Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Soillse tré Dhorchadas.
Title
Soillse tré Dhorchadas.
Author(s)
Ó Flannghaile, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Soillse tré Dhorchadas; nó Aimseara soillseacha 'lár dubh-staire déidheannaighe na hÉireann. TOMÁS Ó FLANNGHAILE DO SCRÍOBH. I. — RÉAMHRÁDH. Seacht gcéad bliadhan ó shoin do chaill Éire a saoirse réir na hamhdála coitchinne as gnáth le hÉireannachaibh; seacht gcéad bliadhan ó shoin bhuaidh na Sasanaigh Éire d'aon bhuille — d'aon bhuille amháin — agus chuireadar deireadh leis an ngnó. Mar so deir na Sasanaigh féin linn 'na starthachaibh, agus mar so as mian leo a chur in umhail don domhan. Acht go deimhin is fír-bheagán don cheart ná don fhírinne atá san scéal so. Uimhir gheasrógach, phisreógach a Seacht, agus is gnáth le daoinibh a cleachtadh go minic gan bhun gan bhunudhas, agus is gnáth leo uimhreacha as lugha do mhéadughadh agus do mhórughadh go rigid an Seacht séanta so. Bhí "Seacht n-ionganta an domhain" ann, "Seachtar fear-feasa na Gréige," "Seacht n-aoise an duine" — ba ghnáth le daoinibh trácht ar "na seacht dteangthaibh" — nó go bhfuar- adar scéala go raibh iomad eile de theang- thaibh san tsaoghal; do chreididís na daoine 'sna "Seacht bPlainéadaibh" nó réalta móra na spéire nó gur fríth plainéada eile. Againn féin in Éirinn bhí seacht ngrádhacha nó céimeanna na bhfileadh, seacht dteampuill Chluana mic Nóis, agus an iomad eile do na seachtaibh. Beag an t-iongnadh má thárla tré ath-rádh na cabair- eachta so ag na Gallaibh agus a gcáirdíbh in Éirinn gur chromamar féin ar an scéal do chreidsin agus an focal do labhairt ó bhéal go béal. Acht bhí na Gaill 'gá rádh so agus 'gá ath-rádh in ar gcluasaibh d'aon- toisc — ar chor go dtasbáinfidís fad a gceirt agus a gcumhachta in Éirinn, agus méid na Galldachta as cóir bheith orainn d'éis an oirid sin d'aimsir. Ní chreidid fíor-Ghaedhil san nGalldacht so — ní ghéill- eann siad di. Leis an bhfírinne a rádh bhí an chuid as mó d'Éirinn ag caitheamh a saoirse go dtí an Cath Chinntsáile sa bhliadhain míle sé-déag 'sa dó. Níl amhras i rith na seiseadh aoise déag nach gcluinimíd trácht corr-uair ar Ó Néill na Bainríoghna, ó Raghallaigh na Bainríoghna Mag Uidhir na Bainríoghna, acht is follus as ár seanchus féin go raibh Éire beagnach saor go dtí tuitim Uí Néill i ndiaidh Chinntsáile. Uime sin is córa a rádh nach raibh Éire faoi lán-smacht na
nGall ní as faide ná trí chéad bliadhan — sé sin, an tseachtmhadh aois déag, an t-ocht- mhadh agus an naomhadh aois déag — fada ar ndóthain a déarfaidh sibh — ró-fhada go mór adeirim-se féin. Acht i seanchus an tsaoghail léighmíd gur b'iomdha an pobul do chaith trí chéad bliadhan i ndaoirse, agus do bhuaidh siad a saoirse 'na diaidh. Do réir aon áirimh bhí clanna Íosráil ceithre céad agus tríocha bliadhan faoi smacht na nÉigipteach, réir áirimh eile ní rabhadar san Éigipt acht dá chéad bliadhan as cúig déag — 'na dhiaidh sin as uile do bhuaidh siad a saoirse — gan amhras tré chumhacht Dé tugadh dhóibh go follus, fír-dhíreach. Acht a ndeárnadh gníomh mór riamh gan chungnamh Dé? Bhí na Briotanaigh — sean- mhuintir na Breataine Móire beagnach ceithre céad bliadhan faoi riaghail na Romh- ánach; tháinig deireadh na riaghla sin ó mhórán d'ádhbharaibh — ádhbhar díobh de bhrigh gur dheacair don Chumhacht Romhánaigh a críocha agus a cúigidh thar lear do chong- bháil; ádhbhar eile, chuir na Scuit ó Éirinn agus na Cruithnigh ó Albain an scannradh sin ortha gur mhaith leis na Romhánachaibh imtheacht leo as an tír go deo. Féachaidh arís ar na Gréagachaibh — feadh beagnach ceithre céad bliadhan do mhaireadar-san i sclábhaidheacht do na Turcachaibh — cuireadh deireadh leis an riaghail sin i dtosach na naomhadh aoise déag agus beag nach in ár laethibh féin. Ní hé sin amháin, tré sheacht gcéad bliadhan do riaghluigh na Múraigh i ndeisceart na Spáinne, agus tháinig críoch na daoirse fada sin, agus b'éigean do na Múrachaibh fá dheoidh dul ar ais gus an Afraic as a dtángadar ar dtús. II. — ÉADBHARD BRÚS 1315-1318. Dubhras cheana, feadh na gceithre céad bliadhan d'éis eachtra an dara Hanrai go hÉirinn san bliadhain míle céad as aen déag ar trí fichid (1171), go raibh muintir as flatha na hÉireann beagnach saor go hiomlán ó righ nó riaghail Shasana. Is fíor go raibh Baile Átha Cliath agus Portláirge agus cathair Chorcaighe agus beagán do na cóntaedhibh i dtimpeall Bhlátha Cliath i seilbh na nGall; acht bhí an chuid eile d'Éirinn sé sin an chuid as mó go fíor-Ghaedhealach fós in a mbéasaibh, in a mbeatha agus in a ndligh- thibh: tuilleadh ar sin, ba mhinice d'íocadar na Gaill cíos agus cáin do na Gaedhealaibh ná d'íoc na Gaedhil leo-san. Acht 'sna laethibh sin féin tá a dó nó a trí d'aim- searaibh shoillsigheas go mór-mhór seach na haimseara eile. Ar dtús tabhramaois faoi n'ár n-aire réim agus riaghail Éadbhaird Brús i nÉirinn. Tá an aimsear chomh onórach agus chomh glórmhar sin do na hÉireannachaibh agus do na hAlbanachaibh go léigeann na seanchaidhe Gallda di ar fad, gan focal do rádh uirre nó innsid dearg-bhréag ar an scéal go hiomlán, gan innsin dúinn acht go ndeach- aidh Éadbhard Brús go hÉirinn acht do marbhadh é sa' bhliadhain míle trí chéad agus ocht-déag (1318). Do mheasfadh sibh go dtáinig an Brúsach lá n-aon, agus gur marbhadh é an lá 'na dhiaidh! Ní mheasfadh sibh ar aon chor gur b'aon do na ceannaibh- feadhna ba threise 's ba chumasaighe le Robard Brús é — an rí do bhuaidh Bannoc- burn (nó Alt an Bhonnaigh mar ghoireann na hAlbanaigh féin don chath chlúmhail sin) — gur b'é san bhliadhain míle trí chéad as cúig déag (1315) do tháinig Eadbhard Brús go hÉirinn — sé sin an bhliadhain i ndiaidh Bhannocburn — gur bh'é Domhnall Ó Néill rí Uladh agus taoisigh eile an tuaisceirt do chuir cuireadh chum an Bhrúsaigh teacht go
hÉirinn, go ndeárnadh a chrónughadh ar Chnoc na Maoileann i ngar do Shrád-bhaile Dúin-dealgan — gur ghéill trí cheathramhna na tíre dhó mar árd-rí na hÉireann, go bhfuair sé buaidh ar na Gallaibh i mórán de chathaibh, gur ghabh sé mórán d'á gcaisleán- aibh agus dá gcatharchaibh, gur mhair sé agus riaghluigh sé in Éirinn trí bliadhna go leith ag cailleadh a bheatha fa dheireadh i láthair an chatha láimh leis an Srádbhaile, an ceath- ramhadh lá déag de mhí dheiridh an Fhoghmhair míle trí chéad agus ocht déag (1318). Is minic thig scrios ar cúis ó bhás an taoisigh. Fuair Brian bás i gCluain Tarbh acht bhí an lá cheana ag na Gaedhealaibh. Is minic i gcúrsaibh an tsaoghail tháinig diombuaidh i gcath agus scrios ar tír ó chailleamhain righ nó taoisigh. ART MAC MURCHADHA 1375-1416. Ní as oirdhirce agus ní as glórmhaire go mór ná sin caithréim Airt Mhic Mhurchadha righ Cúigidh Laighean. Do casadh prionnsai Gallda agus fir-ionaid an righ Shasana go minic leis i gcath agus do rug sé an bárr orra — do ghabh sé uatha a gcaisleáin agus a ndaingeana móra, mar tá Ceatharloch, Fearna mhór, Inis-corthaigh agus iomad eile: faoi dhó do tháinig an dara Riocard rí Shasana féin 'na aghaidh le sluagh mór chum Art Mac Murchadha do chlaoidh agus do bhuadhachtain — acht níor chlaoidh sé as nír bhuaidh sé sean-leoghan na Laighneach: acht sé do thárla gur b'éigean do Riocard dul abhaile ar ais, agus a shluaighte uile go briste, buailte, bataráilte. Le dá-fhichid bliadhan bhí buaidh agus bárr ag Art ar gach uile chumhacht ó Shasana agus leis na deich mbliadhanaibh deireannacha bhí síothcháin in a thír ón gceann go chéile. Agus cuimh- nigidh ar seo — nírbh' i gcríoch ná i gcúigeadh iargcúlta do thárla, áit ar lag cumhacht na nGall, nírbh' i dTír Chonaill é ná i dTuadh- mumhain ná i gCiarraighe, acht i gCúigeadh Laighean, ag dóirsibh Bhláth-Cliath, an cúig- eadh as foisce do Shasanaibh, an cúigeadh as gnáth a mheas gur b'í an chuid as Gallda d'Éirinn í. Acht tá fhios againn go maith gurb' ins na laethibh déidheannacha fós thug cúigeadh Laighean, tír chlann Mhic Mhurchadha, ua mBroin, ua dTuathail, agus ua gCaomh- ánaigh, sompla croidhe agus crodhachta do mhuintir Chonnachta agus Uladh agus Mumhan — glóir agus clú na hÉireann go deo é! Acht cheana tá aimsear agus gníomhradh Mhic Mhurchadha chomh clúmhail agus chomh onórach do Chlannaibh Gaedheal & chomh neamh- onórach sin do Chlannaibh Gall go léigid faoi lár ar fad iad, gan fiu an fhocail do rádh orra, nó ní as measa ná sin, go n-inn- sid dearg-bhréag ar an scéal go huile — 'gá chur in umhail gur réim bhuaidheach ar fad an dá chuairt do thug an dara Riocard ar Éirinn, ag críochnughadh cura na tíre sin faoi smacht na nGall — láin-éitheach na fírinne! Má's duine de chlainn Mhic Mhur- chadha — Diarmaid na nGall — ar a bhfuil an milleán gur b' eisean do thug na Sasanaigh ar dtús go hÉirinn do scriosadh amach an feall sin agus do cuireadh an t-ainm in onóir arís go deo le dílse, le cródhacht, 's le gníomhraidh duine d'á shliocht, Art Mac Murchadh Caomhánach. AODH Ó NÉILL: 1592-1602. Gabhamaois thart ón gceathramhadh aois déag agus ón gcuigeadh aois déag — téidh- míd go haimsir as oirdhirce agus as troime gníomhradh — an tseiseadh aois déag. Fuair Seaghan ó Néill] clú mhór i lár an chéid bhliadhan sin ag cosnamh a sheilbhe féin in aghaidh na bainríoghna Eilíse; acht 'na
dhiaidh sin as uile nír b'ionann Seaghan as Aodh — agus mar mheasaim féin níl aon chosamhlacht eatarra. Ba bheag le Seaghan an chuid eile d'Éirinn chomhfhad as bhí Cúigeadh Uladh saor – chomhfhad as nár baineadh le n-a sheilbh féin. Ní hé sin amháin, chomh fada as bhí a oidhreacht féin Tír-Eoghain gan baoghal gan buaidhreadh, ba chuma leis Tír-Chonaill nó cuid eile don chúigeadh, agus do dhéanadh sé ionnsaighe orra chomh luath agus ar na Sasanachaibh féin. Éire 'na haon-righeacht go mór as go saor, Éire 'na náisiún fa leith, nír bhuaidhir an smuaineadh sin ceann Sheaghain riamh, ní dheacaidh sé 'na cheann ar aon chor. Don taoibh eile, ba hoirdhearc Aodh ó Néill, ní hé amháin mar ghaiscidheach agus fear-catha, acht mar fhear mór stáit. Tá sé go mór, ní hé amháin de bhrigh gur cheap sé ar Éirinn uile 'na haon-righeacht láidir – ní hé amháin gur chuir sé in aghaidh na bainríoghna Eilíse aon do na huachtaránaibh ba threise dár ghabh Sasana riamh — acht de bhrigh go rug sé an bárr le haimsir fhada, agus go raibh sé go fír-chinnte 'na righ ar Éirinn feadh beagnach deich mbliadhana — sé sin ó mhíle cúig céad as dó dhéag ar ceithre fichid go míle sé céad sa dó. Ar áis nó ar éigean do tharraing sé beag- nach Éire go huile in aon cheangal, in aon chombáidh, do réitigh sé na heasaontaidh, thug a fhlaitheas 'sa oidhreacht féin do gach taoiseach, rinne sé ridirí agus iarlaí, chuir sé scoileanna agus coláistí ar bun — in aonfhocal bhí sé 'na árdrigh ar Éirinn feadh deich mbliadhan. Réir mo bharamhla-sa, b'é an flaith ba mhó do Chlannaibh Néill, an Niallach ba mhó caithréim agus cumhacht dá dtáinig riamh ó Shliocht Eoghain. Tá comh- artha agus cruthughadh ar a chumhacht san nidh seo — agus cruthughadh fós é ar a n-abraim ar luach aon duine amháin ar uairibh — gur iarradar na Sasanaigh go minic a mharbhadh le nimh — seadh go deimhin — nimh in aghaidh an té nár bhuaidh siad riamh i láthair an chatha. Tháinig diombuaidh fa dheoidh, mo bhrón, sa bhliadhain míle sé céad sa dó (1602) agus do chaith Ó Néill deireadh a shaoghail i ndubh- achas agus ar deoraidheacht, acht ní cóir dhúinn a mhóir-ghníomhradh do dhearmad choidhche. EOGHAN RUADH Ó NÉILL: 1642-1649. Is dóigh nach bhfuil i ndán dúinn cúis na hÉireann d'fhághail bháis go deo. Cia gur chaill Éire an lá i gCionntsáile, cia go bhfuair Ó Néill bás ar deoraidheacht gan dóigh, gan dóchas dá thír, nír ghabh fós fiu aon ghlúine amháin thart gur éirigh Éire arís as a luaithreadh. Faoi cheannas Niallaigh eile do chímíd bearta agus gníomhradh Aodha ar n-a ndéanadh arís, na caisleáin as na bailte móra dá ngabháil ag Clann- aibh Gaedheal, Clanna Gall ar teitheadh fa scannradh, dhá dtrian na hÉireann saor ó smacht na nGall le seacht mbliadhnaibh, sé sin, ón mbliadhain míle sé déag as dó ar dá fhichid go míle sé céad as naoi ar dá fhichid. Do rinne an pápa féin le hÉirinn mar le cumhacht nó náisiún saor fa leith chum a dtiucfadh leis a láin-theach- taire féin do chur, agus do chuir fós. Bhí Éire faoi n-a riaghaltas féin leis na bliadhnaibh sin, faoi'n gComhairle Náisiúnta de Ghaedhealaibh agus de Ghall-Ghaedhealaibh, ag bualadh a cuid airgid féin, ag cur a leabhar agus a scríbheann in a clódh féin. Acht do thárla cia nár fhéadadar na Gaill Eoghan Ruadh do bhualadh ar pháirc an chatha, gur fhéad siad a mharbhadh le nimh, mar d'iarradar a dhéanamh go minic roimhe sin in aghaidh flathadh agus ríogh na hÉireann.
Fuair sé bás ó nimh d'ól tré fhíon ag féasta chum a bhfuair sé cuireadh. B'é seo a oidheadh cia gur cuireadh ceist agus amhras ar an scéal. Do mharbhadar é sul ar casadh le Cromull é — creidim féin gur mhó an taoiseach catha é ná Cromull, agus dá gcasfaidhe ar a chéile iad, badh subhach stair na hÉireann ó shoin a leith. PÁDRAIC SÁIRSÉAL: 1686-1691. San bhliadhain míle sé céad agus sé ar ceithre fichid do rinneadh an Talbóideach 'na fhear ionaid an righ leis an dara righ Séamus — an céad fhear-ionaid Catoilice ó thúis na Protastántachta in Éirinn. Cia bé rud badh mhian linn a radh ar righ Séamus, níl amhras nach raibh deagh-rún aige in ár dtír chomhfhad as bhí ceannas nó cumhacht aige san tír. Cuireadh na hain- dlighthe ar gcúl, do hullmhuigheadh arm tríochadh míle fear le cosnamh na cúise Catoilicighe, cuireadh na Catoilicí in áird- chéim, agus nuair ráinig Séamus féin go Blátha-cliath, do thoinóil sé Párlamaint. Insa Phárlamaint sin toghadh na fir-feise as na sean-mhuintearaibh Gaedhealacha agus as na sean-Ghallaibh, ionnas gur bh'í an chéad fhíor-Phárlamaint Ghaedhealach bhí san tír ó theacht na nGall. Acht cia go raibh rún maith ag Séamus, agus gur iarr an Talbóideach maith do dhéanamh, b'é Pádraic Sáirséal an tÉir- eannach do b'fhearr agus ba mhó san aimsir sin agus go sonnradhachle trí bliadhnaibh an chogaidh (1689-90-91). Cuireadh cath na Bóinne, cailleadh Eachdhruim, agus fa dheoidh do ghéill Luimneach — Luimneach na laoch — ar connradh. Acht cheana, is follus dá n-imeochadh aon teagmhas amháin ar Uilliam san lá sin, bheadh athrughadh scéil ar an gcogadh agus ar sheanchus na hÉireann ó shoin anuas. Do tháinig Uilliam as bualadh na Bóinne ní headh go deimhin tré n-a chródhacht ná a chalmacht acht tré n-a chríonn- acht agus tré n-a dheagh-rath; acht dhá dtuitfeadh sé san chath sin, bheadh deireadh le n-a chúis — ní bheadh aon rud eile ar a ndéanadaois troid; bheadh Séamus 'na righ ar Éirinn, muna raibh ar na trí ríogh- achtaibh, agus is dóigh go dtosnóchadh sé líne nuadh de righthibh na hÉireann. Agus da dteangmhóchadh nár thuit San Rút in Eachdruim b'fhéidir go dtiucfadh leis an chúis do chur fa rath, agus go mbeadh scéal nach é le hinnsin indiu. Nach mór atá ar bheatha duine amháin ar uairibh? HANRAI GRATÁN 1780-1790. B'fhéidir gur b' í an t-ochtmhadh aois déag an aimsear as duibhe, dona, dobhrónaighe i stair uile na hÉireann. Acht 'na dhiaidh sin bhí againn san aimsir úd féin laethe sona soillseacha, agus do tháinig an solus as áird nár ghnáthach. Hanrai Gratán is eadh an fear do thug an solus san aimsir sin. Ní mian liom trácht ar shaoghal an Ghratánaigh ar fad — ní riachtanach é — agus mo bhrón! do thuit an Gratánach féin ó chosnamh cúise na hÉireann i ndeireadh a shaoghail, & d'éisteadh sé go sástach umhal le ceisteannaibh na tíre, gan mórán triob- lóide do chur air féin. Acht ón bhliadhain míle seacht gcéad as ceithre fichid (1780) nuair do thóg sé ar dtús ceist Saoirse Párlamainte na hÉireann go deireadh na ndeich mbliadhan ná diaidh, an chuid as lugha de — cia go raibh na Catoilicí faoi throime na n-ain-dlighthe fós — 'na dhiaidh sin as uile bhí saidhbhreas mór san tír, bhí mórán cóimhcheannaigh thar lear, bhí na Catoilicí as na Protastántaigh ag teacht le chéile, agus ag cur aitheantais ar a chéile, bhí na céirde
as na healadhna ag dul ar aghaidh, cuireadh ar bun an Acadamh Éireannach i mBlátha- cliath, agus concas dár dtír bheith 'na náisiún arís. Acht cuimhnigidh ar so — b'é sin aimsear na Bholóintíreach, nó saighdiúirí cathardha na hÉireann. Fear Párlamainte bhí san Ghratánach — fear deagh-labhartha — acht níor chuir an deagh-labhairt seo púicín air. Bhí fir deagh-labhartha in Aimériocá, acht ba mhaith an cúl-báire don deagh- labhairt sluaighte armtha, agus taoiseach maith catha, agus do bhuaidh siad-san a saoirse. Is amhlaidh seo dubhairt an Gratánach féin i dtigh na Párlamainte: "D'éirigh mo thír," ar seisean, "ó sclábhaidh- eacht go harmaibh, agus ó armaibh go saoirse!" San leictiúr geárr so ní thugas isteach mórán don nuadh, ná de na nuaidh-scéal- aibh — ní dheárnas acht cuid bheag d'ár sean chus do chur i gcuimhne d'ár muintir arís, óir is forus dearmad do dhéanadh air. Seo beagán de na rudaibh ar a ndeárnas trácht, ruda cuirthear ar dearmad go minic: (1) Ar dtús: gur b'é fad daoirse na hÉireann ní hé seacht gcéad bliadhan, acht an chuid as mó de, trí chéad bliadhan — agus tá fhios ag Dia gur fada go leor sin féin: (2) San dara feacht: gur bhuaidh poib- leacha agus náisiúna eile saoirse d'éis trí gcéad bliadhan de dhaoirse, agus d'éis seacht gcéad bliadhan féin, mar as follus as stair na Spáinne: (3) San tres feacht: go raibh againn sna haimsearaibh ba dhuibhe dár stair, taoisigh móra tréana, agus bliadhana sonais agus saoirse: agus (4) Ar deireadh: gur cóir dhúinn i rith na mbliadhan bheith ag síor-tharraint agus ag síor-strachailt an tslabhra, nó go mbéimid gan lúib ná lorg na lúibe orainn, 'gá chuimhniughadh choidhche go dtáinig ní as mó as ár n-iarrachtaibh agus as ár ngníomhraidh féin ná as trócaire Shasana. (Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services