Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail. IX.

Title
Seanfhocail. IX.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANFHOCAIL. — IX.



SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh.



64. Beir i bhfad mé.



65. Cuid det chuid ar son do cháineadh.



66. Iúil an chabáiste.



67. Mar an bport ag an bpíobaire.



68. Is fearr an madra ag lúthgháir
rómhat 'ná it choinne.



69. Má phósann tú bean bhreágh beidh
grádh ag gach aon 'ne dhi, agus má phósann
tú bean ghránda beidh an ghráin ag gach aon
'ne uirthi.



70. Má phósann tú bean ó Iarthar, pós-
faidh tú an tIarthar ar fad.



71. Ní théidheann luas agus léireas le
chéile.



72. Is minic nár chuaidh bó le bó
dhúthchas.



73. Bó le bata agus capall le ceann-
sacht.



74. Is maith an t-iománaidhe an té a
bhíos ar an gclaidhe.



75. Ná haltuigh do bhiadh nó go mbéidh sé
ann do mhála.



76. Bíonn daoine ag magadh fúm nuair
a bhainim mo chuid glas, bím-se ag magadh
fútha nuair a thuiteann an síol as.



77. Is dána bean 'ná muc, is dána muc
'na an deamhan.



78. Is ar mhaithe leis féin a dhéanas an
cat crónán.



79. A ghnó féin gnó gach aon'ne.



80. Cuir 'sa chófhra é agus gheobhaidh tú
gnó dhe.



81. Is leath ar an obair í shíneadh.



82. Nuair a luigheann aon ghé amháin,
luigheann siad go léir.



83. Barra faoi ubh circe.



84. Treabadh seaca nó fuirseadh báis
tighe.



85. Níl éinne a fhanfas leis an lá breágh
nach ngeobhaidh é.



86. Bodhaire Mhic Mhathamhna.



87. Ní maith sagart gan cléireach.



88. Is giorra cabhair Dé ná an doras.



89. Chomh lag le luing i gcuan gan tonn.



90. Le fear na bó an laogh.



91. Ní fearr iomarca léighinn 'ná faoi
n-a bhun.



92. Ó thug tú an choinneall tabhair an
t-órlach.



93. Súil le breith a chailleas an cearrbhach.



94. Is maith súd go dtagann so.



95. Cuimhne an tsean-leinbh.



96. Is maith an rud an congnamh acht
timchioll na méise.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services