Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. II.
Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. II.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn II. Gearóid Iarla, mac Sheáin déidhean- aigh, dá ngairmthí fós Gearóid file; do b'í a bhainchéile Eilíónóír Buitléar, inghean Iarla Urmhumhan, nó de réir druinge eile Inghean Mhic Ristird. Do bhádar triar mac aige, .i. Seán, Séamus, agus Muiris. D'éag sé san mbliadhain 1399. Ba deagh- eólach an druadh agus an draoi an Gearóid seo. Do chosnaimh agus do chaomhain go dródha is go comh-chalma oighreacht a shean is a shinsear, gur éag iar gcaitheamh tríochad bliadhan in' Iarla, gus an mbliadhain 1399; gur thág dá éis a mhac Muiris, noch d'éag gan sliocht i bhfoircheann na bliadhna roimhráidhte. Seán Iarla, mac Ghearóid, do báthadh insan tSiúir ag Árd Fionáin san mbliadh- ain 1400. Sul do rainig leis seo a chró- dhacht féin ná síor-chalmacht a shinsear do
thaisbeánadh, ag dul go Cluain Meala dhó, do báthadh insan tSiúir é, amhail adubhram- air. Tomás Iarla, mac Sheáin do hionnar- bhadh don bhFrainnc le Bráthair áirithe, dá athair, nó fós le Séamus dearbhráthair a athair. D'éag sé sa Normandí, anno 1420. Do chuaidh an Tomás so i n-easumhla ar choróinn na Sacsan; ionnus ar n-a ghairm san gcúis sin, go mba éigean dó dá hfear dhéág barún de Shean-ghallaibh Éireann do thabhairt i slánaibh air go bhfreagróradh sé an lá cinnte san gcúis gcéadna. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh leis freagradh, ionnus gur chailleadar na slána do chuaidh air mórán de thaoibh a ngeallamhna ar a shon agus gur hiompuigheadh a bheatha, a chrodh is a cheathra féin chum foghnaimh don choróinn; agus ar gcaitheamh tréimhse i nÉirinn dó ar uathadh coda is carad do chuaidh don bhFrainnc, gur éag ar deóraidheacht ann, an fichmhadh bliadhain iar bhfagháil gairme Iarla dhó. Séamus Iarla, mac Ghearóid; do b'í a bhainchéíle Máire de Búrc, inghean Tighearna Mhac Uilliam Chloinne Riocaird, .i. Uilliog Óg, mac Uillig; do b'iad a chlann mac Tomás agus Gearóid, Tighearna na nDéis- each; d'éag sé san mbliadhain 1450. Do b'é Séamus so treas mhac Ghearóid do ba Iarla tréimhse roimhe sin, agus dearbhráthair athar an Tomáis roimhráidhte. Do fuair sé ón rígh seilbh sítheóilte saoir-fhearann a shean is a shinsear, ionus iar gcaitheamh tríchad bliadhan go calma comh-chródha in' Iarla, gur éag fá dheóidh. Tomás, mac Shéamuis, Iarla agus fó- rí Éireann; do b'í a bhainchéíle Eibhlín nó Allsún, inghean Tighearna Báróideach. Do baineadh a cheann de i gCathair an Droichid, .i. Droichead Átha, san mbliadhain 1466. Do b'iad a chlann mhac Séamus, Muiris, Tomás SEán, agus Gearóid Mocholpa. Iar ngabh- áil oighreachta dhon Tomás so, ba mhórdhálach a mhóir-éachta. "Ob praeclara gesta Magni cognomen adeptus est," adeir an tUghdar; .i. ó na gníomha do comóradh leis do fuair an fhorainm, .i. Tomás Mór, mac Sheámuis. Do b'ionmhuin ag an gCeathramhadh Éadbhard rí Shacsan, é; óir ba chomhthréan a chomhlann 'n-a choghnach slóigh i naoi gcathaibh i bhfochair an ríogh romhráidhte san imreasán ba fír- mhinic an tráth soin idir threabhaibh an dá tigh York agus Lancaster. Agus iar ngabháil buadh fá dheóidh d'Eadbhard, — óir do ciorr- bhadh an tráth soin treibh Lancaster go huile, acht Iarla Richmond amháin — gabhas Éadbhard an ríoghacht d'éis sin, agus is fíor- onóireach do friotháladh an tIarla Tomás aige maille re duaisibh dian-mhóra, go dtug gairm fós agus fír-theideal fó-rí Éireann dó. Le teacht go hÉirinn dó, gairmeas an rí ós íseal chuige é, go ndubhairt: "A Thomáis," ar sé, "má's aithne dhuit nídh ar bith oilbhéimeach im réimheas, alos ár gcaradra is ár gcian-mhuinnteardhais craobhscaoil anois dam é." "Nocha n-aithne," ar Tomás, "acht amháin nach bainchéile do dhiongmhála do ghabhais." Do b'í seo baintreabhach Sheoin Grae, .i. An Ridire Órtha, do marbhadh gearr roimhe sin ag St Albans. "Óir dá bhfaghthá thú scaradh léi agus inghean prionnsa príomh-chomhachtaigh éigin do ghlacadh do ba meadhón maith dhuit chun na ríoghachta do chosnamh is do chaomhnadh é." Gabhas an rí buidheachas leis, go ndubh- airt leis gan an nídh sin do nochtadh do neach ar bith eile. Triallas an tIarla a
bhaile, go raibh ar feadh seacht mblidhan dá éis sin ag ceart-riaghlughadh na críche, ccruthughadh fó-ríogh eile in'ionad; agus do mhair go séanmhar síor-shona mór an bliadhan dá éis sin, gus an gcrích chinneamhnaigh do cuireadh le n-a bheathaidh; óir do luigh lámh Dé go trom air de thaoibh na corr-chomhairle do thug don rígh roimhe sin, ionnus gur cailleadh ar an módh so é. Thárla tráth imreasán idir an rígh agus an ríoghain chéadna, Eilís; ionnus gur labh- air an rí go colgach casaoideach léi, agus ar mbeith dhi-se 'n-a mnaoi uaibhrigh árd- aigeantaigh do fhreagair go heasurramach é, ionnus gur fearguigheadh go fíor-mhór an rí go ndubhairt: "Dá leanainn-se comhairle Iarla Deas- mhumhan do bheadh fine agus foircheann let chorr-mhórdhail chinntréin cian ó shion." Isligheas agus umhluigheas an ríoghan, iar n-a chlos soin, don rígh, go dtálra mar ba dleacht síth agus sáir-ionmhuine eatortha dá éis sin; gur agallaimh an ríoghan é, ar n-a fhagháil i módh oireamhnaigh chun fiafraighthe, créad an chomharile sin tug an tIarla dhó dá taoibh féin. Inniseas an rí — gan smaoineamh aige ar olc ar bith do theacht don Iarla de — an chomhairle go hile is go hiomshlán di. Smaoineas sise i n-a mean- main féin créad an modh ar a bhféadfadh díoghaltus do dhéanamh ar an Iarla go neimhfheasach dhon rígh; gur scríbh chun an Iarla Worcester, do ba fó-rí Éireann an tráth soin, litir fá shéala mór na Sacsan — óir do goideadh an séala léi chum na hocáide sin — dá fhógradh dhó i bpéin umhla, Iarla Deasmhumhan do ghairm, agus an tan do gheobhadh fá n-a comhachtaibh é, a dhíth- cheannadh gan fuireach. Iar bhfagháil na litire do Worcester — óir do shaoil gurab ón rígh í — gairmeas an tIarla chuige go Droichead Átha, agus iar dtaisbeánadh na litire dhó, do díthcheannadh ar an láthair sin é. Iar gclos na scéal soin dá chúigear de mhacaibh meara meanmnacha mór-éachtacha, gabhaid a n-airm is tógbhaidh a meirge is a mbratacha maiseacha maoth-shróill, agus gairmid chucha go gach leith a gcaraid a gcomhfhoguis is a compáin, agus gabhaid ag ciorrbhadh ag creachargain is ag cómh- loscadh na críche cian-fhairsinge do gach leith gur shroicheadar geataí Átha Cliath, ag déanamh díoghaltuis agus dian-airgthe .i. n-éiric bháis a n-athar. Do fearguigheadh an rí féin go fíor-mhór ionnus go mbadh éigean don ríoghain teicheadh, agus gur gairmeadh an fó-rí Worcester go Sacsaibh, mar ar dícheannadh é — cé gur thaisbeáin an litir roimhráidhte do shábháil an anma — i n-éiric an ghníomha, agus do mhíniughadh mhóir-fheirge na nGearaltach, is gléire a nglan-tsluagh. Séamus Iarla, mac Thomáis do marbh- adh é maraon is a mhac i Ráth Caola, anno 1487. Iar mbeith dhó is dá comhbhráithribh ag creachadh is ag comh-argain, amhail adubhra- mair, scríobhas an rí go sídheach sár-mhuint- eardha chucha agus iarras ortha gan tuilleadh dochair ná díoghbhála do dhéanamh, agus go madh truagh dhóibh sar-ghlóire a sean is síor- onóir a sinsear do thruailliughadh is do tharchuisniughadh le teideal Rebeliun do thuilleamh dhóibh féin; agus fós dearbhas dóíbh go madh neimhfheasach é féin ar bás a n-athar; agus geallas duaise dian-mhóra dhóibh acht a n-airm do leagadh is tilleadh ar a n-umhlacht; agus iar léigheamh na litre dhóibh, do cinneadh an chomharle sin aca; ionnus iar dteacht chun suaimhneasa dhóibh gur bhronn an rí do Shéamus Pailitíneacht Chiaraighe an tráth soin, agus fós baile is caisleán Dúna Garbháin, go mórán de
phrímhléidibh eile dhó féin agus dá shliocht go bráth. Do ba iarla gach n-aon de chúigear mac Thomáis acht Gearóid amháin; go bhfuair sin Mocholpa is Cois Brighde uile mar bheatha dhó féin; agus isé céadfa gach n-aon go mairid a shliocht so, cé íseal, gus indiu. Do ba dhearbhráthair don Tomás so Gearóid ó dtáinig Tighearna na nDéiseach. Ba fear glic gasta glain-chéillidhe an Séamus so, is d'fhairsingigh a bheatha go fíor-mhór le dochar sa nGaedheal. Iar gcaitheamh cúig mbliadhan go foirtiúnach fíor-shonaí in'iarla do marbhadh, go feasach dá ghaol fáin, agus fós de réir druinge dá dhearbhráthair SEán, i n-a dhún is i n-a dheagh- árus féin i Ráth Caola é. Muiris, mac an Tomáis chéádna, dá ngairmthú Muiris an Charbaid; do b'í a bhainchéile, Eibhlín, inghean Tighearna Róis- tigh; d'éag sé san mbliadhain 1517. Do bhí de mhacaibh aige, Séamus Iarla, agus Tomás, Iar marbhadh Shéamuis, amhail adubhramair, gabhas a dhearbhráthair Muiris an iarlacht, óir d'éag féin gan sliocht. Do fuair alos a chródhachta dá éis sin gairm Mhuiris an Chogaidh. Is díleas do chosnaimh na Gaedhil i n-umhlacht do Choróinn na Sac- san gur éag; gur fhairsingigh go fíor-mhór ar a gcostus a bheatha féin. Do chuir fós Tighearna Muscraighe i braighdeanus, ó n-a bhraith éadmhar i gdtaobh treise is treine Gearaltach. Gidheadh, iar gcaitheamh tríoch- ad bliadhan in' iarla, d'éag. Dá éis sin gluaiseais a mhac Séamus mhac Muiris, go sluagh-bhuidhean leis ag ar- gain Muscraighe, go dtárla dhóibh, idir Mhalla agus Chorcaigh san áit dá ngairm- thear (an) Mhóin Mhór, Cormac Óg Láidir, Tighearna Muscraighe, Mac Cárrthaigh Riabh- ach, agus mórán eile d'uaislibh Gaedheal; gur fearadh an cath cró-linnteach soin eatortha, .i. madhm (na) Móna Móire, mar ar briseadh do na Gearaltaigh; óir, ag tabhairt an chatha, lingeas Tomás Maol an Chunncuis dó ba taoiseach ar marc-shluagh Gearaltach an lá soin le fórsa forráin is le confadh atha, tré línibh is tré ranncaibh a armála féin gur oscail bealach is beárna dhá namhaid; ionnus iar n-a ghearradh agus iar n-a dhian-tuargain le iomarca an- fhorlann go mba éigean dó féin is dar mhair dá mhór-shluagh an machaire do thréig- ean. Dá éis sin do gairmeadh an Séamus mac Muiris seo go Sacsaibh, ar fhuireálamh Chairdional Wolseí; óir do hiomchasaoid- eadh ag an rígh, an t-ochtmhadh Hannraoi, leis an gCairdional go raibh caradra is cian- mhuinnteardhas ag an Séamus so dá chos- namh is dá choimeád leis an gcúigmhadh Cormac rí na hEaspáinne an tráth soin; agus fós go raibh ar a aire ionnsaighe each- trainn do tharraing do chomh-bhuaireamh na críche. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh le Séamus dul go Sacsaibh; óir do ba feasach é go raibh fuath agus fíor-mhioscais ag an gCair- dional do n-a Gearaltaigh, agus fós gur mhór a cheannus is a chomhachta i gcúirt na Sacsan an tráth soin. An tan chonnairc an rí nár fhreagair Seámus an toghairm, scríobhas chun Iarla Chille Dara, do ba fó-rí Éireann an tráth soin, bragha do dhéanamh de Shéamus agus a chur amhla-san go Sac- saibh. Iar bhfagháil na scéal soin d'Iarla Chille Dara ionnsaigheas Deasmhumhain go sluaghaibh is go sochaidhibh sáir-iomdha leis; agus iar mbeidh tréimhse ag taisteal is ag tóraidheacht na tíre triallas tar ais gan a iarraicht do chur i bhfeidhm — ní déarfad cia
aca bhí d'uireasbhaidh air toil nó comhachta chun a chomhbhráthar do chur i gcuan a anma do chailleamhain. Gidheadh, cuireas an Cairdional i gcéill don rígh gur fábhar is fíor-chaomhnadh do rineadh do Shéamus, ionnus gur gairmeadh Iarla Chille Dara go Sacsaibh chun freagra thabhairt don rígh is don Chomhairle san gcúis sin. Dála Iarla chille Dara, le triall go Sacsaibh dhó, fágbhas a mhac oighreachta, Tomás Mac Gearailt, ag caomhnadh is ag ceirt-riaghlughadh na críche dá éis; agus iar ndul i bhfiaghnaise is bhfíor-láthair an ríogh is na Comhairle do chosnaimh is do chaomhain go ceirt-bhriathrach é féin — óir ba dhuine eagnaidhe árd-aigeantach é — ar cheilg, ar choraibh is ar choguas chointinneach an Chaird- ional, ionnus nár himreadh de dhaoirse ná de dhaor-bhruid air acht a chur i nbraighd- eanus i dTúr Lunndain. Dála an Chairdional, téid go neimhfheasach dhon rígh go hárd-choimeáduidhe an Túir, agus d'fhógair dó i bpéin umhla an tIarla, do dhíthcheannadh gan fuireach. Téid an coimeáduidhe leis an uirgheall soin gus an Iarla, agus ba cumhach cásmhar leis é, óir do b'ionmhuin leis an tIarla. Iarras an tIarla air dul agus a fhiafraighe den rígh féin an é do chuir an t-órdughadh soin uaidh. Do tuigeadh don choimeáduidhe a chontabhairt féin ag cur i n-aghaidh an Chairdional; gidheadh téid go déidheannach san oidhche gus an rígh, agus taisbeánas órdughadh an Chaird- ional dó. Do fearguigheadh an rí go fíor- mhór uime sin, ionnus go ndubhairt leis an gcoimeáduidhe gan daoirse ar bith d'imirt ar an Iarla gan órdughadh speisialta a láimhe féin. Gidheadh do coimeádadh an tIarla san Túr go cian dá eis sin, gur chríochnuigh a bheatha ann. Iar leathadh fuar-scéalta fír-bhréagacha ar feadh na hÉireann an tráth soin gur díth- cheannadh an tIarla i Sacsaibh, gabhas a mhac .i. Tomás an tSíoda, ag ciorrbhadh is ag creach-loscadh a raibh de Ghallaibh i nÉirinn an tráth soin; ionnus gur hairgeadh Áth Cliath uile leis go geataíbh an Chaisleáin. Iar gclos na scéalta soin don rígh cuireas fó-rí eile go hÉirinn, go sluaghaibh iomdha leis, ag ceirt riaghlughadh na críche, agus ionnsaigheas líon a sluagh, caisleán cosan- tach Muighe Nuadhad, óir d'fhág Tomás drong-bhuidhean ann do chosnamh an chais- leáin; gidheadh tug an ceann feadhna do bhí orra suas do na Gallaibh go fealltamhail fír-chealgach é, ar mbeith do Thomás i dtuaisceart Éireann ag déanamh tiom- argan sluagh is sochaidhe chun na nua-ghall so do léir-scrios, do leadradh is do láin- díbirt. Iar dteacht tar ais dó, ionnsaigheas féin is an fó-rí, go líon a sluagh a chéile, gur fearadh cath créachtach cró-linnteach eatortha, gan fios time nó tláithe ar cheachtar den dá thaobh, gur chuir an oidhche críoch le n-a gcian-iorghail. Ar maidin ar n-a bháireach, cuireas an fó-rí teachta chun Tomáis ag tairgsin síthe is síothchána dhó, is ag geallamhain dó go dtiubhradh an rí i ndearmad gach ar imthigh thársa, agus go bhfuigheadh féin is a charaid ní bhus mo sochair is sár-onóra uaidh ná bhí aca roimhe sin. Glacas Tomás na tairgseana soin, agus iar mbeith socair síothchánta dhóibh, do rineadh braighde de Thomás is de chúigear dearbhráthar a máthar, gur curieadh amhla- san i n-aon luing go Sacsaibh iad, agus gur díthcheannadh iad gan fuireach. Agus do hiompuigheadh beatha an Iarla chun fóghnaimh is fíor-shochair don choróinn, iar n-éag dó féin san túr an tráth soin; ionnus gur cuireadh foircheann is fíor-chrích leis an
gcraoibh chródha chalma chath-bhuadhaigh sin d'fhíor-stoc Gearaltach, .i. Oighre Chille cian-ársadh Dara, acht amháin Gearóid dearbhráthair don Tomás roimhráidhte do b'óige iná é, agus fuair dá éis sin fear- ainn is fíor-theideal Iarla Chille Dara ón mBainríoghain Máire iar dteacht i gcoróinn di. Triall tar ais, a léightheóir, chum tráchta ar Shéamus mhac Muiris, Iarla Deasmhumhan; óir iar mbeith aon bhliadhain déag i gceannus d'éag sé, gur toghadh is gur toghairmeadh Tomás Maol — .i. dearbhráthair athar Mhuiris, agus treas mhac an Tomáis mhic Shéamuis do díthcheannadh ag Driochead Átha roimhe sin — mar iarla in'ionad. -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services