Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sinn Féin.



Tá súil againn go dtaitnfidh "Craobh-
scaoile Gearaltach i nÉirinn" le léigh-
theóiribh an IRISLEABHAIR. Aistriughadh
ón Laidin is eadh é; ar shon ná fuil ann
acht "suim aithghearr" den Relatio Geral-
dinorum, a scríbh an Bráthair is an Dochtúir
san nDíodhacht Ó Dálaigh. Tá an Relatio
i mBéarla i gcló ag Muinntir Dhubhthaigh.
An tAthair Ó Míodhcháin do chuir i n-eagar
é. "History of the Geraldines" an
ainm atá air, agus tá sé áirimhthe ar an
sreath leabhar úd "Duffy's Library of
Ireland". Níor mhiste dhon léightheóir "The
Geraldines" a bheith aige le linn dó "An
Craobhscaoile" a léigheamh.



I dtaobh Liam Uí Mhurchadha, ní'l puinn
ar eólus againn. De réir dheallraimh
máighistir scoile do b'eadh é. I Rinn an
Chinnphéicigh, i bParóiste Bhaile Mac Códa,
a bhí sé i n-a chomhnuidhe nuair d'aistrigh an
Craobhscaoile i mbliadhain a 1747. Níor
bhuail umainn go dtí so aon tsaothar eile
dá ndearnaidh, acht amháin aistriughadh ón
mBéarla ar Choingheallachaibh Chonnradh
Luimnigh is ar stair na haimsire sin. Tá
súd san Agadamh Ríoghdha "Stowe, I., V.,
1., i n-a scríbhneóireacht féin, acht ní'l an
chainnt ann leath chomh blasta agus atá sa
Chraobhscaoile.



Dálta an leabhair as a bhfuaireamair an
Craobhscaoile, níor bh'éidir ughdar ní
b'fhearr a bheith againn chuige, acht gan Liam
Ó Murchadha féin d'áireamh. Leabhar a
scríbh Seán Ó Murchadha i mbliadhain a
1752 is eadh é. B'é seo an fear gur chuir
Liam an saothar ag triall air is gur thaitn
leis, féibh mar is léir as an dá rann molta
do cheap dó. Baineann an leabhar so leis
an Athair Diarmaid Ó Murchadha, Canónach,
Sagart Paróiste Magh Chromdha. Thug sé
dhúinn an leabhar ar iasacht, agus lán-chead
tarrac as. Táimíd go léir fíor-bhuidheach
dhe n-a thaobh.



Níor éirigh le haon duine duais a bhreith
leis don mhí seo. Go deimhin ní bhfuair-
eamair acht dhá iarracht. Mara bhfuil
scríbhneóirí na Gaedhilge ró-bruideamhail
ag soláthar don Oireachtus is do sna Feis-
eannaibh, níor bh'iongnadh linn dá dtréail-
fidís aiste i gcóir an mhí seo chughainn.



An chéad lá de mhí an Iúil a bheidh an
cáirde i gcrích ag na scríbhneóiríbh ar
bhainistighe is ar ghnóthaíbh ban. Beam ag
súil le cnuasach fóghanta as an gcomórtas
so. Tá dian-ghábha le leabhar ar an
ealadhain seo i scoileannaibh girrseach sa
Ghaedhealtacht, agus níor mhiste dho daoinibh
go bhfuil an Ghaedhilg aca agus eólus ar
chúrsaíbh na healadhan so tabhairt fá aiste
mhaith bhríoghmhair a dhéanfadh áise dhóibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services