Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dinnseanchus.
Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DINNSEANCHUS. 187 Abbey Street, Barrow-in-Furness, 12/6/06. A Chara Dhílis — Seo ar leanamhaint cuid bheag áiteanna sa bPost- Sheanchas a bhfuil sean-eolas agam ortha. Shaoileas go mba mhaith leat na hainmhneacha do chluinsteáil do bhí ortha fad ó, nuair nach rabh acht Gaedhilg dá labhairt thart thimcheall na tíre sin, .i. Bealach a' Doirín. Nílim 'á rádh nach bhfuil an ceart agat-sa ann do leabar — i gcuid aca — ar aon chuma. Ballanagare (Béal Átha na gCarr). Béal Átha na Gárra, bhíodh air so. Bohalas (Both Álghasa). Buachalas. Cloonlough (Cluain Locha) nó Cluan Lúmhach (Lúthach). Ba hé seo fuaim an tsean-ainm — Cloonlough i mBéarla. Ainm paráiste agus baile bhig i n-aice le Mainistir na Búille — acht níl fhios agam an é seo an baile atá sa gceist — acht sílim gurb eadh. Edmondstown (Tulchán Mór). Baile Éadhmuinn, sean- ainm dúithche agus áit comhnuidhe muinntir 'ac Cois- dealbha. Bhí mórán bailte beaga i mBaile Éadh- muinn, agus bhíodh an posta i gceann aca a dtug- adar an Chros air le mo linn-sa, acht níl fhios agam a bhfuil sé ann go fóill. Níor chualas trácht ariamh ar Tulchán — mór ná beag — ins an áit. Ba mhaith liom cluinsteáil cé an áit é. Glenamaddy (Gleann na Madadh). Gleann na Madaidhe a bhí againne air. Dubhairt fear as an Gleann liom tráth gur Gleann na mBa Duibh! an t-ainm ceart — nach rabh bainnt ar bith aige le madadh — acht níl fhios agam ce'n othra a bhí aige leis. Kilfree (Coill Fraoich). Cille Fraoich a bhí ar an pharáiste seo — le fada — le céad go leith de bhliadhanta ar a laghad. Tá an t-ainm 'sa sean- abhrán, “An Bacach agus an Chéis:” “Dá bhfeicfeá an bacach agus a leath-chos léithi, 'S í ag sméaracht ar fud an fhraoich, A' goid na mbó do thaobh na Céise, 's dá gcur ar féarach go Cille Fraoich!” Gowna, Cavan (Loch Gamhna). Loch Gamhnach do chualas ó'n mhuinntir do throid i mbriseadh Bhaile na Muc fad ó. D'fhan cuid aca ann bliadhan nó dhó tar éis an chogaidh ar fhaitchios theacht ar an ais go Co. Shligigh. Le meas is carthanas, S. UA RUAIDHRÍ. Badh mhaith linn a ghradam a thréaslughadh dar gcaraid is ár gcomh-dhraoi Sceilg na Sceól. Ní baoghal linn ná go n-éireoghaidh go maith leis n-a ghairm nua. Beir buaidh & beannacht, a Sceilg!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services