Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin. Tá súil againn go dtaitnfidh "Craobh- scaoile Gearaltach i nÉirinn" le léigh- theóiribh an IRISLEABHAIR. Aistriughadh ón Laidin is eadh é; ar shon ná fuil ann acht "suim aithghearr" den Relatio Geral- dinorum, a scríbh an Bráthair is an Dochtúir san nDíodhacht Ó Dálaigh. Tá an Relatio i mBéarla i gcló ag Muinntir Dhubhthaigh. An tAthair Ó Míodhcháin do chuir i n-eagar é. "History of the Geraldines" an ainm atá air, agus tá sé áirimhthe ar an sreath leabhar úd "Duffy's Library of Ireland". Níor mhiste dhon léightheóir "The Geraldines" a bheith aige le linn dó "An Craobhscaoile" a léigheamh. I dtaobh Liam Uí Mhurchadha, ní'l puinn ar eólus againn. De réir dheallraimh máighistir scoile do b'eadh é. I Rinn an Chinnphéicigh, i bParóiste Bhaile Mac Códa, a bhí sé i n-a chomhnuidhe nuair d'aistrigh an Craobhscaoile i mbliadhain a 1747. Níor bhuail umainn go dtí so aon tsaothar eile dá ndearnaidh, acht amháin aistriughadh ón mBéarla ar Choingheallachaibh Chonnradh Luimnigh is ar stair na haimsire sin. Tá súd san Agadamh Ríoghdha "Stowe, I., V., 1., i n-a scríbhneóireacht féin, acht ní'l an chainnt ann leath chomh blasta agus atá sa Chraobhscaoile. Dálta an leabhair as a bhfuaireamair an Craobhscaoile, níor bh'éidir ughdar ní b'fhearr a bheith againn chuige, acht gan Liam Ó Murchadha féin d'áireamh. Leabhar a scríbh Seán Ó Murchadha i mbliadhain a 1752 is eadh é. B'é seo an fear gur chuir Liam an saothar ag triall air is gur thaitn leis, féibh mar is léir as an dá rann molta do cheap dó. Baineann an leabhar so leis an Athair Diarmaid Ó Murchadha, Canónach, Sagart Paróiste Magh Chromdha. Thug sé dhúinn an leabhar ar iasacht, agus lán-chead tarrac as. Táimíd go léir fíor-bhuidheach dhe n-a thaobh. Níor éirigh le haon duine duais a bhreith leis don mhí seo. Go deimhin ní bhfuair- eamair acht dhá iarracht. Mara bhfuil scríbhneóirí na Gaedhilge ró-bruideamhail ag soláthar don Oireachtus is do sna Feis- eannaibh, níor bh'iongnadh linn dá dtréail- fidís aiste i gcóir an mhí seo chughainn. An chéad lá de mhí an Iúil a bheidh an cáirde i gcrích ag na scríbhneóiríbh ar bhainistighe is ar ghnóthaíbh ban. Beam ag súil le cnuasach fóghanta as an gcomórtas so. Tá dian-ghábha le leabhar ar an ealadhain seo i scoileannaibh girrseach sa Ghaedhealtacht, agus níor mhiste dho daoinibh go bhfuil an Ghaedhilg aca agus eólus ar chúrsaíbh na healadhan so tabhairt fá aiste mhaith bhríoghmhair a dhéanfadh áise dhóibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services