Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Miontuairisc ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II.
Title
Miontuairisc ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II.
Author(s)
Ó Ceit, S. T.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MIONTUAIRISC ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II. [Do bhuaidh an aiste seo duais ar iomaidheacht 5 (d), i nOireachtus 1903. S.T. Ó Ceit, Paróiste Fairche i gCo. an Chláir do bhuaidh]. 18. Fuair an tÓrach saoghal fada ó Dhia, agus cíodh go n-abraid scríbhneóirí éigin go bhfuil sé de bharamhail aca go bhfuair sé bás 'san bhliadhain 1780, ní fíor dhóibh é. Níor dhuine aca so, ámh, Seaghán Ó Dálaigh, a chuir cnuasach dán le Tadhg Gaedhealach, &rl. le chéile 'san bhliadhain 1858. Déir seisean go raibh n-a bheathaidh timcheall le 1780. Tá blas den fhírinne aige annsain. Ní fíor go bhfuair sé bás an bhliadhain sin mar atá Brian Ó Luanaigh 'gá chuir i n-iúl dúinn 'san leabhar do chuir sé i gclódh. Dá dhearbhughadh sain deir an Dálach i mion- tuairisc ar an Órach go ndubhairt Dómhnall Mac Consaidín ó'n Inis leis go raibh aige i n-a sheilbh féin, marbhna nó caoineadh ar bhás an Athar Seaghán Ó hAichir, Sagart Paróiste Chill na Móna agus Aonaigh le hais na hInse, do fuair bás trí fichid bliadhain roimhe sin, is gur bh'é an tÓrach a cheap é. I n-a fhochair sin tá dearbhughadh againn air nách fuair sé bás 'san bhliadhain 1780 ná fós 'san bhliadhain 1798. Níor rugadh Eóghan Ó Cómhraidhe go dtí an bhliadhain 1796. Ní raibh sé i gcóir chun scoil do mhúineadh, is dual, go raibh sé suas n-a hocht déag nó a fiche. Na réise seo do chur i dteannta 1796 tá 1814 nó 1816 againn. I gCill Fhiachraigh is eadh do bhí a chéad-scoil ag Eóghan, — sean-chabhail is
deallrathach a bhí innti, — agus do thárlaidh gur ghoid ropaire éigin reithe ón sean-chró so uaidh. Níor luaithe rinneadh an gníomh droich-chineálta 'ná chúm Eóghan barántas ag tabhairt cead dá lucht cuardaigh siubhal ar fuid da sráid-bhailte agus na seisreach fearainn mór-thimcheall dá lorg. 'Sa triall dóibh dá mbraitheadh aon dream aca go raibh tuirse nó ocras ag gabháil dóibh, bhí áit ceaptha annso agus annsúd sa bharántas go leigfidís a scíth ann nó go bhféadfaidís biadh agus deoch fhagháil ann. N-a theannta-san tá cur síos aige ar an Órach ann. Seo mar adeir: Gabhaidh gan spás aithgheárr gach cómhgair Agus go ceárdchain Sheagháin do hÓra, — Geallaim go bhfuighe sibh arán is feóil uaidh Is baraille lán le tál nuair gheobhfaidh. 19. Is cinnte uaidh sin go raibh Seaghán go beó bríoghmhar i n-a cheárdchain an t-am sain, agus go raibh sé céad, nó b'fhéidir breis agus céad bliadhain d'aois, ag áireamh ón bhliadhain nó ós na bliadhantaibh atá cómhairighthe againn sa' dtacair i dtosach na healadhan so; agus ní ró-uathbhásach dhúinn é sin do chreideamhaint má's iontuigthe dhúinn a neart colna ón neart intinne a bhraithimíd san Aithrighe, agus atá ag gluaiseacht chómh treis díreach, agus cómh téagair beagnách, 'san dara rann deireannach dá réim agus atá san rann tosaigh. Sid iad an dá rann deiridh dhe: Ár nAthair atá in sna Flaithis go hárd, Go naomhthar tráth t'ainm-se; Go dtigidh do ríoghacht — do thoil ar an tsaoghal, Mar déantar i gcrích Pharrthais: Ár n-arán laetheamhail — tabhair é dhúinn, 'S maith dhúinn ár gcionnta ainbhfis; Mar mhaithimíd do chách — ná leig sinn i dtlás, Acht saor sinn ó bhás an-obann. A Mhuire 'tá lán de thuile na ngrás Tá an Tighearna, a ghrádh, maille leat; Is beannuighthe tú i bhflaitheas 'dir mhnáibh, Go naomhthar tráth t'ainm-se: Is taithneamhach an radharc toradh do bhroinn', Íosa, dá raint eadrainn; Anois nó riamh — is i-am ár bpian, Go rabhair, a Dhia ag seasamh dhúinn. 20. Do cuireadh é i gCill Chronáin, ionad adhlactha atá le hais Charraig an Chabhaltaigh. Deir na sean-daoine timcheall an cheann- tair 'n-a rugadh é go bhfuil uaigh ag na hÓraigh 'san chill seo agus go bhfuil siad dá gcur ann le linn cheithre nglún. Ní dheimhníghtear dúinn an bhfuil Seaghán curtha innti nó nách fuil, agus ní fhuil aon urradh ar an scéal ag an lic féin atá 'gá cumhdach, mar ní fhuil scríbhinn uirthi. Ar a shoin sain is é is dóichighe gurab ann do cuireadh é: mar tá deimhnighthe againn cheana gur i nDún an Átha do chaith sé an chuid dheireann- ach dá shaoghal. Deirtear leis gurab é an tAthair Conchobhar Ó Gormáin, a bhí i n-a chómhnuidhe an t-am sain i dTulach (ainm an cheanntair thiar-thuaidh achar beag ó áit chómhnuidhthe an fhile), do thug an Ola Dhéidheannach dhó, agus gurab é an t-am céadna sain is é ar leabaidh a bháis do chúm sé an "Aithrighe". 21. Ní fhuil rian d'fhotharach na sean- cheárdchan 'san chearnán so le feicsint anois. Tá an pháirc glas 'san áit i n-a raibh sí. Agus an gabháltas talmhan féin do imthigh sé as seilbh a shloinne: tá sé fé láthair ar láimh ag mac inghne do mhac a mhic. Tá mac dearbhráthar di sin, Séamus do hÓra, i n-a chómhnuidhe ag crosaire Dhún an Átha, paiste geárr ón áit i n-a raibh an cheárdcha i n-a seasamh, agus gabháltas beag talamhan aige ann do fuaireadh mar mhalairt ar an tsean-áit nuair d'aistrigh- eadar annso. 22. Maidir le n-a chuid filidheachta. Atá cuid di gclódh cheana agus cuid di nách fuil. Chuir Seaghán Ó Dálaigh an "Aithrighe" i gclódh i "dTadhg Gaedhealach" agus i leabhar beag eile 'go bhfuil meascaithe ann mórnán de dhuantaibh filidhe na Mumhan.
Do chuir Brian Ó Luanaigh i gclódh leis leabhar go bhfuil ann ar chúm sé ar cháil Mhuinntir Mhic Dhomhnaill. Cheithre amhráin atá ann de chuid an Óraigh, is tá ionnta suas le cúig ranna fichead. Tá dán leis i leabhar láimhe im' sheilbh féin, — nó an fhírinne cheart do rádh, i seilbh mo mhuinn- tire féin, — nách feacadh i n-aon leabhar fós. Seo dhá rann dé, agus tá seacht gcinn eile ann: I dtrom-shun aréir trém néalta bhíos ag éisteacht faon le teacht na maraidhe; Chuala mé idir béithe sidhe, scéala binn gan bhréig nach olc linn: Gur shiubhal anall go Dún na nGall sciúirse scannradh chéadta gcuraidhe, — 'S is truagh lucht Béarla tar éis dá sníomh, 'n-a séimhigh sínte ón Maor so curaidhe! Cluas le héisteacht tréith do bhíos taobh le hAoibhil fé bheinn Mhoraidhe (?) Chualadh as béal na naoi mban-sidhe, bhéarsa binn gan aon rud doilghíos Gur ghluais i n-a shaighid ar fuaid Carlisle an buachaill saidhbhir saordha sonaidhe, 'S gurab é mac Shéamais é go grinn, Séarlas Rí, is a laochra cogaidhe. Tagra. 18. Cnuasach dán, a collection of poems. I gcóir chun scoil do mhúineadh, fit (ready) to teach school. Na réise seo, these dates. Níor luaithe, no sooner. Aithghearr gach comhgair, every short cut. 19. Comhairighthe sa dtacair, reckoned, in an attempt. Má's iontuigthe dhúinn, if we may under- stand. Tréis, strong, vigorous. Téagair, stout, bold. 20. Le linn cheithre nglúnm during four generations. Urradh, support guarantee. Achar beag, a little dis- tance. Ola dhéidheannach, Extreme Unction. 21. Fotharach, ruin. Do fuaireadh mar mhalairt, was got in exchange. 22. Mórnán, a quantity, number. Leabhar láimhe, a MS. Sciuirse, a courge that will frighten hundreds of warriors. Naoi mban sidhe, the nine muses. N-a shaighid, like an arrow. Tugaimíd an tuilleadh so mar fhreagra ar cara ón Eilbhéis. Alt a 5. Níor choigilteach, &c., "His poetic frenzy, however, was not reserved. It came from his heart, willingly, strongly; and when a person (professor) profounds the metrics of Seán's contemporaries, i.e., the assonances they practised, bringing them into union and rhyme he finds that he (Seán) had to accept them as a literary style." Agus cé gurab ionamhail, "and although he could lengthen out a discourse." Nó mar thig le cluais, "or as it agrees with the ear in the composition itself." 6. Níór ghádh leis, &c., "he did not deem it necessary or did not wish , or perhaps it would be more just to say could not bear (stoop to), — necessity and desire often spring from want of strength, — for often one's strength fails so much that one cannot conquer the necessity for a thing or the desire for it, defining his state of mind thus — he did not deem it necessary, when composing his songs, to bring under the eyes of the reader unbecoming words or hidden meanings. 11. Do leigeadar osnaidhil i bhfuirm rann, "they wept in (the form of) song." Dhein Seán é chomh maith leis na ndaoine eile. Do bhí cruinn-eólus ag Seán ar shaothar na bhfilidhe a tháinig roimhe, is go háirithe ar dhántaibh Sheáin Uí Thuama is an Mhangaire. Dó- san atá an Ceatach ag tagairt annseo. Tá a trí nó a ceathair de bhliadhantaibh ann ó scríbhadh an aiste is ní baoghal ná go bhfuair an t-ughdar a thuilleadh eóluis i dtaobh Sheáin. Beidh fáilte roimis san Iris- leabhar, agus níor mhiste linn iomláine na haiste deiridh thuas d'fhagháil. F. an I.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services