Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lios an Phúca.

Title
Lios an Phúca.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Lios an Phúca.



[Aiste do léigheadh os comhair Chraoibhe an
Chéitinnigh].



Tá sean-fhocal ann agus sean-fhocal ó'n
dílinn é: "An rud a sgríobhas an púca,
léigheann sé féin é." Má's amhlaidh do'n
phúca féin do réir gnáth-eolais ár sean
agus ár sinnsear, cá mór damhsa a rádh
anocht nach taise do "Lios an Phúca"?
Táim deimhnightheach go gcuirfead an sgéal
sain i dtuigsint díbh sul a mbead réidh
leis an dtrácht so.



Sgathamh ó shoin ann do léigheadh trácht
beag ó Énrí Ó Muirgheasa os comhair na
hÁrd-chraoibhe i dtaobh iarsmaí na sean-
Ghaedheal atá fós ar fághail ar fud na
tíre, .i., na liosanna, na cathaireacha, na
cloigtheacha, na clocha tógála, &rl. Bhí
duine éigin de Chraobh an Chéitinnigh i láth-
air, agus, 'sa díosbóireacht dúinn, 'sé dubh-
airt sé: "Tá na sean-liosanna so ann,"
ar seisean, "le dhá mhíle bliadhain agus, dá
ndéarfainn, os a chionn." Ní abraim ná
gur chuir an chaint sin ag machtnamh mé.
Má's ceart dúinn dícheall do dhéanamh ar
gan a leigean d'éinne na sean-oibreacha
so do shracadh as a chéile agus do leagadh,
chum talamh socair comhthrom do dhéanamh
díobh nó chum tigh nua do chur suas, cá
misde dhúinn aire thabhairt mar an gcéadna
do na hainmneachaibh a bhaist síol Ghaedhil
Ghlais mhic Niúill ortha an fhaid do bhíodar
i dtreise agus i dtreóir ins an Éirinn so
againn-ne, "an t-éan-oileán ba suthaighe
agus ba torthaighe agus ba mheasardha teas
agus fuacht a bhí i n-urmhór Eorpa, i n-ar
bh'iomdha mil agus cruithneacht, i n-a raibh
iasg iomdha, aibhne, easa agus innbheara,"
a ndubhairt an t-ughdar mór clúiteach
léighinn úd, Lughaidh Ó Cléirigh, i "mBeatha
Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill." Go deimhin is
go dearbhtha dhíbh, agus ná bíodh a thuilleadh
ann, is fada tugadh faillighe 'sa sgéal so.
Faillighe, an eadh? 'Sé mo thuairim féin
gurab iad na dromanta dubha atá curtha
leis ag an bpobal nGaedhealach go dtí a
bhfuil le fíor-dhéidheanaighe. Má dhúisigh-
eann an tráchtín seo beagán beag cainte
i dtaobh seoid de sheodaibh ár sean, sin é,
ár ndinnseanchas, ní bheidh cuaird na
hoidhche seo i n-aistear agam.



Bhí árd-speois ag sean-Ghaedhealaibh i n-a
ndinnseanchas, .i., ins na sgéaltaibh do
bhain leis na háiteannaibh, ag cur síos ar
cad ba bhun le gach ainm agus ar cionnus
mar do baisteadh ar an áit é. Do rinneadh
leabhar ann féin de na sgéaltaibh seo ar
fad, agus seo mar do cuireadh tús air: —



"I n-ainm an Athar, an Mhic agus an
Spioraid Naoimh amén. Seo síos Seanchas
Dionn Éireann do rinne Aimhirgin mac
Amhalghadha, file de na Déisibh, .i., file
Dhiarmada mhic Cearbhaill. Is é d'iarr
d'athchuinge ar Fhiontain mhac Bóchra i


L. 324


dTeamhair nuair a bhí cóimhthionól fear
n-Éireann i dTeamhair um Dhiarmaid mhac
Cearbhaill agus um Fhlann Feabhla mac
Sgannláin, comharba Phádraig, agus um
Cheannfhaoladh mhac Oilealla mhic Eoghain
mhic Néill, agus um Fhionntain mhac Bóchra,
árd-tseanóir Éireann, gur throisg Aimhir-
gin trí lá agus trí oidhche i bhfiadhnaise
fear n-Éireann, idir mhacaibh agus inghean-
aibh, i dTeamhair, go ndeachadar do shean-
chas fíre dionn inse hÉireann, mar do chuir
gach duine agus gach díne di ó aimsir
Cheasrach — is í cheana do ghabh Éire — go
flaitheas Dhiarmada mhic Cearbhaill."



Sin mar do thosnaíodar ar an ngnó,
agus do réir an sgéil níor fhágadar sliabh,
cnoc ná tulach, abhainn, innbhear ná loch,
nár chuireadar a thuairisg go dtí, i ndeir-
eadh bárra, go raibh sanas gach áite go
cruinn aca.



Seo solaoid ar cionnus mar do cuir-
eadh i sgríbhinn iad:



"Bóinn, cad as gur hainmnigheadh í? Is
furus an cheist sin do réidhteach. Bóinn,
bean Neachtain mhic Labhradha mhic Namhad
do-chuaidh leis na dáileamhnaibh go tobar
faithche an dúna. Gach n-aon do théigheadh
chuige, ní thiocfadh thar n-ais uaidh gan
ainimh (tarcaisne). Dob' iad so ainmneacha
na ndáileamh bhí ag Neachtain, Fleasg agus
Leasg agus Luamh. Muna mbeadh Neach-
tain agus na dáileamhain do théigheadh chum
an tobair, ní thiocfadh neach daonna uaidh
gan ainimh.



Chuaidh an bhainríoghan le corp uaille
agus díomais chum an tobair 'na haonar,
agus dubhairt ná raibh oiread de rún agus
de chumhacht ann agus go bhféadfadh sé
míochuma thabhairt ar a deilbh, agus do-
chuaidh mór-thimcheall an tobair ar tuathal
chum cumhachta an tobair do fhéachain.
Briseann trí tonna as an tobar tháirsti
gur bhris go ró-obann a sliasad dheas agus
a lámh dheas agus a súil deas agus ann-
sain do chuaidh sí as an sídh ar teicheadh
ó'n áit agus ó'n tobar gur shroich an
fhairrge agus an t-uisge i n-Innbhear Bóinne.
As sain a tháinig Bóinn agus Innbhear
Bóinne."



Sgéalta an-dheasa is eadh cuid aca so.
'Sé mo mheas féin gur mhaith an t-adhbhar
filidheachta iad, dá mb'áil le duine úsáid
do bhaint asta 'na chomhair sin. Tá mór-
chuid aca agus gan focal de'n fhírinne
ionnta, acht má tá féin, cuirid siad i
n-umhail dúinn caidé a mhéid de spéis a
bhí ag Gaedhealaibh i ndinnseanchas na
hÉireann 'sa tsean-shaoghal agus a rádh nár
bh'fhuláir leó sgéal do cheapadh as a stuaim
féin, má theastuigh a leithéid uatha chum
bunudhais dionn-anma do mhíniughadh do'n
phobal.



Nach tuigthe dhúinn as an méid sin nár
bh'ionann aigneadh do Ghaedhealaibh na sean-
aimsire agus d'á sliocht atá suas anois ar
thalamh na hÉireann gur cuma leo ar
domhan cad a bheas mar ainm ar aon áit i
nÉirinn acht gur Gallda an ainm í agus
gan puinn céille bheith léithi? Fiú na
n-ainmneacha nGaedhealach d'fhan i bhfeidhm
aca, is ar éigin báis a thuigid siad iad.
Seo solaoid air sin: Tráth de na tráth-
annaibh do thárla go rabhas ar cuaird i
gceanntar Ghaedhealach. Do thugas fá
ndeara go raibh dhá áit annsúd go nglaoidh-
tí Lios an Bhaile agus Leath-bhaile ortha.
D'fhiosruigheas de dhuine éigin caidé an
bhun-bhrígh a bhí ionnta. Níor fhéad sé a
innsint dam. "Caidé an Béarla do
chuirfeá ar Lios an Bhaile?" arsa mise.
"Lisavally", ar seisean. "Acht caidí an


L. 325


chiall atá le gach focal de'n ainm fá
leith?" Do theip air an cheist do réidh-
teach. "A' dtuigeann tú an focal
'lios'?" arsa mise. "Tuigim go maith,"
ar seisean; "sin é an rud go nglaoidhmid
fort air i mBéarla; tá siad fairsing ins
an tír seo." "Agus a' dtuigeann tú
'baile'?" "Tuigim, ar ndóigh," ar
seisean. "'Nois, a' dtuigeann tú 'Lios
an Bhaile'?" Dubhairt sé annsain go
mb'fhéidir go bhféadfaidhe an chiall sain a
bhaint as, acht is mór do bhí sé i n-amhras
leis; bhí sé socair chean i n-a aigneadh nár
oir mar Bhéarla ar "Lios an Bhaile" acht
Lisavally. B'in é nó a dhálta ag "Leath-
bhaile" leis. Thuig sé "leath" agus thuig sé
"baile", acht dá mbeinn ag gabháil dó go
lá na leac, ní fhéadfainn a chur ar a shúilibh
dó go raibh i "Leathbhaile" acht ainm áite
nár thuig sé i n-éan-chor agus gur bh'é an
Béarla bhí air ná Lavally.



Cuirfead ceist anois ar nós an Dinn-
seanchais: "An iomdha tonn ainmnighthe
bhris thar fionn-chlár Fódla?" Mo fhreagra
air sin gur furus í réidhteach. Chúig thonn
ainmnighthe tháinig uirthi, go bhfuil a rian
innti go dtí an lá atá indiu ann, dhá cheann
aca uaithi féin agus trí cinn aca ó'n
imigcéin nó ó thíorthaibh thar lear. 'Siad so
iad:



(1) Tonn na Págántachta;
(2) Tonn na Críostaidheachta;
(3) Tonn na Lochlannach;
(4) Tonn na Sean-Ghall;
(5) Tonn na Nua-Ghall.



Cuirfead síos anois tuairisg bheag ar
gach tuinn aca, ag trácht orrtha i ndiaidh a
chéile.



(1) Tonn na Págántachta. Ní gábhadh
dham innsint dhíbh gurab í seo tonn is
ársaidhe aca. Ise amháin 'n-a bhfuil faisnéis
nó tuairisg uirthi ins an Dinnseanchas. Is
dóigh liom gurab iad so — an méid d'fhan
beó dhíobh 'n-ar measg — na hainmneacha is
deise agus is athchomaire, is áilne agus is
bríoghmhaire d'ar baisteadh riamh. Tá mór-
chuid aca beó. Táid siad sain ar ár
srothannaibh, ar ár n-aibhneachaibh, agus ar
ár n-innbhearaibh taobh-uaine, ar ár sléibhtibh
árda agus ar ár gcnocaibh sídhe, ar ár
dtíorthaibh agus ar ár ndúithchíbh, ar ár lios-
annaibh agus ar ár sean-rathannaibh, &rl.
Badh mhaith liom féin, dá bhféadfaidhe é
dhéanamh i n-éan-chor, go n-aithbheodhfaidhe
cuid d'ar cailleadh de na hainmneachaibh
seo. Is féidir sain do dhéanamh, im'
thuairim-se. Cuir i gcás, "Island Magee,"
áit atá anois in partibus infidelium, sin é,
i dtír Ghalldachta i nÉirinn cár bh'fhearr
dúinn ainm do thiubharfamaois air ná Rinn
Seimhne atá chomh hársa sain gur chuir
Ptolomaeus cuma Ghréigise air, .i., Isamnion
Akron. Rud eile, Rinn Seimhne bhí ar an
áit go haimsir na Planntála tugadh ar
Chúige Uladh. B'fhéidir gurab iad na Goill
fá ndear Island Magee, siúd is go bhfuil
dul na Gaedhilge air, chomh maith is dá
mbadh ó "Oileán Mhig Aoidh" a tháinig sé.
Is iomdha áit eile 'n-a bhféadfaidhe an
cleas céadna d'imirt air, ins na cúigíbh
go léir. Ar na hainmneachaibh nár cailleadh
riamh atá an tSionainn, an Fheoir, an
tSiuir, an Bhearbha, an Bhuas, Loch Éirne,
Loch Léin, Loch Súilighe, &rl., .i., na haibh-
neacha agus na lochanna is mó d'á bhfuil i
n-ár dtír indiu.



(2) Tonn na Críostaidheachta. Is dóigh
liom go bhfuil furmhór na n-ainmneacha so
beó fós. Is flúirseach fóirleitheadamhail
iad 'n-a n-ainmneachaibh paróiste. Seo mar
do tugadh iad. Tháinig fir naomhtha éigin
agus chuireadar fútha i n-áit. An teampall


L. 326


do chuireadar ar bun agus an tobar do
thaithighidís, do hainmnigheadh iad as an té
'n-ar leis ar dtúis iad. Ní mheasaim go
dtug aon cheann aca so an bás do na
hainmneachaibh págánta. Ní raibh ann acht
dinnseanchas na hÉireann d'fhairsingiughadh
agus do naomhughadh. An rian is mó d'fhág
súd ar ár dtír Cill agus Teampall agus
Domhnach i dtús ainmneacha.



(3) Tonn na Lochlannach. Ba lag an
tonn í seo. Ar an dtaobh thoir de chrios-
lach cuanta na hÉireann is mó bhrúcht sí.
Do baisteadh ainmneacha úr-nua ar Loch
Cuan, ar Reachrainn Breagh, ar Chill Mhann-
táin, ar an Innbhear Mór, ar Loch Gar-
man, ar Phortláirge, agus ar áiteannaibh
nach iad. Do chuireadh earball Lochlannach
le hOllarbha, le Cáirlinn, le Grianphort,
le Carn, etc. Do cuireadh cuid de na
sean-ainmneachaibh Gaedhealacha i dteangaidh
na Lochlannach, m.sh., Léim an Bhradáin,
Léim Chongculainn, &rl. Níor tháinig acht
fíor-bheagán de na hainmneachaibh Loch-
lannacha so isteach 'sa Ghaedhilg agus cuma
Ghaedhealach ortha, mar sh., Inis Ubhdonn (nó
Inis Sibhtonn) i lár na Sionainne, Baile an
Araldaigh i nUíbh Dúnchadha, &rl.



(4) Tonn na Sean-Ghall. Dob' éachtach
an tonn í seo. B'í seo an tonn do chéad-
loit an t-ainmniughadh ársa naomhtha d'fhág
ár seacht sinnsir ar thulchaibh féar-uaine
Fódla. Tá an Mhidhe agus Laighin loithte
go mór léi, nó do réir na roinne d'fhág
Goill ar Éirinn, Contae Lughbhaidh, Co.
Bhaile Átha Cliath, Co. na Midhe, Co. na
hIarmhidhe, Co. Chille Dara, Co. Chille Coinnigh,
agus an taobh theas de Cho. Locha Garman.
Ní hé ná fuil a rian ins na cúigíbh eile
leis; tá gan amhras. Ceapaim-se, gach
aon áit go bhfuil Gráinseach nó Gráig i n-a
thosach, agus nach mór gach aon bhaile go
bhfuil -town i n-a dheireadh, gurab iad na
Sean-Ghoill do bhaist an ainm sin air. Bí
de threise agus d'fheabhas na Gaedhilge i
gCúige Laighean an uair sin, ámh, gur
cuireadh iad so i nGaedhilg láithreach bonn
nó geall leis. Seo solaoidí air sin: Tá
áit i n-Uíbh Máil go raibh Blacoston air le
linn Hannrí a III. a bheith i gceannus
Shasana. 'Sé an ainm Ghaedhilge bhí air 'sa
seiseadh céad déag ná Baile an Bhlácaigh.
Ní gábhadh dham a rádh gur Blakestown atá
air ó bhrúcht tonn an Bhéarla thars an gcúige.
Tá baile beag éigin eile i n-Uíbh Muireadh-
aigh go bhfuil Prumplestown anois air. Seo
mar thárla. Do chuir Normánach éigin
dar bh'ainm Frombald faoi ins an áit agus do
ghlaoidh na Sean-Ghoill ar an mbaile, d'á
bhárr, Frombaldestone. 'Sé an ainm
Ghaedhilge bhí air 'sa seiseadh céad déag ná
Baile an Bhruthmálaigh, .i. an rud céadna i
nGaedhilg. Tá dhá chuma air ins na Fiants
úd ó Eilís, bainríoghain Shasana, Frompols-
towne agus Ballyfrompole, ceann aca ó'n
Sean-Bhéarla agus ceann aca ó'n nGaedh-
ilg. Uaireannta, is í an chuma Ghaedhealach
do fuair an bhuaidh i ndeireadh na dála,
mar sh., Hokeston Hooke's town 'sa
tSean-Bhéarla gur cuireadh Baile hÚc air
mar Ghaedhilg, agus Ballyhook an ainm
Béarla atá anois air. Acht is beag an
sásamh an méid sin, agus a rádh gur dhíbir
ainmneacha de'n tsórd so na sean-ainmn-
eacha fíor-Ghaedhealacha bhí rómpa ar na
bailtibh. Cuireadh an ruaig glan ortha
agus táid siad caillte anois.



(5) Tonn na Nua-Ghall. Sidí tonn is
mó baoghal dúinn d'á dtáinig riamh orainn.
'Sí atá anois ann ag básughadh na n-ainmn-
eacha ndúthchasach d'fhan againn. Tá sí ag
báthadh lorg ársa na Sean-Ghaedheal 'sa
tír. Tá gach aon dream ag cabhrughadh léi,


L. 327


an Riaghaltas, oifigí an Riaghaltais, Árd-
oifig an Phuist 'n-a measg, na Goill agus
na Gaedhil féin. Ní abraim ná gurab iad
na Gaedhil is mó dúil ins an ghnó so, agus
is géire sainnt chuige. Táid na céadta
áit i nÉirinn go bhfuil na daoine ag iarraidh
Béarla do chur ortha gach aon ré sholuis,
agus ní hannamh a bhítear 'ghá dhéanamh go
dona agus go han-dhona, toisg gan tuig-
sint cheart a bheith aca ar an ainm féin
agus ar an mBéarla. Tá Lady's Bridge
ar Dhroichead na Sguab i gCo. Chorcaighe,
tá Chaffpool ar Loch na Cátha i gCúige
Chonnacht, agus mar sin dóibh. Go deimhin
féin, ní'l an bhuidhean odhar i gCúige Uladh
leath chomh holc le Gaedhealaibh — táid siad
súd lán-tsásta le Derry, le Belfast, agus
dá ndéarfainn, le Tamnificarbet, le
Derrygortreavy, le Ballykilbeg, le Bally-
magarry, le Mullaghfernaghan, agus leis
na céadtaibh mar iad, nach furus dóibh
úsáid do bhaint asta, ó'n uair is ná tuigid
siad iad agus go bhfuilid an-fhada.



Acht táid na seoiníní agus na Goill
ghalánta ag déanamh a láin díoghbhála
leis. Bíd ainmneacha nua Béarla d'á
mbaisteadh i nÉirinn ó bhliadhain go
bliadhain, agus, dá ndéarfainn, ó lá
go lá. Cailltear cuid aca gan amhras,
acht fanann an chuid eile ar ár mbail-
tibh agus ar áiteannaibh nach iad. Is
le n-ár linn féin do cailleadh Muine Beag
ar Bagenalstown, Bun Clóidighe ar New-
townbarry, Cnoc an Teampaill ar Free-
mount, Meathus Truim ar Edgeworths-
town, Baile na gCros ar Castlepollard,
agus Port Laoighise ar Maryborough,
&rl. Tá an Riaghaltas, agus go mór-
mhór lucht an Phuist, ag cabhrughadh
leis sin ar a lán-dícheall, mar, má
bhíonn ainm ghlan-Bhéarla le fághail i
n-éan-chor, is í ghabhaid siad do roghain,
abair is ná beadh sí i n-úsáid acht ag an
seoinín féin do bhaist í. Tá Mount
Uniacke ag an Riaghaltas ar áit éigin
i gCo. Chorcaighe, cé gur Cúil Ó gCorra
ata ag gach éinne de'n phobal air, má's as
an mBéarla féin a bhíd siad ag labhairt,
agus sgríobhann fear cinn riain na bpílears
i mBaile Nua Newtown, cé fá fuil acht an
chéad ainm ag muintir na háite air.
Maidir le muintir an Phuist, níor tháinig
lá d'á chuimhne chugam gur dhual agus gur
dhúthchas dóibh bheith lán-Ghallda. Seo mar
théid siad i bhfeidhil a gcuid oibre. Cuir i
gcás go dtáinig seoinín nó fear Gallda
chum comhnuidhthe i n-áit áirithe. Bhí an
Cnoc Mór riamh mar ainm ó na seacht
sinnsearaibh air. Ní thaithneann an ainm
sin lem' sheoinín breagh galánta. Ní fuláir
leis ainm binn Béarla do sholáthar dó
a bheas comh breagh comh galánta leis féin.
Seo é ag machtnamh i n-a aigneadh agus, ó
thárla gur Fox is sloinneadh dhó, beart-
uigheann sé dhó féin nár bh'fhearr dó ainm
do thiubharfadh sé air ná Foxhall nó Fox-
hole — ní fheadar ciaca, mar is d'á chéile
iad. Sin mar chuireann sé ós áird a
shloinneadh suarach Gallda nach fiú casnamh
i gcomhnáird d' Ua Néill nó do Mhac
Cárthaigh Mór nó d' Ua Dhrisceoil. Tagaid
litreacha ag triall air i gceann tamaill
agus ceapann sé nach mór dó oifig phuist
d'fhághail, 'na chomhair féin go háirithe.
Tiomáineann sé litir ag triall ar Árd-
mhaighistir an Phuist, ag déanamh gearáin i
dtaobh na moille do cuireadh ar a chuid
litreacha agus ag rádh go mbadh mhór a
raghadh sé i dtairbhe do'n dúthaigh sin ar
fad, dá gcuirfidhe oifig ar bun innti.
Gheibheann sé a ghuidhe, cé ná raibh aon trácht
ná cuimhneamh féin ar a leithéid riamh roimhe


L. 328


sin, dá líonmhaire an pobal ann. I n-ionad
an ceart do dhéanamh, .i., an oifig d'ainm-
niughadh as an mbaile, an roinnt is ársaidhe
agus is suaichnidhe bhí riamh ar an dtalamh,
is amhlaidh dheinid Lucht an Phuist ná é
d'ainmniughadh nó leas-ainmniughadh as tigh
an tseoinín úd, siúd is ná fuil acht aon
teach amháin 'san áit go bhfuil an ainm sin
air.



Uaireanta ní dheinid na seoiníní seo
acht casadh do chur ins an ainm Ghaedhilge.
B'é sin dálta ag Lios Linne i n-Inis
Eoghain. Má tá go bhfuil Linsfort anois
mar ainm Béarla ar an mbaile, tá Lislin
fós ar chnoc i n-a lár istigh, agus is follus
as sain gur Lios Linne ainm cheart an
bhaile agus an chnuic i n-éinfheacht. Solaoid
mhaith eile ar an rud céadna is eadh an
ainm do chuireas mar theideal ar an
dtrácht so. 'Sé mo thuairim-se, agus
tuairim láidir is eadh é, munab meallta
atáim, gur "Lios an Phúca" a bhíodh mar
ainm ar an áit úd i gContae Chiarraidhe ná
tugtar acht Beaufort air anois, ní hamháin
as Béarla acht as Gaedhilg féin, le sgathamh
maith aimsire. Tá "Lios an Phúca" fós ar
lios atá i gceartlár an bhaile. 'Sé mheas-
aim-se, an té do chuir an forba nó an
pháirc mhór ar dtúis ann, nár bh'fhuláir leis
casadh Béarla do chur 'san tsean-ainm
Ghaedhealach agus seo mar do rinne sé é,
do réir mo bharamhla: cheap sé gur bh'ionann
"Púca" agus Puck i mBéarla, acht níor
thaithin Puckfort leis — ní raibh sé galánta.
Do smaoinigh sé annsain gur bh'ionann
"poc" i nGaedhilg agus buck i mBéarla,
agus ó thárla, ag baint céille eile as buck,
gur bh'ionann buck agus beau, b'é an ainm
bhreagh ghalánta bhí aige de bhárr a chuid
machtnaimh ná Beaufort! Ba dhiabhalta an
fear é siúd. Fuair sé buaidh ar na
Gaedhilgeoiríbh féin, mar ní'l aca ar an áit
ó shoin anuas acht Beaufort! Nár dheas an
gnó é? Is minic a bhí sgoláirí Gaedhilge
ag cabhrughadh le n-a leithéid sin. Sean-
bhean Ghaedhealach — beannacht dílis Dé le
n-a hanam — do innis an sgéal beag so
dham. Bhí sí 'na comhnaidhe ar bhaile go
raibh Carraig na gCailleach air mar ainm.
Bhíodh sagart ann go raibh grádh mór aige
do'n Ghaedhilg agus bhí sé an-eolach innti.
Is é do thug an tuarasgbháil úd ar an
bhfile Peadar Ó Doirnín do Sheaghán Ó
Dálaigh, (Poets and Poetry of Munster, 39,
40). An tAthair Ó Luain ab' ainm dó. Níor
mheas sé gur cheart mar Bhéarla ar Charraig
na gCailleach Carricknagalliagh; bhí sé
ró-Ghaedhealach, dar leis. Dubhairt sé leis
an bpobal go gcaithfidís Rockbeldam do
ghlaodhach air as Béarla. Míle altughadh do
Dhia! níor ghlacadar a chomhairle, agus tá
an ainm cheart ar an áit go dtí an lá
indiu. Níor mhar sin do gach aon áit, ámh.
Tá ainmneacha Gallda ar a lán de bhailtibh
anois. Caithfear an tsean-ainm Ghaedhealach
do chur ar gach ceann aca arís. Cionnus
is féidir é dhéanamh, go mór-mhór má's i
n-áit Ghallda atá an baile? Mo fhreagra
air sin, tá a bhfurmór le fághail ins na
hInquisitiones, ins na Patent Rolls, &rl.
Ní maith an t-adhbhar léighte iad sain. Ní'l
súg ná brígh ionnta, agus an té léighfeas
iad, cuirfidh siad brón ar a aigneadh, mar
is iad tuairisgí creachta na nGaedheal iad.
Mar sin féin, caithfear claoi leis an obair
sin, má's mian linn aghaidh ár dtíre do
dhéanamh fíor-Ghaedhealach arís. Ní hé rud
dob ' indéanta dhúinn, na hainmneacha
Bhéarla bhaist na Goill ar na bailtibh seo
do chur i nGaedhilg, mar is é aigneadh na
nGall do cheap iad, agus ar ndóigh, aon
rud do cheapadar súd, ní healadha dhúinn


L. 329


é ghabháil chugainn. Ní'l acht fíor-bheagán i
gcúram na hoibre seo agus an saoghal le
déanamh. Ní hé amháin gur féidir sean-
ainmneacha na mbailte d'fhághail as na
hInquisitiones, acht 'na dteannta sain
ainmneacha bhí ar pháirceannaibh beaga i
gceartlár Ghalltíre Chúige Laighean táid
siad thíos go cruinn ionnta.



Tá locht eile agam ar na sgoláiribh móra
Gaedhilge bhí ann tá leath-chéad bliadhain ó
shoin ann. Do ceapadh iad, .i. Seaghán Ó
Donnabháin, Eoghan Ó Comhraidhe, an
Caomhach agus Mac Uí Chonchubhair, chum
cabhrughadh le Forrachánacht an Ordonáis.
'Sé an gnó do fágadh fútha an tslighe ab'
fhearr chum na hainmneacha Gaedhealacha do
chur i litriughadh an Bhéarla. Cad 'n-a thaobh
nár labhradar go tur agus go neamh-mbalbh
leis an Riaghaltas, ag rádh leó ná féad-
faidís é dhéanamh, agus nár oir do na
hainmneachaibh sin acht aon litriughadh amháin
.i., an litriughadh Gaedhealach? Ní raibh
splannc misnigh ionnta. Ní raibh aon
leithsgéal aca i dtaobh Gort Rúscach nó
Cnocán Bán, &rl., ná raibh ionnta acht
ainmneacha glan-Ghaedhilge, pé leathsgéal
do bheadh acha i dtaoibh ainmneacha mar
Cork, Belfast nó Dublin atá ins an
Bhéarla leis na céadtaibh bliadhan. Tá an
sgéal níos fearr ag na Breathnachaibh agus
ag Gaedhealaibh na hAlban. Do throid-
eadar súd ar son a litrighthe, agus d'á
chomhartha sain féin, tá sé aca go ceart
cruinn ar gach aon léarsgáil dár cuireadh
i gcló riamh.



An cheist dhéidheanach anois: Cionnus
an cath so do chur ar lucht an Riaghaltais,
ar Ghallaibh agus ar na seoiníníbh? Tá, go
gcaithfimíd na sean-ainmneacha d'aithbheodh-
chaint ar fud na tíre ó Cheann Cléire go
Reachrainn Dáil Riada agus ó Cheann
Léime go hInbhear Colpa. Ní'l ins na
hainmneacha Gallda acht rian ár ndaor-
bhruide, agus caithfear deireadh chur leis
sin. Is maith fóghanta na meodhain seo
chuige sin:



(1) A iarraidh ar an Riaghaltas tosnughadh
ar an bhforrachánacht as an nua. Abartar
leó go tur agus go neamh-mbalbh go gcaith-
fidh siad na hainmneacha chur síos i n-a
litriughadh féin ar na léarsgáilibh agus nár
cheart dóibh riamh iad do litriughadh i
mBéarla chodail amuigh ar nós an duine
ná beadh aon tabhairt suas i n-éan-chor air.
Cuirtear i n-umhail dóibh go mbíonn sé
chuma uaireannta ar an litriughadh Gallda.
Is fíor sain. Cuirfead síos solaoid air.
Tá baile éigin i gContae Liathdroma;
baile Uí Ruairc ab' eadh é, agus ní'l acht
Druim Dhá Eithiar air i nGaedhilg. Cionnus
a litrighthear i mBéarla é? Tá go bhfuil
Dromahair, Drumahair, Dromahaire,
Dromohair, Drumahaire, Drumohair, agus
litrighthe nach iad air. Tá na céadta, agus
dá ndéarfainn, na mílte, ainm mar sin.
Abartar leis an Riaghaltas gur trioblóid-
each achrannach an rud é sin agus, dá
litrighidís ar an nós ceart í, ná beadh acht
aon chuma amháin ar an ainm.



(2) Na sean-ainmneacha do sgríobhadh i
gcomhnaidhe, má's ar nós an Bhéarla féin a
chaithfear cuid aca do sgríobhadh i dtosach
bárra. Dá laighead blas agam ar an
litriughadh mBéarla, b'fhearr liom míle uair
Portleix ná Maryborough agus Dingen ná
Philipstown, agus is dóigh liom, i gceann-
traibh Gallda mar iad soin, go mb' fhearrde
d'aithbheodhfaidhe ainm í sgríobhadh ar an nós
Gallda ar dtúis.



(3) Na sean-ainmneacha chur i gcaint
comh minic & is féidir linn é. Féach mar
atá O'Connell St. lán-bheó d'aindheoin an
Riaghaltais.


L. 330


(4) Sgríobhadh chum na gComhairlidhe
gConntae & chum na gComhairlidhe eile,
dh'á iarraidh ortha na sean-ainmneacha
d'aithbheodhchaint i n-a gceanntar féin.



(5) Na Craobhacha do dhéanamh a ndíchill.
Má tá oifig phosta i n-a gceanntar agus
ainm Ghallda uirthi agus go bhfuil ainm
Ghaedhealach níos coitchinne i mbéal na
ndaoine, ceapaidís rún 'na dtaobh agus
tiomáinidís ag triall ar Árd-mhaighistir an
Phuist é dh'á rádh leis go gcaithfear an
ainm d'athrughadh.



(6) Cóimhthionóil do chruinniughadh i dtaobh
na ceiste seo ar fud na tíre, go háirithe
ins gach baile mór go bhfuil ainm Gallda
air, agus rún do cheapadh le cur ag triall
ar na feisiríbh agus ar an Riaghaltas.



Deirim-se libh-se, go dtug na hainm-
neacha Gallda agus an litriughadh Gallda
a seal go dona & do díoghbhálach. Nach
mithid dúinn anois iad do mharbhadh amuigh
's amach, má's féidir sin?



Tagra.



Ba suthaighe agus ba torthaighe, the most prolific and
fruitful.
Ba mheasardha teas agus fuacht, the most temperate
as to heat and cold = the most equable in temperature.
Gurab iad na dromanta dubha atá curtha leis ag
an bpobal nGaedhealach, that the Irish public have
completely renounced it, lit., that the black backs (of
the hands) have been set to it by the Irish public.
Dinnseanchas, topography, etymological and his-
torical.
Seanchas Dionn Éireann, the history of the forts
(inhabited or fortified hills) of Ireland.
Do sheanchas fíre, to ascertain the truth or true
origin of the names.
Díne, race, tribe; still a spoken word in Oriel.
Sanas, the etymon.
Dáileamhain, cup-bearers; ns. dáileamh.
Dionn-ainm, a name of a fort or hill.
Tonn, time, period; - tonn ainmnighthe, period of
nomenclature. Apparently, only a secondary use of
tonn, wave; the writer uses it so at any rate. Very
common in the spoken tongue, but rarely written:
Níor phós sé go raibh tonn mhaith aoise aige, he did
not marry until he was well advanced in age (Sgéal
Mhic an Bhradáin, Aran folk-tale). There is, however,
another word tuan of similar sense; cp. Tuan mac
Cairill, a competitor of Fionntan and of Phra the
Phœnician in the matter of living at different periods
or ages.



Oileán Mhic Aoidh an Inis Mhic Aoidh: I have since
found these in the poetry of Oriel MSS. The name
is then very probably a later native one. Rincheune
(= Rinn Seimhne) is found in the Fiants as the name of
the parish.
Fóirleatheadamhail, very abundant; a household
word in Corca Uí Dhuibhne.
Gach aon re sholuis, every hour of the day.
An bhuidhean odhar, the Orangemen.
Beartuigheann sé dhó féin, he makes up his mind,
he decides.
I gomhnáird d'Ua Néill, as compared to O'Neill,
in comparison with O'Neill.
Forba, demesne.
Rockbeldam = Rockbeldame, i.e. bad English for
*Beldames' Rock.
Forrchánacht an Ordonáis, the Ordnance Survey.



I must here add that I am not now quite certain of
my proposed etymology of Beaufort being well
grounded. Moreover, Beirt Fhear gave na hAcraí
as the Irish name of Beaufort in the Claidheamh ("Lá
an Fhiadhaigh agus an Lá 'na Dhiaidh?) To alter the
thing, however, would mean re-casting my paper
considerably, with the result that what has already
remained long unpublished would be delayed
indefinitely.



Seosamh Laoide.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services