Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. In ans sin do lonuigheadh & do luath- fheargadh an curad crann-ruaidh ceadfadhach, .i. an chú chaithréimeach chathbhuadhach chleas- iomdha, .i. mac sáirbhreagha solais-dhealbhach so-ghrádhach Subhaltaigh, & do rinne iolrachtach uathbhásach dhé, & do chriothnuigheadar a bhaill & tángadar a throighthe & a luirgne i n-a dhiaidh, gur ba chomh mór le maol-dorn mileadh gach macan dá n-éirgheadh díobh, & d'éigheadar tuilfheith a mhullaigh go rabhadar ar chuing a mhuinil, go méadaighthear le ceann mic mbeag-aoise gach maol-chnoc móir-dhearg díobh; & do rinne cuar cheardcha dá ghnúis & dá gheal-aghaidh gur shloig leath- shúil leis i n-a cheann, gur samhail nach roich- feadh fiach nó coirr-ghréine i meadhon a chloiginn í, & is amhla do bhí an tsúil oile dó go méadaighthear le béal fiodh-chuaich nó re coire caogad dhornach go ndearnadh dearg ruamhanda dhí re headh na heachtra sin; & sreangais a bhéal do'n chnáimh gheal dheagh-chumtha go hainmhín, & d'osgail a chraos ionnus go bhfaicfe a sgamha ar eitill ar uachtar a chuirp i n-a bhraghaid, & do beanach béim do'n ulgain leomhain, .i. do'n charbad uachtarach a dhéid fris na fiaclaibh ioctaracha go méadaigh- thear le treathan tréan urlaidhe an smóil teine tinntidhe do hadhnadh i n-a bhéal & i n-a bhraghaid, & adclos bloisg bhéimeannach a chroidhe i n-a chliabh mar thuinn fo thír angharbh chathlaith; & ba samhalta an ruathar sin tug fo fhearaibh Éireann amhail leomhan ag teacht fo mathghamhnaibh, & do chíthí cithnéalla tinn- tighe ar lasadh & ar lonnradh os a chionn, & do sheasadh a fholt ar a cheann ionnus go n-anfadh mion-ubhall nó mónán mion-chorcra ar bhárr gach fionna dá cheann; & ba samhalta re seól-chrann sár-láidir príomh-luinge go n-iomad seoil-bhréididh & lóimthead i n-a thimcheall ar lár mara mór-anfadha i n-aim- sir storma an Chú confadhach so & a chleasa uile i n-a laomhaibh luaimhneacha ag bogadh & ag beartughadh ag diriughadh agus ag díobh- ragadh os a chionn, agus do ling and gaisg- idheach i n-a charbad feardha go n-a slias- daibh iarnaidhe agus go n-a fhairbibh tanaidhe go n-a armaibh iol-fhaobhracha go nach taidh- bhrioghadh do chách acht úr-sgáile an churadh i n-a chath-ruathar cleas & colg-fhaobhar, & é innillte ollamh re teasgadh ceann & colladh corp & cnámh & cúilmhéidhe, agus tug sé toirnchleas céad & toirnchleas dá chéad & toirnchleas trí céad & toirnchleas cúig céad ar an garbad, & níor bh'fholáir leis an cóimh-líon sin do thuitim leis do chéad-
ruathar curadh da náimhdibh ag díoghail a uilc agus a easonóra ar fhearaibh Éireann. Agus tug Laogh seóladh trom ar an gcar- bad gur badh lór domhan & dúr-ghráin ar togbhadh le rothaíbh an charbaid do chlochaibh cruadh-chruinne & do chairrgibh ceann-gharbha na maighe i n-áirde i n-a thimcheall ag teacht dó fo cheithre holl-chóigibh Éireann go nach rachdaois uaidh ar theitheadh ná ar tóruidheacht nó go roichfeadh leis iad uile do cur i n-áit aonbhaile, agus ro rith i n-a ndáil go náimhdeamhail go dtug fobhairt bíodhbhadh ar a bhíodhbhadhaibh gur fhág fál fogh- ailte do chollaibh ciorraighthe cros-bhuailte dá áis ar imlibh na maighe, gur thuiteadar bonn re bonn & dhóid re dóid i linntibh fola flann-ruaidhe fíor-dheirge seachnóin an mhacaire, gur fhágaibh comh-chomarta each con & daoine i mbrisligh mhóir Mhaighe Mhuir- theimhne an oidhche sin. Ciodh trácht, ní fhuil ríomh ná áiríomh ar ar thuit ann do churaibh do cheadaibh d'amhsaibh & d'urradhaibh, do thaoiseachaibh do thighearnaibh & do dhaosgar-shluagh fear nÉireann, & níor tearnadh a bheag uaidh díobh ó'n gcoinsgleo sin gan cnoc nó comartha nó maidhm leise nó lairge nó leath-shúla nó leath-láimhe nó bíoth-ainimh éigean oile go críbch an bheatha: & d'imthigh féin uatha an oidhche sin gan fuil- iughadh ná foirdheargadh air féinm, ar a ghiolla ná ar eachradh, agus comhnuigheas ar an dtaobh siar do'n tsluaigh agus do ghabh a chrainn tabhaill chuige. "Maith ámh, a laoigh," ar sé, "cruinnigh clocha cruinne na maighe chugam nó go gcaithinn ris an sluagh iad," agus tug laogh oireadha fearamhla fíor-arrachta do chlocaibh agus do chairrgibh da ionnsaighe agus do ghabh ag a ndíobhragadh ar an sluaigh gur chaithsiod frasa tréan athlámha tar fhormnaíbh deagh-laobh & tar aighthibh annradh & tar sgealbhórdaibh sgiath gur ba sgaoilte sgath-roinnte na sgath-choirighthe & gur ba measgtha meadhar-buaidheartha & gur ba ciorrbhach ceann-bhrúite catha cruaidhearg- artha fear nÉireann uaidh go nár fhearsad colla ná comhnaidhe suan ná sámhluighe ar feadh seacht laethibh na seachtmhaine san acht amhail do bheidís bó-thainte i mbuailtibh bioth-chumhgach & aoibhill & teasbach & tréan-chumhgach orra. Is an seachtamhadh lá do ghabh tuirse mhór Cú Chulainn tar éis na heasargain sin tug sé ar cheithre oll-chóigíbh Éireann, go dtáinig go feargach fraoch- aingidhe fútha gur ba haon-mhaidhm coit- cheann d'fhearaibh Éireann uile roimhe, & níor ghabh sgiath na cathbhárr na caith-éidigh re goin dá dtug orra. Ód chonnairc Méadhbh sin do ghabh ag gríosadh & ag aithisiughadh bhfear nÉireann i n-aghaidh na con confadh sin do bhí ag a n-oirleach & ag a n-áthchumadh gan cosnamh ná coigioll, & ód chuala Maicniadh Mac Finn, .i. sí Laigean, sin, tainig i gcoinne Con Culainn & do ghábh sé an gá fada fír- neimhneach noch tugadar clann Chailitin a hifreann leo, & tug urchar do'n leabhar- chraoisigh go coilg-dhíreach go dtárla a mullach i lairge i gCon gCulainn, & ba créacht-mhór cneas-osgailte an Liath Macha do'n urchar sin ar ndul tríthe, & an feadh do bhi Cú Chulainn ag srang-tharrang na sléighe tar a hais tug Earc Mac Cairbre urchar díreach do-fhreasdail dá ionnsaighe do'n ghéar-ghá ghlais-leathan géar-fhaobhrach i mullach a lairge clí do'n chaith-mhilidh gurab ann do chothuigh ceann na craoisighe corr- leithne idir a fhórdronn & a imlinn i Laogh Mac Riangabhra, & an feadh do bhadhas ag tarrang na sléighe as an gcréacht sin d'aimsigheadar na hóig-ríogha a n-earradha iomghona, ór dob' imchian uaidh-san na
hionaid as ar haimsigheadh é, & iar sin do theitheadar fir Éireann roimhe dá gach leith, & do folamhuigheadh lathar an chatha do, go ndubhairt Laogh: - "Do thuigeas-sa do'n urchar úd, a Chuagáin, & níor goineadh tort-sa mé i gcath ná i gcomhlann dá rabhamar ann roimh indiú."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services