Deimhnigheann so dhúinn gur tréine é an sáile ná an fíor-uisce, agus gur féidir an sáile do neartughadh is do neartughadh acht go leor salainn do chur leis. An té go mbíonn taithighe aige ar snámh is léir do gur tréine an sáile ná uisce na habhann. Nach breagh an rud do dhuine bheith n-a chomhnuidhe i n-aice an tsáile. Ní bhíonn a bhac air, má's mian leis é, dul amach ag snámh, do féin gach lá bréagh le linn an tsamhraidh agus an fhóghmhair. Is maith téidheann an sáile do'n tsláinte. Coime- ádann sé boirbe agus brothall na fola fé smacht agus cuireann sé an cholann i neart. Ólann othraigh taoscáin sáile ar mhaithe le n-a sláinte. Iad so go mbíonn a n-inid chomhnuidhthe i gcorp-lár na tíre ní hiongnadh iad ag dul fé dhéin an tsáile go ceann tamaill gach samhradh. Agus, mar adubhradh cheana, tá gaol gearraid idir an sáile agus an salann. "Cuirfead-sa salann ar an láir sin," ars' an ceannaidhe fad . Láir a bhí le díol ag duine éigin agus bhí an cheannuidhe seo ceaptha gan í scaoileadh le n-a cómhur- sain gan a luach do thairigsint uirthe, nó beagán níos mó dá mba ghábhadh é. Tuigtear as so go mbíonn malairt bhríogh le focal uaireanta. SCEOLAING. -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services