Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cunntasaidheacht.

Title
Cunntasaidheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CUNNTASAIDHEACHT



Ná meastar gur indiu ná indé do tos-
nuigheadh ar cúnntaisí a choimeád. Ní
headh, mar bhidheadh dá dhéanamh chomh fada
siar is téidheann an seanchus. Acht ní mar
a chéile an tslighe a dhéantar anois é & an
tslighe a dhéantaidhe an uair sin é.



Tá mangairí beaga i n-áitibh iargcúlda
& is amhlaidh a choimeadaid cunntaisí ná le
píosa chailc. Sgríobhaid ar chúl an dorais
a ndéantar de dhíoghbháil; & cé go
mb'fhéidir go mbainfeadh cunntasaidheacht
dá léithéid seo gáire as an dream atá
oilte ar an tslighe nuadh, níl aon amhras
orm-sa ná dá mbuailfidís go dtí duine
de na mangairí seo & cáirde d'fhágháil
uaidh, nach aige bheadh an cúnntas beacht air
nuair a thiocfadh am an éilimh.



Ní bheadh gádh leis an ealadha so mara
dtabharfaidhe cáirde, & ar ndóigh is fada
atá cáirde dá thabhairt. Cuir i gcás go
ndíolfainn-se céad shiuicre le “Tórna” &
ná beadh fonn ar Thórna an t-airgead do
thabhairt dom go cionn trí mhí, beadh orm
Iris d'fhagháil ar dtúis & léiriughadh
mar leanas do dhéanamh ann.



Bíonn colamhain dúbalta san Iris seo
& 's é seo an fáth. Nuair a thugaim-se
cáirde do Thórna, sé ghlaodhtar air ná an
“feicheamhnaidhe,” & 'sé thugtar orm-sa ná
an t“éilightheóir.”



1906 Ean. 1.
"Tórna," Baile Átha
Cliath
Dioghbhail mar leanas:
Céad siuicre ar 1p.
an púnt …
Díoghbhail dom earraidhe …



"Tórna" is feiceamh-
naidhe agus mise is éil-
ightheóir. Déineann
"Tórna" 9/4 de dhíogh-
bháil ar mo chuid ear-
raidhe agus seo mar a
dhéinim leis san Leabhar
Cáirde.



Ní fheadar ar 'bhfhearr d'fhocal “búcaireacht” ar
Bookkeeping.


L. 277


Chífear as so go bhfuil an 9/4 ar thaobh an
dochair ag “Tórna” & ar thaoibh na socharach
agam-sa, nó mar dhéarfá tá 9/4 agam-sa ar
“Thórna.”



I gceann na dtrí mhí nuair a díolfar mé,
seo mar a dhéanfad. Caithfead leabhar
d'fháil go dtugtar “Leabhar an Airgid”
air. Tá “Sochar is Dochar” annso leis
mar is é bun & bárr & lár na cunntasaidh-
eachta an “Sochar is Dochar” so. Déinim
mar leanas:-




Chífear as so go bhfuil sé ar thaobh an
dochair agam-sa anois mar fuaireas an
t-airgead & is mise is feicheamhnaidhe an
feacht so; agus is é “Tórna” is éilightheóir
mar is é thug dom an t-airgead. Nuair a
dhéineann “Tórna” dochar domh-sa déineann
sé sochar do féin; & nuair a dhéinim-se
sochar dom féin déinim dochar do “Thórna.”
'Sé an feicheamhnaidhe an té cheannuigheann
na hearraidhe ar cháirde, & 'sé an t-éilighth-
eóir an té a dhíolann na hearraidhe. Tuig-
tear so: aon airgead a thabharfar dom
mar dhíolaidheacht ar fhiacha, caithfear a chur
ar thaoibh an dochair i Leabhar an Airgid.
Cuir i gcás “Tórna” ag díol a fhiacha
liom-sa. Déineann sé sochar do féin & ní
fuláir do dochar do dhéanamh domh-sa dá
bhrígh sin.



Acht ní bheidh réidh agam leis an 9/4 sin a
fuaireas ó “Thórna” taréis dom é chur ar
thaoibh na docharach i Leabhar an Airgid mar
chuireas an méid seo sa' Leabhar Cáirde &
ní dhéanfadh an gnó é d'éileamh an dara
huair ar “Thórna.” Caithfead é chur i
sochar do “Thórna” chum an gnó do léir-
iughadh i gceart & annsan is ionann dochar
& sochar do “Thórna.” Féachtar siar.
Táimid réidh le “Tórna” feasda. Fágaim
annsan é ar a shuaimhneas.



Acht cuir i gcás gur tonna siúicre do
ceannuigheadh uaim-se & gurab é Tomás Ó
Ceallaigh an ceannuidhe & gur dhíolas-sa
leis é ar phingin is feoirling an púnt, mar
seo a dhéanfainn-se san Iris:-




Tuigfear as ar dhubhras romham cionnus
mar do léireoghfainn-se an gnó so. Acht


L. 278


féacham ciannos mar léireoghadh Tomás Ó
Ceallaigh é, cuir i gcás go ndíolfadh sé é
le Seaghán Ó Briain ar dhá phinginn an
púnt ar cáirde.



Seo mar dhéanfadh Tomás Ó Ceallaigh:—



Léirigheam é anois agus chífeam cad é an
tairbhe a bhí ag Tomás Ó Ceallaigh as an
gnó. Seo mar atá an cunntas sa leabhar
cáirde aige:—





Cuiream i gcás go ndíolann Seaghán Ó
Briain an t-airgead i gcionn míosa. Seo
mar dhéanfadh an fear úd do mhuinntir
Ceallaigh nuair bheadh sé taréis é d'fhágháil:—



Cuirtear é seo i sochar do Sheaghán Ó
Briain mar cuirtear i ndochar do'n Cheallach
é & seo mar bhíonn i ndeireadh na dála. Féach-
tar siar ar chunntas na n-earraidhe & chífear
go bhfuil seacht bpúint de bhreis ag taobh
na socharach ar thaobh an dochair & tá an
méid sin chum na maitheasa ag Tomás Ó Ceallaigh
as an gnó go léir.



Níor mhór a lán slighe & a lán aimsire
chum cur síos ar an ealadhain seo. Ní mór
go ndearnas acht iarracht do dhéanamh ar a
bhlas do thabhairt do lucht léighte na Gaedh-
ilge. Tá's agam gur ciotach é mo shaothar
acht má's ciotach liobarnach is é mo dhícheall é.



AN MADRA MAOL.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services