Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dinnseanchus. III.
Title
Dinnseanchus. III.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DINNSEANCHUS. — III. Inchinahoury, Inse na hOdharaighe, the inse of the devil's bit. Inchinlinane, Inse an Líonáin, the inse of the water yarrow. Kilgobinet, Cill Ghobnatan. Kilpatrick, Cill Phádraig. Knocknagapull, Cnoa na gCapall. Knockraheen, Cnoc Ráithín. Labbadermody, Leabaidh Dhiarmuda. Lackaduc, Leaca Dubh. Lackaneen, Leacáinín.
Maulnagrough, Meall na gCruach. Maulnahorna, Meall na hEórnan. Maonflugh, Muine(? Móin) Fliuch. Mullenroe, Muileann-ruadh. the red mill. Prohus, Pruthas. Schrahanard, Screathan Árd. Scronagare, Srón (?) na gCaor. Teerbeg, Tír Bheag. Locha, Lakes. Gougane Lake, Loch an Ghuagáin. Loch Allue, Loch Dhalua, St. Dalua's Lake. Glasloch, Na Glaslocha. Lockivugig, Loch Uí Bhogaigh. Seha Lake, Loch na Seithe. Lochveg, Loch Bheag. Lochcarrigarire, Loch Charaig Dhairbhre. Derrynabourky Lake, Loch Dhoire na Buairce. Cleanrath Lake, Loch Claon-ráth. Aibhne,Rivers. Lee, Lao. Douglas, An Dubhghlaise. Glasheen, An Glaisín. Behill, Abha na Beithe Coille(?). Toon, An Túinn. Sullane, An Solán. Glashgarriff, An Ghlaise Gharbh. Bunsheelan, Bun Sidhe-Linne. Carraigeacha, Rocks. Carrigada, Carraig Fhada. Carrigahat, Carraig an Chait. Carrigareirk, Carraig an Radhairc. Carrigafreehane, Carraig an Phréacháin. Carrignanower, Carraig na nGabhar. Garrigagool, Carraig an Ghuail. Carrigskolihe, Carraig Scoilithe. Carrigavadroge, Carraig an Mhadadh-ruaidh. Beelecknamnaree, Béilic na Mná Mairbhe. Whiteboys Rock, Béilic na mBuachaillí mBán. Carrigofortig, Carraig an Phortaigh. Carrigbane, Carraig Bhán. Carrigstookeen, Carraig an Stuaicín. Carriganine, Carraig an Oighin. Carrigaphooca, Carraig an Phúca. Carrickthomas, Carraig Thomáis. Carrigduff, Carraig Dhubh. Carrigeninane, Carraig an Eidhneáin. Carrigenimmy, Carraig an Ime. Carrigvore, Carraig Mhór. Failnanumrah, Faill na nIomaireach. Cloheena, Cloch Eidhneach. Carrignamaddry, Carraig na Madraidhe. Mainistir an Sgreathain, Ceapach Cuinn, 28/9/'05. A Cara, Is breágh, néata, comhgarach an leabhar é an Post- sheanchus. Is breágh, go deimhin, agus badh cheart go mbeidhmis go léir an-bhuidheach dhíot 'n-a thaobh. Tá mé ag cur clár beag ceartuighthe ar roinnt ainmneacha chughat. Baineann siad uile le Co. Phortláirge agus tá mé dhá gcur síos díreach mar d'airigheas riamh iad. Ní deir aoinne Port Lágha. “Lághach” atá ann, nó b'fhéidir Port “Chládhach”, acht ní airighthear fuaim an chéad “ch” acht mar seo Port 'ládhach. D'airigheas sean-daoine dhá rádh mar seo: Port “a” Ládhach. Ní déarfainn nach gur fuigheallach an “ch” é an t-“a” so. Acht pé scéal é tá an fhuaim “ach” i ndeireadh an fhocail ag gach aoinne. “An” Chill iseadh Kill, acht níl aon chill i gCoill Mhic Thomáisín. “Coill” atá ann. Is deallrach gur ó Naomh Ída nó Íta atá Cill mh'Iadáin againn .i. “mo” Iadán, agus annsoin Cill mh'Iad- áin díreach mar atá Cill mh' Fhingín (mo Fhingín). Is cuimhin liom ainm eile atá bun os cionn san alt úd do chuiris san IRISLEABHAR tamall ó shoin ag trácht ar shráid-bhailtibh Cho. Phortláirge. “Muna na Lobhar” an t-ainm: Is dóigh liom gur “Móin” na Lobhar do thugais air. I mBéarla chidhtear sgríobhtha mar seo é: Munalour acht Muna na Lobhar atá ag na Gaedhil- geoiríbh air. Tá dhá ainm eile i gCo. Phortláirge a bhfuil “Muna” ionnta .i. Muna na Daibhche agus Muna an tSeabhaic. Seadh, & ceann eile: Muna'r Láirge. Slán agat, a chara, R. M. Ó FAOLÁIN. Baile an “Táilliúra” seadh chualas riamh. Níor airigheas Baile an “Táilliúir” riamh. Post-Sheanchus — Corrigenda. [Táim an-bhuidheach de'n Athair Muiris i dtaobh na rudaí seo do cheartughadh dhúinn. Tá súil agam, gach aon duine thug fá ndeara éagcóir déanta ar a dhúthaigh féin, go ndéanfaidh sé an cleas céadna. “Oibrigheadh gach éinne a pháirc féin,” a n-abair an sean-fhocal, mar is treiside cruinneas sinn soin. Maidir liom féin, siúd agus go gcuala ní budh mhó d'áit-ainmneachaibh na hÉireann ar fad ó shean- Ghaedhilgeoiríbh 'ná mar a chuala éinne eile — ní mhaoidheamh é sin acht lom na fírinne, mar, cibé áit go mbínn ann, do chuirinn tuairisg na n-áit-ainm- neacha i gcomhnaidhe — ní raibh aon taithighe riamh agam ar Urmhumhain, ar Osruidhibh ná ar Thír Néill. S.L.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services