Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Badh mhaith linn a chur i n-umhail do léightheóiribh an pháipéir seo go bhfuil Imleabhar a Dó de SHEANMÓIRÍ MHUIGHE NUADHAT ar fagháil anois. Leath-choróin a fhiacha. Ó tháinig an chéad leabhar amach tá breis suime á chur i seanmóintibh Gaedhilge, agus isé ár dtuairim-na go dtiocfadh a lán eile tharbhe as an darna cuid seo. Féibh mar a dubhramair nuair a tháinig an chéad leabhar amach, d'fhóbair gur cailleadh ciúta na seanmóntacht sa Ghaedhilg. Nhí'l baoghal air feasta, ámh. Go deimhin badh dheacair do dhuine a mhalairt de thuairim a bheith aige agus na leabhair seo á gcur amach; agus féach an saothrughadh atá á dhéanamh ar an dteangain i Muigh Nuadhad. Ní gábhadh adhmad an leabhair seo a mholadh do sna daoinibh go bhfuil an chéad leabhar scrúduighthe aca. Ar aon nós atáid. Tá trí cinn déag de sheanmóintibh againn annso, agus gabhaimíd-na orainn go bhfuighidh gach duine ann seóda a thaithneóidh leis. Tuillid mic léighinn Chonnradh Chuilm Naomhtha an t-an-mholadh i dtaobh a saothair, is tá súil againn go gcúiteófar dá bhárr iad abhfus is san tsíoraidheacht. Táid ag geallamhaint Leabhar a Trí dhúinn i gcóir na bliadhna so chughainn. - Leabhar eile atá ar n-a chur amach ag Connradh Chuilm Naomhtha is ead EOGHAN RUADH UA NÉILL; nó Ar Son Tíre agus Creidimh. Sidé an tÚrchluithche do léirigheadh i Muigh Nuadhad tá tamall ó shoin ann, is gur tugadh an moladh go léir dó. Tá sé ar na húrchluithchibh is fearr dár frioth againn go dtí so, agus, de réir mar airighimíd, chífar age Feis na Mumhan arís é. Is beag áit i nÉirinn ar an dtaobh amuigh de Cholláiste Muighe Nuadhad gur bh'fhéidir é léiriughadh toisc líonmhaireacht na foirne ann agus liacht na radharca. Ar dheilbh Shakespeare do cuir- eadh é, acht tháinig sé as ar mhíneacht sheóidh. Naoi bpingne, glan, a fhiacha. Is féidir é féin agus na Seanmóirí d'fhagháil ó Mhuinntir Ghill i mBaile Átha Cliath. - Ag cur fáilte roimh IMTHEACHTA AENIASA níor chóir dúinn gan a ghradam a thréaslughadh don Urr. Seóirse Cálder. Is é seo a chéad iarracht, agus, máiseadh féin, iarracht thréan is eadh é. Tá scéal Aeniasa ar fad againn annso, agus féadfar tuair- im a thabhairt ar an saothar a bhí ag baint leis, nuair adeirimíd go bhfuil dhá chéad leathanach ar fhaid fá'n scéal is fá'n aistriughadh. N-a theannta-san tá Romhrádh ag gabháil leis is foclóirí i ndeireadh an leabhair. As Leabhar Bhaile an Mhóta do baineadh an scéal so. Badh mhaith linn, dá mbeadh slighe chuige
annso, beagán de chainnt líomhtha Sholaimh Uí Dhroma do chur os comhair ár léightheóirí. Comhairlighimíd dóibh, ámh, an leabhar d'fhagháil agus míon-scrúdughadh a dhéanamh air. Ní'l an Ghaedhilg ró-sheannda ar fad. Le beagán congnaimh ó'n aistriughadh féadfaidh éinne go bhfuil Gaedhilg na haimsire seo aige é léigheamh. B'fhéidir go neósadh duine éigin an scéal i nGaedhilg sho-thuigseanna. Isé seo an Sémhadh Imleabhar de leabhraibh Chumann na dTéacs Gaedhilge, agus ní hé an ceann is measa aca é. Tabhairfidh sé daltaí nua chucha. Tá súil againn go mbeidh glaodhach maith ar an leabhar so agus ná beadh leabharlainn i nÉirinn dá éaghmuis. - Féadfam seódh d'fhoghluim fós ó mhuinntir na hAlbann. Is fada romhainn-na amach iad i n-a lán neithe ag baint le cúrsaí na Gaedhilge. B'fhéidir ná fuil an oiread fothrom aca a déanamh is atá againn- a, acht ní fhágann soin ná go mbeadh rud éigin fógh- nnta á chur chun chinn aca. Do cuireadh amach an lá fé dheireadh an cúigmhadh imleabhar ar fhichid de TRANSACTIONS OF THE GAELIC SOCIETY OF INVERNESS, agus do b'fhiú dá lán againn an leabhar so d'fhagháil agus é léigheamh go haireach. Do b'fhéidir dhúinn a fhoghluim as cionnus badh cheart chur chun rudaí áirithe a dhéanamh — rudaí go bhfuil bárr faillighe againn ionnta abhfus i nÉirinn. Tá aiste bhreagh san leabhar so ag cur síos ar "Sutherland Gaelic," agus nach é an scrios is an scóladh é gan an rud céadna á dhéanamh i leith canamhaintí na hÉir- eann. Nuair a bhíonn cruinn-eólus ag duine ar a chanamhaint fhéin, sé céad rud eile is ceart dó a dhéanamh ná eólus a chur ar chanamhaintíbh eile na Gaedhilge. Níor mhiste a dtuairisc d'fhagháil i n-áit éigin seochas dul i dtaisteal na tíre ar a lorg. Tá ré na "scoláirí mbocht" imthighthe. Tá beagán le fagháil againn thall 's abhfus, acht ní fuláir an obair a dhéanamh go hiomlán is go healadhnta. Taithneóidh an leabhar so go maith le muinntir na Gaedhilge. Tá dhá scéal bhreaghtha Gaedhilge ann, .i. "Turus Ruairidh do'n Exhibition" agus "Sgeulacht Cois' O Céin" nó Sgeulacht Coise Céin. Is beag Gaedhilgeóir i nÉirinn ná tuigfeadh an dá scéal so, agus do b'fhiú d'éinne iad do léigheamh. Tá súil againn go mbeidh suim nach fálta dhen leabhar thaitneamach so á chur i dtreó na hÉireann. - Níor dhóigh leat ar Énrí Ó Mhuirgheasa gur bh'fhear grinn é. N-a dhiaidh-san, féach na tuilte grinn a scéidheann sé uaidh! Sidé againn uaidh an seachtmhadh cuid de GHREANN NA GAEDHILGE. Tá timcheall fiche ceann de scéilíníbh beaga grinn san ndornlaigh seo agus aiste agus déanamh na gceann eile air. Ní'l greann na Gaedhiilge tráighte fós agus tá súil againn gur fada go raghaidh tobar Énrí i ndísc. Dá dtéigheadh an t-ughdar ag fiosrughadh an Iarthair is an Uachtair, gheobhadh sé suaicheantuis grinn ionnta. I n-uimhir na Márta den "Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland" tá aiste bhreagh i gcló ó W. F. Butler, M.A., F.R.U.I., ar "The Lord- ship of Mac Carthy Mór". Éinne a chuireann suim i seann-dálaibh na Mumhan badh cheart dó an aiste seo a scrúdughadh. - Bíodh léightheóirí an IRISLEABHAIR ag féachaint amach do "Mheascán Múscraighe", suim scéalta i gcanamhain Deasmhuman. Deir an Laoideach linn gur gearr go mbeid siad ullamh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services