Lios an Phúca.
[Aiste do léigheadh os comhair Chraoibhe an 
Chéitinnigh]. 
Tá sean-fhocal ann agus sean-fhocal ó'n 
dílinn é: "An rud a sgríobhas an púca, 
léigheann sé féin é."  Má's amhlaidh do'n 
phúca féin do réir gnáth-eolais ár sean 
agus ár sinnsear, cá mór damhsa a rádh 
anocht nach taise do "Lios an Phúca"? 
Táim deimhnightheach go gcuirfead an sgéal 
sain i dtuigsint díbh sul a mbead réidh 
leis an dtrácht so. 
Sgathamh ó shoin ann do léigheadh trácht 
beag ó Énrí Ó Muirgheasa os comhair na 
hÁrd-chraoibhe i dtaobh iarsmaí na sean-
Ghaedheal atá fós ar fághail ar fud na 
tíre, .i., na liosanna, na cathaireacha, na 
cloigtheacha, na clocha tógála, &rl.  Bhí 
duine éigin de Chraobh an Chéitinnigh i láth-
air, agus, 'sa díosbóireacht dúinn, 'sé dubh-
airt sé: "Tá na sean-liosanna so ann," 
ar seisean, "le dhá mhíle bliadhain agus, dá 
ndéarfainn, os a chionn."  Ní abraim ná 
gur chuir an chaint sin ag machtnamh mé. 
Má's ceart dúinn dícheall do dhéanamh ar 
gan a leigean d'éinne na sean-oibreacha 
so do shracadh as a chéile agus do leagadh, 
chum talamh socair comhthrom do dhéanamh 
díobh nó chum tigh nua do chur suas, cá 
misde dhúinn aire thabhairt mar an gcéadna 
do na hainmneachaibh a bhaist síol Ghaedhil 
Ghlais mhic Niúill ortha an fhaid do bhíodar 
i dtreise agus i dtreóir ins an Éirinn so 
againn-ne, "an t-éan-oileán ba suthaighe 
agus ba torthaighe agus ba mheasardha teas 
agus fuacht a bhí i n-urmhór Eorpa, i n-ar 
bh'iomdha mil agus cruithneacht, i n-a raibh 
iasg iomdha, aibhne, easa agus innbheara," 
a ndubhairt an t-ughdar mór clúiteach 
léighinn úd, Lughaidh Ó Cléirigh, i "mBeatha 
Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill."  Go deimhin is 
go dearbhtha dhíbh, agus ná bíodh a thuilleadh 
ann, is fada tugadh faillighe 'sa sgéal so. 
Faillighe, an eadh?  'Sé mo thuairim féin 
gurab iad na dromanta dubha atá curtha 
leis ag an bpobal nGaedhealach go dtí a 
bhfuil le fíor-dhéidheanaighe.  Má dhúisigh-
eann an tráchtín seo beagán beag cainte 
i dtaobh seoid de sheodaibh ár sean, sin é, 
ár ndinnseanchas, ní bheidh cuaird na 
hoidhche seo i n-aistear agam. 
Bhí árd-speois ag sean-Ghaedhealaibh i n-a 
ndinnseanchas, .i., ins na sgéaltaibh do 
bhain leis na háiteannaibh, ag cur síos ar 
cad ba bhun le gach ainm agus ar cionnus 
mar do baisteadh ar an áit é.  Do rinneadh 
leabhar ann féin de na sgéaltaibh seo ar 
fad, agus seo mar do cuireadh tús air: —
"I n-ainm an Athar, an Mhic agus an 
Spioraid Naoimh amén.  Seo síos Seanchas 
Dionn Éireann do rinne Aimhirgin mac 
Amhalghadha, file de na Déisibh, .i., file 
Dhiarmada mhic Cearbhaill.  Is é d'iarr 
d'athchuinge ar Fhiontain mhac Bóchra i 
dTeamhair nuair a bhí cóimhthionól fear 
n-Éireann i dTeamhair um Dhiarmaid mhac 
Cearbhaill agus um Fhlann Feabhla mac 
Sgannláin, comharba Phádraig, agus um 
Cheannfhaoladh mhac Oilealla mhic Eoghain 
mhic Néill, agus um Fhionntain mhac Bóchra, 
árd-tseanóir Éireann, gur throisg Aimhir-
gin trí lá agus trí oidhche i bhfiadhnaise 
fear n-Éireann, idir mhacaibh agus inghean-
aibh, i dTeamhair, go ndeachadar do shean-
chas fíre dionn inse hÉireann, mar do chuir 
gach duine agus gach díne di ó aimsir 
Cheasrach — is í cheana do ghabh Éire — go 
flaitheas Dhiarmada mhic Cearbhaill." 
Sin mar do thosnaíodar ar an ngnó, 
agus do réir an sgéil níor fhágadar sliabh, 
cnoc ná tulach, abhainn, innbhear ná loch, 
nár chuireadar a thuairisg go dtí, i ndeir-
eadh bárra, go raibh sanas gach áite go 
cruinn aca. 
Seo solaoid ar cionnus mar do cuir-
eadh i sgríbhinn iad: 
"Bóinn, cad as gur hainmnigheadh í?  Is 
furus an cheist sin do réidhteach.  Bóinn, 
bean Neachtain mhic Labhradha mhic Namhad 
do-chuaidh leis na dáileamhnaibh go tobar 
faithche an dúna.  Gach n-aon do théigheadh 
chuige, ní thiocfadh thar n-ais uaidh gan 
ainimh (tarcaisne).  Dob' iad so ainmneacha 
na ndáileamh bhí ag Neachtain, Fleasg agus 
Leasg agus Luamh.  Muna mbeadh Neach-
tain agus na dáileamhain do théigheadh chum 
an tobair, ní thiocfadh neach daonna uaidh 
gan ainimh. 
Chuaidh an bhainríoghan le corp uaille
agus díomais chum an tobair 'na haonar, 
agus dubhairt ná raibh oiread de rún agus 
de chumhacht ann agus go bhféadfadh sé 
míochuma thabhairt ar a deilbh, agus do-
chuaidh mór-thimcheall an tobair ar tuathal 
chum cumhachta an tobair do fhéachain. 
Briseann trí tonna as an tobar tháirsti 
gur bhris go ró-obann a sliasad dheas agus 
a lámh dheas agus a súil deas agus ann-
sain do chuaidh sí as an sídh ar teicheadh 
ó'n áit agus ó'n tobar gur shroich an 
fhairrge agus an t-uisge i n-Innbhear Bóinne. 
As sain a tháinig Bóinn agus Innbhear 
Bóinne." 
Sgéalta an-dheasa is eadh cuid aca so. 
'Sé mo mheas féin gur mhaith an t-adhbhar 
filidheachta iad, dá mb'áil le duine úsáid 
do bhaint asta 'na chomhair sin.  Tá mór-
chuid aca agus gan focal de'n fhírinne 
ionnta, acht má tá féin, cuirid siad i 
n-umhail dúinn caidé a mhéid de spéis a 
bhí ag Gaedhealaibh i ndinnseanchas na 
hÉireann 'sa tsean-shaoghal agus a rádh nár 
bh'fhuláir leó sgéal do cheapadh as a stuaim 
féin, má theastuigh a leithéid uatha chum 
bunudhais dionn-anma do mhíniughadh do'n 
phobal. 
Nach tuigthe dhúinn as an méid sin nár 
bh'ionann aigneadh do Ghaedhealaibh na sean-
aimsire agus d'á sliocht atá suas anois ar 
thalamh na hÉireann gur cuma leo ar 
domhan cad a bheas mar ainm ar aon áit i 
nÉirinn acht gur Gallda an ainm í agus 
gan puinn céille bheith léithi?  Fiú na 
n-ainmneacha nGaedhealach d'fhan i bhfeidhm 
aca, is ar éigin báis a thuigid siad iad. 
Seo solaoid air sin: Tráth de na tráth-
annaibh do thárla go rabhas ar cuaird i 
gceanntar Ghaedhealach.  Do thugas fá 
ndeara go raibh dhá áit annsúd go nglaoidh-
tí Lios an Bhaile agus Leath-bhaile ortha. 
D'fhiosruigheas de dhuine éigin caidé an 
bhun-bhrígh a bhí ionnta.  Níor fhéad sé a 
innsint dam.  "Caidé an Béarla do 
chuirfeá ar Lios an Bhaile?" arsa mise. 
"Lisavally", ar seisean.  "Acht caidí an 
chiall atá le gach focal de'n ainm fá 
leith?"  Do theip air an cheist do réidh-
teach.  "A' dtuigeann tú an focal 
'lios'?" arsa mise.  "Tuigim go maith," 
ar seisean; "sin é an rud go nglaoidhmid 
fort air i mBéarla; tá siad fairsing ins 
an tír seo."  "Agus a' dtuigeann tú 
'baile'?"  "Tuigim, ar ndóigh," ar 
seisean.  "'Nois, a' dtuigeann tú 'Lios 
an Bhaile'?"  Dubhairt sé annsain go 
mb'fhéidir go bhféadfaidhe an chiall sain a 
bhaint as, acht is mór do bhí sé i n-amhras 
leis; bhí sé socair chean i n-a aigneadh nár 
oir mar Bhéarla ar "Lios an Bhaile" acht 
Lisavally.  B'in é nó a dhálta ag "Leath-
bhaile" leis.  Thuig sé "leath" agus thuig sé 
"baile", acht dá mbeinn ag gabháil dó go 
lá na leac, ní fhéadfainn a chur ar a shúilibh 
dó go raibh i "Leathbhaile" acht ainm áite 
nár thuig sé i n-éan-chor agus gur bh'é an 
Béarla bhí air ná Lavally. 
Cuirfead ceist anois ar nós an Dinn-
seanchais: "An iomdha tonn ainmnighthe 
bhris thar fionn-chlár Fódla?"  Mo fhreagra 
air sin gur furus í réidhteach.  Chúig thonn 
ainmnighthe tháinig uirthi, go bhfuil a rian 
innti go dtí an lá atá indiu ann, dhá cheann 
aca uaithi féin agus trí cinn aca ó'n 
imigcéin nó ó thíorthaibh thar lear.  'Siad so 
iad: 
(1) Tonn na Págántachta;
(2) Tonn na Críostaidheachta;
(3) Tonn na Lochlannach;
(4) Tonn na Sean-Ghall;
(5) Tonn na Nua-Ghall.
Cuirfead síos anois tuairisg bheag ar 
gach tuinn aca, ag trácht orrtha i ndiaidh a 
chéile. 
(1) Tonn na Págántachta.  Ní gábhadh 
dham innsint dhíbh gurab í seo tonn is 
ársaidhe aca.  Ise amháin 'n-a bhfuil faisnéis 
nó tuairisg uirthi ins an Dinnseanchas.  Is 
dóigh liom gurab iad so — an méid d'fhan 
beó dhíobh 'n-ar measg — na hainmneacha is 
deise agus is athchomaire, is áilne agus is 
bríoghmhaire d'ar baisteadh riamh.  Tá mór-
chuid aca beó.  Táid siad sain ar ár 
srothannaibh, ar ár n-aibhneachaibh, agus ar 
ár n-innbhearaibh taobh-uaine, ar ár sléibhtibh 
árda agus ar ár gcnocaibh sídhe, ar ár 
dtíorthaibh agus ar ár ndúithchíbh, ar ár lios-
annaibh agus ar ár sean-rathannaibh, &rl. 
Badh mhaith liom féin, dá bhféadfaidhe é 
dhéanamh i n-éan-chor, go n-aithbheodhfaidhe 
cuid d'ar cailleadh de na hainmneachaibh 
seo.  Is féidir sain do dhéanamh, im' 
thuairim-se.  Cuir i gcás, "Island Magee," 
áit atá anois in partibus infidelium, sin é, 
i dtír Ghalldachta i nÉirinn cár bh'fhearr 
dúinn ainm do thiubharfamaois air ná Rinn 
Seimhne atá chomh hársa sain gur chuir 
Ptolomaeus cuma Ghréigise air, .i., Isamnion 
Akron.  Rud eile, Rinn Seimhne bhí ar an 
áit go haimsir na Planntála tugadh ar 
Chúige Uladh.  B'fhéidir gurab iad na Goill 
fá ndear Island Magee, siúd is go bhfuil 
dul na Gaedhilge air, chomh maith is dá 
mbadh ó "Oileán Mhig Aoidh" a tháinig sé. 
Is iomdha áit eile 'n-a bhféadfaidhe an 
cleas céadna d'imirt air, ins na cúigíbh 
go léir.  Ar na hainmneachaibh nár cailleadh 
riamh atá an tSionainn, an Fheoir, an 
tSiuir, an Bhearbha, an Bhuas, Loch Éirne, 
Loch Léin, Loch Súilighe, &rl., .i., na haibh-
neacha agus na lochanna is mó d'á bhfuil i 
n-ár dtír indiu. 
(2) Tonn na Críostaidheachta.  Is dóigh 
liom go bhfuil furmhór na n-ainmneacha so 
beó fós.  Is flúirseach fóirleitheadamhail 
iad 'n-a n-ainmneachaibh paróiste.  Seo mar 
do tugadh iad.  Tháinig fir naomhtha éigin 
agus chuireadar fútha i n-áit.  An teampall 
do chuireadar ar bun agus an tobar do 
thaithighidís, do hainmnigheadh iad as an té 
'n-ar leis ar dtúis iad.  Ní mheasaim go 
dtug aon cheann aca so an bás do na 
hainmneachaibh págánta.  Ní raibh ann acht 
dinnseanchas na hÉireann d'fhairsingiughadh 
agus do naomhughadh.  An rian is mó d'fhág 
súd ar ár dtír Cill agus Teampall agus 
Domhnach i dtús ainmneacha. 
(3) Tonn na Lochlannach.  Ba lag an 
tonn í seo.  Ar an dtaobh thoir de chrios-
lach cuanta na hÉireann is mó bhrúcht sí. 
Do baisteadh ainmneacha úr-nua ar Loch 
Cuan, ar Reachrainn Breagh, ar Chill Mhann-
táin, ar an Innbhear Mór, ar Loch Gar-
man, ar Phortláirge, agus ar áiteannaibh 
nach iad.  Do chuireadh earball Lochlannach 
le hOllarbha, le Cáirlinn, le Grianphort, 
le Carn, etc.  Do cuireadh cuid de na 
sean-ainmneachaibh Gaedhealacha i dteangaidh 
na Lochlannach, m.sh., Léim an Bhradáin, 
Léim Chongculainn, &rl.  Níor tháinig acht 
fíor-bheagán de na hainmneachaibh Loch-
lannacha so isteach 'sa Ghaedhilg agus cuma 
Ghaedhealach ortha, mar sh., Inis Ubhdonn (nó 
Inis Sibhtonn) i lár na Sionainne, Baile an 
Araldaigh i nUíbh Dúnchadha, &rl. 
(4) Tonn na Sean-Ghall.  Dob' éachtach 
an tonn í seo.  B'í seo an tonn do chéad-
loit an t-ainmniughadh ársa naomhtha d'fhág 
ár seacht sinnsir ar thulchaibh féar-uaine 
Fódla.  Tá an Mhidhe agus Laighin loithte 
go mór léi, nó do réir na roinne d'fhág 
Goill ar Éirinn, Contae Lughbhaidh, Co. 
Bhaile Átha Cliath, Co. na Midhe, Co. na 
hIarmhidhe, Co. Chille Dara, Co. Chille Coinnigh, 
agus an taobh theas de Cho. Locha Garman. 
Ní hé ná fuil a rian ins na cúigíbh eile 
leis; tá gan amhras.  Ceapaim-se, gach 
aon áit go bhfuil Gráinseach nó Gráig i n-a 
thosach, agus nach mór gach aon bhaile go 
bhfuil -town i n-a dheireadh, gurab iad na 
Sean-Ghoill do bhaist an ainm sin air.  Bí 
de threise agus d'fheabhas na Gaedhilge i 
gCúige Laighean an uair sin, ámh, gur 
cuireadh iad so i nGaedhilg láithreach bonn 
nó geall leis.  Seo solaoidí air sin: Tá 
áit i n-Uíbh Máil go raibh Blacoston air le 
linn Hannrí a III. a bheith i gceannus 
Shasana.  'Sé an ainm Ghaedhilge bhí air 'sa 
seiseadh céad déag ná Baile an Bhlácaigh.  
Ní gábhadh dham a rádh gur Blakestown atá 
air ó bhrúcht tonn an Bhéarla thars an gcúige. 
Tá baile beag éigin eile i n-Uíbh Muireadh-
aigh go bhfuil Prumplestown anois air.  Seo 
mar thárla.  Do chuir Normánach éigin 
dar bh'ainm Frombald faoi ins an áit agus do 
ghlaoidh na Sean-Ghoill ar an mbaile, d'á 
bhárr, Frombaldestone.  'Sé an ainm 
Ghaedhilge bhí air 'sa seiseadh céad déag ná 
Baile an Bhruthmálaigh, .i. an rud céadna i 
nGaedhilg.  Tá dhá chuma air ins na Fiants 
úd ó Eilís, bainríoghain Shasana, Frompols-
towne agus Ballyfrompole, ceann aca ó'n 
Sean-Bhéarla agus ceann aca ó'n nGaedh-
ilg.  Uaireannta, is í an chuma Ghaedhealach 
do fuair an bhuaidh i ndeireadh na dála, 
mar sh., Hokeston Hooke's town 'sa 
tSean-Bhéarla gur cuireadh Baile hÚc air 
mar Ghaedhilg, agus Ballyhook an ainm 
Béarla atá anois air.  Acht is beag an 
sásamh an méid sin, agus a rádh gur dhíbir 
ainmneacha de'n tsórd so na sean-ainmn-
eacha fíor-Ghaedhealacha bhí rómpa ar na 
bailtibh.  Cuireadh an ruaig glan ortha 
agus táid siad caillte anois. 
(5) Tonn na Nua-Ghall.  Sidí tonn is 
mó baoghal dúinn d'á dtáinig riamh orainn. 
'Sí atá anois ann ag básughadh na n-ainmn-
eacha ndúthchasach d'fhan againn.  Tá sí ag 
báthadh lorg ársa na Sean-Ghaedheal 'sa 
tír.  Tá gach aon dream ag cabhrughadh léi, 
an Riaghaltas, oifigí an Riaghaltais, Árd-
oifig an Phuist 'n-a measg, na Goill agus 
na Gaedhil féin.  Ní abraim ná gurab iad 
na Gaedhil is mó dúil ins an ghnó so, agus 
is géire sainnt chuige.  Táid na céadta 
áit i nÉirinn go bhfuil na daoine ag iarraidh 
Béarla do chur ortha gach aon ré sholuis, 
agus ní hannamh a bhítear 'ghá dhéanamh go 
dona agus go han-dhona, toisg gan tuig-
sint cheart a bheith aca ar an ainm féin 
agus ar an mBéarla.  Tá Lady's Bridge 
ar Dhroichead na Sguab i gCo. Chorcaighe, 
tá Chaffpool ar Loch na Cátha i gCúige 
Chonnacht, agus mar sin dóibh.  Go deimhin 
féin, ní'l an bhuidhean odhar i gCúige Uladh 
leath chomh holc le Gaedhealaibh — táid siad 
súd lán-tsásta le Derry, le Belfast, agus 
dá ndéarfainn, le Tamnificarbet, le 
Derrygortreavy, le Ballykilbeg, le Bally-
magarry, le Mullaghfernaghan, agus leis 
na céadtaibh mar iad, nach furus dóibh 
úsáid do bhaint asta, ó'n uair is ná tuigid 
siad iad agus go bhfuilid an-fhada. 
Acht táid na seoiníní agus na Goill 
ghalánta ag déanamh a láin díoghbhála 
leis.  Bíd ainmneacha nua Béarla d'á 
mbaisteadh i nÉirinn ó bhliadhain go 
bliadhain, agus, dá ndéarfainn, ó lá 
go lá.  Cailltear cuid aca gan amhras, 
acht fanann an chuid eile ar ár mbail-
tibh agus ar áiteannaibh nach iad.  Is 
le n-ár linn féin do cailleadh Muine Beag 
ar Bagenalstown, Bun Clóidighe ar New-
townbarry, Cnoc an Teampaill ar Free-
mount, Meathus Truim ar Edgeworths-
town, Baile na gCros ar Castlepollard, 
agus Port Laoighise ar Maryborough, 
&rl.  Tá an Riaghaltas, agus go mór-
mhór lucht an Phuist, ag cabhrughadh 
leis sin ar a lán-dícheall, mar, má 
bhíonn ainm ghlan-Bhéarla le fághail i 
n-éan-chor, is í ghabhaid siad do roghain, 
abair is ná beadh sí i n-úsáid acht ag an 
seoinín féin do bhaist í.  Tá Mount 
Uniacke ag an Riaghaltas ar áit éigin 
i gCo. Chorcaighe, cé gur Cúil Ó gCorra 
ata ag gach éinne de'n phobal air, má's as 
an mBéarla féin a bhíd siad ag labhairt, 
agus sgríobhann fear cinn riain na bpílears 
i mBaile Nua Newtown, cé fá fuil acht an 
chéad ainm ag muintir na háite air. 
Maidir le muintir an Phuist, níor tháinig 
lá d'á chuimhne chugam gur dhual agus gur 
dhúthchas dóibh bheith lán-Ghallda.  Seo mar 
théid siad i bhfeidhil a gcuid oibre.  Cuir i 
gcás go dtáinig seoinín nó fear Gallda 
chum comhnuidhthe i n-áit áirithe.  Bhí an 
Cnoc Mór riamh mar ainm ó na seacht 
sinnsearaibh air.  Ní thaithneann an ainm 
sin lem' sheoinín breagh galánta.  Ní fuláir 
leis ainm binn Béarla do sholáthar dó 
a bheas comh breagh comh galánta leis féin. 
Seo é ag machtnamh i n-a aigneadh agus, ó 
thárla gur Fox is sloinneadh dhó, beart-
uigheann sé dhó féin nár bh'fhearr dó ainm 
do thiubharfadh sé air ná Foxhall nó Fox-
hole — ní fheadar ciaca, mar is d'á chéile 
iad.  Sin mar chuireann sé ós áird a 
shloinneadh suarach Gallda nach fiú casnamh 
i gcomhnáird d' Ua Néill nó do Mhac 
Cárthaigh Mór nó d' Ua Dhrisceoil.  Tagaid 
litreacha ag triall air i gceann tamaill 
agus ceapann sé nach mór dó oifig phuist 
d'fhághail, 'na chomhair féin go háirithe. 
Tiomáineann sé litir ag triall ar Árd-
mhaighistir an Phuist, ag déanamh gearáin i 
dtaobh na moille do cuireadh ar a chuid 
litreacha agus ag rádh go mbadh mhór a 
raghadh sé i dtairbhe do'n dúthaigh sin ar 
fad, dá gcuirfidhe oifig ar bun innti. 
Gheibheann sé a ghuidhe, cé ná raibh aon trácht 
ná cuimhneamh féin ar a leithéid riamh roimhe 
sin, dá líonmhaire an pobal ann.  I n-ionad 
an ceart do dhéanamh, .i., an oifig d'ainm-
niughadh as an mbaile, an roinnt is ársaidhe 
agus is suaichnidhe bhí riamh ar an dtalamh, 
is amhlaidh dheinid Lucht an Phuist ná é 
d'ainmniughadh nó leas-ainmniughadh as tigh 
an tseoinín úd, siúd is ná fuil acht aon 
teach amháin 'san áit go bhfuil an ainm sin 
air. 
Uaireanta ní dheinid na seoiníní seo 
acht casadh do chur ins an ainm Ghaedhilge. 
B'é sin dálta ag Lios Linne i n-Inis 
Eoghain.  Má tá go bhfuil Linsfort anois 
mar ainm Béarla ar an mbaile, tá Lislin 
fós ar chnoc i n-a lár istigh, agus is follus 
as sain gur Lios Linne ainm cheart an 
bhaile agus an chnuic i n-éinfheacht.  Solaoid 
mhaith eile ar an rud céadna is eadh an 
ainm do chuireas mar theideal ar an 
dtrácht so.  'Sé mo thuairim-se, agus 
tuairim láidir is eadh é, munab meallta 
atáim, gur "Lios an Phúca" a bhíodh mar 
ainm ar an áit úd i gContae Chiarraidhe ná 
tugtar acht Beaufort air anois, ní hamháin 
as Béarla acht as Gaedhilg féin, le sgathamh 
maith aimsire.  Tá "Lios an Phúca" fós ar 
lios atá i gceartlár an bhaile.  'Sé mheas-
aim-se, an té do chuir an forba nó an 
pháirc mhór ar dtúis ann, nár bh'fhuláir leis 
casadh Béarla do chur 'san tsean-ainm 
Ghaedhealach agus seo mar do rinne sé é, 
do réir mo bharamhla: cheap sé gur bh'ionann 
"Púca" agus Puck i mBéarla, acht níor 
thaithin Puckfort leis — ní raibh sé galánta. 
Do smaoinigh sé annsain gur bh'ionann 
"poc" i nGaedhilg agus buck i mBéarla, 
agus ó thárla, ag baint céille eile as buck, 
gur bh'ionann buck agus beau, b'é an ainm 
bhreagh ghalánta bhí aige de bhárr a chuid 
machtnaimh ná Beaufort!  Ba dhiabhalta an 
fear é siúd.  Fuair sé buaidh ar na 
Gaedhilgeoiríbh féin, mar ní'l aca ar an áit 
ó shoin anuas acht Beaufort!  Nár dheas an 
gnó é?  Is minic a bhí sgoláirí Gaedhilge 
ag cabhrughadh le n-a leithéid sin.  Sean-
bhean Ghaedhealach — beannacht dílis Dé le 
n-a hanam — do innis an sgéal beag so 
dham.  Bhí sí 'na comhnaidhe ar bhaile go 
raibh Carraig na gCailleach air mar ainm. 
Bhíodh sagart ann go raibh grádh mór aige 
do'n Ghaedhilg agus bhí sé an-eolach innti. 
Is é do thug an tuarasgbháil úd ar an 
bhfile Peadar Ó Doirnín do Sheaghán Ó 
Dálaigh, (Poets and Poetry of Munster, 39, 
40).  An tAthair Ó Luain ab' ainm dó.  Níor 
mheas sé gur cheart mar Bhéarla ar Charraig 
na gCailleach Carricknagalliagh; bhí sé 
ró-Ghaedhealach, dar leis.  Dubhairt sé leis 
an bpobal go gcaithfidís Rockbeldam do 
ghlaodhach air as Béarla.  Míle altughadh do 
Dhia! níor ghlacadar a chomhairle, agus tá 
an ainm cheart ar an áit go dtí an lá 
indiu.  Níor mhar sin do gach aon áit, ámh. 
Tá ainmneacha Gallda ar a lán de bhailtibh 
anois.  Caithfear an tsean-ainm Ghaedhealach 
do chur ar gach ceann aca arís.  Cionnus 
is féidir é dhéanamh, go mór-mhór má's i 
n-áit Ghallda atá an baile?  Mo fhreagra 
air sin, tá a bhfurmór le fághail ins na 
hInquisitiones, ins na Patent Rolls, &rl. 
Ní maith an t-adhbhar léighte iad sain.  Ní'l 
súg ná brígh ionnta, agus an té léighfeas 
iad, cuirfidh siad brón ar a aigneadh, mar 
is iad tuairisgí creachta na nGaedheal iad. 
Mar sin féin, caithfear claoi leis an obair 
sin, má's mian linn aghaidh ár dtíre do 
dhéanamh fíor-Ghaedhealach arís.  Ní hé rud 
dob ' indéanta dhúinn, na hainmneacha 
Bhéarla bhaist na Goill ar na bailtibh seo 
do chur i nGaedhilg, mar is é aigneadh na 
nGall do cheap iad, agus ar ndóigh, aon 
rud do cheapadar súd, ní healadha dhúinn 
é ghabháil chugainn.  Ní'l acht fíor-bheagán i 
gcúram na hoibre seo agus an saoghal le 
déanamh.  Ní hé amháin gur féidir sean-
ainmneacha na mbailte d'fhághail as na 
hInquisitiones, acht 'na dteannta sain 
ainmneacha bhí ar pháirceannaibh beaga i 
gceartlár Ghalltíre Chúige Laighean táid 
siad thíos go cruinn ionnta. 
Tá locht eile agam ar na sgoláiribh móra 
Gaedhilge bhí ann tá leath-chéad bliadhain ó 
shoin ann.  Do ceapadh iad, .i. Seaghán Ó 
Donnabháin, Eoghan Ó Comhraidhe, an 
Caomhach agus Mac Uí Chonchubhair, chum 
cabhrughadh le Forrachánacht an Ordonáis. 
'Sé an gnó do fágadh fútha an tslighe ab' 
fhearr chum na hainmneacha Gaedhealacha do 
chur i litriughadh an Bhéarla.  Cad 'n-a thaobh 
nár labhradar go tur agus go neamh-mbalbh 
leis an Riaghaltas, ag rádh leó ná féad-
faidís é dhéanamh, agus nár oir do na 
hainmneachaibh sin acht aon litriughadh amháin 
.i., an litriughadh Gaedhealach?  Ní raibh 
splannc misnigh ionnta.  Ní raibh aon 
leithsgéal aca i dtaobh Gort Rúscach nó 
Cnocán Bán, &rl., ná raibh ionnta acht 
ainmneacha glan-Ghaedhilge, pé leathsgéal 
do bheadh acha i dtaoibh ainmneacha mar 
Cork, Belfast nó Dublin atá ins an 
Bhéarla leis na céadtaibh bliadhan.  Tá an 
sgéal níos fearr ag na Breathnachaibh agus 
ag Gaedhealaibh na hAlban.  Do throid-
eadar súd ar son a litrighthe, agus d'á 
chomhartha sain féin, tá sé aca go ceart 
cruinn ar gach aon léarsgáil dár cuireadh 
i gcló riamh. 
An cheist dhéidheanach anois: Cionnus 
an cath so do chur ar lucht an Riaghaltais, 
ar Ghallaibh agus ar na seoiníníbh?  Tá, go 
gcaithfimíd na sean-ainmneacha d'aithbheodh-
chaint ar fud na tíre ó Cheann Cléire go 
Reachrainn Dáil Riada agus ó Cheann 
Léime go hInbhear Colpa.  Ní'l ins na 
hainmneacha Gallda acht rian ár ndaor-
bhruide, agus caithfear deireadh chur leis 
sin.  Is maith fóghanta na meodhain seo 
chuige sin: 
(1) A iarraidh ar an Riaghaltas tosnughadh 
ar an bhforrachánacht as an nua.  Abartar 
leó go tur agus go neamh-mbalbh go gcaith-
fidh siad na hainmneacha chur síos i n-a 
litriughadh féin ar na léarsgáilibh agus nár 
cheart dóibh riamh iad do litriughadh i 
mBéarla chodail amuigh ar nós an duine 
ná beadh aon tabhairt suas i n-éan-chor air. 
Cuirtear i n-umhail dóibh go mbíonn sé 
chuma uaireannta ar an litriughadh Gallda. 
Is fíor sain.  Cuirfead síos solaoid air. 
Tá baile éigin i gContae Liathdroma; 
baile Uí Ruairc ab' eadh é, agus ní'l acht 
Druim Dhá Eithiar air i nGaedhilg. Cionnus
a litrighthear i mBéarla é?  Tá go bhfuil 
Dromahair, Drumahair, Dromahaire, 
Dromohair, Drumahaire, Drumohair, agus 
litrighthe nach iad air.  Tá na céadta, agus 
dá ndéarfainn, na mílte, ainm mar sin. 
Abartar leis an Riaghaltas gur trioblóid-
each achrannach an rud é sin agus, dá 
litrighidís ar an nós ceart í, ná beadh acht 
aon chuma amháin ar an ainm. 
(2) Na sean-ainmneacha do sgríobhadh i 
gcomhnaidhe, má's ar nós an Bhéarla féin a 
chaithfear cuid aca do sgríobhadh i dtosach 
bárra.  Dá laighead blas agam ar an 
litriughadh mBéarla, b'fhearr liom míle uair 
Portleix ná Maryborough agus Dingen ná 
Philipstown, agus is dóigh liom, i gceann-
traibh Gallda mar iad soin, go mb' fhearrde 
d'aithbheodhfaidhe ainm í sgríobhadh ar an nós 
Gallda ar dtúis. 
(3) Na sean-ainmneacha chur i gcaint 
comh minic & is féidir linn é.  Féach mar 
atá O'Connell St. lán-bheó d'aindheoin an 
Riaghaltais. 
(4) Sgríobhadh chum na gComhairlidhe 
gConntae & chum na gComhairlidhe eile, 
dh'á iarraidh ortha na sean-ainmneacha 
d'aithbheodhchaint i n-a gceanntar féin. 
(5) Na Craobhacha do dhéanamh a ndíchill. 
Má tá oifig phosta i n-a gceanntar agus 
ainm Ghallda uirthi agus go bhfuil ainm 
Ghaedhealach níos coitchinne i mbéal na 
ndaoine, ceapaidís rún 'na dtaobh agus 
tiomáinidís ag triall ar Árd-mhaighistir an 
Phuist é dh'á rádh leis go gcaithfear an 
ainm d'athrughadh. 
(6) Cóimhthionóil do chruinniughadh i dtaobh 
na ceiste seo ar fud na tíre, go háirithe 
ins gach baile mór go bhfuil ainm Gallda 
air, agus rún do cheapadh le cur ag triall 
ar na feisiríbh agus ar an Riaghaltas. 
Deirim-se libh-se, go dtug na hainm-
neacha Gallda agus an litriughadh Gallda 
a seal go dona & do díoghbhálach.  Nach 
mithid dúinn anois iad do mharbhadh amuigh 
's amach, má's féidir sin? 
Tagra.
Ba suthaighe agus ba torthaighe, the most prolific and
fruitful.
Ba mheasardha teas agus fuacht, the most temperate
as to heat and cold = the most equable in temperature.
Gurab iad na dromanta dubha atá curtha leis ag
an bpobal nGaedhealach, that the Irish public have
completely renounced it, lit., that the black backs (of
the hands) have been set to it by the Irish public.
Dinnseanchas, topography, etymological and his-
torical.
Seanchas Dionn Éireann, the history  of the forts
(inhabited or fortified hills) of Ireland.
Do sheanchas fíre, to ascertain the truth or true
origin of the names.
Díne, race, tribe; still a spoken word in Oriel.
Sanas, the etymon.
Dáileamhain, cup-bearers; ns. dáileamh.
Dionn-ainm, a name of a fort or hill.
Tonn, time, period; - tonn ainmnighthe, period of 
nomenclature.  Apparently, only a secondary use of
tonn, wave; the writer uses it so at any rate.  Very
common in the spoken tongue, but rarely written:
Níor phós sé go raibh tonn mhaith aoise aige, he did
not marry until he was well advanced in age (Sgéal
Mhic an Bhradáin, Aran folk-tale).  There is, however,
another word tuan of similar sense; cp. Tuan mac
Cairill, a competitor of Fionntan and of Phra the
Phœnician in the matter of living at different periods
or ages.
Oileán Mhic Aoidh an Inis Mhic Aoidh: I have since
found these in the poetry of Oriel MSS.  The name
is then very probably a later native one.  Rincheune
(= Rinn Seimhne) is found in the Fiants as the name of 
the parish.
Fóirleatheadamhail, very abundant; a household
word in Corca Uí Dhuibhne.
Gach aon re sholuis, every hour of the day.
An bhuidhean odhar, the Orangemen.
Beartuigheann sé dhó féin, he makes up his mind,
he decides.
I gomhnáird d'Ua Néill, as compared to O'Neill,
in comparison with O'Neill.
Forba, demesne.
Rockbeldam = Rockbeldame, i.e. bad English for
*Beldames' Rock.
Forrchánacht an Ordonáis, the Ordnance Survey.
I must here add that I am not now quite certain of
my proposed etymology of Beaufort being well
grounded.  Moreover, Beirt Fhear gave na hAcraí
as the Irish name of Beaufort in the Claidheamh ("Lá
an Fhiadhaigh agus an Lá 'na Dhiaidh?) To alter the
thing, however, would mean re-casting my paper
considerably, with the result that what has already 
remained long unpublished would be delayed
indefinitely.  
Seosamh Laoide.
—