Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lios an Phúca.
Title
Lios an Phúca.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lios an Phúca. [Aiste do léigheadh os comhair Chraoibhe an Chéitinnigh]. Tá sean-fhocal ann agus sean-fhocal ó'n dílinn é: "An rud a sgríobhas an púca, léigheann sé féin é." Má's amhlaidh do'n phúca féin do réir gnáth-eolais ár sean agus ár sinnsear, cá mór damhsa a rádh anocht nach taise do "Lios an Phúca"? Táim deimhnightheach go gcuirfead an sgéal sain i dtuigsint díbh sul a mbead réidh leis an dtrácht so. Sgathamh ó shoin ann do léigheadh trácht beag ó Énrí Ó Muirgheasa os comhair na hÁrd-chraoibhe i dtaobh iarsmaí na sean- Ghaedheal atá fós ar fághail ar fud na tíre, .i., na liosanna, na cathaireacha, na cloigtheacha, na clocha tógála, &rl. Bhí duine éigin de Chraobh an Chéitinnigh i láth- air, agus, 'sa díosbóireacht dúinn, 'sé dubh- airt sé: "Tá na sean-liosanna so ann," ar seisean, "le dhá mhíle bliadhain agus, dá ndéarfainn, os a chionn." Ní abraim ná gur chuir an chaint sin ag machtnamh mé. Má's ceart dúinn dícheall do dhéanamh ar gan a leigean d'éinne na sean-oibreacha so do shracadh as a chéile agus do leagadh, chum talamh socair comhthrom do dhéanamh díobh nó chum tigh nua do chur suas, cá misde dhúinn aire thabhairt mar an gcéadna do na hainmneachaibh a bhaist síol Ghaedhil Ghlais mhic Niúill ortha an fhaid do bhíodar i dtreise agus i dtreóir ins an Éirinn so againn-ne, "an t-éan-oileán ba suthaighe agus ba torthaighe agus ba mheasardha teas agus fuacht a bhí i n-urmhór Eorpa, i n-ar bh'iomdha mil agus cruithneacht, i n-a raibh iasg iomdha, aibhne, easa agus innbheara," a ndubhairt an t-ughdar mór clúiteach léighinn úd, Lughaidh Ó Cléirigh, i "mBeatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill." Go deimhin is go dearbhtha dhíbh, agus ná bíodh a thuilleadh ann, is fada tugadh faillighe 'sa sgéal so. Faillighe, an eadh? 'Sé mo thuairim féin gurab iad na dromanta dubha atá curtha leis ag an bpobal nGaedhealach go dtí a bhfuil le fíor-dhéidheanaighe. Má dhúisigh- eann an tráchtín seo beagán beag cainte i dtaobh seoid de sheodaibh ár sean, sin é, ár ndinnseanchas, ní bheidh cuaird na hoidhche seo i n-aistear agam. Bhí árd-speois ag sean-Ghaedhealaibh i n-a ndinnseanchas, .i., ins na sgéaltaibh do bhain leis na háiteannaibh, ag cur síos ar cad ba bhun le gach ainm agus ar cionnus mar do baisteadh ar an áit é. Do rinneadh leabhar ann féin de na sgéaltaibh seo ar fad, agus seo mar do cuireadh tús air: — "I n-ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh amén. Seo síos Seanchas Dionn Éireann do rinne Aimhirgin mac Amhalghadha, file de na Déisibh, .i., file Dhiarmada mhic Cearbhaill. Is é d'iarr d'athchuinge ar Fhiontain mhac Bóchra i
dTeamhair nuair a bhí cóimhthionól fear n-Éireann i dTeamhair um Dhiarmaid mhac Cearbhaill agus um Fhlann Feabhla mac Sgannláin, comharba Phádraig, agus um Cheannfhaoladh mhac Oilealla mhic Eoghain mhic Néill, agus um Fhionntain mhac Bóchra, árd-tseanóir Éireann, gur throisg Aimhir- gin trí lá agus trí oidhche i bhfiadhnaise fear n-Éireann, idir mhacaibh agus inghean- aibh, i dTeamhair, go ndeachadar do shean- chas fíre dionn inse hÉireann, mar do chuir gach duine agus gach díne di ó aimsir Cheasrach — is í cheana do ghabh Éire — go flaitheas Dhiarmada mhic Cearbhaill." Sin mar do thosnaíodar ar an ngnó, agus do réir an sgéil níor fhágadar sliabh, cnoc ná tulach, abhainn, innbhear ná loch, nár chuireadar a thuairisg go dtí, i ndeir- eadh bárra, go raibh sanas gach áite go cruinn aca. Seo solaoid ar cionnus mar do cuir- eadh i sgríbhinn iad: "Bóinn, cad as gur hainmnigheadh í? Is furus an cheist sin do réidhteach. Bóinn, bean Neachtain mhic Labhradha mhic Namhad do-chuaidh leis na dáileamhnaibh go tobar faithche an dúna. Gach n-aon do théigheadh chuige, ní thiocfadh thar n-ais uaidh gan ainimh (tarcaisne). Dob' iad so ainmneacha na ndáileamh bhí ag Neachtain, Fleasg agus Leasg agus Luamh. Muna mbeadh Neach- tain agus na dáileamhain do théigheadh chum an tobair, ní thiocfadh neach daonna uaidh gan ainimh. Chuaidh an bhainríoghan le corp uaille agus díomais chum an tobair 'na haonar, agus dubhairt ná raibh oiread de rún agus de chumhacht ann agus go bhféadfadh sé míochuma thabhairt ar a deilbh, agus do- chuaidh mór-thimcheall an tobair ar tuathal chum cumhachta an tobair do fhéachain. Briseann trí tonna as an tobar tháirsti gur bhris go ró-obann a sliasad dheas agus a lámh dheas agus a súil deas agus ann- sain do chuaidh sí as an sídh ar teicheadh ó'n áit agus ó'n tobar gur shroich an fhairrge agus an t-uisge i n-Innbhear Bóinne. As sain a tháinig Bóinn agus Innbhear Bóinne." Sgéalta an-dheasa is eadh cuid aca so. 'Sé mo mheas féin gur mhaith an t-adhbhar filidheachta iad, dá mb'áil le duine úsáid do bhaint asta 'na chomhair sin. Tá mór- chuid aca agus gan focal de'n fhírinne ionnta, acht má tá féin, cuirid siad i n-umhail dúinn caidé a mhéid de spéis a bhí ag Gaedhealaibh i ndinnseanchas na hÉireann 'sa tsean-shaoghal agus a rádh nár bh'fhuláir leó sgéal do cheapadh as a stuaim féin, má theastuigh a leithéid uatha chum bunudhais dionn-anma do mhíniughadh do'n phobal. Nach tuigthe dhúinn as an méid sin nár bh'ionann aigneadh do Ghaedhealaibh na sean- aimsire agus d'á sliocht atá suas anois ar thalamh na hÉireann gur cuma leo ar domhan cad a bheas mar ainm ar aon áit i nÉirinn acht gur Gallda an ainm í agus gan puinn céille bheith léithi? Fiú na n-ainmneacha nGaedhealach d'fhan i bhfeidhm aca, is ar éigin báis a thuigid siad iad. Seo solaoid air sin: Tráth de na tráth- annaibh do thárla go rabhas ar cuaird i gceanntar Ghaedhealach. Do thugas fá ndeara go raibh dhá áit annsúd go nglaoidh- tí Lios an Bhaile agus Leath-bhaile ortha. D'fhiosruigheas de dhuine éigin caidé an bhun-bhrígh a bhí ionnta. Níor fhéad sé a innsint dam. "Caidé an Béarla do chuirfeá ar Lios an Bhaile?" arsa mise. "Lisavally", ar seisean. "Acht caidí an
chiall atá le gach focal de'n ainm fá leith?" Do theip air an cheist do réidh- teach. "A' dtuigeann tú an focal 'lios'?" arsa mise. "Tuigim go maith," ar seisean; "sin é an rud go nglaoidhmid fort air i mBéarla; tá siad fairsing ins an tír seo." "Agus a' dtuigeann tú 'baile'?" "Tuigim, ar ndóigh," ar seisean. "'Nois, a' dtuigeann tú 'Lios an Bhaile'?" Dubhairt sé annsain go mb'fhéidir go bhféadfaidhe an chiall sain a bhaint as, acht is mór do bhí sé i n-amhras leis; bhí sé socair chean i n-a aigneadh nár oir mar Bhéarla ar "Lios an Bhaile" acht Lisavally. B'in é nó a dhálta ag "Leath- bhaile" leis. Thuig sé "leath" agus thuig sé "baile", acht dá mbeinn ag gabháil dó go lá na leac, ní fhéadfainn a chur ar a shúilibh dó go raibh i "Leathbhaile" acht ainm áite nár thuig sé i n-éan-chor agus gur bh'é an Béarla bhí air ná Lavally. Cuirfead ceist anois ar nós an Dinn- seanchais: "An iomdha tonn ainmnighthe bhris thar fionn-chlár Fódla?" Mo fhreagra air sin gur furus í réidhteach. Chúig thonn ainmnighthe tháinig uirthi, go bhfuil a rian innti go dtí an lá atá indiu ann, dhá cheann aca uaithi féin agus trí cinn aca ó'n imigcéin nó ó thíorthaibh thar lear. 'Siad so iad: (1) Tonn na Págántachta; (2) Tonn na Críostaidheachta; (3) Tonn na Lochlannach; (4) Tonn na Sean-Ghall; (5) Tonn na Nua-Ghall. Cuirfead síos anois tuairisg bheag ar gach tuinn aca, ag trácht orrtha i ndiaidh a chéile. (1) Tonn na Págántachta. Ní gábhadh dham innsint dhíbh gurab í seo tonn is ársaidhe aca. Ise amháin 'n-a bhfuil faisnéis nó tuairisg uirthi ins an Dinnseanchas. Is dóigh liom gurab iad so — an méid d'fhan beó dhíobh 'n-ar measg — na hainmneacha is deise agus is athchomaire, is áilne agus is bríoghmhaire d'ar baisteadh riamh. Tá mór- chuid aca beó. Táid siad sain ar ár srothannaibh, ar ár n-aibhneachaibh, agus ar ár n-innbhearaibh taobh-uaine, ar ár sléibhtibh árda agus ar ár gcnocaibh sídhe, ar ár dtíorthaibh agus ar ár ndúithchíbh, ar ár lios- annaibh agus ar ár sean-rathannaibh, &rl. Badh mhaith liom féin, dá bhféadfaidhe é dhéanamh i n-éan-chor, go n-aithbheodhfaidhe cuid d'ar cailleadh de na hainmneachaibh seo. Is féidir sain do dhéanamh, im' thuairim-se. Cuir i gcás, "Island Magee," áit atá anois in partibus infidelium, sin é, i dtír Ghalldachta i nÉirinn cár bh'fhearr dúinn ainm do thiubharfamaois air ná Rinn Seimhne atá chomh hársa sain gur chuir Ptolomaeus cuma Ghréigise air, .i., Isamnion Akron. Rud eile, Rinn Seimhne bhí ar an áit go haimsir na Planntála tugadh ar Chúige Uladh. B'fhéidir gurab iad na Goill fá ndear Island Magee, siúd is go bhfuil dul na Gaedhilge air, chomh maith is dá mbadh ó "Oileán Mhig Aoidh" a tháinig sé. Is iomdha áit eile 'n-a bhféadfaidhe an cleas céadna d'imirt air, ins na cúigíbh go léir. Ar na hainmneachaibh nár cailleadh riamh atá an tSionainn, an Fheoir, an tSiuir, an Bhearbha, an Bhuas, Loch Éirne, Loch Léin, Loch Súilighe, &rl., .i., na haibh- neacha agus na lochanna is mó d'á bhfuil i n-ár dtír indiu. (2) Tonn na Críostaidheachta. Is dóigh liom go bhfuil furmhór na n-ainmneacha so beó fós. Is flúirseach fóirleitheadamhail iad 'n-a n-ainmneachaibh paróiste. Seo mar do tugadh iad. Tháinig fir naomhtha éigin agus chuireadar fútha i n-áit. An teampall
do chuireadar ar bun agus an tobar do thaithighidís, do hainmnigheadh iad as an té 'n-ar leis ar dtúis iad. Ní mheasaim go dtug aon cheann aca so an bás do na hainmneachaibh págánta. Ní raibh ann acht dinnseanchas na hÉireann d'fhairsingiughadh agus do naomhughadh. An rian is mó d'fhág súd ar ár dtír Cill agus Teampall agus Domhnach i dtús ainmneacha. (3) Tonn na Lochlannach. Ba lag an tonn í seo. Ar an dtaobh thoir de chrios- lach cuanta na hÉireann is mó bhrúcht sí. Do baisteadh ainmneacha úr-nua ar Loch Cuan, ar Reachrainn Breagh, ar Chill Mhann- táin, ar an Innbhear Mór, ar Loch Gar- man, ar Phortláirge, agus ar áiteannaibh nach iad. Do chuireadh earball Lochlannach le hOllarbha, le Cáirlinn, le Grianphort, le Carn, etc. Do cuireadh cuid de na sean-ainmneachaibh Gaedhealacha i dteangaidh na Lochlannach, m.sh., Léim an Bhradáin, Léim Chongculainn, &rl. Níor tháinig acht fíor-bheagán de na hainmneachaibh Loch- lannacha so isteach 'sa Ghaedhilg agus cuma Ghaedhealach ortha, mar sh., Inis Ubhdonn (nó Inis Sibhtonn) i lár na Sionainne, Baile an Araldaigh i nUíbh Dúnchadha, &rl. (4) Tonn na Sean-Ghall. Dob' éachtach an tonn í seo. B'í seo an tonn do chéad- loit an t-ainmniughadh ársa naomhtha d'fhág ár seacht sinnsir ar thulchaibh féar-uaine Fódla. Tá an Mhidhe agus Laighin loithte go mór léi, nó do réir na roinne d'fhág Goill ar Éirinn, Contae Lughbhaidh, Co. Bhaile Átha Cliath, Co. na Midhe, Co. na hIarmhidhe, Co. Chille Dara, Co. Chille Coinnigh, agus an taobh theas de Cho. Locha Garman. Ní hé ná fuil a rian ins na cúigíbh eile leis; tá gan amhras. Ceapaim-se, gach aon áit go bhfuil Gráinseach nó Gráig i n-a thosach, agus nach mór gach aon bhaile go bhfuil -town i n-a dheireadh, gurab iad na Sean-Ghoill do bhaist an ainm sin air. Bí de threise agus d'fheabhas na Gaedhilge i gCúige Laighean an uair sin, ámh, gur cuireadh iad so i nGaedhilg láithreach bonn nó geall leis. Seo solaoidí air sin: Tá áit i n-Uíbh Máil go raibh Blacoston air le linn Hannrí a III. a bheith i gceannus Shasana. 'Sé an ainm Ghaedhilge bhí air 'sa seiseadh céad déag ná Baile an Bhlácaigh. Ní gábhadh dham a rádh gur Blakestown atá air ó bhrúcht tonn an Bhéarla thars an gcúige. Tá baile beag éigin eile i n-Uíbh Muireadh- aigh go bhfuil Prumplestown anois air. Seo mar thárla. Do chuir Normánach éigin dar bh'ainm Frombald faoi ins an áit agus do ghlaoidh na Sean-Ghoill ar an mbaile, d'á bhárr, Frombaldestone. 'Sé an ainm Ghaedhilge bhí air 'sa seiseadh céad déag ná Baile an Bhruthmálaigh, .i. an rud céadna i nGaedhilg. Tá dhá chuma air ins na Fiants úd ó Eilís, bainríoghain Shasana, Frompols- towne agus Ballyfrompole, ceann aca ó'n Sean-Bhéarla agus ceann aca ó'n nGaedh- ilg. Uaireannta, is í an chuma Ghaedhealach do fuair an bhuaidh i ndeireadh na dála, mar sh., Hokeston Hooke's town 'sa tSean-Bhéarla gur cuireadh Baile hÚc air mar Ghaedhilg, agus Ballyhook an ainm Béarla atá anois air. Acht is beag an sásamh an méid sin, agus a rádh gur dhíbir ainmneacha de'n tsórd so na sean-ainmn- eacha fíor-Ghaedhealacha bhí rómpa ar na bailtibh. Cuireadh an ruaig glan ortha agus táid siad caillte anois. (5) Tonn na Nua-Ghall. Sidí tonn is mó baoghal dúinn d'á dtáinig riamh orainn. 'Sí atá anois ann ag básughadh na n-ainmn- eacha ndúthchasach d'fhan againn. Tá sí ag báthadh lorg ársa na Sean-Ghaedheal 'sa tír. Tá gach aon dream ag cabhrughadh léi,
an Riaghaltas, oifigí an Riaghaltais, Árd- oifig an Phuist 'n-a measg, na Goill agus na Gaedhil féin. Ní abraim ná gurab iad na Gaedhil is mó dúil ins an ghnó so, agus is géire sainnt chuige. Táid na céadta áit i nÉirinn go bhfuil na daoine ag iarraidh Béarla do chur ortha gach aon ré sholuis, agus ní hannamh a bhítear 'ghá dhéanamh go dona agus go han-dhona, toisg gan tuig- sint cheart a bheith aca ar an ainm féin agus ar an mBéarla. Tá Lady's Bridge ar Dhroichead na Sguab i gCo. Chorcaighe, tá Chaffpool ar Loch na Cátha i gCúige Chonnacht, agus mar sin dóibh. Go deimhin féin, ní'l an bhuidhean odhar i gCúige Uladh leath chomh holc le Gaedhealaibh — táid siad súd lán-tsásta le Derry, le Belfast, agus dá ndéarfainn, le Tamnificarbet, le Derrygortreavy, le Ballykilbeg, le Bally- magarry, le Mullaghfernaghan, agus leis na céadtaibh mar iad, nach furus dóibh úsáid do bhaint asta, ó'n uair is ná tuigid siad iad agus go bhfuilid an-fhada. Acht táid na seoiníní agus na Goill ghalánta ag déanamh a láin díoghbhála leis. Bíd ainmneacha nua Béarla d'á mbaisteadh i nÉirinn ó bhliadhain go bliadhain, agus, dá ndéarfainn, ó lá go lá. Cailltear cuid aca gan amhras, acht fanann an chuid eile ar ár mbail- tibh agus ar áiteannaibh nach iad. Is le n-ár linn féin do cailleadh Muine Beag ar Bagenalstown, Bun Clóidighe ar New- townbarry, Cnoc an Teampaill ar Free- mount, Meathus Truim ar Edgeworths- town, Baile na gCros ar Castlepollard, agus Port Laoighise ar Maryborough, &rl. Tá an Riaghaltas, agus go mór- mhór lucht an Phuist, ag cabhrughadh leis sin ar a lán-dícheall, mar, má bhíonn ainm ghlan-Bhéarla le fághail i n-éan-chor, is í ghabhaid siad do roghain, abair is ná beadh sí i n-úsáid acht ag an seoinín féin do bhaist í. Tá Mount Uniacke ag an Riaghaltas ar áit éigin i gCo. Chorcaighe, cé gur Cúil Ó gCorra ata ag gach éinne de'n phobal air, má's as an mBéarla féin a bhíd siad ag labhairt, agus sgríobhann fear cinn riain na bpílears i mBaile Nua Newtown, cé fá fuil acht an chéad ainm ag muintir na háite air. Maidir le muintir an Phuist, níor tháinig lá d'á chuimhne chugam gur dhual agus gur dhúthchas dóibh bheith lán-Ghallda. Seo mar théid siad i bhfeidhil a gcuid oibre. Cuir i gcás go dtáinig seoinín nó fear Gallda chum comhnuidhthe i n-áit áirithe. Bhí an Cnoc Mór riamh mar ainm ó na seacht sinnsearaibh air. Ní thaithneann an ainm sin lem' sheoinín breagh galánta. Ní fuláir leis ainm binn Béarla do sholáthar dó a bheas comh breagh comh galánta leis féin. Seo é ag machtnamh i n-a aigneadh agus, ó thárla gur Fox is sloinneadh dhó, beart- uigheann sé dhó féin nár bh'fhearr dó ainm do thiubharfadh sé air ná Foxhall nó Fox- hole — ní fheadar ciaca, mar is d'á chéile iad. Sin mar chuireann sé ós áird a shloinneadh suarach Gallda nach fiú casnamh i gcomhnáird d' Ua Néill nó do Mhac Cárthaigh Mór nó d' Ua Dhrisceoil. Tagaid litreacha ag triall air i gceann tamaill agus ceapann sé nach mór dó oifig phuist d'fhághail, 'na chomhair féin go háirithe. Tiomáineann sé litir ag triall ar Árd- mhaighistir an Phuist, ag déanamh gearáin i dtaobh na moille do cuireadh ar a chuid litreacha agus ag rádh go mbadh mhór a raghadh sé i dtairbhe do'n dúthaigh sin ar fad, dá gcuirfidhe oifig ar bun innti. Gheibheann sé a ghuidhe, cé ná raibh aon trácht ná cuimhneamh féin ar a leithéid riamh roimhe
sin, dá líonmhaire an pobal ann. I n-ionad an ceart do dhéanamh, .i., an oifig d'ainm- niughadh as an mbaile, an roinnt is ársaidhe agus is suaichnidhe bhí riamh ar an dtalamh, is amhlaidh dheinid Lucht an Phuist ná é d'ainmniughadh nó leas-ainmniughadh as tigh an tseoinín úd, siúd is ná fuil acht aon teach amháin 'san áit go bhfuil an ainm sin air. Uaireanta ní dheinid na seoiníní seo acht casadh do chur ins an ainm Ghaedhilge. B'é sin dálta ag Lios Linne i n-Inis Eoghain. Má tá go bhfuil Linsfort anois mar ainm Béarla ar an mbaile, tá Lislin fós ar chnoc i n-a lár istigh, agus is follus as sain gur Lios Linne ainm cheart an bhaile agus an chnuic i n-éinfheacht. Solaoid mhaith eile ar an rud céadna is eadh an ainm do chuireas mar theideal ar an dtrácht so. 'Sé mo thuairim-se, agus tuairim láidir is eadh é, munab meallta atáim, gur "Lios an Phúca" a bhíodh mar ainm ar an áit úd i gContae Chiarraidhe ná tugtar acht Beaufort air anois, ní hamháin as Béarla acht as Gaedhilg féin, le sgathamh maith aimsire. Tá "Lios an Phúca" fós ar lios atá i gceartlár an bhaile. 'Sé mheas- aim-se, an té do chuir an forba nó an pháirc mhór ar dtúis ann, nár bh'fhuláir leis casadh Béarla do chur 'san tsean-ainm Ghaedhealach agus seo mar do rinne sé é, do réir mo bharamhla: cheap sé gur bh'ionann "Púca" agus Puck i mBéarla, acht níor thaithin Puckfort leis — ní raibh sé galánta. Do smaoinigh sé annsain gur bh'ionann "poc" i nGaedhilg agus buck i mBéarla, agus ó thárla, ag baint céille eile as buck, gur bh'ionann buck agus beau, b'é an ainm bhreagh ghalánta bhí aige de bhárr a chuid machtnaimh ná Beaufort! Ba dhiabhalta an fear é siúd. Fuair sé buaidh ar na Gaedhilgeoiríbh féin, mar ní'l aca ar an áit ó shoin anuas acht Beaufort! Nár dheas an gnó é? Is minic a bhí sgoláirí Gaedhilge ag cabhrughadh le n-a leithéid sin. Sean- bhean Ghaedhealach — beannacht dílis Dé le n-a hanam — do innis an sgéal beag so dham. Bhí sí 'na comhnaidhe ar bhaile go raibh Carraig na gCailleach air mar ainm. Bhíodh sagart ann go raibh grádh mór aige do'n Ghaedhilg agus bhí sé an-eolach innti. Is é do thug an tuarasgbháil úd ar an bhfile Peadar Ó Doirnín do Sheaghán Ó Dálaigh, (Poets and Poetry of Munster, 39, 40). An tAthair Ó Luain ab' ainm dó. Níor mheas sé gur cheart mar Bhéarla ar Charraig na gCailleach Carricknagalliagh; bhí sé ró-Ghaedhealach, dar leis. Dubhairt sé leis an bpobal go gcaithfidís Rockbeldam do ghlaodhach air as Béarla. Míle altughadh do Dhia! níor ghlacadar a chomhairle, agus tá an ainm cheart ar an áit go dtí an lá indiu. Níor mhar sin do gach aon áit, ámh. Tá ainmneacha Gallda ar a lán de bhailtibh anois. Caithfear an tsean-ainm Ghaedhealach do chur ar gach ceann aca arís. Cionnus is féidir é dhéanamh, go mór-mhór má's i n-áit Ghallda atá an baile? Mo fhreagra air sin, tá a bhfurmór le fághail ins na hInquisitiones, ins na Patent Rolls, &rl. Ní maith an t-adhbhar léighte iad sain. Ní'l súg ná brígh ionnta, agus an té léighfeas iad, cuirfidh siad brón ar a aigneadh, mar is iad tuairisgí creachta na nGaedheal iad. Mar sin féin, caithfear claoi leis an obair sin, má's mian linn aghaidh ár dtíre do dhéanamh fíor-Ghaedhealach arís. Ní hé rud dob ' indéanta dhúinn, na hainmneacha Bhéarla bhaist na Goill ar na bailtibh seo do chur i nGaedhilg, mar is é aigneadh na nGall do cheap iad, agus ar ndóigh, aon rud do cheapadar súd, ní healadha dhúinn
é ghabháil chugainn. Ní'l acht fíor-bheagán i gcúram na hoibre seo agus an saoghal le déanamh. Ní hé amháin gur féidir sean- ainmneacha na mbailte d'fhághail as na hInquisitiones, acht 'na dteannta sain ainmneacha bhí ar pháirceannaibh beaga i gceartlár Ghalltíre Chúige Laighean táid siad thíos go cruinn ionnta. Tá locht eile agam ar na sgoláiribh móra Gaedhilge bhí ann tá leath-chéad bliadhain ó shoin ann. Do ceapadh iad, .i. Seaghán Ó Donnabháin, Eoghan Ó Comhraidhe, an Caomhach agus Mac Uí Chonchubhair, chum cabhrughadh le Forrachánacht an Ordonáis. 'Sé an gnó do fágadh fútha an tslighe ab' fhearr chum na hainmneacha Gaedhealacha do chur i litriughadh an Bhéarla. Cad 'n-a thaobh nár labhradar go tur agus go neamh-mbalbh leis an Riaghaltas, ag rádh leó ná féad- faidís é dhéanamh, agus nár oir do na hainmneachaibh sin acht aon litriughadh amháin .i., an litriughadh Gaedhealach? Ní raibh splannc misnigh ionnta. Ní raibh aon leithsgéal aca i dtaobh Gort Rúscach nó Cnocán Bán, &rl., ná raibh ionnta acht ainmneacha glan-Ghaedhilge, pé leathsgéal do bheadh acha i dtaoibh ainmneacha mar Cork, Belfast nó Dublin atá ins an Bhéarla leis na céadtaibh bliadhan. Tá an sgéal níos fearr ag na Breathnachaibh agus ag Gaedhealaibh na hAlban. Do throid- eadar súd ar son a litrighthe, agus d'á chomhartha sain féin, tá sé aca go ceart cruinn ar gach aon léarsgáil dár cuireadh i gcló riamh. An cheist dhéidheanach anois: Cionnus an cath so do chur ar lucht an Riaghaltais, ar Ghallaibh agus ar na seoiníníbh? Tá, go gcaithfimíd na sean-ainmneacha d'aithbheodh- chaint ar fud na tíre ó Cheann Cléire go Reachrainn Dáil Riada agus ó Cheann Léime go hInbhear Colpa. Ní'l ins na hainmneacha Gallda acht rian ár ndaor- bhruide, agus caithfear deireadh chur leis sin. Is maith fóghanta na meodhain seo chuige sin: (1) A iarraidh ar an Riaghaltas tosnughadh ar an bhforrachánacht as an nua. Abartar leó go tur agus go neamh-mbalbh go gcaith- fidh siad na hainmneacha chur síos i n-a litriughadh féin ar na léarsgáilibh agus nár cheart dóibh riamh iad do litriughadh i mBéarla chodail amuigh ar nós an duine ná beadh aon tabhairt suas i n-éan-chor air. Cuirtear i n-umhail dóibh go mbíonn sé chuma uaireannta ar an litriughadh Gallda. Is fíor sain. Cuirfead síos solaoid air. Tá baile éigin i gContae Liathdroma; baile Uí Ruairc ab' eadh é, agus ní'l acht Druim Dhá Eithiar air i nGaedhilg. Cionnus a litrighthear i mBéarla é? Tá go bhfuil Dromahair, Drumahair, Dromahaire, Dromohair, Drumahaire, Drumohair, agus litrighthe nach iad air. Tá na céadta, agus dá ndéarfainn, na mílte, ainm mar sin. Abartar leis an Riaghaltas gur trioblóid- each achrannach an rud é sin agus, dá litrighidís ar an nós ceart í, ná beadh acht aon chuma amháin ar an ainm. (2) Na sean-ainmneacha do sgríobhadh i gcomhnaidhe, má's ar nós an Bhéarla féin a chaithfear cuid aca do sgríobhadh i dtosach bárra. Dá laighead blas agam ar an litriughadh mBéarla, b'fhearr liom míle uair Portleix ná Maryborough agus Dingen ná Philipstown, agus is dóigh liom, i gceann- traibh Gallda mar iad soin, go mb' fhearrde d'aithbheodhfaidhe ainm í sgríobhadh ar an nós Gallda ar dtúis. (3) Na sean-ainmneacha chur i gcaint comh minic & is féidir linn é. Féach mar atá O'Connell St. lán-bheó d'aindheoin an Riaghaltais.
(4) Sgríobhadh chum na gComhairlidhe gConntae & chum na gComhairlidhe eile, dh'á iarraidh ortha na sean-ainmneacha d'aithbheodhchaint i n-a gceanntar féin. (5) Na Craobhacha do dhéanamh a ndíchill. Má tá oifig phosta i n-a gceanntar agus ainm Ghallda uirthi agus go bhfuil ainm Ghaedhealach níos coitchinne i mbéal na ndaoine, ceapaidís rún 'na dtaobh agus tiomáinidís ag triall ar Árd-mhaighistir an Phuist é dh'á rádh leis go gcaithfear an ainm d'athrughadh. (6) Cóimhthionóil do chruinniughadh i dtaobh na ceiste seo ar fud na tíre, go háirithe ins gach baile mór go bhfuil ainm Gallda air, agus rún do cheapadh le cur ag triall ar na feisiríbh agus ar an Riaghaltas. Deirim-se libh-se, go dtug na hainm- neacha Gallda agus an litriughadh Gallda a seal go dona & do díoghbhálach. Nach mithid dúinn anois iad do mharbhadh amuigh 's amach, má's féidir sin? Tagra. Ba suthaighe agus ba torthaighe, the most prolific and fruitful. Ba mheasardha teas agus fuacht, the most temperate as to heat and cold = the most equable in temperature. Gurab iad na dromanta dubha atá curtha leis ag an bpobal nGaedhealach, that the Irish public have completely renounced it, lit., that the black backs (of the hands) have been set to it by the Irish public. Dinnseanchas, topography, etymological and his- torical. Seanchas Dionn Éireann, the history of the forts (inhabited or fortified hills) of Ireland. Do sheanchas fíre, to ascertain the truth or true origin of the names. Díne, race, tribe; still a spoken word in Oriel. Sanas, the etymon. Dáileamhain, cup-bearers; ns. dáileamh. Dionn-ainm, a name of a fort or hill. Tonn, time, period; - tonn ainmnighthe, period of nomenclature. Apparently, only a secondary use of tonn, wave; the writer uses it so at any rate. Very common in the spoken tongue, but rarely written: Níor phós sé go raibh tonn mhaith aoise aige, he did not marry until he was well advanced in age (Sgéal Mhic an Bhradáin, Aran folk-tale). There is, however, another word tuan of similar sense; cp. Tuan mac Cairill, a competitor of Fionntan and of Phra the Phœnician in the matter of living at different periods or ages. Oileán Mhic Aoidh an Inis Mhic Aoidh: I have since found these in the poetry of Oriel MSS. The name is then very probably a later native one. Rincheune (= Rinn Seimhne) is found in the Fiants as the name of the parish. Fóirleatheadamhail, very abundant; a household word in Corca Uí Dhuibhne. Gach aon re sholuis, every hour of the day. An bhuidhean odhar, the Orangemen. Beartuigheann sé dhó féin, he makes up his mind, he decides. I gomhnáird d'Ua Néill, as compared to O'Neill, in comparison with O'Neill. Forba, demesne. Rockbeldam = Rockbeldame, i.e. bad English for *Beldames' Rock. Forrchánacht an Ordonáis, the Ordnance Survey. I must here add that I am not now quite certain of my proposed etymology of Beaufort being well grounded. Moreover, Beirt Fhear gave na hAcraí as the Irish name of Beaufort in the Claidheamh ("Lá an Fhiadhaigh agus an Lá 'na Dhiaidh?) To alter the thing, however, would mean re-casting my paper considerably, with the result that what has already remained long unpublished would be delayed indefinitely. Seosamh Laoide. —
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services