Sinn Féin.
Tá súil againn go dtaitnfidh "Craobh-
scaoile Gearaltach i nÉirinn" le léigh-
theóiribh an IRISLEABHAIR.  Aistriughadh 
ón Laidin is eadh é; ar shon ná fuil ann 
acht "suim aithghearr" den Relatio Geral-
dinorum, a scríbh an Bráthair is an Dochtúir 
san nDíodhacht Ó Dálaigh.  Tá an Relatio 
i mBéarla i gcló ag Muinntir Dhubhthaigh.  
An tAthair Ó Míodhcháin do chuir i n-eagar 
é.  "History of the Geraldines" an 
ainm atá air, agus tá sé áirimhthe ar an 
sreath leabhar úd "Duffy's Library of 
Ireland".  Níor mhiste dhon léightheóir "The 
Geraldines" a bheith aige le linn dó "An 
Craobhscaoile" a léigheamh. 
I dtaobh Liam Uí Mhurchadha, ní'l puinn 
ar eólus againn.  De réir dheallraimh 
máighistir scoile do b'eadh é.  I Rinn an 
Chinnphéicigh, i bParóiste Bhaile Mac Códa, 
a bhí sé i n-a chomhnuidhe nuair d'aistrigh an 
Craobhscaoile i mbliadhain a 1747.  Níor 
bhuail umainn go dtí so aon tsaothar eile 
dá ndearnaidh, acht amháin aistriughadh ón 
mBéarla ar Choingheallachaibh Chonnradh 
Luimnigh is ar stair na haimsire sin.  Tá 
súd san Agadamh Ríoghdha "Stowe, I., V., 
1., i n-a scríbhneóireacht féin, acht ní'l an 
chainnt ann leath chomh blasta agus atá sa 
Chraobhscaoile. 
Dálta an leabhair as a bhfuaireamair an 
Craobhscaoile, níor bh'éidir ughdar ní 
b'fhearr a bheith againn chuige, acht gan Liam 
Ó Murchadha féin d'áireamh.  Leabhar a 
scríbh Seán Ó Murchadha i mbliadhain a 
1752 is eadh é.  B'é seo an fear gur chuir 
Liam an saothar ag triall air is gur thaitn 
leis, féibh mar is léir as an dá rann molta 
do cheap dó.  Baineann an leabhar so leis 
an Athair Diarmaid Ó Murchadha, Canónach, 
Sagart Paróiste Magh Chromdha.  Thug sé 
dhúinn an leabhar ar iasacht, agus lán-chead 
tarrac as.  Táimíd go léir fíor-bhuidheach 
dhe n-a thaobh. 
Níor éirigh le haon duine duais a bhreith 
leis don mhí seo.  Go deimhin ní bhfuair-
eamair acht dhá iarracht.  Mara bhfuil 
scríbhneóirí na Gaedhilge ró-bruideamhail 
ag soláthar don Oireachtus is do sna Feis-
eannaibh, níor bh'iongnadh linn dá dtréail-
fidís aiste i gcóir an mhí seo chughainn. 
An chéad lá de mhí an Iúil a bheidh an 
cáirde i gcrích ag na scríbhneóiríbh ar 
bhainistighe is ar ghnóthaíbh ban.  Beam ag 
súil le cnuasach fóghanta as an gcomórtas 
so.  Tá dian-ghábha le leabhar ar an 
ealadhain seo i scoileannaibh girrseach sa 
Ghaedhealtacht, agus níor mhiste dho daoinibh 
go bhfuil an Ghaedhilg aca agus eólus ar 
chúrsaíbh na healadhan so tabhairt fá aiste 
mhaith bhríoghmhair a dhéanfadh áise dhóibh.