Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cló Nua.

Title
Cló Nua.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓ NUA.



TEACHT IS IMTHEACHT AN GHIOLL DHEACAIR, AGUS
Toruigheacht Chonáin is a Chuideachtan.
Seaghán Ua hÓgáin is Seásamh Laoide do chuir i n-eagar.
Connradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath.



Is mór an nídh dhúinn uaireanta a fhios a
bheith againn go ndéanfar ár gcuid oibre
do chruinn-mheas, is cúramaighe sinn ioná
mar bheimís, acht i n-a dhiaidh san is uile ní
léir linn an bíoma i n-ár rosc féin, agus
dá mhinicí a léighmíd ár gceapadóireacht
féin 'seadh is lugha a bhraithfeam é an rud
bun os cionn innti. Is dócha gurab é
an sean-rádh arís é, “an iomarca aithne
méaduigheann sé an tarcuisne” nó “an
rud a théidheann i bhfaid téidheann se i
bhfuaire” nó “do réir mar théidhmíd i
n-aois téidhmíd i n-olcus!”



Le fad-aimsir anois tá an focal “moladh”
coitchiannta insa chás n-ar chóir “tuairm”
nó “meas” do bheith le ceart. Ní hionann
iad nó a chéile, agus níor mhaith an rud
dhúinn iad do bheith mar a chéile. Is beag
a thuigimíd fós sa Ghaedhaltacht, nó i measc
na nGaedhilgeóirí ba chóra dham rádh, brígh
an téarma san “cruinn-Thuairm” nó “géar-
mheas:” ba chóra dhúinn bheith buidheach den
té chuirfeadh ar ár leas sinn, ioná bheith a
d'iarraidh a ainm agus a shloinne d'fhagháil
chun é ghoirtiughadh nó é mharbhughadh ar an
láthair sin. Tá daoine ann indiu ag
scríobhadh leabhar agus má gheibhtar locht ar
bith nó dearmad nó tuaiplis i n-a gcuid
oibre, i n-ionad fiafruighe dhíobh féin “an
bhfuil an ceart aige” isé a deirid ná “cé
hé an cladhaire bitheamhnaigh seo” no “cad
n-a thaobh ná cuireann an lochtóir seo é
féin i n-iúil fé n-a ainm is a shloinne”!!!



Acht seo éinne amháin gur cuma leis cad
í an tslighe n-a nglacfar a thuairm, an fhaid
is chuirfidh sé síos an fhírinne, gan ghnaoi,
gan ghruaim.



Is minic daoine ag áiteamh ná fuil annso
nó annsúd “acht scéal fiannaigheachta” acht
is ró-bhaoghal gur beag indiu ar ár nuadh-
Ghaedhilgeóiríbh a thuigeann i gceart cad is
brígh leis an gcaint sin. Is beag dá mhear-
athall a bheadh ortha, amhthach, dá ndéanfaidís
cleachtadh d'eachtraíbh dá leithéid seo, an
Giolla Deacair. Annsan iseadh thuigfidís
cérbh iad Aonghus, Art Mac Mórna, Caoilte
Mac Rónáin, conán Maol, Dáire Duanach,
Diarmuid Ó Duibhne, Fearghus Finnbhéil,
Fénius Fársa, Goll Mac Mórna, Gruagach
an Tobair, Liagán Luaimneach agus a lán
nach iad, agus i gcionn na haimsire b'éidir
go dtiocfadh leo suim bheag de sheanachuidh-
eacht ár seann-Ghaedhal do mheabhrughadh agus
do thuigsint. Seo scéal as na leabhraibh
agus an chaint atá ann ní miste rádh ná
gur áluinn tar na beartaibh an chaint í. Níl
mír lag, beag-éifeachta innti ó thúis go
deireadh, acht táid cuid de sna míribh
céadna pas fada. Tá sé leathanacha is
cheithre fichid fé'n scéal san leabhar, acht
níl slighe againn dá chnámhnaibh, féin, dá


L. 132


mbeadh gábhadh leo annso acht níl, ó's insan
Irisleabhar so do céad-chuireadh i gcló é.



Léigheadh gach n-aon an leabhar dó féin
agus geallaim go bhfaghaidh luach na scill-
inge go maith de ghreann as Conán, as an
arrachtach capaill, as Diarmuid, as an
nGruagach agus as an bhFéinn féibh mar
ghabhaid.



Luigheann duine den mbeirt fhear eagar
fé dhúinn i dtaobh an fhoclóra agus cé go
bhfuil an ceart aige go bhfuil a lán focal
ann nár cuireadh riamh fí ghluais agus tagra
agus ná fuair sé de lom ortha acht buille
fí thuairm, ar a shon san tá a lán díobh atá
coitchiannta nó gurbh fhuiris a gceart-chiall
do chur ar a n-aghaidh anonn. Ní raibh éan-
bhaint ag Seán Ua hÓgáin leis an bhfochlóir.



Seo scéal go bhfuil os cionn cheithre fichid
leathanach fén gcló agus an gcreidfidh
éinne me ná braithim an focal agus ann
acht trí huaire, .i. i líntibh a sé, a seacht
agus a hocht. Ní héin-iongna liom, agus a
neamh-choitchianntacht is tá sé san leabhar,
go bhfuil sé sa bhFoclóir! Acht mara bhfuil
agus sa chló tá go leor den iasacht ann,
an rud so i bhfuirm cinn táil nó tuaighe.
Badh cheart an comhartha iasachta san do
dhíbirt feasta, agus tuigeadh ár nGaedhil-
geóirí na Mumhan éin-dearmhad sa chás so.
Tá focail sa leabhar, agus ní bheag é a
n-áireamh, ná fuair an buille fé thuairm úd:
seo chuid aca; adradh, 79. 6; aireag 84.
15.; anradh, 76, 18; bárach 34W; baoith-
léim 13z; bile 31, 12 agus 15; bonn le
bonn 46, 14 agus 15; broid 18, 18; buan-
réabtha 79. 10; i gcionn catha 84, 17; ceap
79x; céile comhraic 46. 13; céillidhe, 42r;
cinéal 18, 11; coigilt 43, 13; críoch 18,
11; cruadh-chíocha 63z; cuideachta 48, 4;
dóid 19, 7; each 13, 5, 13y; éadáil 53, 10,
agus 54, 8; éaluig 11w; eas 55w; éideadh
6x, 21; éiric (éarca) 89, 8; fala 55, 7;
faithche 36y, 38, 2; faobhrughadh 80, 6;
féachadh i gcomhrac 55, 6; feacht eile 48,
15; farradh 4, 19; fead 24, 7: agus na
fichidí eile, acht ba liosta le luadh na
hionaid i n-a bhfuilid, mar atá, fonamhaid,
forlongphort, freagraim, fuasaoideach,
fuathmhar, gabhadh, gacha ndíreach, gáir scige,
gearrán, glún le gliadh, goin galann,
greann gaisce is gníomhacht, imreamhar,
iomaire, líon, luadhaill, luinneach, luthgháir-
each, meanmain (agus meanman), meirgeach,
mór-chéillidhe, nead, oireachtas, righe,
riochtaibh seacha, scige, slogaim (sluigim),
snighim, stuadh-leirg, teaghlach, teagmháil,
teóra (teórann), torann, treallamh troda,
triath, troig le taca, tuinn talmhan, tuill-
eamh is tuarastal.



Acht ní líonmhaire a bhfuil leogtha ar lár
ioná na focail go bhfuil míniughadh bun os
cionn leó. Ní dóigh liom go bhfuilim féin
bun os cionn leis an bhfírinne sa méid sin,
acht ní bheidh slighe agam, den iarracht so, a
n-iomlán d'áireamh: ní móide go leogfaidh
fear an Irisleabhair fiche lúb eile lem
tharraint.



(1) Ar aghaidh an fhocail “aithreach” atá (?),
agus adeirtear linn “The present
usage “tá aithreach orm” shows that
the word is a substantive.” Aith-
reachus an substantive atá i gcainnt
na ndaoine agus dá chomhartha san
féin isé rud a chloistar ná
“bhí sé i n-a. air”; “aithreach leat”
atá san leabhar so, agus tá ciall leis
mar an gcéadna. féach an bhéarsa úd
“beidh lá i n-a dhiaidh go haithreach.”



(2) “Beól-scaoilte = with mouths ripped
open (“do chíd chuca na buidhne b.s.


L. 133


agus na dronga tana trom-ghonta,
&c.”) Ní fheicim éan-ughdarás ann i
gcomhair ripped.



(3) “Buan-gháibhteach = ever-dangerous.”
Cá raibh an focailín sin dire, isé is
fearr d'oirfeadh.



(4) “Ceann-trom = heavy-headed”: is
córa helmeted.



(5) “Coirtighthe = lean, skinny (?)”; ba
chóra barked, excoriated; féach “leach-
táin lomartha, c. cróna.”



(6) “Agus iar rochtain na hinghine go
Fionn, do thoirbhir póga go dil agus
go díochra dhi, agus thugadar snadh-
manna agus cuir cheangail dá chéile”:
cuir c. = binding engagement.” Ní
dócha go raibh atúrnae ann le n-a
mheamram chun na coinghíollacha thar-
raint. Is léir damh-sa gurab ag cur
síos a bhí an scéaluidhe ar nós ná fuil
imthighthe i ndísc fós .i. embrace! Acht
tá daoine ann ná haontóghadh!



(7) “Leig domh-sa chomhrac le mac rígh
Frannc agus déin-se, a Ghuill, a mhuin
tir do dhiongbháil”: the act of ward-
ing off. Ní fheicim sa mhíniughadh san
acht buille fé thuairim. An mar seo
ba chóir é bheith “a mhuintir d'iongbháil”
.i. to engage? Agus chím



(8) “do-ionghabhála = hard to be shunned
or avoided”: “difficult of engage-
ment” an ceart agus an chiall.



(9) Dranndal = the jaw”: ní mar sin é;
sérd é an d. ná an méid sin de bhéal
[madra, abair] atá os cionn na
bhfiacal.



Seo anois mé annso fé'n leitir úd “d,”
acht tá órdughadh agam stad. Tá an
foclóir seo dona go leor go dtí san,
agus fágaim fé léaghthóiríbh an bhfuil éag-
cóir déanta annso air. Ar rinn fear
eagair an leabhair a ghnó go dílis agus é
scaoileadh amach i n-a leithéid sin de chrut
— anachrut ba chóra dham a rádh? Ní hé
mo bharamhail-se gur rinn.



FIACHRA ÉILGEACH.



Gluais.



Do chruinn-mheas, to examine thoroughly.



Cúramaighe, more careful.



An bíoma .i. “we cannot see the (wooden) beam in
our own eye.”



Dá mhinicí, the oftener we read … the less we
notice wrong.



Le fad-aimsir, for a long time.



Ní hionann iad, they are not equivalent.



Brígh an téarma san, the meaning of the term.



Tuaiplis, a blunder.



Cad n-a thaobh ná cuireann, why does not this critic
make himself known.



Gan ghnaoi gan ghruaim, without favour or hostility.



Is ró-bhaoghal, it is much to be feared that very few of
our young Gaehilgeoirí understand.



Suim bheag, some portion.



Ní miste rádh ná, one might well say, that.



Tar na beartaibh, beyond measure.



Mír lag, a weak paragraph, portion, section.



Do céad-cuireadh i gcló, was first printed.



Féibh mar ghabhaid, as they go, altogether.



Luigheann fé dhúinn, he assures us, he accepts respon-
sibility.



Ní fuair de lom ortha, got no means of finding the
explanation of them.



Buille fé thuairm, a guess.



Ná braithim an focal, that I do not notice the word.



Agus a neamh-coitchianntacht, considering how seldom
it occurs.



I bhfuirm cinn táil nó tuaighe, in the shape of an
adze or axe-head.



Cachoin, when it is correct to write agus and when is.



Ní beag é a n-áireamh, their number is not small.



Leogtha ar lár, left out.



Míniughadh bun os cionn, a wrong meaning.



Bun os cionn leis an bhfírinne, inaccurate.



Na coinghíollacha tharraint, “to execute the convey-
ance.”





Do léigis amudha portús Dé
Is portús Mhuire, clé an bheart;
Och, mo náire! a chroidhe fhallsa
Portús Áine is ansa leat.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services