Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Badh mhaith linn a chur i n-umhail do léightheóiribh an
pháipéir seo go bhfuil Imleabhar a Dó de SHEANMÓIRÍ
MHUIGHE NUADHAT ar fagháil anois. Leath-choróin a
fhiacha. Ó tháinig an chéad leabhar amach tá breis
suime á chur i seanmóintibh Gaedhilge, agus isé ár
dtuairim-na go dtiocfadh a lán eile tharbhe as an
darna cuid seo. Féibh mar a dubhramair nuair a
tháinig an chéad leabhar amach, d'fhóbair gur cailleadh
ciúta na seanmóntacht sa Ghaedhilg. Nhí'l baoghal air
feasta, ámh. Go deimhin badh dheacair do dhuine a
mhalairt de thuairim a bheith aige agus na leabhair
seo á gcur amach; agus féach an saothrughadh atá á
dhéanamh ar an dteangain i Muigh Nuadhad. Ní gábhadh
adhmad an leabhair seo a mholadh do sna daoinibh go
bhfuil an chéad leabhar scrúduighthe aca. Ar aon nós
atáid. Tá trí cinn déag de sheanmóintibh againn
annso, agus gabhaimíd-na orainn go bhfuighidh gach
duine ann seóda a thaithneóidh leis. Tuillid mic
léighinn Chonnradh Chuilm Naomhtha an t-an-mholadh i
dtaobh a saothair, is tá súil againn go gcúiteófar
dá bhárr iad abhfus is san tsíoraidheacht. Táid ag
geallamhaint Leabhar a Trí dhúinn i gcóir na bliadhna
so chughainn.



-



Leabhar eile atá ar n-a chur amach ag Connradh
Chuilm Naomhtha is ead EOGHAN RUADH UA NÉILL;
nó Ar Son Tíre agus Creidimh. Sidé an tÚrchluithche
do léirigheadh i Muigh Nuadhad tá tamall ó shoin ann,
is gur tugadh an moladh go léir dó. Tá sé ar na
húrchluithchibh is fearr dár frioth againn go dtí so,
agus, de réir mar airighimíd, chífar age Feis na
Mumhan arís é. Is beag áit i nÉirinn ar an dtaobh
amuigh de Cholláiste Muighe Nuadhad gur bh'fhéidir é
léiriughadh toisc líonmhaireacht na foirne ann agus
liacht na radharca. Ar dheilbh Shakespeare do cuir-
eadh é, acht tháinig sé as ar mhíneacht sheóidh. Naoi
bpingne, glan, a fhiacha. Is féidir é féin agus na
Seanmóirí d'fhagháil ó Mhuinntir Ghill i mBaile Átha
Cliath.



-



Ag cur fáilte roimh IMTHEACHTA AENIASA níor
chóir dúinn gan a ghradam a thréaslughadh don Urr.
Seóirse Cálder. Is é seo a chéad iarracht, agus,
máiseadh féin, iarracht thréan is eadh é. Tá scéal
Aeniasa ar fad againn annso, agus féadfar tuair-
im a thabhairt ar an saothar a bhí ag baint leis, nuair
adeirimíd go bhfuil dhá chéad leathanach ar fhaid fá'n
scéal is fá'n aistriughadh. N-a theannta-san tá
Romhrádh ag gabháil leis is foclóirí i ndeireadh an
leabhair. As Leabhar Bhaile an Mhóta do baineadh an
scéal so. Badh mhaith linn, dá mbeadh slighe chuige


L. 368


annso, beagán de chainnt líomhtha Sholaimh Uí Dhroma
do chur os comhair ár léightheóirí. Comhairlighimíd
dóibh, ámh, an leabhar d'fhagháil agus míon-scrúdughadh
a dhéanamh air. Ní'l an Ghaedhilg ró-sheannda ar fad.
Le beagán congnaimh ó'n aistriughadh féadfaidh éinne
go bhfuil Gaedhilg na haimsire seo aige é léigheamh.
B'fhéidir go neósadh duine éigin an scéal i nGaedhilg
sho-thuigseanna. Isé seo an Sémhadh Imleabhar de
leabhraibh Chumann na dTéacs Gaedhilge, agus ní hé
an ceann is measa aca é. Tabhairfidh sé daltaí nua
chucha. Tá súil againn go mbeidh glaodhach maith ar
an leabhar so agus ná beadh leabharlainn i nÉirinn
dá éaghmuis.



-



Féadfam seódh d'fhoghluim fós ó mhuinntir na
hAlbann. Is fada romhainn-na amach iad i n-a lán
neithe ag baint le cúrsaí na Gaedhilge. B'fhéidir ná
fuil an oiread fothrom aca a déanamh is atá againn-
a, acht ní fhágann soin ná go mbeadh rud éigin fógh-
nnta á chur chun chinn aca. Do cuireadh amach an lá
fé dheireadh an cúigmhadh imleabhar ar fhichid de
TRANSACTIONS OF THE GAELIC SOCIETY
OF INVERNESS, agus do b'fhiú dá lán againn an
leabhar so d'fhagháil agus é léigheamh go haireach. Do
b'fhéidir dhúinn a fhoghluim as cionnus badh cheart chur
chun rudaí áirithe a dhéanamh — rudaí go bhfuil bárr
faillighe againn ionnta abhfus i nÉirinn. Tá aiste
bhreagh san leabhar so ag cur síos ar "Sutherland
Gaelic," agus nach é an scrios is an scóladh é gan an
rud céadna á dhéanamh i leith canamhaintí na hÉir-
eann. Nuair a bhíonn cruinn-eólus ag duine ar a
chanamhaint fhéin, sé céad rud eile is ceart dó a
dhéanamh ná eólus a chur ar chanamhaintíbh eile na
Gaedhilge. Níor mhiste a dtuairisc d'fhagháil i n-áit
éigin seochas dul i dtaisteal na tíre ar a lorg. Tá
ré na "scoláirí mbocht" imthighthe. Tá beagán le
fagháil againn thall 's abhfus, acht ní fuláir an obair
a dhéanamh go hiomlán is go healadhnta. Taithneóidh
an leabhar so go maith le muinntir na Gaedhilge. Tá
dhá scéal bhreaghtha Gaedhilge ann, .i. "Turus Ruairidh
do'n Exhibition" agus "Sgeulacht Cois' O Céin"
nó Sgeulacht Coise Céin. Is beag Gaedhilgeóir i
nÉirinn ná tuigfeadh an dá scéal so, agus do b'fhiú
d'éinne iad do léigheamh. Tá súil againn go mbeidh
suim nach fálta dhen leabhar thaitneamach so á chur i
dtreó na hÉireann.



-



Níor dhóigh leat ar Énrí Ó Mhuirgheasa gur bh'fhear
grinn é. N-a dhiaidh-san, féach na tuilte grinn a
scéidheann sé uaidh! Sidé againn uaidh an seachtmhadh
cuid de GHREANN NA GAEDHILGE. Tá timcheall
fiche ceann de scéilíníbh beaga grinn san ndornlaigh
seo agus aiste agus déanamh na gceann eile air.
Ní'l greann na Gaedhiilge tráighte fós agus tá súil
againn gur fada go raghaidh tobar Énrí i ndísc. Dá
dtéigheadh an t-ughdar ag fiosrughadh an Iarthair is
an Uachtair, gheobhadh sé suaicheantuis grinn ionnta.



I n-uimhir na Márta den "Journal of the Royal
Society of Antiquaries of Ireland" tá aiste bhreagh i
gcló ó W. F. Butler, M.A., F.R.U.I., ar "The Lord-
ship of Mac Carthy Mór". Éinne a chuireann suim i
seann-dálaibh na Mumhan badh cheart dó an aiste seo
a scrúdughadh.



-



Bíodh léightheóirí an IRISLEABHAIR ag féachaint
amach do "Mheascán Múscraighe", suim scéalta i
gcanamhain Deasmhuman. Deir an Laoideach linn
gur gearr go mbeid siad ullamh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services