Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanfhocail. IX.
Title
Seanfhocail. IX.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANFHOCAIL. — IX. SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh. 64. Beir i bhfad mé. 65. Cuid det chuid ar son do cháineadh. 66. Iúil an chabáiste. 67. Mar an bport ag an bpíobaire. 68. Is fearr an madra ag lúthgháir rómhat 'ná it choinne. 69. Má phósann tú bean bhreágh beidh grádh ag gach aon 'ne dhi, agus má phósann tú bean ghránda beidh an ghráin ag gach aon 'ne uirthi. 70. Má phósann tú bean ó Iarthar, pós- faidh tú an tIarthar ar fad. 71. Ní théidheann luas agus léireas le chéile. 72. Is minic nár chuaidh bó le bó dhúthchas. 73. Bó le bata agus capall le ceann- sacht. 74. Is maith an t-iománaidhe an té a bhíos ar an gclaidhe. 75. Ná haltuigh do bhiadh nó go mbéidh sé ann do mhála. 76. Bíonn daoine ag magadh fúm nuair a bhainim mo chuid glas, bím-se ag magadh fútha nuair a thuiteann an síol as. 77. Is dána bean 'ná muc, is dána muc 'na an deamhan. 78. Is ar mhaithe leis féin a dhéanas an cat crónán. 79. A ghnó féin gnó gach aon'ne. 80. Cuir 'sa chófhra é agus gheobhaidh tú gnó dhe. 81. Is leath ar an obair í shíneadh. 82. Nuair a luigheann aon ghé amháin, luigheann siad go léir. 83. Barra faoi ubh circe. 84. Treabadh seaca nó fuirseadh báis tighe. 85. Níl éinne a fhanfas leis an lá breágh nach ngeobhaidh é. 86. Bodhaire Mhic Mhathamhna. 87. Ní maith sagart gan cléireach. 88. Is giorra cabhair Dé ná an doras. 89. Chomh lag le luing i gcuan gan tonn. 90. Le fear na bó an laogh. 91. Ní fearr iomarca léighinn 'ná faoi n-a bhun. 92. Ó thug tú an choinneall tabhair an t-órlach. 93. Súil le breith a chailleas an cearrbhach. 94. Is maith súd go dtagann so. 95. Cuimhne an tsean-leinbh. 96. Is maith an rud an congnamh acht timchioll na méise.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services