Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Miontuairisc ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II.

Title
Miontuairisc ar Bheathaidh Sheagháin de hÓra. II.
Author(s)
Ó Ceit, S. T.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MIONTUAIRISC
ar
Bheathaidh Sheagháin de hÓra.



II.



[Do bhuaidh an aiste seo duais ar iomaidheacht 5
(d), i nOireachtus 1903. S.T. Ó Ceit, Paróiste
Fairche i gCo. an Chláir do bhuaidh].



18. Fuair an tÓrach saoghal fada ó Dhia,
agus cíodh go n-abraid scríbhneóirí éigin
go bhfuil sé de bharamhail aca go bhfuair sé
bás 'san bhliadhain 1780, ní fíor dhóibh é.
Níor dhuine aca so, ámh, Seaghán Ó Dálaigh,
a chuir cnuasach dán le Tadhg Gaedhealach,
&rl. le chéile 'san bhliadhain 1858. Déir
seisean go raibh n-a bheathaidh timcheall le
1780. Tá blas den fhírinne aige annsain.
Ní fíor go bhfuair sé bás an bhliadhain sin
mar atá Brian Ó Luanaigh 'gá chuir i n-iúl
dúinn 'san leabhar do chuir sé i gclódh.
Dá dhearbhughadh sain deir an Dálach i mion-
tuairisc ar an Órach go ndubhairt Dómhnall
Mac Consaidín ó'n Inis leis go raibh aige
i n-a sheilbh féin, marbhna nó caoineadh ar
bhás an Athar Seaghán Ó hAichir, Sagart
Paróiste Chill na Móna agus Aonaigh le
hais na hInse, do fuair bás trí fichid
bliadhain roimhe sin, is gur bh'é an tÓrach a
cheap é. I n-a fhochair sin tá dearbhughadh
againn air nách fuair sé bás 'san bhliadhain
1780 ná fós 'san bhliadhain 1798. Níor
rugadh Eóghan Ó Cómhraidhe go dtí an
bhliadhain 1796. Ní raibh sé i gcóir chun scoil
do mhúineadh, is dual, go raibh sé suas n-a
hocht déag nó a fiche. Na réise seo do
chur i dteannta 1796 tá 1814 nó 1816
againn. I gCill Fhiachraigh is eadh do bhí a
chéad-scoil ag Eóghan, — sean-chabhail is


L. 302


deallrathach a bhí innti, — agus do thárlaidh
gur ghoid ropaire éigin reithe ón sean-chró
so uaidh. Níor luaithe rinneadh an gníomh
droich-chineálta 'ná chúm Eóghan barántas
ag tabhairt cead dá lucht cuardaigh siubhal
ar fuid da sráid-bhailte agus na seisreach
fearainn mór-thimcheall dá lorg. 'Sa
triall dóibh dá mbraitheadh aon dream aca
go raibh tuirse nó ocras ag gabháil dóibh,
bhí áit ceaptha annso agus annsúd sa
bharántas go leigfidís a scíth ann nó go
bhféadfaidís biadh agus deoch fhagháil ann.
N-a theannta-san tá cur síos aige ar an
Órach ann. Seo mar adeir:



Gabhaidh gan spás aithgheárr gach cómhgair
Agus go ceárdchain Sheagháin do hÓra, —
Geallaim go bhfuighe sibh arán is feóil uaidh
Is baraille lán le tál nuair gheobhfaidh.



19. Is cinnte uaidh sin go raibh Seaghán
go beó bríoghmhar i n-a cheárdchain an t-am
sain, agus go raibh sé céad, nó b'fhéidir
breis agus céad bliadhain d'aois, ag áireamh
ón bhliadhain nó ós na bliadhantaibh atá
cómhairighthe againn sa' dtacair i dtosach
na healadhan so; agus ní ró-uathbhásach
dhúinn é sin do chreideamhaint má's
iontuigthe dhúinn a neart colna ón neart
intinne a bhraithimíd san Aithrighe, agus atá
ag gluaiseacht chómh treis díreach, agus
cómh téagair beagnách, 'san dara rann
deireannach dá réim agus atá san rann
tosaigh. Sid iad an dá rann deiridh dhe:



Ár nAthair atá in sna Flaithis go hárd,
Go naomhthar tráth t'ainm-se;
Go dtigidh do ríoghacht — do thoil ar an tsaoghal,
Mar déantar i gcrích Pharrthais:
Ár n-arán laetheamhail — tabhair é dhúinn,
'S maith dhúinn ár gcionnta ainbhfis;
Mar mhaithimíd do chách — ná leig sinn i dtlás,
Acht saor sinn ó bhás an-obann.



A Mhuire 'tá lán de thuile na ngrás
Tá an Tighearna, a ghrádh, maille leat;
Is beannuighthe tú i bhflaitheas 'dir mhnáibh,
Go naomhthar tráth t'ainm-se:
Is taithneamhach an radharc toradh do bhroinn',
Íosa, dá raint eadrainn;
Anois nó riamh — is i-am ár bpian,
Go rabhair, a Dhia ag seasamh dhúinn.



20. Do cuireadh é i gCill Chronáin, ionad
adhlactha atá le hais Charraig an Chabhaltaigh.
Deir na sean-daoine timcheall an cheann-
tair 'n-a rugadh é go bhfuil uaigh ag na
hÓraigh 'san chill seo agus go bhfuil siad
dá gcur ann le linn cheithre nglún. Ní
dheimhníghtear dúinn an bhfuil Seaghán curtha
innti nó nách fuil, agus ní fhuil aon urradh
ar an scéal ag an lic féin atá 'gá cumhdach,
mar ní fhuil scríbhinn uirthi. Ar a shoin sain
is é is dóichighe gurab ann do cuireadh é:
mar tá deimhnighthe againn cheana gur i
nDún an Átha do chaith sé an chuid dheireann-
ach dá shaoghal. Deirtear leis gurab é
an tAthair Conchobhar Ó Gormáin, a bhí i
n-a chómhnuidhe an t-am sain i dTulach (ainm
an cheanntair thiar-thuaidh achar beag ó áit
chómhnuidhthe an fhile), do thug an Ola
Dhéidheannach dhó, agus gurab é an t-am
céadna sain is é ar leabaidh a bháis do
chúm sé an "Aithrighe".

21. Ní fhuil rian d'fhotharach na sean-
cheárdchan 'san chearnán so le feicsint
anois. Tá an pháirc glas 'san áit i n-a
raibh sí. Agus an gabháltas talmhan féin
do imthigh sé as seilbh a shloinne: tá sé fé
láthair ar láimh ag mac inghne do mhac a
mhic. Tá mac dearbhráthar di sin, Séamus
do hÓra, i n-a chómhnuidhe ag crosaire Dhún
an Átha, paiste geárr ón áit i n-a raibh an
cheárdcha i n-a seasamh, agus gabháltas
beag talamhan aige ann do fuaireadh mar
mhalairt ar an tsean-áit nuair d'aistrigh-
eadar annso.



22. Maidir le n-a chuid filidheachta. Atá
cuid di gclódh cheana agus cuid di nách
fuil. Chuir Seaghán Ó Dálaigh an "Aithrighe"
i gclódh i "dTadhg Gaedhealach" agus i
leabhar beag eile 'go bhfuil meascaithe ann
mórnán de dhuantaibh filidhe na Mumhan.


L. 303


Do chuir Brian Ó Luanaigh i gclódh leis
leabhar go bhfuil ann ar chúm sé ar cháil
Mhuinntir Mhic Dhomhnaill. Cheithre amhráin
atá ann de chuid an Óraigh, is tá ionnta
suas le cúig ranna fichead. Tá dán leis
i leabhar láimhe im' sheilbh féin, — nó an
fhírinne cheart do rádh, i seilbh mo mhuinn-
tire féin, — nách feacadh i n-aon leabhar
fós. Seo dhá rann dé, agus tá seacht
gcinn eile ann:



I dtrom-shun aréir trém néalta bhíos ag éisteacht
faon le teacht na maraidhe;
Chuala mé idir béithe sidhe, scéala binn gan bhréig
nach olc linn:
Gur shiubhal anall go Dún na nGall sciúirse
scannradh chéadta gcuraidhe, —
'S is truagh lucht Béarla tar éis dá sníomh, 'n-a
séimhigh sínte ón Maor so curaidhe!



Cluas le héisteacht tréith do bhíos taobh le hAoibhil
fé bheinn Mhoraidhe (?)
Chualadh as béal na naoi mban-sidhe, bhéarsa binn gan
aon rud doilghíos
Gur ghluais i n-a shaighid ar fuaid Carlisle an buachaill
saidhbhir saordha sonaidhe,
'S gurab é mac Shéamais é go grinn, Séarlas Rí, is
a laochra cogaidhe.



Tagra.



18. Cnuasach dán, a collection of poems. I gcóir
chun scoil do mhúineadh, fit (ready) to teach school.
Na réise seo, these dates. Níor luaithe, no sooner.
Aithghearr gach comhgair, every short cut.



19. Comhairighthe sa dtacair, reckoned, in an
attempt. Má's iontuigthe dhúinn, if we may under-
stand. Tréis, strong, vigorous. Téagair, stout, bold.



20. Le linn cheithre nglúnm during four generations.
Urradh, support guarantee. Achar beag, a little dis-
tance. Ola dhéidheannach, Extreme Unction.



21. Fotharach, ruin. Do fuaireadh mar mhalairt,
was got in exchange.



22. Mórnán, a quantity, number. Leabhar láimhe, a
MS. Sciuirse, a courge that will frighten hundreds
of warriors. Naoi mban sidhe, the nine muses. N-a
shaighid, like an arrow.



Tugaimíd an tuilleadh so mar fhreagra ar cara
ón Eilbhéis.



Alt a 5. Níor choigilteach, &c., "His poetic frenzy,
however, was not reserved. It came from his heart,
willingly, strongly; and when a person (professor)
profounds the metrics of Seán's contemporaries, i.e.,
the assonances they practised, bringing them into
union and rhyme he finds that he (Seán) had to
accept them as a literary style." Agus cé gurab
ionamhail, "and although he could lengthen out a
discourse." Nó mar thig le cluais, "or as it agrees
with the ear in the composition itself."



6. Níór ghádh leis, &c., "he did not deem it necessary
or did not wish , or perhaps it would be more just to
say could not bear (stoop to), — necessity and desire
often spring from want of strength, — for often one's
strength fails so much that one cannot conquer the
necessity for a thing or the desire for it, defining his
state of mind thus — he did not deem it necessary,
when composing his songs, to bring under the eyes of
the reader unbecoming words or hidden meanings.



11. Do leigeadar osnaidhil i bhfuirm rann, "they
wept in (the form of) song." Dhein Seán é chomh maith
leis na ndaoine eile. Do bhí cruinn-eólus ag Seán
ar shaothar na bhfilidhe a tháinig roimhe, is go háirithe
ar dhántaibh Sheáin Uí Thuama is an Mhangaire. Dó-
san atá an Ceatach ag tagairt annseo. Tá a trí nó
a ceathair de bhliadhantaibh ann ó scríbhadh an aiste
is ní baoghal ná go bhfuair an t-ughdar a thuilleadh
eóluis i dtaobh Sheáin. Beidh fáilte roimis san Iris-
leabhar, agus níor mhiste linn iomláine na haiste
deiridh thuas d'fhagháil.



F. an I.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services