SALANN.
Is iomdha gnó bhíonn againn de shalann. 
Is iomdha uair gach lá go mbíonn gábhadh 
againn leis.  Toisc a bheith beagnach fé 
n-ár lámáibh gach uair dá dteastuigheann 
sé uainn is annamh a chuirimíd mar cheist 
orainn féin: Cá bhfuarthas an salann so, 
no cionnus a dheintear é?  Acht ní deocair 
freagra do thabhairt ar an gceist.  Faghtar 
cuid de as an sáile agus ar an bhfairrge, 
agus baintear an chuid eile dhe as an 
talamh. 
Is furaiste an salann do bhaint as an 
sáile.  Cuirtear an sáile isteach i n-oighean 
mhór agus buailtear béilteach teine faoi. 
Deineann an teas an chuid eile de'n obair. 
A mbíonn de'n fhíor-uisce 'san sáile 
tiomáintear chum siubhail é i bhfuirm ghaile, 
agus fágtar an salann i mbun an oighin 
annsoin.  Caithtear a thuilleadh salainn 
isteach 'san oighean ó am go ham agus, 
fé dheireadh, bíonn an t-oighean lán de 
shalann tais.  Bíonn árthach eile ullamh i 
gcómhair an tsalainn tais seo agus puill 
bheaga i n-a bhun.  Aistrightear an salann 
isteach annso, agus bíonn sé ag sileadh an 
uisce an fhaid bhíonn deor ann ó bhun 
barr. 
Tá dhá shlighe chum salann do thógaint 
as an talamh.  Ar an gcéad dul síos is 
éigin mianach salainn d'aimsiughadh.  Tá 
mianach aca so i n-aice Bhéil Feirste, 
agus tá cúpla ceann aca i Sasana.  I 
n-aice Chracó is eadh tá an mianach salainn 
 
is mó ar domhan.  Táthar ag baint salainn 
as an mianach soin le sé chéad bliadhan 
agus ní'l aon rian tráighthe air fós. 
Cloch-shalann (?) atá mar ainm ar an 
salann a bhaintear as an mianach.  Baintear 
amach i gclochaibh móra é fé mar bhainfidhe 
gual, agus tógtar aníos as an uaimh é le 
gléas áirithe.  Ní mór é bhriseadh nó é 
mheilt annsoin.  Nuair bhíonn sé i n-a 
bhrúscar cuirtear i n-uisce é agus leaghtar 
ar an gcuma so é.  Ní bhíonn ann fé 
dheireadh acht sáile, agus is eol dúinn cheana 
cionnus salann mín do bhaint as sáile. 
Sin slighe! 
Tá slighe eile leis chum an salann mín 
do bhaint as an mianach, agus is é seo é. 
Deintear poll doimhin ó chroiceann talmhan 
go cor an mhianaigh.  Sáidhtear píop fada 
tríd seo síos.  Scaoiltear fíor-uisce síor 
annsoin.  Leaghtar an cloch-shalann leis an 
uisce, agus i gcionn tamaill bíonn sé go 
léir idir fíor-uisce agus cloch-shalann i n-a 
sháile.  Tógtar an sáile thar n-ais tré'n 
bpíop agus ní fada an mhoill an salann do 
bhaint as. 
Séidhtear salann as an talamh i ndúithchíbh 
áirithe.  Is ionann so nó a rádh go mbíonn 
tobair sáile ionnta.  Tá cúpla ceann aca 
i Sasana.  Is furaiste an salann do bhaint 
as an sáile seo, agus deintear úsáid de 
ar bhórd an bhidh.  Baintear salann as sáile 
na fairrge 'san tslighe chéadna.  Daoine 
bhíonn ag coisidheacht ar bhruach na fairrge 
i gcorp an tsamhraidh is minic a bhuaileann 
láithreán beag salainn leo ar bharr na 
faille.  Tagann an sáile borb aníos as na 
carraigeachaibh i gcaitheamh an gheimhridh agus 
an earraigh agus fanann sé ann no go 
mbeireann teas an tsamhraidh air.  Annsoin 
imthigheann an t-uisce i n-áirde 'san aer 
agus fágtar an salann i n-a dhiaidh.  Is 
minic a bhailigheann daoine bochta an salann 
so mar ná bíonn i n-a gcumas an salann 
eile do cheannach.  Ní gábhadh a rádh ná 
bíonn sé chomh mín le salann an oighin. 
Is é is mó dheintear le salann i nÉirinn 
ná feoil agus iasc agus im do leasughadh 
leis.  Ní bheadh iasc ghuirt ná mairt-fheoil 
ghuirt ná bágún againn mara mbeadh an 
salann, agus níor mhaoidhte orainn an 
scéal i n-a n-éagmuis súd.  Ní mór do 
dhuine ceathramha únsa nó leath únsa salainn 
do chaitheamh gach lá má's mian leis a 
shláinte agus a ghoile do bheith ar fheabhas 
aige.  Is léir as so ná rachadh feoil úr nó 
iasc úr gomaith do dhuine dá mbeadh air 
iad do chaitheamh coitchianta. 
Dá dteastóchadh ó fheirmeoir a chuid ime 
do chur i dtaisce go ceann tamaill is é 
dhéanfadh sé ná an t-im do chur ar salann. 
Dhéanfadh an ceannuidhe amhlaidh dá mbeadh 
air roinnt ime do chur thar sáile.  An uair 
bhítear ag beirbhiughadh prátaidhe is maith 
an rud beagán salainn do chrothadh ortha, 
agus is gnáthach gráinne salainn do chrothadh 
ar adhbhar aráin leis.  Is annamh ithtear ubh 
gan beagán salainn do thógaint leis, 
agus, go deimhin, is beag biadh ullmhuigh-
tear i n-aon chor gan a bheag no a mhór 
de'n tsalann do chur ann.  Is minic 
daoine bochta i nÉirinn agus gan d'ann-
len aca le n-a gcuid prátaidhe i gcómhair 
dhínéir acht salann ar leithligh.  Ba mheasa 
ná san féin a bhí an scéal aca 'san droch-
shaoghal. 
Dá mbeadh beagán éisc úir i dtigh agus 
gan fonn ar mhuinntir an tighe é go léir 
d'ithe ar an dtoirt ní bheadh le déanamh 
aca, acht dorn salainn do chrothadh air, 
agus ní bheadh baothal air annsoin chum go 
mbeadh gábhadh aca le n-a chaitheamh.  Tug-
tar a leithéid cheadna de leasughadh ar 
fheoil agus ar nidhthibh eile.  Deir muinn-
tear na Midhe nach féidir cruinn-aithne do 
bheith ag duine ar dhuine eile nó go mbíonn 
céad salainn caithte aca i bhfochair a chéile. 
Agus cuirtear i n-a luighe ar pháistibh dá 
 
bhféadfaidís gráinne salainn do chrothadh 
ar earball glasóige go dtiocfadh sí isteach 
ar an urlár chúcha le n-a lán-toil.  Acht, 
bíodh súd mar atá! 
Dá leonfaidhe cos nó lámh nó géag 
dhuine thabharfadh sáile sos mór ó'n bpéin 
dó.  Fluichtar stráice plainnín go maith 
leis an sáile agus castar go teann ar an 
mball leonta é.  Deintear mar a chéile 
le cois chapaill nuair a leontar é.  Acht is 
éigin an sáile do bheith feile láidir i gcómh-
air an chapaill.  Bítear ag cur salainn 
leis an uisce le haghaidh cheirín an chapaill 
nó gur féidir práta do chur ar snámh 'san 
tsáile fé dheireadh.  Deimhnigheann so dhúinn 
gur tréine é an sáile ná an fíor-uisce, 
agus gur féidir an sáile do neartughadh is 
do neartughadh acht go leor salainn do 
chur leis.  An té go mbíonn taithighe aige 
ar snámh is léir do gur tréine an sáile ná 
uisce na habhann. 
Nach breagh an rud do dhuine bheith n-a 
chomhnuidhe i n-aice an tsáile.  Ní bhíonn 
a bhac air, má's mian leis é, dul amach ag 
snámh, do féin gach lá bréagh le linn an 
tsamhraidh agus an fhóghmhair.  Is maith 
téidheann an sáile do'n tsláinte.  Coime-
ádann sé boirbe agus brothall na fola fé 
smacht agus cuireann sé an cholann i 
neart.  Ólann othraigh taoscáin sáile ar 
mhaithe le n-a sláinte.  Iad so go mbíonn 
a n-inid chomhnuidhthe i gcorp-lár na tíre 
ní hiongnadh iad ag dul fé dhéin an tsáile 
go ceann tamaill gach samhradh.  Agus, mar 
adubhradh cheana, tá gaol gearraid idir an 
sáile agus an salann. 
"Cuirfead-sa salann ar an láir sin," 
ars' an ceannaidhe fad .  Láir a bhí le 
díol ag duine éigin agus bhí an cheannuidhe 
seo ceaptha gan í scaoileadh le n-a cómhur-
sain gan a luach do thairigsint uirthe, 
nó beagán níos mó dá mba ghábhadh é. 
Tuigtear as so go mbíonn malairt bhríogh 
le focal uaireanta. 
SCEOLAING.
-