Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. II.

Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. II.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Craobhscaoile



Gearaltach i nÉirinn



II.



Gearóid Iarla, mac Sheáin déidhean-
aigh, dá ngairmthí fós Gearóid file; do b'í
a bhainchéile Eilíónóír Buitléar, inghean
Iarla Urmhumhan, nó de réir druinge eile
Inghean Mhic Ristird. Do bhádar triar
mac aige, .i. Seán, Séamus, agus Muiris.
D'éag sé san mbliadhain 1399. Ba deagh-
eólach an druadh agus an draoi an Gearóid
seo. Do chosnaimh agus do chaomhain go
dródha is go comh-chalma oighreacht a shean is
a shinsear, gur éag iar gcaitheamh tríochad
bliadhan in' Iarla, gus an mbliadhain 1399;
gur thág dá éis a mhac Muiris, noch d'éag
gan sliocht i bhfoircheann na bliadhna
roimhráidhte.



Seán Iarla, mac Ghearóid, do báthadh
insan tSiúir ag Árd Fionáin san mbliadh-
ain 1400. Sul do rainig leis seo a chró-
dhacht féin ná síor-chalmacht a shinsear do


L. 355


thaisbeánadh, ag dul go Cluain Meala dhó,
do báthadh insan tSiúir é, amhail adubhram-
air.



Tomás Iarla, mac Sheáin do hionnar-
bhadh don bhFrainnc le Bráthair áirithe, dá
athair, nó fós le Séamus dearbhráthair a
athair. D'éag sé sa Normandí, anno 1420.
Do chuaidh an Tomás so i n-easumhla ar
choróinn na Sacsan; ionnus ar n-a ghairm
san gcúis sin, go mba éigean dó dá hfear
dhéág barún de Shean-ghallaibh Éireann do
thabhairt i slánaibh air go bhfreagróradh sé an
lá cinnte san gcúis gcéadna. Gidheadh,
níor bh'ionntaoibh leis freagradh, ionnus gur
chailleadar na slána do chuaidh air mórán
de thaoibh a ngeallamhna ar a shon agus gur
hiompuigheadh a bheatha, a chrodh is a cheathra
féin chum foghnaimh don choróinn; agus ar
gcaitheamh tréimhse i nÉirinn dó ar uathadh
coda is carad do chuaidh don bhFrainnc,
gur éag ar deóraidheacht ann, an fichmhadh
bliadhain iar bhfagháil gairme Iarla dhó.



Séamus Iarla, mac Ghearóid; do b'í a
bhainchéíle Máire de Búrc, inghean Tighearna
Mhac Uilliam Chloinne Riocaird, .i. Uilliog
Óg, mac Uillig; do b'iad a chlann mac
Tomás agus Gearóid, Tighearna na nDéis-
each; d'éag sé san mbliadhain 1450. Do
b'é Séamus so treas mhac Ghearóid do ba
Iarla tréimhse roimhe sin, agus dearbhráthair
athar an Tomáis roimhráidhte. Do fuair sé
ón rígh seilbh sítheóilte saoir-fhearann a shean
is a shinsear, ionus iar gcaitheamh tríchad
bliadhan go calma comh-chródha in' Iarla, gur
éag fá dheóidh.



Tomás, mac Shéamuis, Iarla agus fó-
rí Éireann; do b'í a bhainchéíle Eibhlín nó
Allsún, inghean Tighearna Báróideach. Do
baineadh a cheann de i gCathair an Droichid,
.i. Droichead Átha, san mbliadhain 1466. Do
b'iad a chlann mhac Séamus, Muiris, Tomás
SEán, agus Gearóid Mocholpa. Iar ngabh-
áil oighreachta dhon Tomás so, ba mhórdhálach
a mhóir-éachta. "Ob praeclara gesta Magni
cognomen adeptus est," adeir an tUghdar;
.i. ó na gníomha do comóradh leis do fuair
an fhorainm, .i. Tomás Mór, mac Sheámuis.
Do b'ionmhuin ag an gCeathramhadh Éadbhard
rí Shacsan, é; óir ba chomhthréan a chomhlann
'n-a choghnach slóigh i naoi gcathaibh i bhfochair
an ríogh romhráidhte san imreasán ba fír-
mhinic an tráth soin idir threabhaibh an dá tigh
York agus Lancaster. Agus iar ngabháil
buadh fá dheóidh d'Eadbhard, — óir do ciorr-
bhadh an tráth soin treibh Lancaster go
huile, acht Iarla Richmond amháin — gabhas
Éadbhard an ríoghacht d'éis sin, agus is fíor-
onóireach do friotháladh an tIarla Tomás
aige maille re duaisibh dian-mhóra, go
dtug gairm fós agus fír-theideal fó-rí
Éireann dó.



Le teacht go hÉirinn dó, gairmeas an
rí ós íseal chuige é, go ndubhairt:



"A Thomáis," ar sé, "má's aithne dhuit
nídh ar bith oilbhéimeach im réimheas, alos ár
gcaradra is ár gcian-mhuinnteardhais
craobhscaoil anois dam é."



"Nocha n-aithne," ar Tomás, "acht amháin
nach bainchéile do dhiongmhála do ghabhais."



Do b'í seo baintreabhach Sheoin Grae, .i.
An Ridire Órtha, do marbhadh gearr roimhe
sin ag St Albans.



"Óir dá bhfaghthá thú scaradh léi agus
inghean prionnsa príomh-chomhachtaigh éigin do
ghlacadh do ba meadhón maith dhuit chun na
ríoghachta do chosnamh is do chaomhnadh é."



Gabhas an rí buidheachas leis, go ndubh-
airt leis gan an nídh sin do nochtadh do
neach ar bith eile. Triallas an tIarla a


L. 356


bhaile, go raibh ar feadh seacht mblidhan dá
éis sin ag ceart-riaghlughadh na críche,
ccruthughadh fó-ríogh eile in'ionad; agus do
mhair go séanmhar síor-shona mór an bliadhan
dá éis sin, gus an gcrích chinneamhnaigh do
cuireadh le n-a bheathaidh; óir do luigh lámh
Dé go trom air de thaoibh na corr-chomhairle
do thug don rígh roimhe sin, ionnus gur
cailleadh ar an módh so é.



Thárla tráth imreasán idir an rígh agus
an ríoghain chéadna, Eilís; ionnus gur labh-
air an rí go colgach casaoideach léi, agus
ar mbeith dhi-se 'n-a mnaoi uaibhrigh árd-
aigeantaigh do fhreagair go heasurramach
é, ionnus gur fearguigheadh go fíor-mhór an
rí go ndubhairt:



"Dá leanainn-se comhairle Iarla Deas-
mhumhan do bheadh fine agus foircheann let
chorr-mhórdhail chinntréin cian ó shion."



Isligheas agus umhluigheas an ríoghan, iar
n-a chlos soin, don rígh, go dtálra mar ba
dleacht síth agus sáir-ionmhuine eatortha dá
éis sin; gur agallaimh an ríoghan é, ar n-a
fhagháil i módh oireamhnaigh chun fiafraighthe,
créad an chomharile sin tug an tIarla dhó
dá taoibh féin. Inniseas an rí — gan
smaoineamh aige ar olc ar bith do theacht
don Iarla de — an chomhairle go hile is go
hiomshlán di. Smaoineas sise i n-a mean-
main féin créad an modh ar a bhféadfadh
díoghaltus do dhéanamh ar an Iarla go
neimhfheasach dhon rígh; gur scríbh chun an
Iarla Worcester, do ba fó-rí Éireann an
tráth soin, litir fá shéala mór na Sacsan —
óir do goideadh an séala léi chum na
hocáide sin — dá fhógradh dhó i bpéin umhla,
Iarla Deasmhumhan do ghairm, agus an tan
do gheobhadh fá n-a comhachtaibh é, a dhíth-
cheannadh gan fuireach. Iar bhfagháil na
litire do Worcester — óir do shaoil gurab
ón rígh í — gairmeas an tIarla chuige go
Droichead Átha, agus iar dtaisbeánadh na
litire dhó, do díthcheannadh ar an láthair sin
é. Iar gclos na scéal soin dá chúigear de
mhacaibh meara meanmnacha mór-éachtacha,
gabhaid a n-airm is tógbhaidh a meirge is a
mbratacha maiseacha maoth-shróill, agus
gairmid chucha go gach leith a gcaraid a
gcomhfhoguis is a compáin, agus gabhaid
ag ciorrbhadh ag creachargain is ag cómh-
loscadh na críche cian-fhairsinge do gach
leith gur shroicheadar geataí Átha Cliath, ag
déanamh díoghaltuis agus dian-airgthe .i.
n-éiric bháis a n-athar. Do fearguigheadh an
rí féin go fíor-mhór ionnus go mbadh éigean
don ríoghain teicheadh, agus gur gairmeadh
an fó-rí Worcester go Sacsaibh, mar ar
dícheannadh é — cé gur thaisbeáin an litir
roimhráidhte do shábháil an anma — i n-éiric an
ghníomha, agus do mhíniughadh mhóir-fheirge na
nGearaltach, is gléire a nglan-tsluagh.



Séamus Iarla, mac Thomáis do marbh-
adh é maraon is a mhac i Ráth Caola, anno
1487. Iar mbeith dhó is dá comhbhráithribh ag
creachadh is ag comh-argain, amhail adubhra-
mair, scríobhas an rí go sídheach sár-mhuint-
eardha chucha agus iarras ortha gan tuilleadh
dochair ná díoghbhála do dhéanamh, agus go
madh truagh dhóibh sar-ghlóire a sean is síor-
onóir a sinsear do thruailliughadh is do
tharchuisniughadh le teideal Rebeliun do
thuilleamh dhóibh féin; agus fós dearbhas
dóíbh go madh neimhfheasach é féin ar bás a
n-athar; agus geallas duaise dian-mhóra
dhóibh acht a n-airm do leagadh is tilleadh ar
a n-umhlacht; agus iar léigheamh na litre
dhóibh, do cinneadh an chomharle sin aca;
ionnus iar dteacht chun suaimhneasa dhóibh
gur bhronn an rí do Shéamus Pailitíneacht
Chiaraighe an tráth soin, agus fós baile is
caisleán Dúna Garbháin, go mórán de


L. 357


phrímhléidibh eile dhó féin agus dá shliocht go
bráth. Do ba iarla gach n-aon de chúigear
mac Thomáis acht Gearóid amháin; go
bhfuair sin Mocholpa is Cois Brighde uile
mar bheatha dhó féin; agus isé céadfa gach
n-aon go mairid a shliocht so, cé íseal, gus
indiu. Do ba dhearbhráthair don Tomás so
Gearóid ó dtáinig Tighearna na nDéiseach.
Ba fear glic gasta glain-chéillidhe an
Séamus so, is d'fhairsingigh a bheatha go
fíor-mhór le dochar sa nGaedheal. Iar
gcaitheamh cúig mbliadhan go foirtiúnach
fíor-shonaí in'iarla do marbhadh, go feasach
dá ghaol fáin, agus fós de réir druinge dá
dhearbhráthair SEán, i n-a dhún is i n-a dheagh-
árus féin i Ráth Caola é.



Muiris, mac an Tomáis chéádna, dá
ngairmthú Muiris an Charbaid; do b'í a
bhainchéile, Eibhlín, inghean Tighearna Róis-
tigh; d'éag sé san mbliadhain 1517. Do
bhí de mhacaibh aige, Séamus Iarla, agus
Tomás, Iar marbhadh Shéamuis, amhail
adubhramair, gabhas a dhearbhráthair Muiris
an iarlacht, óir d'éag féin gan sliocht. Do
fuair alos a chródhachta dá éis sin gairm
Mhuiris an Chogaidh. Is díleas do chosnaimh
na Gaedhil i n-umhlacht do Choróinn na Sac-
san gur éag; gur fhairsingigh go fíor-mhór
ar a gcostus a bheatha féin. Do chuir fós
Tighearna Muscraighe i braighdeanus, ó
n-a bhraith éadmhar i gdtaobh treise is treine
Gearaltach. Gidheadh, iar gcaitheamh tríoch-
ad bliadhan in' iarla, d'éag.



Dá éis sin gluaiseais a mhac Séamus
mhac Muiris, go sluagh-bhuidhean leis ag ar-
gain Muscraighe, go dtárla dhóibh, idir
Mhalla agus Chorcaigh san áit dá ngairm-
thear (an) Mhóin Mhór, Cormac Óg Láidir,
Tighearna Muscraighe, Mac Cárrthaigh Riabh-
ach, agus mórán eile d'uaislibh Gaedheal;
gur fearadh an cath cró-linnteach soin
eatortha, .i. madhm (na) Móna Móire, mar
ar briseadh do na Gearaltaigh; óir, ag
tabhairt an chatha, lingeas Tomás Maol an
Chunncuis dó ba taoiseach ar marc-shluagh
Gearaltach an lá soin le fórsa forráin is
le confadh atha, tré línibh is tré ranncaibh
a armála féin gur oscail bealach is beárna
dhá namhaid; ionnus iar n-a ghearradh agus
iar n-a dhian-tuargain le iomarca an-
fhorlann go mba éigean dó féin is dar
mhair dá mhór-shluagh an machaire do thréig-
ean.



Dá éis sin do gairmeadh an Séamus mac
Muiris seo go Sacsaibh, ar fhuireálamh
Chairdional Wolseí; óir do hiomchasaoid-
eadh ag an rígh, an t-ochtmhadh Hannraoi, leis
an gCairdional go raibh caradra is cian-
mhuinnteardhas ag an Séamus so dá chos-
namh is dá choimeád leis an gcúigmhadh
Cormac rí na hEaspáinne an tráth soin;
agus fós go raibh ar a aire ionnsaighe each-
trainn do tharraing do chomh-bhuaireamh na
críche. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh le Séamus
dul go Sacsaibh; óir do ba feasach é go
raibh fuath agus fíor-mhioscais ag an gCair-
dional do n-a Gearaltaigh, agus fós gur mhór
a cheannus is a chomhachta i gcúirt na
Sacsan an tráth soin. An tan chonnairc
an rí nár fhreagair Seámus an toghairm,
scríobhas chun Iarla Chille Dara, do ba fó-rí
Éireann an tráth soin, bragha do dhéanamh
de Shéamus agus a chur amhla-san go Sac-
saibh. Iar bhfagháil na scéal soin d'Iarla
Chille Dara ionnsaigheas Deasmhumhain go
sluaghaibh is go sochaidhibh sáir-iomdha leis;
agus iar mbeidh tréimhse ag taisteal is ag
tóraidheacht na tíre triallas tar ais gan a
iarraicht do chur i bhfeidhm — ní déarfad cia


L. 358


aca bhí d'uireasbhaidh air toil nó comhachta
chun a chomhbhráthar do chur i gcuan a anma
do chailleamhain. Gidheadh, cuireas an
Cairdional i gcéill don rígh gur fábhar is
fíor-chaomhnadh do rineadh do Shéamus,
ionnus gur gairmeadh Iarla Chille Dara go
Sacsaibh chun freagra thabhairt don rígh is
don Chomhairle san gcúis sin.



Dála Iarla chille Dara, le triall go
Sacsaibh dhó, fágbhas a mhac oighreachta,
Tomás Mac Gearailt, ag caomhnadh is ag
ceirt-riaghlughadh na críche dá éis; agus iar
ndul i bhfiaghnaise is bhfíor-láthair an ríogh
is na Comhairle do chosnaimh is do chaomhain
go ceirt-bhriathrach é féin — óir ba dhuine
eagnaidhe árd-aigeantach é — ar cheilg, ar
choraibh is ar choguas chointinneach an Chaird-
ional, ionnus nár himreadh de dhaoirse ná
de dhaor-bhruid air acht a chur i nbraighd-
eanus i dTúr Lunndain.



Dála an Chairdional, téid go neimhfheasach
dhon rígh go hárd-choimeáduidhe an Túir,
agus d'fhógair dó i bpéin umhla an tIarla,
do dhíthcheannadh gan fuireach. Téid an
coimeáduidhe leis an uirgheall soin gus an
Iarla, agus ba cumhach cásmhar leis é, óir
do b'ionmhuin leis an tIarla. Iarras an
tIarla air dul agus a fhiafraighe den rígh
féin an é do chuir an t-órdughadh soin uaidh.
Do tuigeadh don choimeáduidhe a chontabhairt
féin ag cur i n-aghaidh an Chairdional;
gidheadh téid go déidheannach san oidhche gus
an rígh, agus taisbeánas órdughadh an Chaird-
ional dó. Do fearguigheadh an rí go fíor-
mhór uime sin, ionnus go ndubhairt leis an
gcoimeáduidhe gan daoirse ar bith d'imirt
ar an Iarla gan órdughadh speisialta a
láimhe féin. Gidheadh do coimeádadh an
tIarla san Túr go cian dá eis sin, gur
chríochnuigh a bheatha ann.



Iar leathadh fuar-scéalta fír-bhréagacha
ar feadh na hÉireann an tráth soin gur díth-
cheannadh an tIarla i Sacsaibh, gabhas a mhac
.i. Tomás an tSíoda, ag ciorrbhadh is ag
creach-loscadh a raibh de Ghallaibh i nÉirinn
an tráth soin; ionnus gur hairgeadh Áth
Cliath uile leis go geataíbh an Chaisleáin.
Iar gclos na scéalta soin don rígh cuireas
fó-rí eile go hÉirinn, go sluaghaibh iomdha
leis, ag ceirt riaghlughadh na críche, agus
ionnsaigheas líon a sluagh, caisleán cosan-
tach Muighe Nuadhad, óir d'fhág Tomás
drong-bhuidhean ann do chosnamh an chais-
leáin; gidheadh tug an ceann feadhna do bhí
orra suas do na Gallaibh go fealltamhail
fír-chealgach é, ar mbeith do Thomás i
dtuaisceart Éireann ag déanamh tiom-
argan sluagh is sochaidhe chun na nua-ghall
so do léir-scrios, do leadradh is do láin-
díbirt. Iar dteacht tar ais dó, ionnsaigheas
féin is an fó-rí, go líon a sluagh a chéile,
gur fearadh cath créachtach cró-linnteach
eatortha, gan fios time nó tláithe ar
cheachtar den dá thaobh, gur chuir an oidhche
críoch le n-a gcian-iorghail. Ar maidin ar
n-a bháireach, cuireas an fó-rí teachta chun
Tomáis ag tairgsin síthe is síothchána dhó, is
ag geallamhain dó go dtiubhradh an rí
i ndearmad gach ar imthigh thársa, agus go
bhfuigheadh féin is a charaid ní bhus mo
sochair is sár-onóra uaidh ná bhí aca roimhe
sin. Glacas Tomás na tairgseana soin,
agus iar mbeith socair síothchánta dhóibh, do
rineadh braighde de Thomás is de chúigear
dearbhráthar a máthar, gur curieadh amhla-
san i n-aon luing go Sacsaibh iad, agus gur
díthcheannadh iad gan fuireach. Agus do
hiompuigheadh beatha an Iarla chun fóghnaimh
is fíor-shochair don choróinn, iar n-éag dó
féin san túr an tráth soin; ionnus gur
cuireadh foircheann is fíor-chrích leis an


L. 359


gcraoibh chródha chalma chath-bhuadhaigh sin
d'fhíor-stoc Gearaltach, .i. Oighre Chille
cian-ársadh Dara, acht amháin Gearóid
dearbhráthair don Tomás roimhráidhte do
b'óige iná é, agus fuair dá éis sin fear-
ainn is fíor-theideal Iarla Chille Dara ón
mBainríoghain Máire iar dteacht i gcoróinn
di.



Triall tar ais, a léightheóir, chum tráchta
ar Shéamus mhac Muiris, Iarla Deasmhumhan;
óir iar mbeith aon bhliadhain déag i gceannus
d'éag sé, gur toghadh is gur toghairmeadh
Tomás Maol — .i. dearbhráthair athar Mhuiris,
agus treas mhac an Tomáis mhic Shéamuis
do díthcheannadh ag Driochead Átha roimhe
sin — mar iarla in'ionad.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services