Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Salann.

Title
Salann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SALANN.



Is iomdha gnó bhíonn againn de shalann.
Is iomdha uair gach lá go mbíonn gábhadh
againn leis. Toisc a bheith beagnach fé
n-ár lámáibh gach uair dá dteastuigheann
sé uainn is annamh a chuirimíd mar cheist
orainn féin: Cá bhfuarthas an salann so,
no cionnus a dheintear é? Acht ní deocair
freagra do thabhairt ar an gceist. Faghtar
cuid de as an sáile agus ar an bhfairrge,
agus baintear an chuid eile dhe as an
talamh.



Is furaiste an salann do bhaint as an
sáile. Cuirtear an sáile isteach i n-oighean
mhór agus buailtear béilteach teine faoi.
Deineann an teas an chuid eile de'n obair.
A mbíonn de'n fhíor-uisce 'san sáile
tiomáintear chum siubhail é i bhfuirm ghaile,
agus fágtar an salann i mbun an oighin
annsoin. Caithtear a thuilleadh salainn
isteach 'san oighean ó am go ham agus,
fé dheireadh, bíonn an t-oighean lán de
shalann tais. Bíonn árthach eile ullamh i
gcómhair an tsalainn tais seo agus puill
bheaga i n-a bhun. Aistrightear an salann
isteach annso, agus bíonn sé ag sileadh an
uisce an fhaid bhíonn deor ann ó bhun
barr.



Tá dhá shlighe chum salann do thógaint
as an talamh. Ar an gcéad dul síos is
éigin mianach salainn d'aimsiughadh. Tá
mianach aca so i n-aice Bhéil Feirste,
agus tá cúpla ceann aca i Sasana. I
n-aice Chracó is eadh tá an mianach salainn


L. 375


is mó ar domhan. Táthar ag baint salainn
as an mianach soin le sé chéad bliadhan
agus ní'l aon rian tráighthe air fós.



Cloch-shalann (?) atá mar ainm ar an
salann a bhaintear as an mianach. Baintear
amach i gclochaibh móra é fé mar bhainfidhe
gual, agus tógtar aníos as an uaimh é le
gléas áirithe. Ní mór é bhriseadh nó é
mheilt annsoin. Nuair bhíonn sé i n-a
bhrúscar cuirtear i n-uisce é agus leaghtar
ar an gcuma so é. Ní bhíonn ann fé
dheireadh acht sáile, agus is eol dúinn cheana
cionnus salann mín do bhaint as sáile.
Sin slighe!



Tá slighe eile leis chum an salann mín
do bhaint as an mianach, agus is é seo é.
Deintear poll doimhin ó chroiceann talmhan
go cor an mhianaigh. Sáidhtear píop fada
tríd seo síos. Scaoiltear fíor-uisce síor
annsoin. Leaghtar an cloch-shalann leis an
uisce, agus i gcionn tamaill bíonn sé go
léir idir fíor-uisce agus cloch-shalann i n-a
sháile. Tógtar an sáile thar n-ais tré'n
bpíop agus ní fada an mhoill an salann do
bhaint as.



Séidhtear salann as an talamh i ndúithchíbh
áirithe. Is ionann so nó a rádh go mbíonn
tobair sáile ionnta. Tá cúpla ceann aca
i Sasana. Is furaiste an salann do bhaint
as an sáile seo, agus deintear úsáid de
ar bhórd an bhidh. Baintear salann as sáile
na fairrge 'san tslighe chéadna. Daoine
bhíonn ag coisidheacht ar bhruach na fairrge
i gcorp an tsamhraidh is minic a bhuaileann
láithreán beag salainn leo ar bharr na
faille. Tagann an sáile borb aníos as na
carraigeachaibh i gcaitheamh an gheimhridh agus
an earraigh agus fanann sé ann no go
mbeireann teas an tsamhraidh air. Annsoin
imthigheann an t-uisce i n-áirde 'san aer
agus fágtar an salann i n-a dhiaidh. Is
minic a bhailigheann daoine bochta an salann
so mar ná bíonn i n-a gcumas an salann
eile do cheannach. Ní gábhadh a rádh ná
bíonn sé chomh mín le salann an oighin.



Is é is mó dheintear le salann i nÉirinn
ná feoil agus iasc agus im do leasughadh
leis. Ní bheadh iasc ghuirt ná mairt-fheoil
ghuirt ná bágún againn mara mbeadh an
salann, agus níor mhaoidhte orainn an
scéal i n-a n-éagmuis súd. Ní mór do
dhuine ceathramha únsa nó leath únsa salainn
do chaitheamh gach lá má's mian leis a
shláinte agus a ghoile do bheith ar fheabhas
aige. Is léir as so ná rachadh feoil úr nó
iasc úr gomaith do dhuine dá mbeadh air
iad do chaitheamh coitchianta.



Dá dteastóchadh ó fheirmeoir a chuid ime
do chur i dtaisce go ceann tamaill is é
dhéanfadh sé ná an t-im do chur ar salann.
Dhéanfadh an ceannuidhe amhlaidh dá mbeadh
air roinnt ime do chur thar sáile. An uair
bhítear ag beirbhiughadh prátaidhe is maith
an rud beagán salainn do chrothadh ortha,
agus is gnáthach gráinne salainn do chrothadh
ar adhbhar aráin leis. Is annamh ithtear ubh
gan beagán salainn do thógaint leis,
agus, go deimhin, is beag biadh ullmhuigh-
tear i n-aon chor gan a bheag no a mhór
de'n tsalann do chur ann. Is minic
daoine bochta i nÉirinn agus gan d'ann-
len aca le n-a gcuid prátaidhe i gcómhair
dhínéir acht salann ar leithligh. Ba mheasa
ná san féin a bhí an scéal aca 'san droch-
shaoghal.



Dá mbeadh beagán éisc úir i dtigh agus
gan fonn ar mhuinntir an tighe é go léir
d'ithe ar an dtoirt ní bheadh le déanamh
aca, acht dorn salainn do chrothadh air,
agus ní bheadh baothal air annsoin chum go
mbeadh gábhadh aca le n-a chaitheamh. Tug-
tar a leithéid cheadna de leasughadh ar
fheoil agus ar nidhthibh eile. Deir muinn-
tear na Midhe nach féidir cruinn-aithne do
bheith ag duine ar dhuine eile nó go mbíonn
céad salainn caithte aca i bhfochair a chéile.
Agus cuirtear i n-a luighe ar pháistibh dá


L. 376


bhféadfaidís gráinne salainn do chrothadh
ar earball glasóige go dtiocfadh sí isteach
ar an urlár chúcha le n-a lán-toil. Acht,
bíodh súd mar atá!



Dá leonfaidhe cos nó lámh nó géag
dhuine thabharfadh sáile sos mór ó'n bpéin
dó. Fluichtar stráice plainnín go maith
leis an sáile agus castar go teann ar an
mball leonta é. Deintear mar a chéile
le cois chapaill nuair a leontar é. Acht is
éigin an sáile do bheith feile láidir i gcómh-
air an chapaill. Bítear ag cur salainn
leis an uisce le haghaidh cheirín an chapaill
nó gur féidir práta do chur ar snámh 'san
tsáile fé dheireadh. Deimhnigheann so dhúinn
gur tréine é an sáile ná an fíor-uisce,
agus gur féidir an sáile do neartughadh is
do neartughadh acht go leor salainn do
chur leis. An té go mbíonn taithighe aige
ar snámh is léir do gur tréine an sáile ná
uisce na habhann.



Nach breagh an rud do dhuine bheith n-a
chomhnuidhe i n-aice an tsáile. Ní bhíonn
a bhac air, má's mian leis é, dul amach ag
snámh, do féin gach lá bréagh le linn an
tsamhraidh agus an fhóghmhair. Is maith
téidheann an sáile do'n tsláinte. Coime-
ádann sé boirbe agus brothall na fola fé
smacht agus cuireann sé an cholann i
neart. Ólann othraigh taoscáin sáile ar
mhaithe le n-a sláinte. Iad so go mbíonn
a n-inid chomhnuidhthe i gcorp-lár na tíre
ní hiongnadh iad ag dul fé dhéin an tsáile
go ceann tamaill gach samhradh. Agus, mar
adubhradh cheana, tá gaol gearraid idir an
sáile agus an salann.



"Cuirfead-sa salann ar an láir sin,"
ars' an ceannaidhe fad . Láir a bhí le
díol ag duine éigin agus bhí an cheannuidhe
seo ceaptha gan í scaoileadh le n-a cómhur-
sain gan a luach do thairigsint uirthe,
nó beagán níos mó dá mba ghábhadh é.
Tuigtear as so go mbíonn malairt bhríogh
le focal uaireanta.



SCEOLAING.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services