Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cló Nua.
Title
Cló Nua.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓ NUA. TEACHT IS IMTHEACHT AN GHIOLL DHEACAIR, AGUS Toruigheacht Chonáin is a Chuideachtan. Seaghán Ua hÓgáin is Seásamh Laoide do chuir i n-eagar. Connradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath. Is mór an nídh dhúinn uaireanta a fhios a bheith againn go ndéanfar ár gcuid oibre do chruinn-mheas, is cúramaighe sinn ioná mar bheimís, acht i n-a dhiaidh san is uile ní léir linn an bíoma i n-ár rosc féin, agus dá mhinicí a léighmíd ár gceapadóireacht féin 'seadh is lugha a bhraithfeam é an rud bun os cionn innti. Is dócha gurab é an sean-rádh arís é, “an iomarca aithne méaduigheann sé an tarcuisne” nó “an rud a théidheann i bhfaid téidheann se i bhfuaire” nó “do réir mar théidhmíd i n-aois téidhmíd i n-olcus!” Le fad-aimsir anois tá an focal “moladh” coitchiannta insa chás n-ar chóir “tuairm” nó “meas” do bheith le ceart. Ní hionann iad nó a chéile, agus níor mhaith an rud dhúinn iad do bheith mar a chéile. Is beag a thuigimíd fós sa Ghaedhaltacht, nó i measc na nGaedhilgeóirí ba chóra dham rádh, brígh an téarma san “cruinn-Thuairm” nó “géar- mheas:” ba chóra dhúinn bheith buidheach den té chuirfeadh ar ár leas sinn, ioná bheith a d'iarraidh a ainm agus a shloinne d'fhagháil chun é ghoirtiughadh nó é mharbhughadh ar an láthair sin. Tá daoine ann indiu ag scríobhadh leabhar agus má gheibhtar locht ar bith nó dearmad nó tuaiplis i n-a gcuid oibre, i n-ionad fiafruighe dhíobh féin “an bhfuil an ceart aige” isé a deirid ná “cé hé an cladhaire bitheamhnaigh seo” no “cad n-a thaobh ná cuireann an lochtóir seo é féin i n-iúil fé n-a ainm is a shloinne”!!! Acht seo éinne amháin gur cuma leis cad í an tslighe n-a nglacfar a thuairm, an fhaid is chuirfidh sé síos an fhírinne, gan ghnaoi, gan ghruaim. Is minic daoine ag áiteamh ná fuil annso nó annsúd “acht scéal fiannaigheachta” acht is ró-bhaoghal gur beag indiu ar ár nuadh- Ghaedhilgeóiríbh a thuigeann i gceart cad is brígh leis an gcaint sin. Is beag dá mhear- athall a bheadh ortha, amhthach, dá ndéanfaidís cleachtadh d'eachtraíbh dá leithéid seo, an Giolla Deacair. Annsan iseadh thuigfidís cérbh iad Aonghus, Art Mac Mórna, Caoilte Mac Rónáin, conán Maol, Dáire Duanach, Diarmuid Ó Duibhne, Fearghus Finnbhéil, Fénius Fársa, Goll Mac Mórna, Gruagach an Tobair, Liagán Luaimneach agus a lán nach iad, agus i gcionn na haimsire b'éidir go dtiocfadh leo suim bheag de sheanachuidh- eacht ár seann-Ghaedhal do mheabhrughadh agus do thuigsint. Seo scéal as na leabhraibh agus an chaint atá ann ní miste rádh ná gur áluinn tar na beartaibh an chaint í. Níl mír lag, beag-éifeachta innti ó thúis go deireadh, acht táid cuid de sna míribh céadna pas fada. Tá sé leathanacha is cheithre fichid fé'n scéal san leabhar, acht níl slighe againn dá chnámhnaibh, féin, dá
mbeadh gábhadh leo annso acht níl, ó's insan Irisleabhar so do céad-chuireadh i gcló é. Léigheadh gach n-aon an leabhar dó féin agus geallaim go bhfaghaidh luach na scill- inge go maith de ghreann as Conán, as an arrachtach capaill, as Diarmuid, as an nGruagach agus as an bhFéinn féibh mar ghabhaid. Luigheann duine den mbeirt fhear eagar fé dhúinn i dtaobh an fhoclóra agus cé go bhfuil an ceart aige go bhfuil a lán focal ann nár cuireadh riamh fí ghluais agus tagra agus ná fuair sé de lom ortha acht buille fí thuairm, ar a shon san tá a lán díobh atá coitchiannta nó gurbh fhuiris a gceart-chiall do chur ar a n-aghaidh anonn. Ní raibh éan- bhaint ag Seán Ua hÓgáin leis an bhfochlóir. Seo scéal go bhfuil os cionn cheithre fichid leathanach fén gcló agus an gcreidfidh éinne me ná braithim an focal agus ann acht trí huaire, .i. i líntibh a sé, a seacht agus a hocht. Ní héin-iongna liom, agus a neamh-choitchianntacht is tá sé san leabhar, go bhfuil sé sa bhFoclóir! Acht mara bhfuil agus sa chló tá go leor den iasacht ann, an rud so i bhfuirm cinn táil nó tuaighe. Badh cheart an comhartha iasachta san do dhíbirt feasta, agus tuigeadh ár nGaedhil- geóirí na Mumhan éin-dearmhad sa chás so. Tá focail sa leabhar, agus ní bheag é a n-áireamh, ná fuair an buille fé thuairm úd: seo chuid aca; adradh, 79. 6; aireag 84. 15.; anradh, 76, 18; bárach 34W; baoith- léim 13z; bile 31, 12 agus 15; bonn le bonn 46, 14 agus 15; broid 18, 18; buan- réabtha 79. 10; i gcionn catha 84, 17; ceap 79x; céile comhraic 46. 13; céillidhe, 42r; cinéal 18, 11; coigilt 43, 13; críoch 18, 11; cruadh-chíocha 63z; cuideachta 48, 4; dóid 19, 7; each 13, 5, 13y; éadáil 53, 10, agus 54, 8; éaluig 11w; eas 55w; éideadh 6x, 21; éiric (éarca) 89, 8; fala 55, 7; faithche 36y, 38, 2; faobhrughadh 80, 6; féachadh i gcomhrac 55, 6; feacht eile 48, 15; farradh 4, 19; fead 24, 7: agus na fichidí eile, acht ba liosta le luadh na hionaid i n-a bhfuilid, mar atá, fonamhaid, forlongphort, freagraim, fuasaoideach, fuathmhar, gabhadh, gacha ndíreach, gáir scige, gearrán, glún le gliadh, goin galann, greann gaisce is gníomhacht, imreamhar, iomaire, líon, luadhaill, luinneach, luthgháir- each, meanmain (agus meanman), meirgeach, mór-chéillidhe, nead, oireachtas, righe, riochtaibh seacha, scige, slogaim (sluigim), snighim, stuadh-leirg, teaghlach, teagmháil, teóra (teórann), torann, treallamh troda, triath, troig le taca, tuinn talmhan, tuill- eamh is tuarastal. Acht ní líonmhaire a bhfuil leogtha ar lár ioná na focail go bhfuil míniughadh bun os cionn leó. Ní dóigh liom go bhfuilim féin bun os cionn leis an bhfírinne sa méid sin, acht ní bheidh slighe agam, den iarracht so, a n-iomlán d'áireamh: ní móide go leogfaidh fear an Irisleabhair fiche lúb eile lem tharraint. (1) Ar aghaidh an fhocail “aithreach” atá (?), agus adeirtear linn “The present usage “tá aithreach orm” shows that the word is a substantive.” Aith- reachus an substantive atá i gcainnt na ndaoine agus dá chomhartha san féin isé rud a chloistar ná “bhí sé i n-a. air”; “aithreach leat” atá san leabhar so, agus tá ciall leis mar an gcéadna. féach an bhéarsa úd “beidh lá i n-a dhiaidh go haithreach.” (2) “Beól-scaoilte = with mouths ripped open (“do chíd chuca na buidhne b.s.
agus na dronga tana trom-ghonta, &c.”) Ní fheicim éan-ughdarás ann i gcomhair ripped. (3) “Buan-gháibhteach = ever-dangerous.” Cá raibh an focailín sin dire, isé is fearr d'oirfeadh. (4) “Ceann-trom = heavy-headed”: is córa helmeted. (5) “Coirtighthe = lean, skinny (?)”; ba chóra barked, excoriated; féach “leach- táin lomartha, c. cróna.” (6) “Agus iar rochtain na hinghine go Fionn, do thoirbhir póga go dil agus go díochra dhi, agus thugadar snadh- manna agus cuir cheangail dá chéile”: cuir c. = binding engagement.” Ní dócha go raibh atúrnae ann le n-a mheamram chun na coinghíollacha thar- raint. Is léir damh-sa gurab ag cur síos a bhí an scéaluidhe ar nós ná fuil imthighthe i ndísc fós .i. embrace! Acht tá daoine ann ná haontóghadh! (7) “Leig domh-sa chomhrac le mac rígh Frannc agus déin-se, a Ghuill, a mhuin tir do dhiongbháil”: the act of ward- ing off. Ní fheicim sa mhíniughadh san acht buille fé thuairim. An mar seo ba chóir é bheith “a mhuintir d'iongbháil” .i. to engage? Agus chím (8) “do-ionghabhála = hard to be shunned or avoided”: “difficult of engage- ment” an ceart agus an chiall. (9) Dranndal = the jaw”: ní mar sin é; sérd é an d. ná an méid sin de bhéal [madra, abair] atá os cionn na bhfiacal. Seo anois mé annso fé'n leitir úd “d,” acht tá órdughadh agam stad. Tá an foclóir seo dona go leor go dtí san, agus fágaim fé léaghthóiríbh an bhfuil éag- cóir déanta annso air. Ar rinn fear eagair an leabhair a ghnó go dílis agus é scaoileadh amach i n-a leithéid sin de chrut — anachrut ba chóra dham a rádh? Ní hé mo bharamhail-se gur rinn. FIACHRA ÉILGEACH. Gluais. Do chruinn-mheas, to examine thoroughly. Cúramaighe, more careful. An bíoma .i. “we cannot see the (wooden) beam in our own eye.” Dá mhinicí, the oftener we read … the less we notice wrong. Le fad-aimsir, for a long time. Ní hionann iad, they are not equivalent. Brígh an téarma san, the meaning of the term. Tuaiplis, a blunder. Cad n-a thaobh ná cuireann, why does not this critic make himself known. Gan ghnaoi gan ghruaim, without favour or hostility. Is ró-bhaoghal, it is much to be feared that very few of our young Gaehilgeoirí understand. Suim bheag, some portion. Ní miste rádh ná, one might well say, that. Tar na beartaibh, beyond measure. Mír lag, a weak paragraph, portion, section. Do céad-cuireadh i gcló, was first printed. Féibh mar ghabhaid, as they go, altogether. Luigheann fé dhúinn, he assures us, he accepts respon- sibility. Ní fuair de lom ortha, got no means of finding the explanation of them. Buille fé thuairm, a guess. Ná braithim an focal, that I do not notice the word. Agus a neamh-coitchianntacht, considering how seldom it occurs. I bhfuirm cinn táil nó tuaighe, in the shape of an adze or axe-head. Cachoin, when it is correct to write agus and when is. Ní beag é a n-áireamh, their number is not small. Leogtha ar lár, left out. Míniughadh bun os cionn, a wrong meaning. Bun os cionn leis an bhfírinne, inaccurate. Na coinghíollacha tharraint, “to execute the convey- ance.” — Do léigis amudha portús Dé Is portús Mhuire, clé an bheart; Och, mo náire! a chroidhe fhallsa Portús Áine is ansa leat.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services