Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connradh na Gaedhilge Lonndain
Title
Connradh na Gaedhilge Lonndain
Author(s)
Mac Suibhne, T.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Connradh na Gaedhilge Lonndain Do bhí choimhthiolán mór agus seilg ar mhalaidh Fhás-choille Epping um thráthnóna Dia Sathairn ag cuideachtain taitneamhaigh shultmhair de Chonnradh na Gaedhilge amach ó Lonndain. Do bhí buidhean bhreágh de bhuachaillibh óg agus de chailínibh deasa, agus Fionán Mac Coluim dá seóladh go mórdhá ach tré chrannaibh agus achrann na coille. Do bhí deoch agus béile ar bord rompa i dtigh an óisde - b'é sin "Airm na bhFear Fáscoilleadh (Foresters Arnus) - agus ní haon bhréag a rádh go rabhadar sásda meidhreach. Tar éis a ngoile do mhaolughadh san áit sin, do bhuaileadar amach, agus do bhí míle liú agus glaodhach ar an bpíobaire tháinic leó ó Lonndain, acht mo léan cráidhte! mo dhiacair mh'árann! níor tháinic de fhreagra dhóibh acht an Mhuc Alla. Do bhí an rinnceóir is feárr sa domhan indiu, 'sé sin Mac Uí Mhuireadhaigh, imthighthe i mudha chomh maith, agus ba dhubhach an cás againn é. Mar sin féin do chuir Fíonán ordóig 'na bhéal agus do chagain faoi n-a dhéid go cruaidh í (do dhálta a ghaol agus a shinnsear.) Annsoin d'fhiarfhaigh Mac Uí Shíothcháin de cár ghabh an dís bhinn-laoch uainn. Is é dubhairt Fionán gur bh'é a thuairim go raibh an píobaire i dtigh óisde eile ag ithe a dhinnéir, agus do b'fhíor dó. Acht ní raibh aon mhaitheas a iarraidh air an ordóig eile do chogaint chum tuaraisg d'fhágháil ar an Muireadhach. 'Na dhiaidh sin do bhí rinnce Gaedhealach agus céol go leór againn. Do bhí agus ciall agus iomchar ceart chomh maith - dhá nidh ná bhfuil ró-fhlúirseach insan áit chéadna. Tá Fáscoill Epping fiche míle ar fhaid agus í go breágh leathan glas craobhach. Is maith a bhail ar mhuinntir Lonndain a leithéid d'áit a bheith comhgarach dóibh, agus cead aca gabháil amach innti gach am. Do bhí mórán de dhaoinibh ó Chraobh Gheata na Fáscoille ar neóin 'nár measg ó ná raibh uatha acht léim thar geata. Acht do bhí iarracht bróin ortha nuair ná raibh Seaghan Ó Cathain 'na teannta: Acht tá sé i nÉirinn go sior, Is truigh gan sinn féin ann, mo dhíth, Tá preab is fuil Ghaedhealach go síor A Sheagháin ghil, go tréan-mhaith ad chroidhe. T. Mac Suibhne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services