Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Connradh na Gaedhilge Lonndain

Title
Connradh na Gaedhilge Lonndain
Author(s)
Mac Suibhne, T.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Connradh na Gaedhilge Lonndain



Do bhí choimhthiolán mór agus seilg ar mhalaidh Fhás-choille
Epping um thráthnóna Dia Sathairn ag cuideachtain
taitneamhaigh shultmhair de Chonnradh na Gaedhilge amach
ó Lonndain. Do bhí buidhean bhreágh de bhuachaillibh óg
agus de chailínibh deasa, agus Fionán Mac Coluim dá seóladh
go mórdhá ach tré chrannaibh agus achrann na coille.



Do bhí deoch agus béile ar bord rompa i dtigh an óisde -
b'é sin "Airm na bhFear Fáscoilleadh (Foresters
Arnus) - agus ní haon bhréag a rádh go rabhadar sásda
meidhreach. Tar éis a ngoile do mhaolughadh san áit
sin, do bhuaileadar amach, agus do bhí míle liú agus glaodhach
ar an bpíobaire tháinic leó ó Lonndain, acht mo léan
cráidhte! mo dhiacair mh'árann! níor tháinic de fhreagra
dhóibh acht an Mhuc Alla.



Do bhí an rinnceóir is feárr sa domhan indiu, 'sé sin
Mac Uí Mhuireadhaigh, imthighthe i mudha chomh maith, agus ba
dhubhach an cás againn é. Mar sin féin do chuir Fíonán
ordóig 'na bhéal agus do chagain faoi n-a dhéid go cruaidh í
(do dhálta a ghaol agus a shinnsear.) Annsoin d'fhiarfhaigh
Mac Uí Shíothcháin de cár ghabh an dís bhinn-laoch uainn.
Is é dubhairt Fionán gur bh'é a thuairim go raibh an
píobaire i dtigh óisde eile ag ithe a dhinnéir, agus do
b'fhíor dó. Acht ní raibh aon mhaitheas a iarraidh air an
ordóig eile do chogaint chum tuaraisg d'fhágháil ar an
Muireadhach.



'Na dhiaidh sin do bhí rinnce Gaedhealach agus céol go
leór againn. Do bhí agus ciall agus iomchar ceart chomh
maith - dhá nidh ná bhfuil ró-fhlúirseach insan áit chéadna.



Tá Fáscoill Epping fiche míle ar fhaid agus í go breágh
leathan glas craobhach. Is maith a bhail ar mhuinntir
Lonndain a leithéid d'áit a bheith comhgarach dóibh, agus cead
aca gabháil amach innti gach am. Do bhí mórán de
dhaoinibh ó Chraobh Gheata na Fáscoille ar neóin 'nár
measg ó ná raibh uatha acht léim thar geata. Acht do
bhí iarracht bróin ortha nuair ná raibh Seaghan Ó Cathain
'na teannta:



Acht tá sé i nÉirinn go sior,
Is truigh gan sinn féin ann, mo dhíth,
Tá preab is fuil Ghaedhealach go síor
A Sheagháin ghil, go tréan-mhaith ad chroidhe.



T. Mac Suibhne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services