Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.

Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 337


Brisleach Mhór Mhaighe
Mhuirtheimhne.



In ans sin do lonuigheadh & do luath-
fheargadh an curad crann-ruaidh ceadfadhach,
.i. an chú chaithréimeach chathbhuadhach chleas-
iomdha, .i. mac sáirbhreagha solais-dhealbhach
so-ghrádhach Subhaltaigh, & do rinne iolrachtach
uathbhásach dhé, & do chriothnuigheadar a bhaill
& tángadar a throighthe & a luirgne i n-a
dhiaidh, gur ba chomh mór le maol-dorn
mileadh gach macan dá n-éirgheadh díobh, &
d'éigheadar tuilfheith a mhullaigh go rabhadar
ar chuing a mhuinil, go méadaighthear le
ceann mic mbeag-aoise gach maol-chnoc
móir-dhearg díobh; & do rinne cuar cheardcha
dá ghnúis & dá gheal-aghaidh gur shloig leath-
shúil leis i n-a cheann, gur samhail nach roich-
feadh fiach nó coirr-ghréine i meadhon a
chloiginn í, & is amhla do bhí an tsúil oile
dó go méadaighthear le béal fiodh-chuaich nó
re coire caogad dhornach go ndearnadh
dearg ruamhanda dhí re headh na
heachtra sin; & sreangais a bhéal do'n
chnáimh gheal dheagh-chumtha go hainmhín, &
d'osgail a chraos ionnus go bhfaicfe a
sgamha ar eitill ar uachtar a chuirp i n-a
bhraghaid, & do beanach béim do'n ulgain
leomhain, .i. do'n charbad uachtarach a dhéid
fris na fiaclaibh ioctaracha go méadaigh-
thear le treathan tréan urlaidhe an smóil
teine tinntidhe do hadhnadh i n-a bhéal & i
n-a bhraghaid, & adclos bloisg bhéimeannach a
chroidhe i n-a chliabh mar thuinn fo thír angharbh
chathlaith; & ba samhalta an ruathar sin tug
fo fhearaibh Éireann amhail leomhan ag teacht
fo mathghamhnaibh, & do chíthí cithnéalla tinn-
tighe ar lasadh & ar lonnradh os a chionn, &
do sheasadh a fholt ar a cheann ionnus go
n-anfadh mion-ubhall nó mónán mion-chorcra
ar bhárr gach fionna dá cheann; & ba samhalta
re seól-chrann sár-láidir príomh-luinge go
n-iomad seoil-bhréididh & lóimthead i n-a
thimcheall ar lár mara mór-anfadha i n-aim-
sir storma an Chú confadhach so & a chleasa
uile i n-a laomhaibh luaimhneacha ag bogadh &
ag beartughadh ag diriughadh agus ag díobh-
ragadh os a chionn, agus do ling and gaisg-
idheach i n-a charbad feardha go n-a slias-
daibh iarnaidhe agus go n-a fhairbibh tanaidhe
go n-a armaibh iol-fhaobhracha go nach taidh-
bhrioghadh do chách acht úr-sgáile an churadh i
n-a chath-ruathar cleas & colg-fhaobhar, & é
innillte ollamh re teasgadh ceann & colladh
corp & cnámh & cúilmhéidhe, agus tug sé
toirnchleas céad & toirnchleas dá chéad &
toirnchleas trí céad & toirnchleas cúig céad
ar an garbad, & níor bh'fholáir leis an
cóimh-líon sin do thuitim leis do chéad-


L. 338


ruathar curadh da náimhdibh ag díoghail a
uilc agus a easonóra ar fhearaibh Éireann.
Agus tug Laogh seóladh trom ar an gcar-
bad gur badh lór domhan & dúr-ghráin ar
togbhadh le rothaíbh an charbaid do chlochaibh
cruadh-chruinne & do chairrgibh ceann-gharbha
na maighe i n-áirde i n-a thimcheall ag
teacht dó fo cheithre holl-chóigibh Éireann
go nach rachdaois uaidh ar theitheadh ná ar
tóruidheacht nó go roichfeadh leis iad uile
do cur i n-áit aonbhaile, agus ro rith i n-a
ndáil go náimhdeamhail go dtug fobhairt
bíodhbhadh ar a bhíodhbhadhaibh gur fhág fál fogh-
ailte do chollaibh ciorraighthe cros-bhuailte
dá áis ar imlibh na maighe, gur thuiteadar
bonn re bonn & dhóid re dóid i linntibh
fola flann-ruaidhe fíor-dheirge seachnóin
an mhacaire, gur fhágaibh comh-chomarta each
con & daoine i mbrisligh mhóir Mhaighe Mhuir-
theimhne an oidhche sin.



Ciodh trácht, ní fhuil ríomh ná áiríomh ar ar
thuit ann do churaibh do cheadaibh d'amhsaibh
& d'urradhaibh, do thaoiseachaibh do thighearnaibh
& do dhaosgar-shluagh fear nÉireann, & níor
tearnadh a bheag uaidh díobh ó'n gcoinsgleo
sin gan cnoc nó comartha nó maidhm leise
nó lairge nó leath-shúla nó leath-láimhe nó
bíoth-ainimh éigean oile go críbch an bheatha: &
d'imthigh féin uatha an oidhche sin gan fuil-
iughadh ná foirdheargadh air féinm, ar a ghiolla
ná ar eachradh, agus comhnuigheas ar an
dtaobh siar do'n tsluaigh agus do ghabh a
chrainn tabhaill chuige.



"Maith ámh, a laoigh," ar sé, "cruinnigh
clocha cruinne na maighe chugam nó go
gcaithinn ris an sluagh iad," agus tug laogh
oireadha fearamhla fíor-arrachta do
chlocaibh agus do chairrgibh da ionnsaighe
agus do ghabh ag a ndíobhragadh ar an sluaigh
gur chaithsiod frasa tréan athlámha tar
fhormnaíbh deagh-laobh & tar aighthibh annradh
& tar sgealbhórdaibh sgiath gur ba sgaoilte
sgath-roinnte na sgath-choirighthe & gur ba
measgtha meadhar-buaidheartha & gur ba
ciorrbhach ceann-bhrúite catha cruaidhearg-
artha fear nÉireann uaidh go nár fhearsad
colla ná comhnaidhe suan ná sámhluighe ar
feadh seacht laethibh na seachtmhaine san acht
amhail do bheidís bó-thainte i mbuailtibh
bioth-chumhgach & aoibhill & teasbach &
tréan-chumhgach orra. Is an seachtamhadh lá
do ghabh tuirse mhór Cú Chulainn tar éis na
heasargain sin tug sé ar cheithre oll-chóigíbh
Éireann, go dtáinig go feargach fraoch-
aingidhe fútha gur ba haon-mhaidhm coit-
cheann d'fhearaibh Éireann uile roimhe, & níor
ghabh sgiath na cathbhárr na caith-éidigh re goin
dá dtug orra.



Ód chonnairc Méadhbh sin do ghabh ag
gríosadh & ag aithisiughadh bhfear nÉireann i
n-aghaidh na con confadh sin do bhí ag a
n-oirleach & ag a n-áthchumadh gan cosnamh
ná coigioll, & ód chuala Maicniadh Mac
Finn, .i. sí Laigean, sin, tainig i gcoinne
Con Culainn & do ghábh sé an gá fada fír-
neimhneach noch tugadar clann Chailitin a
hifreann leo, & tug urchar do'n leabhar-
chraoisigh go coilg-dhíreach go dtárla a
mullach i lairge i gCon gCulainn, & ba
créacht-mhór cneas-osgailte an Liath Macha
do'n urchar sin ar ndul tríthe, & an feadh do
bhi Cú Chulainn ag srang-tharrang na sléighe
tar a hais tug Earc Mac Cairbre urchar
díreach do-fhreasdail dá ionnsaighe do'n
ghéar-ghá ghlais-leathan géar-fhaobhrach i
mullach a lairge clí do'n chaith-mhilidh gurab
ann do chothuigh ceann na craoisighe corr-
leithne idir a fhórdronn & a imlinn i Laogh
Mac Riangabhra, & an feadh do bhadhas ag
tarrang na sléighe as an gcréacht sin
d'aimsigheadar na hóig-ríogha a n-earradha
iomghona, ór dob' imchian uaidh-san na


L. 339


hionaid as ar haimsigheadh é, & iar sin do
theitheadar fir Éireann roimhe dá gach leith,
& do folamhuigheadh lathar an chatha do, go
ndubhairt Laogh: -



"Do thuigeas-sa do'n urchar úd, a
Chuagáin, & níor goineadh tort-sa mé i
gcath ná i gcomhlann dá rabhamar ann
roimh indiú."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services