Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Soillse tré Dhorchadas.

Title
Soillse tré Dhorchadas.
Author(s)
Ó Flannghaile, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Soillse tré Dhorchadas;

Aimseara soillseacha 'lár dubh-staire
déidheannaighe na hÉireann.



TOMÁS Ó FLANNGHAILE DO SCRÍOBH.



I. — RÉAMHRÁDH.



Seacht gcéad bliadhan ó shoin do chaill
Éire a saoirse réir na hamhdála coitchinne
as gnáth le hÉireannachaibh; seacht gcéad
bliadhan ó shoin bhuaidh na Sasanaigh Éire
d'aon bhuille — d'aon bhuille amháin — agus
chuireadar deireadh leis an ngnó. Mar so
deir na Sasanaigh féin linn 'na starthachaibh,
agus mar so as mian leo a chur in umhail
don domhan.



Acht go deimhin is fír-bheagán don cheart
ná don fhírinne atá san scéal so. Uimhir
gheasrógach, phisreógach a Seacht, agus is gnáth
le daoinibh a cleachtadh go minic gan bhun
gan bhunudhas, agus is gnáth leo uimhreacha as
lugha do mhéadughadh agus do mhórughadh go
rigid an Seacht séanta so. Bhí "Seacht
n-ionganta an domhain" ann, "Seachtar
fear-feasa na Gréige," "Seacht n-aoise
an duine" — ba ghnáth le daoinibh trácht ar
"na seacht dteangthaibh" — nó go bhfuar-
adar scéala go raibh iomad eile de theang-
thaibh san tsaoghal; do chreididís na daoine
'sna "Seacht bPlainéadaibh" nó réalta
móra na spéire nó gur fríth plainéada
eile. Againn féin in Éirinn bhí seacht
ngrádhacha nó céimeanna na bhfileadh, seacht
dteampuill Chluana mic Nóis, agus an
iomad eile do na seachtaibh. Beag an
t-iongnadh má thárla tré ath-rádh na cabair-
eachta so ag na Gallaibh agus a gcáirdíbh
in Éirinn gur chromamar féin ar an scéal
do chreidsin agus an focal do labhairt ó
bhéal go béal. Acht bhí na Gaill 'gá rádh so
agus 'gá ath-rádh in ar gcluasaibh d'aon-
toisc — ar chor go dtasbáinfidís fad a
gceirt agus a gcumhachta in Éirinn, agus
méid na Galldachta as cóir bheith orainn
d'éis an oirid sin d'aimsir. Ní chreidid
fíor-Ghaedhil san nGalldacht so — ní ghéill-
eann siad di.



Leis an bhfírinne a rádh bhí an chuid as mó
d'Éirinn ag caitheamh a saoirse go dtí an
Cath Chinntsáile sa bhliadhain míle sé-déag
'sa dó. Níl amhras i rith na seiseadh aoise
déag nach gcluinimíd trácht corr-uair ar Ó
Néill na Bainríoghna, ó Raghallaigh na
Bainríoghna Mag Uidhir na Bainríoghna, acht
is follus as ár seanchus féin go raibh Éire
beagnach saor go dtí tuitim Uí Néill i
ndiaidh Chinntsáile. Uime sin is córa a
rádh nach raibh Éire faoi lán-smacht na


L. 370


nGall ní as faide ná trí chéad bliadhan —
sé sin, an tseachtmhadh aois déag, an t-ocht-
mhadh agus an naomhadh aois déag — fada
ar ndóthain a déarfaidh sibh — ró-fhada go
mór adeirim-se féin.



Acht i seanchus an tsaoghail léighmíd gur
b'iomdha an pobul do chaith trí chéad bliadhan
i ndaoirse, agus do bhuaidh siad a saoirse
'na diaidh. Do réir aon áirimh bhí clanna
Íosráil ceithre céad agus tríocha bliadhan
faoi smacht na nÉigipteach, réir áirimh eile
ní rabhadar san Éigipt acht dá chéad
bliadhan as cúig déag — 'na dhiaidh sin as
uile do bhuaidh siad a saoirse — gan amhras
tré chumhacht Dé tugadh dhóibh go follus,
fír-dhíreach.



Acht a ndeárnadh gníomh mór riamh gan
chungnamh Dé? Bhí na Briotanaigh — sean-
mhuintir na Breataine Móire beagnach
ceithre céad bliadhan faoi riaghail na Romh-
ánach; tháinig deireadh na riaghla sin ó
mhórán d'ádhbharaibh — ádhbhar díobh de bhrigh
gur dheacair don Chumhacht Romhánaigh a
críocha agus a cúigidh thar lear do chong-
bháil; ádhbhar eile, chuir na Scuit ó Éirinn
agus na Cruithnigh ó Albain an scannradh sin
ortha gur mhaith leis na Romhánachaibh
imtheacht leo as an tír go deo. Féachaidh
arís ar na Gréagachaibh — feadh beagnach
ceithre céad bliadhan do mhaireadar-san
i sclábhaidheacht do na Turcachaibh — cuireadh
deireadh leis an riaghail sin i dtosach na
naomhadh aoise déag agus beag nach in ár
laethibh féin. Ní hé sin amháin, tré sheacht
gcéad bliadhan do riaghluigh na Múraigh
i ndeisceart na Spáinne, agus tháinig
críoch na daoirse fada sin, agus b'éigean
do na Múrachaibh fá dheoidh dul ar ais gus
an Afraic as a dtángadar ar dtús.



II. — ÉADBHARD BRÚS 1315-1318.



Dubhras cheana, feadh na gceithre céad
bliadhan d'éis eachtra an dara Hanrai go
hÉirinn san bliadhain míle céad as aen
déag ar trí fichid (1171), go raibh muintir
as flatha na hÉireann beagnach saor go
hiomlán ó righ nó riaghail Shasana. Is fíor
go raibh Baile Átha Cliath agus Portláirge
agus cathair Chorcaighe agus beagán do na
cóntaedhibh i dtimpeall Bhlátha Cliath i seilbh
na nGall; acht bhí an chuid eile d'Éirinn sé
sin an chuid as mó go fíor-Ghaedhealach fós
in a mbéasaibh, in a mbeatha agus in a ndligh-
thibh: tuilleadh ar sin, ba mhinice d'íocadar
na Gaill cíos agus cáin do na Gaedhealaibh
ná d'íoc na Gaedhil leo-san. Acht 'sna
laethibh sin féin tá a dó nó a trí d'aim-
searaibh shoillsigheas go mór-mhór seach na
haimseara eile.



Ar dtús tabhramaois faoi n'ár n-aire
réim agus riaghail Éadbhaird Brús i nÉirinn.
Tá an aimsear chomh onórach agus chomh
glórmhar sin do na hÉireannachaibh agus do
na hAlbanachaibh go léigeann na seanchaidhe
Gallda di ar fad, gan focal do rádh uirre
nó innsid dearg-bhréag ar an scéal go
hiomlán, gan innsin dúinn acht go ndeach-
aidh Éadbhard Brús go hÉirinn acht do
marbhadh é sa' bhliadhain míle trí chéad agus
ocht-déag (1318). Do mheasfadh sibh go
dtáinig an Brúsach lá n-aon, agus gur
marbhadh é an lá 'na dhiaidh! Ní mheasfadh
sibh ar aon chor gur b'aon do na ceannaibh-
feadhna ba threise 's ba chumasaighe le
Robard Brús é — an rí do bhuaidh Bannoc-
burn (nó Alt an Bhonnaigh mar ghoireann na
hAlbanaigh féin don chath chlúmhail sin) — gur
b'é san bhliadhain míle trí chéad as cúig
déag (1315) do tháinig Eadbhard Brús go
hÉirinn — sé sin an bhliadhain i ndiaidh
Bhannocburn — gur bh'é Domhnall Ó Néill
rí Uladh agus taoisigh eile an tuaisceirt
do chuir cuireadh chum an Bhrúsaigh teacht go


L. 371


hÉirinn, go ndeárnadh a chrónughadh ar
Chnoc na Maoileann i ngar do Shrád-bhaile
Dúin-dealgan — gur ghéill trí cheathramhna
na tíre dhó mar árd-rí na hÉireann, go
bhfuair sé buaidh ar na Gallaibh i mórán de
chathaibh, gur ghabh sé mórán d'á gcaisleán-
aibh agus dá gcatharchaibh, gur mhair sé agus
riaghluigh sé in Éirinn trí bliadhna go leith
ag cailleadh a bheatha fa dheireadh i láthair
an chatha láimh leis an Srádbhaile, an ceath-
ramhadh lá déag de mhí dheiridh an Fhoghmhair
míle trí chéad agus ocht déag (1318). Is
minic thig scrios ar cúis ó bhás an taoisigh.
Fuair Brian bás i gCluain Tarbh acht bhí an
lá cheana ag na Gaedhealaibh. Is minic
i gcúrsaibh an tsaoghail tháinig diombuaidh i
gcath agus scrios ar tír ó chailleamhain righ
nó taoisigh.



ART MAC MURCHADHA 1375-1416.



Ní as oirdhirce agus ní as glórmhaire go
mór ná sin caithréim Airt Mhic Mhurchadha
righ Cúigidh Laighean. Do casadh prionnsai
Gallda agus fir-ionaid an righ Shasana go
minic leis i gcath agus do rug sé an bárr
orra — do ghabh sé uatha a gcaisleáin agus a
ndaingeana móra, mar tá Ceatharloch,
Fearna mhór, Inis-corthaigh agus iomad
eile: faoi dhó do tháinig an dara Riocard
rí Shasana féin 'na aghaidh le sluagh mór
chum Art Mac Murchadha do chlaoidh agus
do bhuadhachtain — acht níor chlaoidh sé as nír
bhuaidh sé sean-leoghan na Laighneach: acht
sé do thárla gur b'éigean do Riocard dul
abhaile ar ais, agus a shluaighte uile go
briste, buailte, bataráilte. Le dá-fhichid
bliadhan bhí buaidh agus bárr ag Art ar
gach uile chumhacht ó Shasana agus leis na
deich mbliadhanaibh deireannacha bhí síothcháin
in a thír ón gceann go chéile. Agus cuimh-
nigidh ar seo — nírbh' i gcríoch ná i gcúigeadh
iargcúlta do thárla, áit ar lag cumhacht na
nGall, nírbh' i dTír Chonaill é ná i dTuadh-
mumhain ná i gCiarraighe, acht i gCúigeadh
Laighean, ag dóirsibh Bhláth-Cliath, an cúig-
eadh as foisce do Shasanaibh, an cúigeadh as
gnáth a mheas gur b'í an chuid as Gallda
d'Éirinn í. Acht tá fhios againn go maith
gurb' ins na laethibh déidheannacha fós thug
cúigeadh Laighean, tír chlann Mhic Mhurchadha,
ua mBroin, ua dTuathail, agus ua gCaomh-
ánaigh, sompla croidhe agus crodhachta do
mhuintir Chonnachta agus Uladh agus Mumhan
— glóir agus clú na hÉireann go deo é!



Acht cheana tá aimsear agus gníomhradh
Mhic Mhurchadha chomh clúmhail agus chomh
onórach do Chlannaibh Gaedheal & chomh neamh-
onórach sin do Chlannaibh Gall go léigid
faoi lár ar fad iad, gan fiu an fhocail do
rádh orra, nó ní as measa ná sin, go n-inn-
sid dearg-bhréag ar an scéal go huile —
'gá chur in umhail gur réim bhuaidheach ar
fad an dá chuairt do thug an dara Riocard
ar Éirinn, ag críochnughadh cura na tíre sin
faoi smacht na nGall — láin-éitheach na
fírinne! Má's duine de chlainn Mhic Mhur-
chadha — Diarmaid na nGall — ar a bhfuil an
milleán gur b' eisean do thug na Sasanaigh
ar dtús go hÉirinn do scriosadh amach an
feall sin agus do cuireadh an t-ainm in
onóir arís go deo le dílse, le cródhacht, 's
le gníomhraidh duine d'á shliocht, Art Mac
Murchadh Caomhánach.



AODH Ó NÉILL: 1592-1602.



Gabhamaois thart ón gceathramhadh aois
déag agus ón gcuigeadh aois déag — téidh-
míd go haimsir as oirdhirce agus as
troime gníomhradh — an tseiseadh aois déag.
Fuair Seaghan ó Néill] clú mhór i lár an
chéid bhliadhan sin ag cosnamh a sheilbhe féin
in aghaidh na bainríoghna Eilíse; acht 'na


L. 372


dhiaidh sin as uile nír b'ionann Seaghan as
Aodh — agus mar mheasaim féin níl aon
chosamhlacht eatarra. Ba bheag le Seaghan
an chuid eile d'Éirinn chomhfhad as bhí
Cúigeadh Uladh saor – chomhfhad as nár
baineadh le n-a sheilbh féin. Ní hé sin
amháin, chomh fada as bhí a oidhreacht féin
Tír-Eoghain gan baoghal gan buaidhreadh, ba
chuma leis Tír-Chonaill nó cuid eile don
chúigeadh, agus do dhéanadh sé ionnsaighe
orra chomh luath agus ar na Sasanachaibh
féin. Éire 'na haon-righeacht go mór as go
saor, Éire 'na náisiún fa leith, nír bhuaidhir
an smuaineadh sin ceann Sheaghain riamh, ní
dheacaidh sé 'na cheann ar aon chor. Don
taoibh eile, ba hoirdhearc Aodh ó Néill, ní
hé amháin mar ghaiscidheach agus fear-catha,
acht mar fhear mór stáit. Tá sé go mór,
ní hé amháin de bhrigh gur cheap sé ar
Éirinn uile 'na haon-righeacht láidir – ní hé
amháin gur chuir sé in aghaidh na bainríoghna
Eilíse aon do na huachtaránaibh ba threise
dár ghabh Sasana riamh — acht de bhrigh go
rug sé an bárr le haimsir fhada, agus
go raibh sé go fír-chinnte 'na righ ar Éirinn
feadh beagnach deich mbliadhana — sé sin
ó mhíle cúig céad as dó dhéag ar ceithre
fichid go míle sé céad sa dó.



Ar áis nó ar éigean do tharraing sé beag-
nach Éire go huile in aon cheangal, in aon
chombáidh, do réitigh sé na heasaontaidh,
thug a fhlaitheas 'sa oidhreacht féin do gach
taoiseach, rinne sé ridirí agus iarlaí, chuir
sé scoileanna agus coláistí ar bun — in
aonfhocal bhí sé 'na árdrigh ar Éirinn feadh
deich mbliadhan. Réir mo bharamhla-sa, b'é
an flaith ba mhó do Chlannaibh Néill, an
Niallach ba mhó caithréim agus cumhacht dá
dtáinig riamh ó Shliocht Eoghain. Tá comh-
artha agus cruthughadh ar a chumhacht san nidh
seo — agus cruthughadh fós é ar a n-abraim
ar luach aon duine amháin ar uairibh — gur
iarradar na Sasanaigh go minic a mharbhadh
le nimh — seadh go deimhin — nimh in aghaidh an
té nár bhuaidh siad riamh i láthair an chatha.
Tháinig diombuaidh fa dheoidh, mo bhrón, sa
bhliadhain míle sé céad sa dó (1602) agus
do chaith Ó Néill deireadh a shaoghail i ndubh-
achas agus ar deoraidheacht, acht ní cóir
dhúinn a mhóir-ghníomhradh do dhearmad
choidhche.



EOGHAN RUADH Ó NÉILL: 1642-1649.



Is dóigh nach bhfuil i ndán dúinn cúis na
hÉireann d'fhághail bháis go deo. Cia gur
chaill Éire an lá i gCionntsáile, cia go
bhfuair Ó Néill bás ar deoraidheacht gan
dóigh, gan dóchas dá thír, nír ghabh fós fiu
aon ghlúine amháin thart gur éirigh Éire arís
as a luaithreadh. Faoi cheannas Niallaigh
eile do chímíd bearta agus gníomhradh
Aodha ar n-a ndéanadh arís, na caisleáin
as na bailte móra dá ngabháil ag Clann-
aibh Gaedheal, Clanna Gall ar teitheadh fa
scannradh, dhá dtrian na hÉireann saor
ó smacht na nGall le seacht mbliadhnaibh, sé
sin, ón mbliadhain míle sé déag as dó ar
dá fhichid go míle sé céad as naoi ar
dá fhichid. Do rinne an pápa féin le
hÉirinn mar le cumhacht nó náisiún saor
fa leith chum a dtiucfadh leis a láin-theach-
taire féin do chur, agus do chuir fós.



Bhí Éire faoi n-a riaghaltas féin leis na
bliadhnaibh sin, faoi'n gComhairle Náisiúnta
de Ghaedhealaibh agus de Ghall-Ghaedhealaibh,
ag bualadh a cuid airgid féin, ag cur a
leabhar agus a scríbheann in a clódh féin.
Acht do thárla cia nár fhéadadar na Gaill
Eoghan Ruadh do bhualadh ar pháirc an chatha,
gur fhéad siad a mharbhadh le nimh, mar
d'iarradar a dhéanamh go minic roimhe sin
in aghaidh flathadh agus ríogh na hÉireann.


L. 373


Fuair sé bás ó nimh d'ól tré fhíon ag
féasta chum a bhfuair sé cuireadh. B'é
seo a oidheadh cia gur cuireadh ceist agus
amhras ar an scéal. Do mharbhadar é sul
ar casadh le Cromull é — creidim féin gur
mhó an taoiseach catha é ná Cromull, agus
dá gcasfaidhe ar a chéile iad, badh subhach
stair na hÉireann ó shoin a leith.



PÁDRAIC SÁIRSÉAL: 1686-1691.



San bhliadhain míle sé céad agus sé ar
ceithre fichid do rinneadh an Talbóideach
'na fhear ionaid an righ leis an dara righ
Séamus — an céad fhear-ionaid Catoilice
ó thúis na Protastántachta in Éirinn. Cia
bé rud badh mhian linn a radh ar righ
Séamus, níl amhras nach raibh deagh-rún aige
in ár dtír chomhfhad as bhí ceannas nó
cumhacht aige san tír. Cuireadh na hain-
dlighthe ar gcúl, do hullmhuigheadh arm
tríochadh míle fear le cosnamh na cúise
Catoilicighe, cuireadh na Catoilicí in áird-
chéim, agus nuair ráinig Séamus féin go
Blátha-cliath, do thoinóil sé Párlamaint. Insa
Phárlamaint sin toghadh na fir-feise as na
sean-mhuintearaibh Gaedhealacha agus as na
sean-Ghallaibh, ionnas gur bh'í an chéad
fhíor-Phárlamaint Ghaedhealach bhí san tír ó
theacht na nGall.



Acht cia go raibh rún maith ag Séamus,
agus gur iarr an Talbóideach maith do
dhéanamh, b'é Pádraic Sáirséal an tÉir-
eannach do b'fhearr agus ba mhó san aimsir
sin agus go sonnradhachle trí bliadhnaibh
an chogaidh (1689-90-91). Cuireadh cath na
Bóinne, cailleadh Eachdhruim, agus fa dheoidh
do ghéill Luimneach — Luimneach na laoch —
ar connradh. Acht cheana, is follus dá
n-imeochadh aon teagmhas amháin ar Uilliam
san lá sin, bheadh athrughadh scéil ar an
gcogadh agus ar sheanchus na hÉireann ó
shoin anuas. Do tháinig Uilliam as bualadh
na Bóinne ní headh go deimhin tré n-a
chródhacht ná a chalmacht acht tré n-a chríonn-
acht agus tré n-a dheagh-rath; acht dhá
dtuitfeadh sé san chath sin, bheadh deireadh
le n-a chúis — ní bheadh aon rud eile ar
a ndéanadaois troid; bheadh Séamus 'na
righ ar Éirinn, muna raibh ar na trí ríogh-
achtaibh, agus is dóigh go dtosnóchadh sé
líne nuadh de righthibh na hÉireann. Agus
da dteangmhóchadh nár thuit San Rút in
Eachdruim b'fhéidir go dtiucfadh leis an
chúis do chur fa rath, agus go mbeadh scéal
nach é le hinnsin indiu. Nach mór atá
ar bheatha duine amháin ar uairibh?



HANRAI GRATÁN 1780-1790.



B'fhéidir gur b' í an t-ochtmhadh aois déag
an aimsear as duibhe, dona, dobhrónaighe i
stair uile na hÉireann. Acht 'na dhiaidh
sin bhí againn san aimsir úd féin laethe
sona soillseacha, agus do tháinig an solus
as áird nár ghnáthach. Hanrai Gratán is
eadh an fear do thug an solus san aimsir
sin. Ní mian liom trácht ar shaoghal an
Ghratánaigh ar fad — ní riachtanach é — agus
mo bhrón! do thuit an Gratánach féin ó
chosnamh cúise na hÉireann i ndeireadh a
shaoghail, & d'éisteadh sé go sástach umhal le
ceisteannaibh na tíre, gan mórán triob-
lóide do chur air féin. Acht ón bhliadhain
míle seacht gcéad as ceithre fichid (1780)
nuair do thóg sé ar dtús ceist Saoirse
Párlamainte na hÉireann go deireadh na
ndeich mbliadhan ná diaidh, an chuid as
lugha de — cia go raibh na Catoilicí faoi
throime na n-ain-dlighthe fós — 'na dhiaidh sin
as uile bhí saidhbhreas mór san tír, bhí mórán
cóimhcheannaigh thar lear, bhí na Catoilicí as
na Protastántaigh ag teacht le chéile, agus
ag cur aitheantais ar a chéile, bhí na céirde


L. 374


as na healadhna ag dul ar aghaidh, cuireadh
ar bun an Acadamh Éireannach i mBlátha-
cliath, agus concas dár dtír bheith 'na
náisiún arís. Acht cuimhnigidh ar so — b'é
sin aimsear na Bholóintíreach, nó saighdiúirí
cathardha na hÉireann. Fear Párlamainte
bhí san Ghratánach — fear deagh-labhartha —
acht níor chuir an deagh-labhairt seo púicín
air. Bhí fir deagh-labhartha in Aimériocá,
acht ba mhaith an cúl-báire don deagh-
labhairt sluaighte armtha, agus taoiseach
maith catha, agus do bhuaidh siad-san a
saoirse. Is amhlaidh seo dubhairt an
Gratánach féin i dtigh na Párlamainte:
"D'éirigh mo thír," ar seisean, "ó sclábhaidh-
eacht go harmaibh, agus ó armaibh go
saoirse!"



San leictiúr geárr so ní thugas isteach
mórán don nuadh, ná de na nuaidh-scéal-
aibh — ní dheárnas acht cuid bheag d'ár sean
chus do chur i gcuimhne d'ár muintir arís,
óir is forus dearmad do dhéanadh air. Seo
beagán de na rudaibh ar a ndeárnas
trácht, ruda cuirthear ar dearmad go
minic:



(1) Ar dtús: gur b'é fad daoirse na
hÉireann ní hé seacht gcéad bliadhan, acht
an chuid as mó de, trí chéad bliadhan —
agus tá fhios ag Dia gur fada go leor sin
féin:



(2) San dara feacht: gur bhuaidh poib-
leacha agus náisiúna eile saoirse d'éis trí
gcéad bliadhan de dhaoirse, agus d'éis
seacht gcéad bliadhan féin, mar as follus
as stair na Spáinne:



(3) San tres feacht: go raibh againn
sna haimsearaibh ba dhuibhe dár stair,
taoisigh móra tréana, agus bliadhana sonais
agus saoirse: agus



(4) Ar deireadh: gur cóir dhúinn i rith
na mbliadhan bheith ag síor-tharraint agus
ag síor-strachailt an tslabhra, nó go
mbéimid gan lúib ná lorg na lúibe
orainn, 'gá chuimhniughadh choidhche go dtáinig
ní as mó as ár n-iarrachtaibh agus as ár
ngníomhraidh féin ná as trócaire Shasana.



(Críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services