Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus.

Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DINNSEANCHUS.



187 Abbey Street,
Barrow-in-Furness,
12/6/06.



A Chara Dhílis —



Seo ar leanamhaint cuid bheag áiteanna sa bPost-
Sheanchas a bhfuil sean-eolas agam ortha. Shaoileas
go mba mhaith leat na hainmhneacha do chluinsteáil do
bhí ortha fad ó, nuair nach rabh acht Gaedhilg dá
labhairt thart thimcheall na tíre sin, .i. Bealach a'
Doirín. Nílim 'á rádh nach bhfuil an ceart agat-sa
ann do leabar — i gcuid aca — ar aon chuma.



Ballanagare (Béal Átha na gCarr). Béal Átha na
Gárra, bhíodh air so.



Bohalas (Both Álghasa). Buachalas.



Cloonlough (Cluain Locha) nó Cluan Lúmhach (Lúthach).
Ba hé seo fuaim an tsean-ainm — Cloonlough i
mBéarla. Ainm paráiste agus baile bhig i n-aice
le Mainistir na Búille — acht níl fhios agam an é
seo an baile atá sa gceist — acht sílim gurb eadh.



Edmondstown (Tulchán Mór). Baile Éadhmuinn, sean-
ainm dúithche agus áit comhnuidhe muinntir 'ac Cois-
dealbha. Bhí mórán bailte beaga i mBaile Éadh-
muinn, agus bhíodh an posta i gceann aca a dtug-
adar an Chros air le mo linn-sa, acht níl fhios agam
a bhfuil sé ann go fóill. Níor chualas trácht
ariamh ar Tulchán — mór ná beag — ins an áit. Ba
mhaith liom cluinsteáil cé an áit é.



Glenamaddy (Gleann na Madadh). Gleann na
Madaidhe a bhí againne air. Dubhairt fear as an
Gleann liom tráth gur Gleann na mBa Duibh! an t-ainm
ceart — nach rabh bainnt ar bith aige le
madadh — acht níl fhios agam ce'n othra a bhí aige
leis.



Kilfree (Coill Fraoich). Cille Fraoich a bhí ar an
pharáiste seo — le fada — le céad go leith de
bhliadhanta ar a laghad. Tá an t-ainm 'sa sean-
abhrán, “An Bacach agus an Chéis:”



“Dá bhfeicfeá an bacach agus a leath-chos léithi,
'S í ag sméaracht ar fud an fhraoich,
A' goid na mbó do thaobh na Céise,
's dá gcur ar féarach go Cille Fraoich!”



Gowna, Cavan (Loch Gamhna). Loch Gamhnach do chualas
ó'n mhuinntir do throid i mbriseadh Bhaile na Muc
fad ó. D'fhan cuid aca ann bliadhan nó dhó tar
éis an chogaidh ar fhaitchios theacht ar an ais go
Co. Shligigh.



Le meas is carthanas,



S. UA RUAIDHRÍ.



Badh mhaith linn a ghradam a thréaslughadh dar
gcaraid is ár gcomh-dhraoi Sceilg na Sceól. Ní
baoghal linn ná go n-éireoghaidh go maith leis n-a
ghairm nua. Beir buaidh & beannacht, a Sceilg!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services