Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cunntasaidheacht.
Title
Cunntasaidheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CUNNTASAIDHEACHT Ná meastar gur indiu ná indé do tos- nuigheadh ar cúnntaisí a choimeád. Ní headh, mar bhidheadh dá dhéanamh chomh fada siar is téidheann an seanchus. Acht ní mar a chéile an tslighe a dhéantar anois é & an tslighe a dhéantaidhe an uair sin é. Tá mangairí beaga i n-áitibh iargcúlda & is amhlaidh a choimeadaid cunntaisí ná le píosa chailc. Sgríobhaid ar chúl an dorais a ndéantar de dhíoghbháil; & cé go mb'fhéidir go mbainfeadh cunntasaidheacht dá léithéid seo gáire as an dream atá oilte ar an tslighe nuadh, níl aon amhras orm-sa ná dá mbuailfidís go dtí duine de na mangairí seo & cáirde d'fhágháil uaidh, nach aige bheadh an cúnntas beacht air nuair a thiocfadh am an éilimh. Ní bheadh gádh leis an ealadha so mara dtabharfaidhe cáirde, & ar ndóigh is fada atá cáirde dá thabhairt. Cuir i gcás go ndíolfainn-se céad shiuicre le “Tórna” & ná beadh fonn ar Thórna an t-airgead do thabhairt dom go cionn trí mhí, beadh orm Iris d'fhagháil ar dtúis & léiriughadh mar leanas do dhéanamh ann. Bíonn colamhain dúbalta san Iris seo & 's é seo an fáth. Nuair a thugaim-se cáirde do Thórna, sé ghlaodhtar air ná an “feicheamhnaidhe,” & 'sé thugtar orm-sa ná an t“éilightheóir.” 1906 Ean. 1. "Tórna," Baile Átha Cliath Dioghbhail mar leanas: Céad siuicre ar 1p. an púnt … Díoghbhail dom earraidhe … "Tórna" is feiceamh- naidhe agus mise is éil- ightheóir. Déineann "Tórna" 9/4 de dhíogh- bháil ar mo chuid ear- raidhe agus seo mar a dhéinim leis san Leabhar Cáirde. Ní fheadar ar 'bhfhearr d'fhocal “búcaireacht” ar Bookkeeping.
Chífear as so go bhfuil an 9/4 ar thaobh an dochair ag “Tórna” & ar thaoibh na socharach agam-sa, nó mar dhéarfá tá 9/4 agam-sa ar “Thórna.” I gceann na dtrí mhí nuair a díolfar mé, seo mar a dhéanfad. Caithfead leabhar d'fháil go dtugtar “Leabhar an Airgid” air. Tá “Sochar is Dochar” annso leis mar is é bun & bárr & lár na cunntasaidh- eachta an “Sochar is Dochar” so. Déinim mar leanas:- Chífear as so go bhfuil sé ar thaobh an dochair agam-sa anois mar fuaireas an t-airgead & is mise is feicheamhnaidhe an feacht so; agus is é “Tórna” is éilightheóir mar is é thug dom an t-airgead. Nuair a dhéineann “Tórna” dochar domh-sa déineann sé sochar do féin; & nuair a dhéinim-se sochar dom féin déinim dochar do “Thórna.” 'Sé an feicheamhnaidhe an té cheannuigheann na hearraidhe ar cháirde, & 'sé an t-éilighth- eóir an té a dhíolann na hearraidhe. Tuig- tear so: aon airgead a thabharfar dom mar dhíolaidheacht ar fhiacha, caithfear a chur ar thaoibh an dochair i Leabhar an Airgid. Cuir i gcás “Tórna” ag díol a fhiacha liom-sa. Déineann sé sochar do féin & ní fuláir do dochar do dhéanamh domh-sa dá bhrígh sin. Acht ní bheidh réidh agam leis an 9/4 sin a fuaireas ó “Thórna” taréis dom é chur ar thaoibh na docharach i Leabhar an Airgid mar chuireas an méid seo sa' Leabhar Cáirde & ní dhéanfadh an gnó é d'éileamh an dara huair ar “Thórna.” Caithfead é chur i sochar do “Thórna” chum an gnó do léir- iughadh i gceart & annsan is ionann dochar & sochar do “Thórna.” Féachtar siar. Táimid réidh le “Tórna” feasda. Fágaim annsan é ar a shuaimhneas. Acht cuir i gcás gur tonna siúicre do ceannuigheadh uaim-se & gurab é Tomás Ó Ceallaigh an ceannuidhe & gur dhíolas-sa leis é ar phingin is feoirling an púnt, mar seo a dhéanfainn-se san Iris:- Tuigfear as ar dhubhras romham cionnus mar do léireoghfainn-se an gnó so. Acht
féacham ciannos mar léireoghadh Tomás Ó Ceallaigh é, cuir i gcás go ndíolfadh sé é le Seaghán Ó Briain ar dhá phinginn an púnt ar cáirde. Seo mar dhéanfadh Tomás Ó Ceallaigh:— Léirigheam é anois agus chífeam cad é an tairbhe a bhí ag Tomás Ó Ceallaigh as an gnó. Seo mar atá an cunntas sa leabhar cáirde aige:— … Cuiream i gcás go ndíolann Seaghán Ó Briain an t-airgead i gcionn míosa. Seo mar dhéanfadh an fear úd do mhuinntir Ceallaigh nuair bheadh sé taréis é d'fhágháil:— Cuirtear é seo i sochar do Sheaghán Ó Briain mar cuirtear i ndochar do'n Cheallach é & seo mar bhíonn i ndeireadh na dála. Féach- tar siar ar chunntas na n-earraidhe & chífear go bhfuil seacht bpúint de bhreis ag taobh na socharach ar thaobh an dochair & tá an méid sin chum na maitheasa ag Tomás Ó Ceallaigh as an gnó go léir. Níor mhór a lán slighe & a lán aimsire chum cur síos ar an ealadhain seo. Ní mór go ndearnas acht iarracht do dhéanamh ar a bhlas do thabhairt do lucht léighte na Gaedh- ilge. Tá's agam gur ciotach é mo shaothar acht má's ciotach liobarnach is é mo dhícheall é. AN MADRA MAOL.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services